Pota Focal Intergaelic
here | there | whore | ere | her
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
cá rabhas where I was
" Chuir mo dheirfiúr glaoch orm Lá Nollag ag fiafraí díom cá rabhas, agus d'inis mé di go rabhas i bpríosún na mban i Muinseo ag ithe béile na Nollag le cúpla cara liom.
i lár an aonaigh where everyone will notice them
" Cinnte is féidir a rá go bhfuil Seachtain na Gaeilge ag briseadh thar teorainn amach leis an gceolchoirm seo, ag cur bannaí ceoil na Gaeilge i lár an aonaigh! Beidh an banna iontach *reggae* Gaeilge, Bréag as Béal Feirste, ag seinm agus ina ndiaidh beidh *Cajun* agus *Tex-Mex* againn ón Máimín Cajun Band.
mar ar ciapadh go dona iad where they were tormented, harrassed
" Níor ligeadh isteach sa tír seo iad cé gur bheag nár bádh iad, idir fhir, mhná agus pháistí, agus cé gur thréig siad tír mar ar ciapadh go dona iad.
ag ar nochtaíodh plaic where a plaque was unveiled
" Ag One Police Plaza, chruinnigh póilíní agus a dteaghlaigh le chéile do sheirbhís ag ar nochtaíodh plaic.
mBéal Átha na Sluaighe Ballinasloe (where there's a mental hospital)
" Déarfaí leis an bhfear bocht éirí amach i mBéal Átha na Sluaighe! *Is file é Gabriel Rosenstock agus eagarthóir leis an nGúm i mBaile Átha Cliath.
agus cá háit ar ráinigh ár laoch and where did our hero arrive
" Ag tús na bliana chuir an Pápa é mar idirghabhálaí go dtí Bali Hi agus cá háit ar ráinigh ár laoch ach i mBaile Thaidhg! "Ní go Bali Hi a cuireadh mise, ámh, ach go Baghdad, fá choinne cruinnithe le Saddam Ó hOisín.
áit a raibh ainteagmháil ghnéasach aige le buachaillí óga where he sexually molested young boys
" Roghnaigh Daily Shanley mar riarthóir agus tréadaí gníomhach i bparóiste Newton i 1984, áit a raibh ainteagmháil ghnéasach aige le buachaillí óga, de réir líomhaintí atá déanta.
nach dtángthas ar a dhath dá bharr where nothing was found as a result of it
" An t-ollruathar ar oifigí Shinn Féin i Stormont, nach dtángthas ar a dhath dá bharr; tógáil agus ceistiú státseirbhísigh mar dhallamullóg ("smokescreen" an focal a d'úsáid foinse shinsearach de chuid an PSNI féin!) le spiaire, nó *mole*, taobh istigh den IRA féin a chosaint; líomhaintí fá nascanna idir an IRA agus grúpaí sceimhlitheoireachta thar lear - tá daoine taobh amuigh den chlann phoblachtánach ag ceistiú bhunús na n-imeachtaí agus na líomhaintí seo.
an Screabán The area in Gaoth Dobhair where factories are located
" * Gluais • Glossary doirtealsink cith fearthainnea rain shower trup na veainthe noise of the van cabhsalane uiligall thriomaigh méI dried go bhfeicfinnuntil I'd see inneall an chairrthe engine of the car casta asturned off ar bheannaigh sé domhthat he greeted me modhúilgentle bradáinsalmon scadáinherring beithíochbeast boladh milis an éisc ár gclúdúthe sweet smell of the fist covering us leitheannaflat-fish troisccod Ar mhothaigh tú an toirneach?Did you hear the thunder? cibé ar bithanyway reoiteoirfreezer bheir sé ar na scadáin ina bpéiríhe caught the herring in pairs crágalarge hands gágcrack de bharraíochtin excess cúpla crág oighreoigea few handfuls of ice ina mullachon top of them bhog sé go fadálachhe moved slowly cruithump go foighdeachpatiently drochthimpistea bad accident is mór an garit's a good thing dhéanfaidh sin muidthat'll do gan a thomhaswithout weighing it dlaíóg ghruaigestrands of hair sa chisteanachin the kitchen cuma bhrónacha sad look ó mhaidinsince this morning corrlásome days deoirdrop go fuireachaircautiously ródhánatoo bold/cheeky sliosslice tarraingtto draw Tae uilig a ólaimseI only drink tea an aimsir seothese days Ailt an ChorráinBurtonport ráchairtrun, demand monarchainfactories d'fhear céileseyour husband iascairefisherman an ScreabánThe area in Gaoth Dobhair where factories are located cibé cá fhad is a mhairfeas sin!however long that'll last dhéanaim i dtólamh dearmadI always forget a cailleadhwho died an lá faoi dheireadhthe other day Char mhothaighI didn't (hear) stócach óga young lad ailsecancer cearrwrong Thug sé a bhásIt killed him bolgam taea mouthful of tea fuarthas a chorp báitehis drowned body was found dhá chónairtwo coffins dhá fhairetwo wakes coisreacadh Dé orainnGod bless us A Dhia ár sábháilGod save us buille tromheavy blow bíodh slios den cháca sinséir sin agathave a slice of that ginger cake lán marahigh tide sruthánstream meascaithe leismixed with it slanntracha éiscfish scales fearthainnrain níochánwashing ar son an taefor the tea B'fhearr domhsa a bheith ag gabháil giota eileI'd better be going ar shiúlgone ag teacht isteach domhon my return uchtánarmful, load carried close to chest éadaí leaththirimehalf-dry clothes a smaointigh méthat I remembered nár íoc méthat I didn't pay
an Screabán The area in Gaoth Dobhair where factories are located
" * Gluais • Glossary doirtealsink cith fearthainnea rain shower trup na veainthe noise of the van cabhsalane uiligall thriomaigh méI dried go bhfeicfinnuntil I'd see inneall an chairrthe engine of the car casta asturned off ar bheannaigh sé domhthat he greeted me modhúilgentle bradáinsalmon scadáinherring beithíochbeast boladh milis an éisc ár gclúdúthe sweet smell of the fist covering us leitheannaflat-fish troisccod Ar mhothaigh tú an toirneach?Did you hear the thunder? cibé ar bithanyway reoiteoirfreezer bheir sé ar na scadáin ina bpéiríhe caught the herring in pairs crágalarge hands gágcrack de bharraíochtin excess cúpla crág oighreoigea few handfuls of ice ina mullachon top of them bhog sé go fadálachhe moved slowly cruithump go foighdeachpatiently drochthimpistea bad accident is mór an garit's a good thing dhéanfaidh sin muidthat'll do gan a thomhaswithout weighing it dlaíóg ghruaigestrands of hair sa chisteanachin the kitchen cuma bhrónacha sad look ó mhaidinsince this morning corrlásome days deoirdrop go fuireachaircautiously ródhánatoo bold/cheeky sliosslice tarraingtto draw Tae uilig a ólaimseI only drink tea an aimsir seothese days Ailt an ChorráinBurtonport ráchairtrun, demand monarchainfactories d'fhear céileseyour husband iascairefisherman an ScreabánThe area in Gaoth Dobhair where factories are located cibé cá fhad is a mhairfeas sin!however long that'll last dhéanaim i dtólamh dearmadI always forget a cailleadhwho died an lá faoi dheireadhthe other day Char mhothaighI didn't (hear) stócach óga young lad ailsecancer cearrwrong Thug sé a bhásIt killed him bolgam taea mouthful of tea fuarthas a chorp báitehis drowned body was found dhá chónairtwo coffins dhá fhairetwo wakes coisreacadh Dé orainnGod bless us A Dhia ár sábháilGod save us buille tromheavy blow bíodh slios den cháca sinséir sin agathave a slice of that ginger cake lán marahigh tide sruthánstream meascaithe leismixed with it slanntracha éiscfish scales fearthainnrain níochánwashing ar son an taefor the tea B'fhearr domhsa a bheith ag gabháil giota eileI'd better be going ar shiúlgone ag teacht isteach domhon my return uchtánarmful, load carried close to chest éadaí leaththirimehalf-dry clothes a smaointigh méthat I remembered nár íoc méthat I didn't pay
san áit nach raibh iarraidh air where it wasn't wanted
" Ní raibh a bua le fáil nuair a bhí tú ag iomarscáil le gas searbháin nó cuilceach ar bith eile a raibh a shíol curtha aige san áit nach raibh iarraidh air.
áit ar tugadh air where he was made to
" "Tchím," arsa an garda agus threoraigh sé an fear anonn chuig carr na ngardaí, áit ar tugadh air suí isteach sa chúl.
tán tú anois san áit ina bhfuil an chuid is fearr den nGaeilge you are now where the best of Irish is to be found
" Beannacht Dé leat, a Bharra, agus tán tú anois san áit ina bhfuil an chuid is fearr den nGaeilge.
cá has a dtáinig an ceol where the music came from
" "Braitheann sé ar an méid atá cloiste agat, cad é an ceol nó na ceolta ar éist tú leis nó leo, na fuaimeanna a ligeann tú isteach i do chloigeann, ach cúpla uair, agus mé ag cumadh píosa ceoil, ní raibh a fhios agam cá has a dtáinig an ceol.
is cuma cé as é no matter where he is from
" An bhfuil tréith amháin a bhaineann le gach fear dóiteáin, is cuma cé as é? Ní gá do Cole aon mhachnamh a dhéanamh ar an cheist.
cá bhfuil a triall where it is headed
" Is é an scéal is deireanaí sa gcás seo nach bhfuil a fhios go beacht cá bhfuil an long faoi láthair nó cá bhfuil a triall.
áit go bhféadfaidís dul a place where they could go
" Ba mhaith linn foirgneamh nua le leabharlann agus le háiseanna éisteachta agus físe d'fhoghlaimeoirí fásta, áit go bhféadfaidís dul nuair nach mbeadh rang ar siúl.
cá bhfaighidís where they would find
" Agus d'insíodh sé dóibh cá bhfaighidís cuileann dearg na Nollag agus thugadh sé a díol cuilinn Nollag do Mháire Cháit.
cá bhfuil do thriall where are you going/heading?
" "Cad é a dhéanfas tú nó cá bhfuil do thriall ar an bhliain seo chugainn?" ar sí.
san áit a bhfuil a thriall where he is heading
" Bheadh an léitheoir céanna ag dúil lena fháil amach gur saol traidisiúnta a fhágann sé ina dhiaidh sa bhaile, saol athartha a mbíonn sé ar a sheascaireacht ar bhealach éigin ann, agus go mbeidh sé ar a mhíshocracht dá réir san áit a bhfuil a thriall.
áit ar chum sé where he wrote
" I bPríosún Portland Shasana a bhí sé ar dtús, áit ar chum sé dánta mar "Bealtaine 1916".
áit a síolraíonn siad where they breed
" Ansin scaipeann siad fud fad chósta na hÉireann, sula dtagann siad ar ais ar feadh tamaillín i mí Aibreáin ar a mbealach ar ais go Ceanada, áit a síolraíonn siad .
Cá bhfuil do thriall? Where are you heading?
" "Cá bhfuil do thriall?" arsa fear an tacsaí.
nach mbuailfear an cac amach asainn where we won't be beaten up
" ” Ansin thiontaigh siad a ndroim lena n-óstach agus chrom siad ar chogar: “Inis dom anois, a JP,” arsa Magnier, “Cén áit a dtig linn dul ar na laethanta saoire nach mbuailfear an cac amach asainn? Smaoineamh ar bith agat?” “Níl ach an t-aon áit amháin ar chlár na cruinne nach mbuailfidh muid le tacaithe Manchester United – agus sin é an cúrsa Gaeilge in Odious Gael i nGleann Cholm Cille.
Ach cárb as don fhear cháiliúil seo? But where is this old man from?
" Ach cárb as don fhear cháiliúil seo? Tá an béaloideas a bhaineann leis beo beathach go fóill gan amhras: taistealaíonn sé i gcarr sleamháin, á tharraingt ag ocht réinfhia; déanann sé féin agus a chuid sióg bréagáin ina gceardlann sa Mhol Thuaidh; téann sé síos simléir le bronntanais a fhágáil do mhaidin Lá Nollag.
san áit ba dhual dóibh where they belong
" I mbliana bhíodar ar ais san áit ba dhual dóibh, agus shiúladar tharainn go bródúil crosta, gléasta go fóill in éide ghioblach an ghaineamhlaigh.
áit a gceistítear é where he is questioned
" Aon duine atá eolach ar an mbealach a dhéanann poblachtánaigh brathadóirí a mharú, tá a fhios aige go ndéantar an brathadóir atá le marú a fhuadach de ghnáth, go gcuirtear mála ar a cheann agus go dtógtar é go háit éigin iargúlta, áit a gceistítear é (agus ar uairibh go ndéantar é a chéasadh), sula gcuirtear é ar a ghlúine, go scaoiltear é taobh thiar dá chluas agus go gcuirtear an corp áit éigin nach n-aimseofar é.
nach n-aimseofar é where it will not be found
" Aon duine atá eolach ar an mbealach a dhéanann poblachtánaigh brathadóirí a mharú, tá a fhios aige go ndéantar an brathadóir atá le marú a fhuadach de ghnáth, go gcuirtear mála ar a cheann agus go dtógtar é go háit éigin iargúlta, áit a gceistítear é (agus ar uairibh go ndéantar é a chéasadh), sula gcuirtear é ar a ghlúine, go scaoiltear é taobh thiar dá chluas agus go gcuirtear an corp áit éigin nach n-aimseofar é.
san áit is dual dó where it belongs
" Dúirt sí nuair a d’fheicfeadh sí an pictiúr órga dá haintín ar taispeáint sa Neue Galerie go mothódh sí “go bhfuil sé faoi dheireadh thiar thall san áit is dual dó”.
áit ar slogadh iad where they were swallowed
" Lena lámh chlé rug m’athair ar lámh dheis mo mháthar agus chas siad beirt taobh le chéile, beagán místuama, isteach doras na cistine, áit ar slogadh iad—bhí siad ceangailte le chéile ag na cluasáin, dhá phéire acu sáite isteach sa seinnteoir dlúthdhioscaí i bpóca ghúna mo mháthar.
áit a dtagadh báid na n-oilithreach i dtír where the pilgrims' boats used to come ashore
" Tá bá bheag in aice leis, áit a dtagadh báid na n-oilithreach i dtír.
an áit a bhfuil muid ag baint fúinn where we are living
" Ní bhaineann sin le náisiúnachas ná tírghrá fiú ach le haitheantas a chur orainn féin agus ar an áit a bhfuil muid ag baint fúinn.
cá bhfuil a dtriall where they're heading
" Is dócha gur féidir a rá go bhfuil níos lú cumarsáide i measc daoine na laethanta seo; tá daoine i bhfad níos príobháidí ina saol agus, go minic, ní bhíonn fonn dá laghad orthu comhrá a dhéanamh le bean tí faoi cé as a bhfuil siad tar éis a theacht nó cá bhfuil a dtriall.
áit ar thuairteáil eitleán de chuid an RAF where an RAF plane crashed
" Suíomh suimiúil eile Thug muid cuairt ar shuíomh suimiúil ó choimhlint eile i mí Lúnasa, Cró na Rad, áit ar thuairteáil eitleán de chuid an RAF sa Dara Cogadh Domhanda.
Cén áit ar thaifead sibh é? Where did you record it?
" ***AÓF: ******Cén áit ar thaifead sibh é?***SD: Thaifead muid é i Stiúideo Cuan sa Spidéal.
in áiteacha nach bhfuil aon mhaith ann. in places where it's a waste of time.
" Ach tá daoine ag rá gur airgead amú atá i gcuid de sin agus nach bhfuil sé ach ag tacú le daoine atá ag feilméaracht in áiteacha nach bhfuil aon mhaith ann.
an áit a ndóitear Lundy where Lundy is burnt
" Seo an áit a ndóitear Lundy arís agus arís eile (agus an dó céanna tuillte go maith ag an bhrathadóir bhroghach) agus áit a mbíonn Roaring Meg fós ag béicigh.
áit a mothaíonn sé a place where he feels
" Measaim go bhfuil áit ar leith ag gach duine, áit a mothaíonn sé suaimhneach, compordach agus chomh sona sin go mbíonn aoibh mhaith air agus é ag éirí amach as an leaba gach maidin.
áit ar casadh a pháirtí William Hannah air den chéad uair. where he met his partner William Hannah for the first time.
" Fuair sé post i Stiúideo MGM ansin agus bhog sé ó Nua-Eabhrac go California, áit ar casadh a pháirtí William Hannah air den chéad uair.
cá bhfaigheadh sé where would he get
" Bhí an ceart ag an uachtarán nach raibh an t-arm mór go leor chun déileáil leis na fadhbanna atá roimh an tír, ach cá bhfaigheadh sé trúpaí breise? Le fada anois tá rátaí liostála sách íseal, agus bheidís níos ísle arís murach gur ísligh an t-arm na caighdeáin iontrála d’earcaigh.
ina mbídís ag spraoi. where they used to play.
" Chonaic muid an áit inar tógadh muintir Ailpín i gCorcaigh agus an garraí ar chúl an tí ("Semple") ina mbídís ag spraoi.
áit ar gabhadh é where he was arrested
" Bhog sé go Dún Dealgan i 1983, áit ar gabhadh é i mí Lúnasa 1984 agus gunna ina sheilbh aige, tar éis tóraíocht charr.
áit ar lámhachadh bundúchasaigh. where the natives were shot.
" “Ní raibh Alasca riamh mar a bhí an *Wild West*, áit ar lámhachadh bundúchasaigh.
cail mé. where I am.
" Gráinne: Má chuireann sí ceist, abair nach bhfuil a fhios agaibh cail mé.
áit ar bheannaigh sé de réir ainm do chuile dhuine san áit. where he greeted everyone in the place by name.
" I ndiaidh an agallaimh chuaigh muid go dtí bialann phlódaithe, áit ar bheannaigh sé de réir ainm do chuile dhuine san áit.
áit ar ghortaigh sé a rúitín go dona, where he hurt his ankle badly,
" Bhog Seán go St Albans ansin, áit ar ghortaigh sé a rúitín go dona, agus d’éirigh sé as an sacar agus gan é ach seacht mbliana déag.
an áit a mbuailfear an falla! where the wall will be hit!
" ie/ **An t-ochtú míle déag** – beidh tuirse bheag orainn ina dhiaidh seo! Deirtear gur seo an áit a mbuailfear an falla! 3/8/07: Siar go Conamara agus Féile an Dóilín.
cé as tú ó dhúchas? where are you originally from?
" Antaine Ó Faracháin: A Youenn, a chara, cé as tú ó dhúchas? Youenn Bothorel: Is as St.
pé áit a dtéann tú na laethanta seo, where ever you go these days,
" Ach pé áit a dtéann tú na laethanta seo, is deacair a bheith i bhfad ó bhaile i ndáiríre.
áit ar chuir formhór na nÉireannach fúthu. where most of the Irish settled.
" An amhlaidh – agus níl anseo ach buille faoi thuairim – gur cuireadh an focal isteach mar aitheantas don chanúint áitiúil? Ní focal é a shamhlaíonn tú le cathracha na Stát, áit ar chuir formhór na nÉireannach fúthu.
inar deisíodh agus inar tógadh báid. where boats were repaired and built.
" In áit na lonnaíochta bige iascaireachta, bhí ceardlanna ann anois inar deisíodh agus inar tógadh báid.
Thuig sé mo chás, He understood where I was coming from,
" Thuig sé mo chás, ach ní raibh aon tuiscint ná meas aige ar scoláire eile a dúirt go raibh cluiche sacair aige ar an Satharn! Fuair an buachaill sin íde béil uaidh.
Thuig muid uilig dó. We understood where he was coming from.
an áit a mbíonn an comórtas ar siúl. the place where the competition is held.
" Agus níl ansin ach na grúdlanna a raibh an t-airgead acu le taisteal go Colorado, an áit a mbíonn an comórtas ar siúl.
an áit a ndearnadh an tsraith a thaifeadadh, where the series was recorded,
" Tá stiúideonna Concorde, an áit a ndearnadh an tsraith a thaifeadadh, lonnaithe deich nóiméad siar an bóthar ó m’áit chónaithe - mar sin, bheadh post ar *Aifric* an-áisiúil.
áit ar shíl sí go mbeadh sí slán. a place where she thought that she would be safe
" Ghlaoigh an dochtúir ar Ospidéal Ollscoil na Gaillimhe agus chaith Barbara trí seachtaine ansin, áit ar shíl sí go mbeadh sí slán.
áit ar cailleadh é where he died
" Rugadh Ó hÉanaí, nó Joe Éinniú mar a tugadh air go minic, i gCarna i gConamara sa bhliain 1919 ach chaith sé an chuid is mó dá shaol ar deoraíocht, in Albain, i Sasana agus sna Stáit Aontaithe, áit ar cailleadh é sa bhliain 1984.
áit a ndíoltaí iad. where they'd be sold.
" **Agus na longa folamh, líontaí iad le táirgí na bplandálacha – siúcra, cadás, tobac agus moláis, mar shampla – agus thógtaí iad ar ais chun na hEorpa, áit a ndíoltaí iad.
áit a raibh mise sna seascaidí. where I was in the sixties
" Ní dhéanfar obair ar bith sa tír agus ní fada go mbeidh siad ar fad sa chac – áit a raibh mise sna seascaidí.
áit ar mhian le teaghlaigh a place where families want
" Luaitear i lár na tuarascála moladh a bhfuil bunús réitithe ann d'fhadhb Phobalscoil Chorca Dhuibhne: “D’fhonn oideachas trí mheán na Gaeilge i gceantair Ghaeltachta a chaomhnú chomh fada agus is féidir, ba chóir machnamh a dhéanamh faoi na nithe seo a leanas i gceantair Ghaeltachta áit ar mhian le teaghlaigh oideachas trí Bhéarla a bheith acu: aonad a bhunú chun soláthar a dhéanamh dóibh siúd ar mian leo oideachas a fháil trí mheán an Bhéarla cóir iompair saor in aisce a sholáthar don scoil dara leibhéal is gaire a mhúineann trí Bhéarla.
cén áit ar chóir dúinn an líne a tharraingt where should we draw the line
" Lena chois sin, má bhaintear saothar Uí Shearcaigh den siollabas, cén áit ar chóir dúinn an líne a tharraingt? An amhlaidh go mbeidh ar an gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta polasaí ar leith a dhréachtú ina ndéanfar cur síos beacht ar na cineálacha daoine a gceadófar a saothar ar shiollabais? Cén chaoi a ndéanfaí na cinntí? An nglacfaí le saothar daoine a chuir in iúl roimhe seo go bhfuil, cuir i gcás, tuairimí míchuíosacha ciníocha acu? Ní dhéanfaí staidéar ar DNA i scoileanna na hÉireann sa chás sin – is ciníochaí mínáireach é James Watson, an fear a bhuaigh Duais Nobel as ucht DNA a bheith fionnta aige.
is cuma cárb as muid it doesn't matter where we are from
" Cuireann an fhéile i gcuimhne dúinn gur linne ar fad an Ghaeilge, is cuma cárb as muid nó cé acu ar féidir linn idirdhealú a dhéanamh idir an tuiseal tabharthach agus an tuiseal ginideach nó nach féidir! Mar a deir mana na féile, “Croí na Teanga – *It’s You*!”Mar is gnáth, cuirfear tús le clár leathan imeachtaí leis an bhféile a cheiliúradh i rith na seachtainí díreach roimh Lá Fhéile Pádraig.
áit a ndeachaigh sé i mbun dianstaidéir ar an teanga. a place where he went about intensive study on the language
" ”Seal sa Ghaeltacht I mí an Mhárta anuraidh chuir Bishop faoi i dTír an Fhia i Leitir Móir, i nGaeltacht Chonamara - áit a ndeachaigh sé i mbun dianstaidéir ar an teanga.
áit ar bhain sé aitheantas amach dó féin where he achieved recognition for himself
" ** ** **Ceannródaí**Rugadh Julian Opie i Londain agus is céimí é de chuid choláiste ealaíne Goldsmiths, áit ar bhain sé aitheantas amach dó féin go luath ina ghairm as ucht a chuid ceannródaíochta.
a mbeadh fáil ag an ghnáthphobal orthu. where the general public could access them.
" Thug Hugh Lane pátrúnacht fhial do na míndána agus chreid sé go paiseanta gur cheart go mbeadh saothair ealaíne náisiúnta agus idirnáisiúnta le feiceáil i mBaile Átha Cliath, in áiteanna a mbeadh fáil ag an ghnáthphobal orthu.
áiteanna a raibh cónaí ar dhaoine geala. places where white people lived.
" Mar sin, ní théadh misinéirí de chuid na heaglaise go dtí áit ar bith san Afraic taobh amuigh den Afraic Theas agus Namibia, áiteanna a raibh cónaí ar dhaoine geala.
áit a n-eagróidís iad féin where they would organise themselves
" Mar sin, ba é an plean nua a bhí acu ná go rachaidís thar teorainn go Meicsiceo, áit a n-eagróidís iad féin as an nua.
cár cuireadh na plátaí. where the plates had been buried.
" In 1827 thaispeáin an t-aingeal do Smith cár cuireadh na plátaí.
áit a mbeidh sé páirteach i gceithre cheolchoirm a place where he will take part in four concerts
" I mí Iúil i mbliana déanfaidh an ceoltóir Donal Lunny an turas fada óna áit chónaithe na laethanta seo, Okinawa sa tSeapáin, go Dún na nGall, áit a mbeidh sé páirteach i gceithre cheolchoirm a bheas mar chuid de bhuaicphointí Fhéile an Earagail.
sin an áit ar tógadh máthair Lunny, that is the place where Lunny's mother was brought up
" B’as Gaeltacht Rann na Feirste é Mac Grianna agus sin an áit ar tógadh máthair Lunny, a cailleadh le gairid.
ag tabhairt cuairte ar a theachín dúchais, visiting the cottage where he was brought up,
" Agus muid ag tabhairt cuairte ar a theachín dúchais, bhraith mé an bochtanas a bhí ann le linn a óige.
áit a dtroidtear na mórchathanna talmhaíochta agus iascaireachta where the major agriculture and fishing battles are fought
" ***Míbhuntáistí:* **Tá amhras ar go leor faoi mar gheall ar go síleann siad nach bhfuil a dhóthain taithí bainte amach aige san Aontas Eorpach, áit a dtroidtear na mórchathanna talmhaíochta agus iascaireachta faoi láthair.
cá gcuirfidís where would they put
" Tá daoine ag rá, fiú dá mbeadh cúpla Euro acu le cur i dtaisce, cá gcuirfidís é, mar nach féidir a bheith cinnte an rachaidh ceann de na bancanna Éireannacha go tóin poill mar a tharla do Fannie May, Freddie Mac agus Lehman! Tá an scéal i bhfad níos measa do dhaoine a raibh sé beartaithe acu dul ar pinsean go luath.
cén áit is baile where's home
" Tharla an baile luaite aici, cén áit is baile di faoin am seo? Scramóg nó Sligeach? - “Bheul tá mé i mo chónaí i Sligeach le fiche bliain, áit ar cheannaigh mé teach sé bliain ó shin, ach a mhinice agus is féidir liom, téim go Ros Comáin mar a bhfuil roinnt de mo mhuintir ina gcónaí go fóill.
far where
" Thèid an dàrna farpais Òran ann an Cànanan Ceilteach agus Albais a chumail ann an Inbhir Nis air 20 Òg-mhìos 2009, aon de ghrunn fharpaisean criochnachaidh roinneil a ghabhas àite air feadh na Roinn Eòrpa.
ar throigh gan tuairisc God knows where
" Nach mór an scannal é, ach nílim ag caint faoi mhuintir iargúlta na Mongóile ná faoi chúilriasc deireadh an domhain ar throigh gan tuairisc éigin.
áit a gcruinníodh where used to gather
" Cá háit eile a dtosódh sé ach i Sráid na Cathrach – chan sráideanna na cathrach móire atá tréigthe go hiomlán ag na hÉireannaigh – a gcuid tithe agus a gcuid árasán díolta i bhfad ó shin le muintir na Baváire – ach an baile beag sin i gContae an Chláir, áit a gcruinníodh na scaiftí móra ag tús mhí Iúil gach bliain le sult agus pléisiúr a bhaint as Willie Week (mar a thugadh na ceoltóirí air), nó Veak Villie (mar a thugann lucht óil na Gearmáine air – iad siúd nach bhfuil i dtaithí ar an Guinness).
ngnáthláthair a labhartha where it's usually spoken
" Ní thig a shéanadh go dtitfeadh an tóin as an tionscal seo d’uireasa na scéime, tionscal a raibh buntáiste dúbailte leis - teacht isteach maith a thabhairt do na glúnta de theaghlaigh Ghaeltachta mar aon le tuiscint a thabhairt do dhaltaí na Galltachta ar an Ghaeilge i ngnáthláthair a labhartha.
eolas do bhealaigh know where you're going
" Ar an gcéad dul síos, nach b’é ag seoladh teachtaireachtaí ag daoine fríd an idirlíon an rud céanna le bheith ag seoladh ríomhphostanna acu?!, ach amháin má bhaineann tú úsáid as Hotmail nó Gmail, tá eolas do bhealaigh agat thart ar an láithreán, tá achan ainm agus seoladh atá de dhíth ort agat ansin breá sásta agus áisiúil, agus ní chaithfidh tú cúpla mí a chaitheamh ar strae agus caillte ar láithreán eile.
cibé cén áit where ever
" com/watch?v=rDIAGjfhC-Q&feature=related) Iniúchadh ar Ionaid Bháis Baineann roinnt de na heachtraí le hionaid ina bhfuair duine, nó daoine, bás, bíodh sé sin ar barr aille nó cibé cén áit.
Cé as from where
" Cé as a dtáinig an smaoineamh contúirteach seo, deireadh a chur le hÚdarás na Gaeltachta? Níor tháinig sé ó Choimisiún na Gaeltachta a chuir neart moltaí fiúntacha faoi bhráid an Rialtais sa bhliain 2002? Níor tháinig sé ón Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíochta, ar caitheadh am, dúthracht agus airgead leis.
cé raibh where would
" Ní aithneodh siad cé raibh Ruairí Quinn ag gabháil.
a mba cheart where (we) ought
" ) Tá ceisteanna beaga míne le réiteach istigh sa teanga féin, ceart go leor, ach tá deacrachtaí i bhfad Éireann níos tromchúisí ag baint leis na cainteoirí a labhraíonn an Ghaeilg, nó a dhéanann iarracht í a labhairt, is cirte a rá (agus a scríobh dá réir)! Is í an áit a mba cheart díriú, ar na deacrachtaí sa duine féin agus sa dóigh a mhíláimhseálann an tÉireannach (ní hionann is an duine) an teanga Ghaeilge.
cé mba as where (the players) were from
" Ach ba chuma cé mba as na himreoirí, bhí a lucht leanúna tagtha as Londain go Manchain le tacú lena laochra agus thug na laochra neart údair dóibh le bheith ag canadh is ag gleo le linn an cluiche.
Cluintear duine san áit nach bhfeictear é one’s fame precedes/proceeds where one does not
" Duaiseanna ===== Beidh beirt bhuaiteoirí i gceist agus gheobhaidh siad mar dhuais an leabhar seo: Sé an Saol an Máistir ========== Filíocht Learaí Phádraic Learaí Uí Fhínneadha Le Gearóid Denvir Cluintear duine san áit nach bhfeictear é, a deir an seanfhocal, agus breis agus deich mbliana tar éis a bháis anabaí tá glór breá láidir soiléir sin Learaí Phádraic Learaí Uí Fhínneadha le cloisteáil an athuair.
Fios Ár dTriall know where we’re going
" Fios Ár dTriall ======= Tá fadhb eile againn.
inar cuireadh é where he was buried
" Tá scannán beag ag deireadh an taispeantáis dírithe ar an turas deireanach a rinne Shackelton, go South Georgia i 1921, áit a bhfuair sé bás go tobann le taom croí agus an áit inar cuireadh é.
Cá bhfuil an té where is the one
" Agus in Éirinn, céard atá i ndán dúinn? Cá bhfuil an té a thabharfas treoir dúinn? Ní haon Stéphane Hessel mé ná baol air ach tá rudaí ann a chuireann le báiní mé.
ar ghnách where it’s usual
" Meastar gurb é Droichead Choinn Uí Neill an struchtúr is ársa i mBéal Feirste, áit ar ghnách le duine de na tiarnaí Gaelacha deireanacha as a bhfuil sé baiste theacht i dtír le fíon smuigleáilte ón abhainn a dtugtar an *Connswater* anois air.
áit a ndearna sé staidéar where he studied
" Chláraigh sé ar chúrsa HND i ndearadh múrmhaisithe ag *Chelsea School of Art*, áit a ndearna sé staidéar 1984-86 agus áit ar léigh sé *The Ragged Trousered Philanthropists*.
mar a bhfuil ciall acu where they have sense
" Is é an t-iontas go mbeadh Taoiseach nó aon Tadhg an mhargaidh in Éirinn – agus bíonn – ag súil le rath ar a leithéid de chóras, ní hionann is roinnt tíortha thar lear mar a bhfuil ciall acu.
inar féidir le duine where one can
" ‘An baile inar féidir le duine éirí tanaí’, an mana atá ag Brides-les-Bains agus is fíor go bhfeictear go fóill céatadán ard daoine atá tar éis titim chun feola timpeall an bhaile agus é mar sprioc acu cuid den mheáchan sin a chailliúint.
Sin é an buille that’s where it hurts
an áit a bheas mé where I shall be
Cár rugadh thú where were you born
" **Cár rugadh thú?** Ní ceist dheacair é sin a fhreagairt d'éinne, is cosúil.
Cén áit a bhfuil where is
" org/wiki/Tom%C3%A1s_Mac_S%C3%ADom%C3%B3in) chun freagra na ceiste seo a aimsiú: **Cén áit a bhfuil Tomás Mac Síomóin ina chónaí?** Seol do fhreagra chuig oifig@beo.
cá’il a uaigh where his grave is
" Ní fios go díreach cá’il a uaigh ach go bhfuil sé sa reilig ar an bhFiacail.
fód a anama where his heart lay
" Rugadh i nDoire Cholm Cille i 1939 é agus in ainneoin gur chaith sé tréimhse shuntasach dá shaol i mBaile Átha Cliath agus i Loch Garman, ba é Inis Eoghain fód a anama i dtólamh agus chaith sé cuid mhór ama ansin.
gach cearn every where
" Ar an 17ú Meán Fomhair, 2011, tháinig na sluaite as gach cearn chun a bhfearg a chur in iúl do cheannairí Wall Street.
cibé ball eile ina luím siar mo cheann where ever else I lay my head
" Ní minic gur leasc liom éirí i ndeireadh scannáin le tabhairt arís fá na cnoic, nó na machairí, nó fá cibé ball eile ina luím siar mo cheann.