Pota Focal Intergaelic
heel | eel | weal | wee | weed
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
thuirne na beatha the spinning-wheel of life
" Casadh na séasúr, an nádúir, an dúchais agus an chultúir ina roithleán ar thuirne na beatha! Tá an oiread sin féilte ceoil anois ann is go bhféadfá an samhradh ar fad a chaitheamh ag dul ó cheann go ceann agus tá daoine ann a dhéanann a leithéid.
mbara rotha wheel-barrow
" Chonaic sé grianghraf san *Irish Times* de theaghlach ón Afganastáin agus iad ag siúl trasna an fhásaigh go dtí ceann scríbe gan aithne, agus a sealúchas uilig leo i mbara rotha.
trírothach three-wheeled
" Cuimhneoidh mé go deo ar an dtranglam tráchta in Rishikesh, mé teanntaithe istigh i dtacsaí trírothach; d'fhéachas amach agus cad dúirt tiománaí an ricseá in aice linn ach, "An bhfuil tacsaí uait, *babu*? " A Chníops, nach bhfeiceann tú gur i dtacsaí atá mé! Más peaca a bheith buí … ======= Ní den lí chéanna iad muintir na Seapáine in aon chor, cuid acu crónbhuí, go leor eile acu agus iad chomh geal leis an lá.
tuirne spinning-wheel
" Bhí mórán fíodóirí i measc na bhfear agus teach ar bith a raibh seol agus tuirne ann leis an sníomh a dhéanamh de na rollógaí olna bhí siad i ndán bréidín a dhéanamh agus éadach a chur ar a muintir féin agus go minic ar na comharsana.
Rotha mór an tsaoil the great wheel of life
" Rotha mór an tsaoil - nach iontach é! *Is de bhunadh Éireannach é Tony Birtill agus rugadh i Learpholl é.
roth stiúrtha driving wheel
" Ní bhíonn eagla ar an dream óg seo agus mothaíonn siad go bhfuil cosaint acu ón dainséar agus iad taobh thiar den roth stiúrtha.
roth stiúrtha steering wheel
" Bhí greim aige ar an roth stiúrtha ach ní raibh sé ag tiomáint.
cúnamh baile, béilí ar rothaí agus seirbhísí cúraim lae home help, meals on wheels and day-care services.
" Meastar go gcuirfear €100 milliún ar fáil chun go mbeidh teacht ag seandaoine ar sheirbhísí altranais agus teiripeacha, cúnamh baile, béilí ar rothaí agus seirbhísí cúraim lae.
tar éis don tiománaí smacht a chailliúint ar an roth stiúrtha, after the driver had lost control of the steering wheel,
" Deirtear gur caitheadh as an veain é tar éis don tiománaí smacht a chailliúint ar an roth stiúrtha, gur thuirling sé ar an mbóthar, go raibh sé fós beo nuair a tháinig an t-otharcharr, go raibh sé iontach cróga cé go raibh sé go mór i bpian ach gur shíothlaigh sé uainn agus talamh slán Ospidéal Shligigh sroichte aige.
díoscán rothaí agus coscán. the screech of wheels and brakes
" Cúpla bomaite sular tháinig mé fhad leis an teorainn féin ag Ceann an Droichid, chuala mé díoscán rothaí agus coscán.
Is léir go meileann muilte na Comhairle Contae chomh gasta le hoighearshruth! It is clear that the wheels of the County Council move as quickly as a glacier!
" Is léir go meileann muilte na Comhairle Contae chomh gasta le hoighearshruth! Gaeltacht na RinneTá an chosúlacht ar an scéal gur i nGaeltacht Phort Láirge is fearr atá monatóireacht á déanamh ar an choinníoll teanga, a bhuíochas cuid mhór do Mháire Seo Breathnach, Oifigeach Forbartha Gaeilge Chomhairle Contae Phort Láirge.
rotha wheels
" Bhí alltacht ar lucht na hUltaise gur baineadh úsáid as Soiscéal le buille a bhualadh ina n-aghaidh, ach is léir go bhfuil na rotha ag titim de *bandwagon* na Albainise Uladh.
béilí ar rothaí meals on wheels
" Bhímis de shíor amuigh ag seachadadh guail nó béilí ar rothaí agus rinne mo thuismitheoirí cuid mhór oibre leis an Lucht Siúil chomh maith.
rotha wheels
" Ní raibh aon éalú agam as, ach ar a laghad, bhí mé ag tiontu mo chorp uaidh nuair a bhuail sé mé: bhí mé réidh dó agus níor lean mé ar aghaidh faoi rotha an diabhail ruda.
taobh thiar den roth stiúrtha behind the steering wheel
" Is ag tiomáint a bhí mé agus moltar don tiománaí stopadh gach 200 cileaméadar le sos a ghlacadh chun a chinntiú nach dtitfidh sé ina chodladh nuair bheidh sé taobh thiar den roth stiúrtha agus an carr faoi lánseol.
gcathaoir rotha wheel chair
" Glacfar le daoine i gcathaoir rotha chomh maith agus is féidir rudai a thabhairt leat - ach tá cosc ar pheataí.
ceithre roth 4 wheel
" Dul ar lár, i do bheatha! Is féidir an lár a bhaint amach i bhfeithicil faoi thiomáint ceithre roth, cé go bhfuil sé deacair taisteal in aice an locha de dheasca na n-aibhneacha atá faoi thuile agus dhrochbhail na mbóithre cré.
roth wheel
" Múineann an geimhreadh dúinn nach bhfuil sa bheatha shaolta seo ach roth mór a bhogann timpeall go mall agus go síoraí.
roth wheel
" Ach tá an roth sin tar éis casadh agus Sarkozy ina uachtarán ar an bhFrainc le trí bliana anuas.
rothaí wheels
" Rinneadh dochar do *45-47 Park Place* i rith ionsaí an 11ú Mheán Fomhair, 2001, nuair a thit rothaí eitleáin anuas air.
roth wheel
" Ar ndóigh, tá fearg ar lucht tacaíochta na dtraenach, a líomhnaíonn gur thug comhlachtaí innealtóireacht bóthair airgead mór do pholaiteoirí agus iad i mbun feachtais toghchánaíochta, ach is dócha nach bhfuil ann ach an roth ag teacht timpeall arís.
roth wheel
" Seacht n-acra atá sa pháirc, atá téamaithe as an mbealach teilifíse Nickelodeon, agus a bhfuil rollchóstóirí, roth mór, agus gach aon rud eile ann a d'fheicfeá i bpáirceanna siamsaíochta.
rotha na cóire the wheels of justice
" Muna raibh fianaise ar bith ina aghaidh, níor mhaolaigh sin rotha na cóire, agus an 28 Lúnasa 1991, tar éis do choiste dhá uair a chloig a chaitheamh á phlé, fuarthas ciontach é.
Má mheileann muilte an daonlathais go mall if the wheels of democracy are slow
" Má mheileann muilte an daonlathais go mall in aon tír amháin, is measa fós an scéal nuair a bhíonn scaifte mór tíortha i gceist agus iad ag iarradh teacht ar aon intinn maidir le fadhb mhór.
Rotha ag Gluaiseacht wheels turning
" Rotha ag Gluaiseacht ========== Ba mhór an t-ugach í Sylvie do lucht na comhdhála, a thuig láithreach go bhféadfaí snámh in aghaidh easa, fiú agus lucht an Bhéarla go hiomlán i d'aghaidh.
roth stiúrtha steering wheel
" Is a mhalairt a bheadh fíor le tiománaí an bhus agus an croí á chur trasna ionam aige ag bualadh bos do *‘The Birdy Song’* ag tiomáint bus abhaile ag leathuair tar éis a ceathair ar maidin - agus gan lámh ar bith aige ar an roth stiúrtha! Bhain mé an t-óstán amach go sábháilte mar sin féin agus ba léir gur chuid den chraic é an turas bus mar bhí muintir na háite breá compordach leis an ngeaitsíocht! *‘The Telegraph House’* ab ainm don óstán - ag cloí le téama Alexander Graham Bell mar fhear an ghutháin, agus mar ábhar tarraingteach turasóireachta an bhaile.
i gcathaoir rotha in a wheel chair
" Í anois i gcathaoir rotha, cuireann Anne Georges faoi gheasa gan í a ligint isteach i gcúram fadtéarmach institiúide riamh.
ní ceart cuma róchaite a bheith ar an roth stiúrtha the steering wheel ought not to be too worn in appearance
" Mura bhfuil ach thart ar seachtó míle míle ar an gclog, ní ceart cuma róchaite a bheith ar an roth stiúrtha, ar an ngléas lámhghiarála ná ar an gcoscán láimhe.
choinnigh Éireannaigh rotha na hImpireachta Irish people kept the wheels of empire
" Is beag leathanach in Encounters: How Racism Came to Ireland nach raibh firicí ann nach raibh ar eolas agam nó a ndearna mé dearmad orthu - an fáth go gcuireann muid daoine gorma ar dhaoine ‘dubha’, mar a d'fhuadaigh foghlaithe mara ó thuaisceart na hAfraice céad go leith duine as Dún na Séad i gContae Chorcaí i 1631; mar a choinnigh Éireannaigh rotha na hImpireachta ag dul go héasca san India.
ar nós bosca mór ar cheithre roth like a big box on 4 wheels
" Nílim cinnte cad é an bealach is fearr le cur síos a dhéanamh uirthi, ach bainfidh mé triail as! Tá sé ar nós bosca mór ar cheithre roth.
cé nach bhfuil an roth stiúrtha although the steering wheel isn’t
" Is í an Yeti an carr is minice a gcuireann daoine ceisteanna orm fúithi – cé go mbíonn a fhios acu go mbíonn bíonn roinnt de na carranna is deise agus is costasaí sa tír á dtiomáint agam! Is Maith Léi Turas Trastíre =========== Tá an Yeti go deas le tiomáint, cé nach bhfuil an roth stiúrtha thar mholadh beirte.
dhá roth a leagan in áiteanna nach ligfinn cos iontu de ghnách to place two wheels in places I wouldn’t visit usually
" Tugann an rothar saoirse dom fosta dhá roth a leagan in áiteanna nach ligfinn cos iontu de ghnách, mar sin, tá mé ag teacht ar eolas mo bhaile dhúchais féin.
roth stiúrtha steering wheel
" Mar gheall ar an dá chineál crochta seo, gluaiseann an 159 níos míne ná an 156 agus tá roth stiúrtha i bhfad níos cruinne inti.
Tá an roth stiúrtha thar a bheith acmhainneach the steering wheel is really capable
" Tá an roth stiúrtha thar a bheith acmhainneach d’aon bhóthar agus, i ndáiríre, ní fhaca mé aon fhadhb inti ó thaobh iompar ar an mbóthar.
roth stiúrtha déanta as leathair a leather steering wheel
" Seo roinnt de na rudaí atá ar fáil léi – luasrialú, suíocháin théite, roth stiúrtha déanta as leathair, Déad Ghoirm, aerchóiriú, ceangaltáin USB agus MP3, rialú ar an roth stiúrtha agus neart eile.
rialú ar an roth stiúrtha steering wheel control
" Seo roinnt de na rudaí atá ar fáil léi – luasrialú, suíocháin théite, roth stiúrtha déanta as leathair, Déad Ghoirm, aerchóiriú, ceangaltáin USB agus MP3, rialú ar an roth stiúrtha agus neart eile.
an roth stiúrtha the steering wheel
" Arís, mar gheall ar an dlí, ní féidir liom an meid sin a dhearbhú! Measaim go bhfuil an roth stiúrtha go hiontach.
an ceannach agus an bhreabaireacht wheeling and bribery
"an ceannach agus an bhreabaireacht fite fuaite i saol polaitiúil agus oifigiúil na tíre.
an mhangaireacht wheeling and dealing
" An bhfágfaidh siad an mhangaireacht polaitíochta ar leataobh ar mhaithe leis an chogadh a sheachaint? An bhfuil sé de mhisneach acu a bhunreacht a chosaint, nó mar a dúirt Des Ó Máille blianta ó sin, an seasfaidh siad an fód ar son na Poblachta? Beidh súile na hEorpa – agus na Rúise – ag faire orthu go géar.
do thaistealaí an dá roth for the two wheeled traveller
" **CMacS: An bhfuil aon ní ar leith a chuireann fearg nó déistin ort?** AÓC: Mar rothaí cathrach, ba mhaith liom go mbeadh tiománaithe beagán níos tuisceanaí do thaistealaí an dá roth! **CMacS: A Antoine, táim fíorbhuíoch díot as an agallamh seo dhéanamh.
Níor bhain fortuna fuarchúiseach gach rud uaidh the cold wheel of fortune didn’t strip him of everything
" Níor bhain fortuna fuarchúiseach gach rud uaidh.