Pota Focal Intergaelic
wee | deed | feed | heed | meed | need
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
'fiaile' weed
" Ar saoire a tháinig cuid acu cúpla bliain ó shin agus tá siad ann ó shin - mearbhall céille ar go leor acu de bharr a fhlúirsí is a fhásann 'fiaile' faoi leith sa cheantar.
an fiaile weeds
" Talamh fásaigh a chruthaigh mé, áit nach mbláthaíonn an fiaile féin.
raithneach weed
" Is beag nach bhfuil cócaon ar fáil chomh héasca agus chomh saor le raithneach na laethanta seo.
ina lustan uilig full of weeds
" D'amharc sí amach ar an fhuinneog agus dar léi go raibh an garraí ina lustan uilig.
á dtumadh féin sna tobáin feamainne immersing themselves in the sea-weed tubs
" Agus mé i mo sheasamh ag amharc síos ar Ionad Úr Oidhreachta Ghleann Cholm Cille (tógtha le deontais mhóra ó Roinn na Gaeltachta agus ón Údarás) bhí mé ábalta na daoine áille ina gcuid *bikinis *agus gan a gcuid *bikinis *a fheiceáil ina mílte thíos: daoine as gach tír ar domhan, seachas Éire, ag crú na gréine saorga, á dtumadh féin sna tobáin feamainne, ag dul ó *jacuzzi *go linn snámha, ag teacht amach as na *Casinos *ar an Chaiseal agus isteach sna bialanna ardnósacha fán Chlachán.
fheamainn sea-weed
" Na carraigeacha agus an fheamainn do mo thamhladh ar ais go Trá an Dóilín ar an gCeathrú Rua.
ag bailiú feamainne gathering sea-weed
" " Tá an méid seo le rá ag Murphy fosta: "Agus tá finéid aici nach bhféadfá dearmad a dhéanamh orthu: an fháilte a cuireadh roimpi sna botháin, comhráite deisbhéalacha, an damhsa a eagraíodh mar chomhartha ómóis di i mBaile Eoin, an tsiúlóid trasna sléibhe i gCiarraí le buachaill bó, mná na tuaithe ag bailiú feamainne ar thrá i gCiarraí agus Nicholson ag bualadh le páistí scoile.
gortghlanadh weeding out
" “Is féidir leat ‘gortghlanadh’ a dhéanamh i gcás go leor daoine.
ag caitheamh raithní smoking weed
" Mo chairde ar fad bhí siad ar an *dole* agus ag caitheamh raithní.
trí bhreágfholt feamainn a chur ar na figiúirí, by placing sea-weed wigs on the figures,
" Dála a gcomharsana i Newcastle, a ghléas "Angel of the North", saothar eile de chuid Gormley, i ngeansaí peile Newcastle United, ghlac roinnt Scousers an deis lena mbarúil féin a chur in iúl trí bhreágfholt feamainn a chur ar na figiúirí, agus aisteach go leor, péint bhuí a chur ar a gcuid magairlí! Ní raibh i gceist ag an tús go mbeadh na figiúirí suite ar an trá ar bhonn fadtéarmach ach nuair a tháinig deireadh leis an chonradh le Gormley le déanaí, thosaigh feachtas áitiúil le iad a choinneáil ann go buan.
fiailí ionracha invasive weeds
" Chomh maith leis na mamaigh thuas, tá 34 cineál éisc eachtrannach bunaithe sna huiscebhealaí abhus, tá fiche cineál éin eachtrannach ag eitilt inár spéartha agus tá fiailí ionracha andúchasacha ag fás ar an talamh agus ag leathadh in aghaidh an lae.
fiaile uaibhreach rampant weeds
" Do M’oide ==== Seanuaigh i bhfolach ag bun cnoic thréigthe, fiaile uaibhreach nach nglantar ó bhliain go a chéile, níl éinne fágtha chun freastal ar an tuama, is ní ghabhann thar bráid ach corrghearrthóir crann.
lustran weeds
" Maidir leis féin, fásfaidh eireaball ar ais le himeacht ama – roinnt seachtainí! Nuair atá siad réidh chun ubh a bhreith, ní thiocfaidh ach ubh amháin ag am faoi leith, agus clúdófar le lustran é ar ghrinneall an locháin.
ní lasfaidh mé aon raithneach I won’t light up any weed
" Tá roinnt daoine den bharúil gur cuma liomsa faoin timpeallacht, ach níl sé sin fíor; agus i bhfianaise air sin, ní lasfaidh mé aon raithneach taobh amuigh.
luachair gabhair net weed
" Mar shampla, molann achoimre suímh an LCS (cód 000190) na cineálacha éagsúla féir atá le fáil sa cheantar, mar shampla féar caorach agus luachair gabhair.
ag scairdeadh fiailnimhe ar chiumhais an bhóthair spraying weed killer on the verge /roadside
" Bhí fear amháin a d’fhreastail ar mo chúrsa in ann 12 cineál féir a aimsiú ar thaobh an bhealaigh cóngarach d’Oideas Gael in achar gairid 10 mbomaite! Ach cúpla lá tar éis sin, chuaigh fear áitiúil thart ag scairdeadh fiailnimhe ar chiumhais an bhóthair agus mharaigh sé gach rud! In ionad lusanna ildaite, tá gach rud dóite agus liath anois agus tá cuma uafásach air agus tá dochar déanta don ghnáthóg seo.