Dhealraigh sé gurbh é an teachtaireacht gan rá a bhí i gceist ná go mbeidh Éireannaigh na mbuirgí seachtracha i dtrioblóid leis na póilíní má ólann siad beoir go poiblí, ach nach amhlaidh a bheas i gcás an dreama ar spéis leo an ceol clasaiceach.
Ná deinimis dearmad go raibh láithreacht thuarach Dev (cad déarfadh “an fear fada?”) ag oibriú mar choscán neamhráite ar chuile shaghas nuaíochta, ar chuile shórt dul sa tseans.