Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
trioblóideach troublesome
" Deir sí go mbíonn roinnt den dream a dhéanann obair dheonach leis an stáisiún mar chaitheamh aimsire trioblóideach, áfach.
níos dána more bold/troublesome
" Agus tá sé seo ag tarlú ag am nuair atá daltaí ag éirí níos dána.
breith fhada, achrannach a long troublesome birth
" Chuirfinn é i gcomparáid le breith fhada, achrannach.
achrannach intricate, troublesome
" Is dócha ná a mhalairt go gcuirfear an cheist achrannach seo ar an mhéar fada, agus is baolach gur fáilte Mhic Shearraigh seachas fáilte Uí Cheallaigh a chuirfear roimh shiúlóirí in Éirinn.
an cladhaire crosta the troublesome rogue
" Ní róshásta a bhí Roy le Balor nuair a chonaic réalta na hiriseoireachta an cladhaire crosta ag gáire oíche amháin.
aimhréiteach troublesome
" On sádar sa longlann go dtí an dusta diamaint, tá turas fada, aimhréiteach déanta ag Liam B de Frinse agus beidh sé ag taisteal leis go ceann fada go leor.
strócánta troublesome
" Neamhaird ar Scoth na nImreoirí === Murab ionann is Veron, tá Zanetti fós ag imirt ag an leibhéal is airde agus níl a shéanadh air ach gur thug sé cinnireacht thar na bearta le linn séasúr fada strócánta Inter agus iad sa tóir ar thrí chorn mhóra a bhreith leo.
chorrach troublesome
" Ba chorrach aimhréiteach an bealach a bhí acu le dul, ach mar sin féin chuaigh siad ar aghaidh.
ró-achrannach too troublesome
" Fuaim le Focail ====== **BD: Cé mhéad leabhar agus dlúthdhioscaí atá foilsithe nó eisithe agaibh ó shin?** MÓC: Níor mhaith liom tosú á gcomhaireamh – bheadh sé ró-achrannach – ach go dtí seo, bheadh timpeall 350 leabhar foilsithe.
ghnéithe achrannacha troublesome aspects
" Is léiriú é seo ar ghnéithe achrannacha den saghas oibre seo agus a dheacra atá sé oibrithe baile a eagrú.
achrannacha troublesome
" B'fhéidir go mbeidh níos mó misneach ag Dinny ná mar a bhí ag Éamonn tabhairt faoi chuid de na ceisteanna achrannacha a bhaineann leis an nGaeltacht agus leis an nGaeilge.
cheist chigilteach a troublesome question
" Ba léir gur cheist chigilteach a bhí anseo don Roinn Oideachais mar gur eascair díospóireacht phoiblí náisiúnta as an mhéid a bhí sa tuarascáil.
Saol Cráite a troublesome life
" Saol Cráite ==== **CF: An raibh daoine bocht, Pauline?** PNC: Ní dhéarfainn go rabhadar bocht.
Ba chorrach, aimhréiteach an bealach a bhí aige le dul troublesome and toilsome was his route ahead
" Ba chorrach, aimhréiteach an bealach a bhí aige le dul, ach mar sin féin chuaigh sé ar aghaidh.
Ceist Chigilteach a troublesome question
" Ceist Chigilteach ====== Gné eile is ea scéal na ‘ndaoine ar a gcoimeád’ mar John Downey as An Craoslach, Dún nan Gall.
cheist achrannach an ghinmhillte the troublesome matter of abortion
" 3 den Bunreacht, ba dheacair reachtaíocht fiúntach ar cheist achrannach an ghinmhillte a dhréachtadh, mar go dtugann an Bhunreacht na cearta céanna don leanbh sa bhroinn agus a thugtar don mháthair atá á hiompar.
tréimhse achrannach a troublesome period
" Duirt Príomhfheidhmeanach an Chomhlacht Chultúir, Shona McCarthy, go raibh an chathair faoi bhláth i ndiaidh tréimhse achrannach agus go raibh an bhliain chultúir ina chatalaíoch le daoine a tharraingt le chéile, rud a bhí mar sprioc i gcónaí ag an tionscadal.
cheist achrannach chasta difficult troublesome question
" Tá an cheist achrannach chasta seo in airde san Astráil ar na mallaibh mar gheall ar iarratas atá idir chamáin ag an rialtas náisiúnta leasú a dhéanamh ar alt 18C, Cuid 2A, den Acht um Idirdhealú Ciníoch.
an gceist achrannach seo this troublesome matter
" Mar a dúirt Jim Hacker, sa tsraith theilifíse ‘*Yes Prime Minister*’, faoi mhuintir a thíre, “*I am their leader; I must follow them!*” Aisteach le rá, cé go léiríonn na pobalbhreitheanna go bhfuil formhór mór mhuintir na hAstráile i bhfabhar eotanáis thoilteanach a dhéanamh dleathach, níl rún ag ár bpolaiteoirí dul i ngleic leis an gceist achrannach seo.
achrannach troublesome
" Creideann Donncha Ó hÉallaithe go mba é leas na Gaeltachta, dá gcuirfí deireadh leis an Aireacht Gnóthaí Pobail, Tuaithe is Gaeltachta, mar go bhfuil teipithe ar Éamonn Ó Cuív agus ar an Aireacht sin, dul i ngleic leis an gceist achrannach: cá bhfuil an Ghaeltacht?
am corrach na críochdheighilte troublesome times of partition
" Rianaíonn Robert McMillen san alt seo an dóigh nár oibrigh Sé móide a Trí amach ina hAon in am corrach na críochdheighilte.