Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
saol corrach troubled times
" Nach é seo an ról is oiriúnaí dúinne sa saol corrach atá romhainn?
shagart le trioblóidí a troubled priest
" Ina dhiúscairt, d'admhaigh Daily gur fhéach sé ar Shanley mar "shagart le trioblóidí" a raibh cabhair de dhíth air.
Ghoill an cinneadh faoin loisceoir chomh mór sin ar UNESCO UNESCO were so troubled by the decision regarding the incinerator
" Ghoill an cinneadh faoin loisceoir chomh mór sin ar UNESCO gur scríobh siad chuig an rialtas anuraidh ag lorg eolais agus tugadh neamhaird orthu ar feadh sé mhí.
bhlianta corracha troubled years
" Bhain sé cáilíocht amach mar mhúinteoir bunscoile i 1967 agus chaith sé dhá bhliain ansin ag obair sa Nigéir, le linn bhlianta corracha Chogadh Bhiafra.
chorraigh troubled
" Le cúig bliana is fiche anuas tá sé ag obair sa Mheánoirthear mar fhinné pearsanta ar an uafás, an daonnacht, an mhire agus ar lúcháir an réigiúin chorraigh seo.
go mbeidh sé in ann an nuachtán seo a stiúradh trí cibé farraigí corracha atá roimhe. that he will be able to guide the newspaper through whatever troubled waters that lie ahead
" ***Athruithe ag an bharr:*** Ón 3 Márta, is é Dónall Mac Giolla Chóill a bheas mar eagarthóir ar *Lá Nua* agus táimid thar a bheith muiníneach go mbeidh sé in ann an nuachtán seo a stiúradh trí cibé farraigí corracha atá roimhe.
corraithe troubled
" Tá cuid mhór daoine corraithe agus cancraithe agus trí chéile mar gheall air seo, dar le Daithí Dathúil Norris – é féin ina measc, agus roinnt seanadóirí eile.
an-bhuartha very troubled
" Tá Balor an-bhuartha faoinar bhain dá seanchara, agus níos buarthaí fós nár tharla an lascadh céanna do chuid mhór de na daoine a bhí ina suí i Seomra Mór na Dála ag éisteacht lena chur chun báis os comhair an domhain.
riabhach troubled, wretched
" Ach fiú dá gcuirfí na húdaráis mhíleata as cumhacht amárach, ní fhéadfaí a bheith ag súil go dtiocfadh mórán feabhais ar scéal riabhach na Rohingya.
an-chorraithe heated, troubled
" “Sa tríú Dáil, nuair a bheidh ceist an-chorraithe á phlé (sic) ag na teachtairí, is beag alt ann nach gcuirfear ina aghaidh.
corraithe troubled
" ” An Uachtaránacht =========== Labhair muid faoi Barack Obama, faoi na haiséirithe sa Mheánoirthear - tá sé ceart sibhialtaigh a chosaint ach tá an chontúirt ann go dtarraingfear an tIarthar isteach i gcoimhlintí inmheánacha na dtíortha atá corraithe - agus labhair muid ar go leor eile ach anois agus gan cúraimí Dála air, tá Michael D ag beartú aistriú tí - go dtí Áras an Uachtaráin, mar iarrthóir tofa Pháirtí an Lucht Oibre.
an bhearna bhriste idir the troubled relationship between
" Géaraíonn breoiteacht na máthar an bhearna bhriste idir Eva agus na tuistí.
a chuir stró orthu féin who troubled themselves
" “Rinne mé seó i dteach duine in Inis cúpla seachtain ó shin,” ar sí, ag gáire, “ach tá an National Concert Hall déanta agam agus bhí áiteanna i Nua-Eabhrac a bhí sách mór ach is cuma liom cá hait a mbím a fhad is gur féidir liom teagmháil a dhéanamh leis an lucht éisteachta, caidreamh a chothú leis na daoine a chuir stró orthu féin theacht amach le mé a fheiceáil.
lucht léirsithe Oirthear na cathrach ciaptha cráite sin the protestors in the east of that troubled tortured city
" Ach i ndiaidh dó a bheith ag éisteacht leis na scéalta uafáis ag teacht amach as Oirthear Bhéal Feirste oíche i ndiaidh oíche le cúpla mí anuas, níl sé cinnte anois go bhfuil dóchas ar bith ann go dtiocfadh ciall riamh chuig lucht léirsithe Oirthear na cathrach ciaptha cráite sin.
an deis dó fear cráite a tharraingt siar the chance to pull a troubled man back
" I gclár amháin a bhain úsáid as an ‘Lapadán Fir’ cáiliúil, ’sé sin Joseph Merrick bocht, thug scríbhneoirí Ripper Street an deis dó fear cráite a tharraingt siar ó staighrí nuair a bhí fonn air lámh a ghlacadh ina bhás féin agus leanbh ina bhaclainn aige.
a bhíonn ciaptha de shíor which is continually troubled
" An bhfuil aon náisiún eile ar chlár na cruinne a bhíonn ciaptha de shíor ag smaoineamh faoina bhféiniúlacht? Bhí cnámh lom na fírinne á insint ag Brendan Behan nuair a mhaígh sé go bíonn síocóis náisiúnta ag an Éireannach san áit ina mbíonn féiniúlacht náisiúnta ag achan chine eile.
a bhí corraithe go mór is go dona which was greatly troubled
" Chaith Ciarán Mac Aonghusa a shúil ar thír a bhí corraithe go mór is go dona anuas na blianta, tír a throid in aghaidh na Naitsithe agus na Rúiseach anuas go 1956, An Úcráin.