Bhí pictiúir eile ar na ballaí, iad chomh gránna lena chéile, dubh agus liath agus bagrach, iad ag teacht salach ar mhúrphictiúir eile a léirigh mórtas cine na bProtastúnach - an Titanic, George Best, cath an Somme (tá patrún á nochtadh anseo).
Stailc Theresa Spence
=========
Tháinig Theresa Spence, ceannaire tréibhe Attawapiskat chun tosaigh go gairid tar éis bhunú an ghrúpa nuair a chuaigh sí ar stailc ocrais ar son a muintire ag tús Mhí na Nollag.
Foilsíodh gearáin fosta maidir le hairgeadas na tréibhe Attawapiskat a thug le fios go raibh airgead á dhíomailt go ciotach agus go raibh ceannairí an Chéid Náisiúin ag líonadh a bpócaí féin le hairgead a cuireadh ar fáil dóibh.