Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
an Lucht Taistil the Travellers
" Chuile sheans freisin go dteipfeadh ar an Lucht Taistil cuóta a bhaint amach.
an lucht taistil the Travellers
" Tá páiste as gach triúr ina chónaí faoi bhochtaineacht; déantar eigniú ar thriúr páistí gach seachtain; is páistí 26% den dream a éignítear; maraítear nó gortaítear níos mó ná 1,800 páiste gach bliain i dtaismí bóthair; caitear £143 per capita ar sheirbhísí do pháistí Thuaisceart Éireann, £217 a chaitear i Sasana; tá cineál éigin meabharghalair ar 20% de dhaoine óga; caitheann idir 50% agus 70% de pháistí an lucht taistil seal san otharlann am éigin ina n-óige; bíonn 20% de dhaoine óga gan dídean am éigin ina saol; tá rátaí báis de dheasca féinmharaithe níos airde anois ná básanna de dheasca taismí bóthair i measc an aosa óig.
an lucht taistil Travellers
" Beidh an lucht taistil ar thaobh an bhealaigh mhóir agus beidh liosta feithimh na n-ospidéal níos faide ná riamh.
don Lucht Taistil for Travellers
" Dá mbeadh fíorspéis ag an Taoiseach sna moltaí a rinneadh bheadh sé tar éis ainmniúchán a thabhairt do leithéid Kathryn Sinnott, a sheas don Dáil agus don Seanad le haird a tharraingt ar an easpa tacaíochta atá ar fáil do dhaoine míchumasacha, nó do Rosaleen McDonagh a sheas ar son cearta don Lucht Taistil.
thaistealaithe travellers
" Tá mo mheas ar thaistealaithe agus ar thaiscealaithe méadaithe go mór.
taistealaithe travellers
" Bhí taistealaithe ansin ceithre mhíle bliain ó shin.
an Lucht Taistil the Travellers
" Tá Paddy in éadan seicteachais agus idirdhealú sa bhaile, agus tá taispeántas breá dearfach ann faoi stair agus chultúr an Lucht Taistil.
taistealaí traveller
" Murab ionann agus in Iosrael, níl siad forbartha chomh mór sin, agus is féidir leis an taistealaí sásamh níos fearr a bhaint astu dá bharr.
súile an taistealaithe the eyes of the traveller
" Ó, ní beag an difríocht idir súile an taistealaithe agus an núíosaigh! Tháiníos anseo le hintinn (chuíosach) ghlan úr shoineanta, ach a leithéid de gheit a baineadh asam! Cé go bhfuil Béarla iontach maith ag mic léinn na cathrach agus ag formhór na ndaoine fé bhun 35 bliain d'aois, bíonn sé deacair go leor d'eachtrannach agus é ag iarraidh a bhealach féin a dhéanamh ag falróid thart i gcúlsráideanna na cathrach.
faigheann cos ar siúl rud nach bhfaigheann cos ina cónaí a traveller experiences things the stay-at-home doesn't
" Bhí ceo bruithne ann anois agus bhí an ghrian ag gabháil siar agus ba deacair a chreidbheáil go raibh a dhath níos fearr ar chlár na cruinne ná a bheith ar bord loinge agus tú i dtús d'aistir nó, mar a deirtear, "faigheann cos ar siúl rud nach bhfaigheann cos ina cónaí.
an Lucht Taistil Éireannach the Irish Travellers
" Thosaigh an trioblóid nuair a bhí scéal i nuachtán áitiúil faoin phost atá aici, ag obair leis an Lucht Taistil Éireannach i Learpholl.
cheol an lucht siúil the music of the Travellers
" Tá mé ag obair faoi láthair ar shraith de shé chlár do TG4 faoi cheol an lucht siúil.
taistealithe travellers
" Is féidir leat fanacht fiú i seanchillíní athchóirithe más mian leat! Ní raibh an fonn sin orm – bhí mé lánsásta a bheith sa suanlios le taistealithe eile ó áiteanna éagsúla ar fud na cruinne.
lucht siúil travellers
" MNíB: Fé mar a dúrt, chaomhnaigh muintir Uí Shé an seanathig mar ní raibh aon mhuirear ar James O’Shea, Lios na Graí agus ní raibh éinne ag rá leis *Marley* a chur ar an urlár ná *beauty board *a chur ar na fallaí ná “caith amach an seanachlog san”, “caith uait na lampaí íle”, “tabhair an *sacred heart lamp* don lucht siúil”.
Taistealaí Traveller
" Taistealaí ab ea é a sheinn agus é ina sheasamh, agus bata faoina chos, ag ócáidí móra pobail agus a fuair bás ró-óg nuair a thit falla ina mhullach i 1950.
na taistealaithe atá ar bhuiséad íseal the travellers on a small budget
" Beidh óstán cúig réalta in háit, agus ní bheidh aon áit le fanacht níos mó ag na taistealaithe atá ar bhuiséad íseal.
taistealaithe bochta poor travellers
" Shaothraigh mé go leor leor airgid, caithfidh mé a rá – ní raibh mise bocht agus mé ag taisteal, ní raibh mé ar dhuine de na taistealaithe bochta sin.
don taistealaí neamhspleách for the independent traveller
" Mar sin, níl sí oiriúnach amach is amach mar thír don taistealaí neamhspleách, toisc nach bhfuil mórán de chóras iompair phoiblí inti agus toisc go dtógann sé an chuid is mo de lá dul ó phointe A go pointe B.
treibh de Thaistealaithe a tribe of Travellers
" A ghruaig ag gliúcáil thar a spéaclaí, é ag seinnt sóló i lár 'Imagine' agus Yócó Onó bhocht sa chúinne, a méaracha ina cluasa, ag guí go stopfaidh sé! * - *Bhí trí phíob Taylor ag an aisteoir Mickey Rooney – meas tú an raibh a fhios aige go bhfuil treibh de Thaistealaithe den ainm céanna a sheinnean píobaí thall i Leeds Shasana? * - *Sheinn James Cagney na píobaí a bhí aige agus shroicheadar leaid éigin i Seattle tar éis dó bás a fháil.
an Lucht Taistil; the Travellers;
" Níl seanadóir ann d’iarchéimithe na n-institiúidí teicneolaíochta; níl seanadóir ann do na hÉireannaigh thar sáile; níl seanadóir ag an Lucht Taistil; níl seanadóir ag na hinimircigh; agus níl seanadóir ann dóibh siúd atá in ísle brí, duine a tharraingeodh aird ar an leibhéal ard féinmharaithe, mar shampla.
spáschoimhthíoch space traveller
" Cá bhfios céard a tharlóidh san am atá fágtha idir seo agus lá an toghcháin? An scéala gur rugadh grápháiste Barack Obama de Madonna? Gur spáschoimhthíoch í Sarah Palin? Gur feallmharaíodh (agus faraor, d'fhéadfadh an ceann seo tarlú) duine de na hiarrthóirí? Tá feiniméan sna Stáit Aontaithe a dtugtar an "October Surprise" air ina dtarlaíonn rud ollmhór a athrós dreach an toghcháin as cuimse.
n-eachtránaithe travellers
" Ach is iad na grianghraif iad féin, den tírdhreach álainn agus de shaol na n-eachtránaithe atá ag croílár an taispeántais.
lucht siúil travellers
" Dá thoradh sin, tá na treibheanna níos socraithe síos i gceantair ar leith sa lá atá inniu ann, díreach mar atá baill áirithe den lucht siúil in Éirinn tar éis cur fúthu i dtithe le blianta beaga anuas.
mionlach an Lucht Siúil a minority of the travellers
" Ó thaobh na litríochta de, is féidir mionlach an Lucht Siúil a áireamh i measc na ndreamanna ‘Eile’ sin.
An Lucht Siúil the travellers
"An Lucht Siúil ==== Go leor de na créatúirí a cuireadh isteach i Scoil Cheartúcháin Luimnigh, lucht bóthair ab ea iad.
do thaistealaí an dá roth for the two wheeled traveller
" **CMacS: An bhfuil aon ní ar leith a chuireann fearg nó déistin ort?** AÓC: Mar rothaí cathrach, ba mhaith liom go mbeadh tiománaithe beagán níos tuisceanaí do thaistealaí an dá roth! **CMacS: A Antoine, táim fíorbhuíoch díot as an agallamh seo dhéanamh.
Taistealaithe Travellers
" Rinne siad é seo mar agóid i gcoinne pholasaí na Roinne Oideachais páistí de chuid an Lucht Taistil a chur sa rang céanna le páistí ón bpobal suite, fiú má bhíonn roinnt mhaith den scoilbhliain caillte ag na Taistealaithe.
an Lucht Taistil the Travellers
" Braitheann Fachtna Ó Drisceoil go bhfuil cur chuige nua, atá i bhfad níos míleata, á úsáid ag urlabhraithe an Lucht Taistil agus iad páirteach i ndíospóireachtaí sna meáin chumarsáide.
beirt den lucht siúil two Travellers
" Ag Scoil Samhraidh Joe Mooney i nDroim Seanbhó i gContae Liatroma an mhí seo caite, bhuail Antaine Ó Faracháin trí thimpiste le beirt den lucht siúil a raibh an-dúil acu sna hamhráin agus fuair sé amach gur ó mhuintir duine acu a bailíodh roinnt amhrán a cuireadh amach ar albam dar teideal Songs of the Irish Travellers (1983).
saol an Lucht Siúil the travellers’ life
" Caitheann Mícheál Ó hAodha súil sa chéad cheann seo de dhá alt, ar shaol nár bhlaiseamarna de mar dhílseánaigh socraithe, saol atá ag athrú as éadan, saol an Lucht Siúil.