téamamhrán
theme song
"Things can only get better" an
téamamhrán a bhí ag Páirtí an Lucht Oibre ceithre bliana ó shin, ach "D'fhéadfadh rudaí a bheith níos measa" an port a chloiseann tú ó lucht tacaíochta an pháirtí sin anois.
téama ar leith
in particular theme
Taispéantas oscailte atá i gceist, rud a chiallaíonn nach mbíonn
téama ar leith ann bliain ar bith.
théama na Páise
the theme of the Passion
Dhá bhliain ó shin, d'fhreastail mé ar mhórshiúl ar
théama na Páise, a chuaigh ó ionad Raytheon go dtí lár na cathrach.
téama nua a chothú
to promote a new theme
Sa bpáipéar glas atá foilsithe ag an Rialtas le gairid, moltar stráitéis nua margaíochta a chur i bhfeidhm agus
téama nua a chothú a bhainfeadh le gach gné den turasóireacht.
an dúrud téamaí
an awful lot of themes
In imeacht bliana cuirtear
an dúrud téamaí, agus saothar an dúrud scríbhneoirí, i mo láthair sa *London Review of Books*; scríbhneoirí is téamaí nach gcasfaí dom de ghnáth taobh amuigh de shainfhoilseacháin an luchta léinn.
an dúrud téamaí
an awful lot of themes
In imeacht bliana cuirtear
an dúrud téamaí, agus saothar an dúrud scríbhneoirí, i mo láthair sa *London Review of Books*; scríbhneoirí is téamaí nach gcasfaí dom de ghnáth taobh amuigh de shainfhoilseacháin an luchta léinn.
téama na cogaíochta
the theme of war
Osclóidh an fhéile leis an gcéad léiriú riamh de dhráma Ghearóid Mhic Umfraidh, Geasa, ina bpléitear
téama na cogaíochta.
phríomhthéama
main theme
Nuair a d'fhógair Howard ag deireadh mhí Lúnasa go mbeadh toghchán ann, dúirt sé go mbeadh an mhuinín mar
phríomhthéama an toghcháin sin.
téamaí spioradálta
spiritual themes
Scríobhadh leabhar acadúil fiú ar chomh coitianta is a bhí
téamaí spioradálta ann.
stór focal ag baint le téamaí nua
vocabulary to do with new themes
Déanaim iarracht meascán maith de
stór focal ag baint le téamaí nua agus pointí gramadaí a theagasc, agus sleachta as na nuachtáin nó as
dán le Nuala Ní Dhomhnaill nó Cathal Ó Searcaigh a léamh gach lá.
téama níos spioradálta
a more spiritual theme
Beidh
téama níos spioradálta i gceist an mhaidin dár gcionn nuair a reáchtálfar imeachtaí machnamhacha ón dá thír.
na téamaí a chíor Mac Grianna
the themes Mac Grianna examined
Feicimid sa sliocht beag féin
na téamaí a chíor Mac Grianna ina chuid gearrscéalta agus ina chuid úrscéalta.
ar théamaí poblachtánacha
on republican themes
Tá clú ar Danny Devenny as an saothar dá chuid
ar théamaí poblachtánacha atá le feiceáil thart ar iarthar agus tuaisceart Bhéal Feirste ach an iarraidh seo tá gné eile dá shaol – a mhórdhúil i gceol na Beatles – á léiriú aige.
téama lárnach
central theme
Deir sé go bhfuil cosúlachtaí suntasacha idir na hÉireannaigh agus na Maoraigh mar gur imríodh cos ar bolg orthu le cúpla céad bliain anuas agus gur seo an
téama lárnach a bhí sa tionscadal.
téama
theme
Is é
téama Fhéile Bhróid Bhaile Átha Cliath i mbliana ná “*always the bridesmaid, never the bride*”,
téama atá tráthúil agus oiriúnach um an dtaca seo mar gheall ar go bhfuiltear ag diúltú go fóill comhionannas pósta a thabhairt don phobal aerach.
théama
a theme
B’fhearr i bhfad a leithéid a bheith mar
théama ag na scoileanna samhraidh líonmhara agus na tionóil acadúla ná cuid de na téamaí aduaine a phléifear i ndorchlaí intleachtúla sna míonna beaga amach romhainn.
Seantéamaí na drámaíochta
old dramatic themes
Seantéamaí na drámaíochta a úsáideann Sachs ina léachtaí.
lárthéama
a central theme
Chun an clár oibre a stiúradh, bhunófaí coiste tras-Mheiriceánach a mbeadh todhchaí na Gaeilge, i gCeanada agus Meiriceá, mar
lárthéama aige.
ag cloí le téama
keeping in theme
Is a mhalairt a bheadh fíor le tiománaí an bhus agus an croí á chur trasna ionam aige ag bualadh bos do *‘The Birdy Song’* ag tiomáint bus abhaile ag leathuair tar éis a ceathair ar maidin - agus gan lámh ar bith aige ar an roth stiúrtha! Bhain mé an t-óstán amach go sábháilte mar sin féin agus ba léir gur chuid den chraic é an turas bus mar bhí muintir na háite breá compordach leis an ngeaitsíocht! *‘The Telegraph House’* ab ainm don óstán -
ag cloí le téama Alexander Graham Bell mar fhear an ghutháin, agus mar ábhar tarraingteach turasóireachta an bhaile.
téamaí na carthanachta
the theme of charity
Do thagair Lincoln do Salmanna 19:9 agus 42:2 ina aitheasc féin agus
téamaí na carthanachta, na freagrachta agus na faoistine á míniú aige tar éis Chogadh na gCarad.
téamaí atá luaite ag
themes mentioned by
’*
Tá an dinnseanchas beo beathach sa lá atá inniu ann agus tá an cinneadh ar atógail Bheairice Girdwood i dtuaisceart Bhéal Feirste ar maos leis na
téamaí atá luaite ag Ní Dhomhnaill.
dtéama
theme
Cé gur chaith Ferguson cúpla bliain ag obair insa Ghearmáin ar ráta tubaisteach an bhoilscithe i ré Weimar, ní fear umhail ná ciúin é, rud a léiríodh arís le déanaí nuair a thug an *BBC* cuireadh dó Léachtaí Reith a thabhairt ar an
dtéama *“the rule of law and its enemies”*.
téamaí tíriúla
rural themes
Bhí dúil mhór ag an aicme gnó nua seo i bpictiúir a léirigh a saibhreas agus a stádas féin ach bhí spéis acu fosta i bpictiúir le
téamaí tíriúla chomh maith le portráidí, saothar neamhbheo, pictiúir genre agus thírdhreacha.
Cloímis le téama
let’s stick to the theme
Cén fáth? Toisc go gcreideann a bpáistí ann! An tátal? Creideann gach duine i nDaidí na Nollag siúd is nach gcreideann éinne ann!
Sampla eile?
Cloímis le téama na Nollag.
príomhthéama a leabhair bhreá sheanchais
the main theme of his lovely folklore book
B’iad na dúshláin tuisceana seo
príomhthéama a leabhair bhreá sheanchais ar an gCailligh Bhéarra, *The Book of the Cailleach: Stories of the Wise-Woman Healer (Cork, 2004)*, áit a ndearna sé mionscagadh ar an gcultúr béil Gaelach.
téama an thírghrá á chíoradh
teasing out the theme of patriotism
Agus
téama an thírghrá á chíoradh anseo, dearbhaíonn Ó Giolláin: “Ba sa státnáisiún a cruthaíodh an chéad nua-aoiseacht”, léargas a chuireann argóintí níos seanda scoláirí éagsúla eile i gcuimhne dúinn.
téamaí bunúsacha uilíocha
basic universal themes
Cé go mbaineann leabhar corraitheach Dhónaill Mhic Amhlaigh, Dialann Deoraí, go hoifigiúil le
téamaí bunúsacha uilíocha - pá, ocras laethúil, cairdeas, uaigneas agus dóchas- d’éirigh leis téamaí níos teibí fós a iniúchadh freisin.
níos teibí fós a iniúchadh
to inspect more abstract (themes) still
Cé go mbaineann leabhar corraitheach Dhónaill Mhic Amhlaigh, Dialann Deoraí, go hoifigiúil le téamaí bunúsacha uilíocha - pá, ocras laethúil, cairdeas, uaigneas agus dóchas- d’éirigh leis téamaí
níos teibí fós a iniúchadh freisin.
Ba é téama na léachta
the theme of the lecture was
Ba é téama na léachta an Euro agus Geilleagar na hÉireann agus na Gaeltachta ach go háirithe.
téama na mairtíreachta
this theme of martyrdom
Thógtaí teampaill chiorclacha den chineál seo go speisialta mar ionaid ómóis mairtíreach agus is ar
téama na mairtíreachta atá formhór ealaín na heaglaise seo bunaithe.
Mar fhorbairt ar an tuairim sin
developing that theme
Mar fhorbairt ar an tuairim sin, deir sé:
“Ní hé an saghas ceoil is fearr liom, ach tuigim go bhfuil an-chlisteacht ag baint leis ann féin.
téamaí thuasluaite
above themes
Tá na
téamaí thuasluaite cíortha aige i scannáin ar nós Benny’s Video agus Das Weisse Band (An Ribín Bán) agus Caché (I bhFolach), scannáin inar thug sé dúshlán an dearcaidh iar-nua-aoisigh liobrálaigh sin, an meon coibhneasta atá le sonrú inniu ar fud na sochaí agus ar gach gné den saol comhaimseartha.
an téama chéanna a bhreacadh
wrote the same theme
’
Ní léir ar chuir an Cadhnach aon spéis i scríbhneoireacht Hubert Butler, ach rinne Butler
an téama chéanna a bhreacadh ina aiste ‘Little K’, aiste a dhéanann mionscagadh ar smaointí na n-údarás Caitliceacha Rómhánacha i leith bhás páistí agus a mhaíonn fé dheireadh
‘*for the essence of law is impartiality and detachment, and those who are detached cannot judge the depth of love and the urgency of despair*’.
dtéamaí ollmhóra
massive themes
Fear na
dtéamaí ollmhóra é, téamaí cosúil le Réabhlóid na Fraince, ré órga na hÍsiltíre nó an nasc idir an tírdhreach fisiciúil agus an chuimhne dhaonna.
théamaí uilíocha
universal themes
Cuireann sé béim ar
théamaí uilíocha le linn na hinsinte: crógacht na nGiúdach mar mhionlach stairiúil, tábhacht na bhfocal ina saol ó fhoilsiú an Tórah go dtí Díospóireacht Barcelona i 1263 idir Giúdaigh agus Críostaithe na Spáinne, agus an fhéinmhuinín eitneach ársa sin a léiríodh go glinn glé i leabhair nua-aimseartha Theodor Herzl.
príomhthéamaí an leabhair
the main themes of the (...) book
Seo iad
príomhthéamaí an leabhair oilte mhionshonraígh smachtaithe fiúntaigh seo ó Moore, iareagarthóir de chuid an *Daily Telegraph* a léiríonn mífhoigne lena laoch ar gach leathanach.
faoi dhíon na lipéad
under the theme of label(ls)
Díreofar san alt gearr seo ar chúlra na gconspóidí thuas luaite
faoi dhíon na lipéad.
théama leanúnach
a continual theme
Ina saothar ceoil is filíochta, bhí ceist an chiníochais mar
théama leanúnach aici agus d’aithin DiFranco, ar de shliocht na hIodáile í, áit na nGormach i sochaí agus i scéal Mheiriceá agus cháin sí an ciníochas go géar agus go fíor-rialta.