Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
i gcoinne na sceimhlitheoireachta against terrorism
" Ní raibh an tacaíocht chomh láidir céanna nuair a thug sé le fios ar an 21 Meán Fómhair go raibh cead á thabhairt ag an Rialtas d'fhórsaí Mheiriceá ár gcuid aerfort a úsáid agus iad i mbun troda i gcoinne na sceimhlitheoireachta.
sceimhlitheoireacht dhomhanda world terrorism
" Tuigeann Washington anois go bhfuil géarghá le comhoibriú idirnáisiúnta má tá siad chun deireadh a chur le sceimhlitheoireacht dhomhanda.
sceimhlitheoireachta terrorism
" Tháinig go leor de na cumhachtaí domhanda ar mhalairt intinne i dtaobh sceimhlitheoireachta ar an lá san.
gCogadh ar Sceimhlitheoireacht War on Terrorism
" Ach, ag féachaint dúinn inár dtimpeall, tá fógraí go leor ann ag ár gcara Coca-Cola agus ní go deas atá an hamour ag sleamhnú síos mar, éist! CNN ag scaothaireacht faoin gCogadh ar Sceimhlitheoireacht, mar a thugtar air; dá dheasca sin is deacair eispéireas eitneach a thabhairt ar an gcéad lón anseo againn i nDúbai.
an tAcht Coiscthe Sceimhlitheoireachta 2000 The Prevention of Terrorism Act 2000
" Go dtí le gairid, bhí siad le feiceáil ag máirseáil timpeall an cathrach in éide an UVF nó na nDúchrónach, ach i mbliana d'úsáid Cigire na bPóilíní i Merseyside, Michael Clogherty, an tAcht Coiscthe Sceimhlitheoireachta 2000 (nó PTA) agus chuir sé in iúl dóibh go raibh cosc ar éide na n-eagraíochtaí paramíliteacha.
Sceimhlitheoireachta terrorism
" Bhí sé socraithe roimh ré le Cigire na bPóilíní i Merseyside, Michael Cloherty, nach mbeadh baill de na bannaí ceoil fheadóige ag caitheamh bairéad dubh nó rud ar bith atá in aghaidh an Achta Sceimhlitheoireachta 2000.
sceimhlitheoireacht terrorism
" Tar éis brú idirnáisiúnta ar an Indinéis, cuireadh reachtaíocht nua i bhfeidhm a thugann cumhachtaí breise don rialtas maidir le daoine a bhfuil sceimhlitheoireacht curtha ina leith.
sceimhlitheoireachta terrorism
" Cé acu is breá leat é nó gur gráin leat é, is gá an méid seo a admháil: ní hamháin go bhfuil sé ag troid cogaidh i gcoinne na sceimhlitheoireachta, a bhféadfadh iarmhairtí a bheith aige ar bhonn idirnáisiúnta ar feadh na scórtha bliain, bhí sé ar chúl an mhórbhua pholaitiúil a fuair a pháirtí Poblachtánach i mí na Samhna, a thug smacht ar an Chomhdháil dóibh.
oibríochtaí frithsceimhlitheoireachta anti-terrorism operations
" 11?" Dúirt Coimisinéir na bPóilíní, Ray Kelly, go rabhthas ag caitheamh na milliún dollar d'acmhainní na bpóilíní ar na hagóidí seo, airgead a bhíothas in ainm is a chaitheamh ag troid i gcoinne na coireachta agus ar oibríochtaí frithsceimhlitheoireachta.
in aghaidh na sceimhlitheoireachta against terrorism
" Mhínigh sé chomh maith go raibh sé fíorthábhachtach go mbeadh an Spáinn páirteach sa chogadh in aghaidh na sceimhlitheoireachta, mar b'in, dar leis, a bhí mar bhunús leis an ionsaí ar an Iaráic.
sceimhlitheoireachta terrorism
" Cé gur beag a tharla ó thaobh na sceimhlitheoireachta de san Iordáin féin, mar gheall go bhfuil sé an-ghar d'Iosrael, seachnaíonn turasóirí é.
stiúradh sceimhlitheoireachta directing terrorism
" Ciontaíodh Michael McKevitt as "stiúradh sceimhlitheoireachta" mar cheannaire an Fhíor-IRA.
Acht Sceimhlitheoireachta Terrorism Act
" Suimiúil go leor, ní féidir ballraíocht IRA a chur síos don cheathrar a tógadh agus Bobby Tohill ina seilbh mar go bhfuil clásal in Acht Sceimhlitheoireachta na bliana 2000 a deir nach féidir glacadh le fianaise oifigeach sinsearach péas le ballraíocht in eagraíocht mhídhleathach a chruthú ach amháin nuair nach bhfuil an grúpa sin ar shos cogaidh.
bagairt na sceimhlitheoireachta the threat of terrorism
" Is é an tátal a bhaineann siad as an staidéar ar fad ná gur mó i bhfad an chontúirt do shlándáil náisiúnta na Stát Aontaithe a eascraíonn as athruithe san aeráid ná bagairt na sceimhlitheoireachta, agus gur chóir do na Stáit Aontaithe déileáil leis mar ghéarchéim shlándála - ní mar argóint theibí idir an lucht glas agus lucht na dtionscal mór.
sceimhlitheoireachta terrorism
" Is ráiteas é *The House of Osama bin Laden *faoi "éiginntitheacht" an chogaidh i gcoinne na sceimhlitheoireachta, agus tá sé mar a bheadh físchluiche ann.
sceimhlitheoireacht terrorism
" Tá níos mó tábhachta, dar leo, ag baint leis an sceimhlitheoireacht, an dífhostaíocht agus fadhbanna Thír na mBascach.
sceimhlitheoireacht terrorism
" Ach ní chloiseann muid é ag gearán fá dtaobh díobh nuair a bhíonn siad os comhair na cúirte ar chúiseanna ag baint le gunnaí agus sceimhlitheoireacht.
an cogadh in aghaidh na sceimhlitheoireachta the war on terrorism
" Ar ndóigh is cóir an t-uafás sin a choinneáil i gcuimhne i gcónaí, cé gur smál ar an gcuimhne sin an míleas polaitiúil a baineadh as an gcuimhneachán i mbliana, nuair a cuireadh an cogadh in aghaidh na Naitsithe i gcomparáid leis an bhforghabháil impiriúil ar a dtugtar "an cogadh in aghaidh na sceimhlitheoireachta".
i gcoinne na sceimhlitheoireachta against terrorism
" Anois, ar ndóigh, tar éis do na sceimhlitheoirí ionsaí a dhéanamh ar chóras iompair Londan, tá baint ag na Meiriceánaigh seo leis an chogadh domhanda i gcoinne na sceimhlitheoireachta.
sceimhlitheoireacht terrorism
" Bhí an rialtas ag iarraidh go mbeadh Moslamaigh ag coinneáil súil ar a chéile agus go gcuirfí ar a súile do na húdaráis aon chaint faoi sceimhlitheoireacht.
sceimhlitheoireacht terrorism
" In ainneoin a bhfuil ráite faoin sceimhlitheoireacht le tamall anuas, b’fhéidir gurb é an frídín beag bídeach seo an chontúirt is mó atá i ndán don Astráil sna blianta atá romhainn.
i gcoinne na sceimhlitheoireachta against terrorism
" “*Extraordinary Renditions*” a thugtar ar an ghníomh danartha seo atá mar dhlúth is inneach de chath na Meiriceánach i gcoinne na sceimhlitheoireachta.
le haghaidh sceimhlitheoireachta for terrorism
" Bhí John Eric Irwin, 43 bliana d’aois, as Norris Green, Learpholl, cúisithe as bheith ina bhall den UVF, nithe bheith ina sheilbh aige le haghaidh sceimhlitheoireachta, le cois airm neamhdhleathacha.
sceimhlitheoireacht terrorism
" Seachtain nó dhó i ndiaidh a fhógra faoin sceimhlitheoireacht i Nua-Eabhrac, atoghadh an Méara Bloomberg do théarma eile ceithre bliana, agus níor chualathas níos mó faoi sceimhlitheoireacht ina dhiaidh sin.
le sceimhlitheoireacht with terrorism
" Sin an fáth go raibh aird Merseyside Police dírithe ar an áit, in ionad í a bheith dírithe ar an Derry Club, áit a raibh ceangal láidir aici le sceimhlitheoireacht.
sceimhlitheoireacht terrorism
" Tá Moslamaigh amhrasach gur bealach atá anseo le díriú orthu féin aon uair atá sceimhlitheoireacht á plé.
sceimhlitheoireacht terrorism
" Cén fáth? Mar gheall ar cheann de na naisc rúnda sin idir an pholaitíocht agus an sceimhlitheoireacht a bhfuil Mark Haddock ina chuid lárnach de.
i gcásanna sceimhlitheoireachta in terrorism cases
" Díospóireacht Agus mar sin, tharla díospóireacht i measc pholaiteoirí agus iriseoirí Mheiriceá le déanaí nach raibh mé ag súil leis riamh i dtír mar seo – pléadh chomh fada agus a d’fhéadfaí amhrasaigh i gcásanna sceimhlitheoireachta a chéasadh.
ag déanamh na bagartha domhanda sceimhlitheoireachta making the global terrorism threat
" D’fhoilsigh rialtas Mheiriceá Measúnú Náisiúnta Faisnéise le déanaí ag tabhairt le fios go raibh an cogadh san Iaráic ag tabhairt ugaigh d’antoiscigh timpeall an domhain agus ag déanamh na bagartha domhanda sceimhlitheoireachta ní ba mheasa.
ag spreagadh is ag léiriú tacaíochta don sceimhlitheoireacht inciting and showing support for terrorism
" Mhaígh siad le linn an chruinnithe is déanaí den Chomhairle go bhféadfadh an Cumann a bheith ag spreagadh is ag léiriú tacaíochta don sceimhlitheoireacht trí ‘amhráin reibiliúnacha’ a cheol.
sceimhlitheoireacht terrorism
" “Is ceist réadúil an chéid seo í an sceimhlitheoireacht,” a deir an Dr Rawiri Taonui, “dála cheist na gceart sibhialta”.
an sceimhlitheoireacht, terrorism,
" “Is ceist réadúil an chéid seo í an sceimhlitheoireacht,” a deir an Dr Rawiri Taonui, “dála cheist na gceart sibhialta”.
ag teacht i dtír ar bhagairt na sceimhlitheoireachta támhshuanaí. taking advantage of the threat of narcotic terrorism.
" Thart faoin am seo, agus bagairt na Sóivéadach ag dul i léig, thosaigh rialtas Reagan-Bush ag teacht i dtír ar bhagairt na sceimhlitheoireachta támhshuanaí.
nach dtiocfadh leis smaoineamh ar aon fheachtas sceimhlitheoireachta that he couldn't think of any terrorism campaign
" Dúirt sé nach dtiocfadh leis smaoineamh ar aon fheachtas sceimhlitheoireachta ar cuireadh deireadh leis gan idirbheartaíocht a bheith i gceist.
an sceimhlitheoireacht dhomhanda. global terrorism.
" Sin an rud arbh éigean do Hugh Orde a chur i gcuimhne do dhaoine agus é ag caint ar an sceimhlitheoireacht dhomhanda.
an sceimhlitheoireacht. terrorism.
" Bhí alt thar a bheith suimiúil sa *Guardian *ag deireadh mhí na Bealtaine inar nocht Sir Hugh Orde, Ardchonstábla Sheirbhís Póilíneachta Thuaisceart na hÉireann, a bharúlacha mar gheall ar an sceimhlitheoireacht.
Seanóirí na Sceimthlitheoireachta the Godfathers of Terrorism
" BuaMá ghlacann an DUP leis an fhoclaíocht sin, beidh siad ábalta a rá go bhfuil an bua acu, is é sin, go bhfuair siad réidh le "Seanóirí na Sceimthlitheoireachta" – ar mór-eileamh dá gcuid é – agus mar sin, do dtig leo muinín a bheith acu as Sinn Féin.
Sceimhlitheoireacht terrorism
" Sceimhlitheoireacht Iosraelach Sna daichaidí, bhí Benjamin Emanuel ag smuigleáil arm don Irgun, mílíste Síónach de chuid Menachem Begin (duine den triúr Príomh-Airí Iosraelacha - is iad Yitzhak Shamir agus Ariel Sharon an bheirt eile - a bhí ina sceimhlitheoirí tráth), a rinne feachtas Sceimhlitheoireachta i gcoinne na bPailistíneach agus na mBriotanach, buamáil Ostán Rí Daithí in Iarúsailéim i 1946 ina measc, inar maraíodh 93 duine.
frithsceimhlitheoireachta anti-terrorism
" ” Dar le hiaroifigeach frithsceimhlitheoireachta de chuid Roinn an Stáit SAM Larry Johnson: “*The Israelis are like a guy who sets fire to his hair and then tries to put it out by hitting it with a hammer.
Maoiniú na sceimhlitheoireachta financing terrorism
" Maoiniú na sceimhlitheoireachta Ach ní hiad na hIosraeligh amháin a thug cúnamh do Hamas.
Maoiniú na sceimhlitheoireachta financing terrorism
" Maoiniú na sceimhlitheoireachta D’fhreastail Marc Grossman i Roinn an Stáit faoi chúig cinn de rialtais éagsúla, idir Dhaonlathach agus Phoblachtánach, i roinnt tíortha suimiúla i dtreimhsí tábhachtacha.
tAcht um Sceimhlitheoireacht a Chosc Prevention Against Terrorism Act
" Imtheorannú gan triail, Domhnach na Fola, an tAcht um Sceimhlitheoireacht a Chosc (PTA) agus na hiomraill cheartais a d'éirigh as an dlí sin - chuir Brendan a thuairim in iúl go tréan: "*It is beyond human forgiveness.
sceimhlitheoireachta terrorism
" Agus an fhís pholaitiúil ó Chicago curtha i gcrích acu le fógairt ‘chogadh in aghaidh na sceimhlitheoireachta,’ bhí ról lárnach ag an mbeirt Shíónach ag an mBanc Domhanda, ag domhandú an mheoin ‘Chicago’ ó thaobh cúrsaí geilleagair de.
sceimhlitheoireacht terrorism
" Luaigh sé an Iaráic, an Iaráin agus an Chóiré Thuaidh mar stáit a bhí ag tacú le sceimhlitheoireacht agus a bhí ag lorg airm ollscriosúla.
sceimhlitheoireachta terrorism
" A mhalairt ar fad, a dúirt sé, nó ba cheart moladh agus ómós a thabhairt do "our brave men and women in uniform" a throid in éadan na sceimhlitheoireachta.
sceimhlitheoireachta of terrorism
" Bhí an chuma ar an scéal go raibh na Moslamaigh fuarchroíocha ag ceiliúradh gníomh sceimhlitheoireachta eile.
sceimhlitheoireachta terrorism
" Seans maith thar aon rud eile go mbeidh cuimhne ar an chaoi ar chuir sé in aghaidh rialtas Bush nuair a chuaigh siad i mbun cearta sibhialta a ghearradh siar agus iad in ainm is a bheith ag troid i gcoinne na sceimhlitheoireachta.
sceimhlitheoireachta terrorism
" Dúirt an AQMI go saorfaidís Dyer ar an gcoinníoll go scaoilfí saor Abu Qatada, atá faoi choinneáil sa Bhreatain agus a bhfuil gríosú chun sceimhlitheoireachta curtha ina leith.
sceimhlitheoireacht terrorism
" Nuair a toghadh Bobby Sands ina fheisire i bhFear Manach/ Tír Eoghain Theas ar 9ú Aibreán 1981 le líon níos mó vótaí (30,493) ná an méid a fuair Margaret Thatcher i Finchley (20,918 san olltoghchán i 1979) , bhí muid ag súil le athrú mana ó ‘mháthair na bparlimintí’, áit a mbíodh síorchaint faoin daonlathas agus síorchaint ar sceimhlitheoireacht ann gcónaí.
scéimhlitheoireacht terrorism
" B'é scéimhlitheoireacht an chéad rud a rith le daoine sular tháinig deimhniú gurbh iad cúinsí seismeacha ba chúis leis an rud.
sceimhlitheoireacht terrorism
" Thuig na hÉireannaigh gur sceimhlitheoireacht in aghaidh an phobail áitiúil a bhí ar bun ag Arm Iosrael ann nuair a scaoileadh siad sliogáin ghliogair – gan ábhar pléascach – isteach faoi fhraitheacha tí.
i leith na sceimhlitheoireachta in regard to terrorism
" Staon na Stáit Aontaithe ó vótáil nuair a cháin an Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta Iosrael as an ionsaí, rud a léirigh do cheannaire nua na Libia – a tháinig i gcumhacht ceithre bliana roimhe sin i ndiaidh coup d’état síochánta i gcoinne fhear soip na Breataine, an Rí Idris – fimíneacht an Iarthair Domhain i leith na sceimhlitheoireachta.
um Mhaoiniú Sceimhlitheoireachta responsible for financing terrorism
" Glaser, Rúnaí Cúnta um Mhaoiniú Sceimhlitheoireachta, cuairt ar an Iordáin agus an Liobáin ag brú ar na húdaráis ansin gan ligean leis an Damaisc éalú ó na smachtbhannaí.
in éadan na sceimhlitheoireachta against terrorism
" ===== Chuaigh PNAC i mbun pinn arís naoi lá i ndiaidh uafáis 9/11 le tacaíocht a thabhairt don Uachtarán Bush as an gcogadh in éadan na sceimhlitheoireachta a fhógairt.
sceimhlitheoireachta terrorism
" Nuair a chloiseann siad faoi na hionsuithe éagsúla gunna is sceimhlitheoireachta, croitheann an-chuid den ghlúin óg Mheiriceánach a gcinn ag ligean osna astu féin, feargach leis an tslí ina bhfuil a dtír dhúchais sa lá inniu agus bíonn brón orthu faoin íomhá a fhaigheann an domhan mór díobh mar phobal.
sceimhlitheoireacht terrorism
" Agus de réir mar atá eolas ag teacht chun solais faoi rannpháirtíocht na bhfórsaí ‘slándála’ sa sceimhlitheoireacht, tuigfidh tú cén fáth.
i gceannas ar bheartais frith-scéimhlitheoireachta na Breataine in charge of British anti-terrorism policies
" Ach nuair a seoladh thar n-ais é go dtí an Home Office i 1974, bhí Jenkins i gceannas ar bheartais frith-scéimhlitheoireachta na Breataine.
sceimhlitheoireachta terrorism
" Brown go bhfuil Rialtas na Stát Aontaithe ag iarraidh imní a chur ar dhaoine i dtaobh na sceimhlitheoireachta sa dóigh is go mbeidh siad sásta cuid dá gcuid ceart bunreachtúil a ghéilleadh.
sceimhlitheoireacht terrorism
" Measann Tom Deignan go bhfuil íoróin ag baint leis an dóigh a bhfuil an sceimhlitheoireacht ag bagairt ar chlár bliantúil a thugann páistí ó Thuaisceart Éireann trasna go Meiriceá ar saoire chun faoiseamh a thabhairt dóibh ón fhoréigean sa bhaile.
sceimhlitheoireacht terrorism
" Tá teannas láidir idir na Maoraigh agus Rialtas na Nua-Shéalainne le roinnt míonna anuas, ó cuireadh sceimhlitheoireacht i leith baill de threibh na Tūhoe.
sceimhlitheoireacht terrorism
" Níl i roinnt den sceimhlitheoireacht a nochtar i SAM ach drámaíocht agus aisteoireacht ina dtreoraítear go slítheánta an corrchréatúr neoid chun na carcrach.
Sceimhlitheoireacht agus Aisnéis Airgeadais terrorism and financial intelligence
" Bhí Maidhc Ó Cathail ag breathnú isteach in obair Oifig um Sceimhlitheoireacht agus Aisnéis Airgeadais na Stát Aontaithe.