Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
scuabtha swept
" Tá imní ar dhaoine go bhféadfadh na cluichí Gaelacha a bheith scuabtha de dhromchla an domhain má ghéilltear do na fórsaí sin.
eireaball scuabach sweeping tail
" A eireaball scuabach corntha ar chairín a dhroma.
fear glanta simléirí chimney-sweep
" Nuair a d'fheictí lena bheart é ba mhinic strainséirí á chur i gcosúlacht le fear glanta simléirí nó le fear na gealaí lena bheartán brosna nó le harrachtach mór cruimhe.
ag scuabadh an urláir sweeping the floor
" Bhí go maith agus ní raibh go holc; luigh sé isteach ar an obair, ag scuabadh an urláir, ag déanamh an tae, agus ag comhlíonadh na ndualgas beag eile a tugadh dó.
ag scuabadh urlár sweeping floors
" B’fhearr liom bheith ag scuabadh urlár ná a leithéid a dhéanamh.
rith an rása ina iomláine clean sweep
" Bhí rith an rása ina iomláine nach mór ag muintir Chonamara ag ócáid bhronnta dhuaiseanna cumarsáide an Oireachtais ag Féile na Bealtaine i dTrá Lí.
scuab roimpi swept before her
" An Magadh go hÉag agus thairis sin Agus scagadh á dhéanamh agam ar Cháinaisnéis na Mílaoise, Cáinaisnéis Uí Lionnacháin, Céad Cáinaisnéis Ceartaitheach tar éis an tSunami Geilleagair a scuab roimpi saofacht an Tíogair Cheiltigh go tóin poill le cumhacht doshásaithe a cuid feirge, nach ait mar a thagann Earnán de Blaghad agus Jim Kemmy chun cuimhne? B’é Earnán cróga a ghearr réal ó Phinsean na Sean i gcáinaisnéis Fheabhra na bliana 1924.
scuabtar are swept
" Is ceann de fáthanna móra eile a scuabtar daoine de dhroim an tsaoil é sin.
scuabann sweeps (us)
" Tá cónaí orainn i mbaile taobh amuigh den chathair a bhfuil seirbhís mhaith traenach ann agus a scuabann isteach go lár na cathrach sinn – ag an Arc de Triomphe nó ag an Ardeaglais Notre Dame - taobh istigh de leathuair an chloig.
scuabadh to sweep
" Is éard a thugann an dá shampla thuas le tuiscint gur deacair do Maradona coimhlintí pearsanta le himreoirí a scuabadh ar leataobh chun leasa na foirne atá faoina chúram.
scuabann sweeps
" Is abhainn mhór láidir é an Ribble, a scuabann go gasta anuas ó na Penwynion agus is minic faoi thuile an abhainn chéanna.
Scuabadh was swept
" Scuabadh chun siúil pé míshó idir-eatarthach im’ chroíse le dáiríreacht a haithrí.
Chuaigh deann tríd an slua a frissance swept through the crowd
" Chuaigh deann tríd an slua le linn na hiontróide ardáin.
Scuab siad seo tharainn faoi luas they swept swiftly by
ag scuabadh aneas sweeping from the south
" Bhí fórsaí an Ghinearáil Tito ag scuabadh aneas leis an mbealach aduaidh a chosc ar na Comhghuaillithe.
go léir scuabtha nó leathscriosta all swept away or half ruined
" Bhí na siúlóidí adhmaid, a shín ar ciumhais na farraige sna bailte cósta, go léir scuabtha nó leathscriosta, agus na gnónna in aice leo freisin.
tá teanga Sheáin Bhuí ag scuabadh roimpi English is sweeping all in its way
" Ar fud na mór-roinne, agus ar fud na cruinne go deimhin, cés moite de Mheiriceá Theas b’fhéidir, tá teanga Sheáin Bhuí ag scuabadh roimpi ina maidhm bháite.
thug sé sciúird thar na hoileán thiar sa bhliain he swept by the islands back in the year
" Baineadh feidhm as na hainmneacha seo ar na léarscáileanna a tharraing an Captaen Cook nuair a thug sé sciúird thar na hoileán thiar sa bhliain 1769.
bhí cumhacht na nGael scuabtha i leataobh Irish control was swept to one side
" Ó bunaíodh caisleán Bhéal Feirste sa 12ú céad, bhí sé i seilbh na Normannach, na nGael agus na Sasanach ag tréimhsí áirithe ach i ndiaidh fheallmharú Bhriain Mhic Feidhlimidh Uí Néill ag Iarla Essex i 1573, bhí cumhacht na nGael scuabtha i leataobh go deo na ndeor.
an tír faoi uisce na farraige the sea will sweep over the land
" Cuirfidh an Ghaeilg daoine as fostaíocht, an tír faoi uisce na farraige agus titfidh an spéartha anuas lá ar bith feasta mar gheall ar an Ghaeilg a bheith i gcúinne ar bith den tír.
a scuab which swept
" Bás polaitiúil lena faobhar féin, fuath ban agus iliomad míléamh ar chuisle an phobail - b’iad a scuab Julia Gillard chun siúil ar deireadh.
sciobfar shall be swept
" Má éiríonn leo, sciobfar an tSiria agus an Liobáin ar shiúl ar fad agus ruaigfear Siaigh na hIaráice soir ó dheas i dtreo na hÍaráine.
Imshruthlaítear (one) is surrounded, swept away
" Imshruthlaítear, nó maothaítear, an duine sa cheol ag pointe éigin san fholcadh fuaime.
sciobadh go fanach swept away too easily
" Ríomfaidh sé roinnt de na dea-scéalta agus roinnt de thubaistí an tsiúil sléibhe a thit amach, mórán ag an am chéanna, le linn an Gheimhridh, agus áireoidh roinnt den dream daoine a sciobadh go fanach ag maidhmeanna sneachta is iad ag baint sult as caitheamh aimsire follán amuigh faoin aer.