Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ceantair máguaird surrounding areas
" Thug na teaghlaigh Ghaelacha a díbríodh as a gcuid talún méithe fán Lagán agus na ceantair máguaird a n-aghaidh ar thalamh bocht caoráin Iarthar Thír Chonaill.
máguaird surrounding
" Tógáil caorach an gléas beo atá ar mhórán sa cheantar, sin agus obair sna bailte móra máguaird, Bealach Féich agus Leitir Ceanainn.
an tír máguaird the surrounding countryside
" Tá an chuid is mó den cheantar i seilbh Protastúnach, ach nuair a shroichtear Dún Pádraig agus an tír máguaird, is Caitlicigh formhór na ndaoine ansin.
máguaird surrounding
" Is baile álainn é Loch an Iúir, a bhfuil clú agus cáil ar radharc na locha agus na sléibhte máguaird.
timpeallaithe ag surrounded by
" Tar éis cúpla uair, thug muid faoi deara go raibh muid timpeallaithe ag saighdiúirí, iad ag fanacht le dreapadh.
sna paróistí máguaird in the surrounding parishes
" Tháinig sé chun solais go raibh suas le 700 duine i nGaoth Dobhair agus sna paróistí máguaird tar éis litir a fháil.
sa cheantar máguaird in the surrounding area
" Tá tuairim is 700 aeróg ag na comhlachtaí éagsúla gutháin timpeall ar Bhaile Átha Cliath agus sa cheantar máguaird.
timpeallaithe surrounded
" Gan choinne, tá an triúr timpeallaithe ag cúig óganach déag, cuid acu agus *balaclavas* orthu, gléas troda ag an uile dhuine, bataí adhmaid, maidí *baseball* agus maidí gailf.
an dúiche máguaird the surrounding area
" Bhí ar an Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta a fhógairt le gairid go gcuirfí maoiniú CLÁR de €254,709 ar fáil chun seirbhísí leathanbhanda teileagrafaíochta a leathnú go dtí ceantar na Rosann i dTír Chonaill; Cill Ala, Co Mhaigh Eo (agus an dúiche máguaird); agus Béal Átha Liag, Co Longfoirt (agus dúiche Loch Rí).
sa talamh máguaird in the surrounding land
" Deirtear gur foraois den chuid is mó a bhí sa talamh máguaird.
*na lagunas *máguaird the surrounding lagunas
" Ar an 19 Meán Fómhair, a fhad is a bhí mise ag baint sult as an *salar de Uyuni *agus *na lagunas *máguaird, shocraigh an rialtas teacht i gcabhair ar ghrúpa turasóirí agus dúchasach a bhí faoi léigear i bpobal darb ainm Sorata.
an ceantar máguaird the surrounding area
" " Is Láithreán Oidhreachta Domhanda é Brú na Bóinne agus an ceantar máguaird.
timpeallaithe ag surrounded by
" Cé go bhfuil dóchas ag roinnt daoine go mbeidh muid timpeallaithe ag clibeanna go luath, tá an chuma ar an scéal go mbeidh orainn cur suas leis na scuainí in ollmhargaí go ceann cúpla bliain eile.
faoin cheantar máguaird about the surrounding area
" Beidh dhá sheomra taispeántais ann fosta, ina mbeidh eolas faoin pharóiste agus faoin cheantar máguaird.
máguaird surrounding
" Cén fáth ar bunaíodh Muintir Chrónáin? Bunaíodh an eagraíocht toisc go raibh spéis ag na bunaitheoirí an Ghaeilge agus an cultúr Gaelach a chur chun cinn i gCluain Dolcáin agus sa cheantar máguaird.
sna ceantair mháguaird in the surrounding areas
" Cén fáth ar bunaíodh é? Bunaíodh an comhlacht leis an nGaolainn a chur chun cinn sa chathair, sa chontae agus sna ceantair mháguaird.
sa cheantar máguaird in the surrounding area
" Tá cúig Ghaelscoil sa cheantar: dhá cheann i mBaile Munna agus trí cinn eile sa cheantar máguaird.
timpeallaithe ag surrounded by
" Is bailiúchán de shráideanna beaga Caitliceacha é atá timpeallaithe ag ceantracha móra Protastúnacha.
máguaird surrounding
" Sa 20ú haois, bhí rath ar Aberteifi mar go raibh ag éirí go maith leis an talmhaíocht sa cheantar máguaird.
sa cheantar máguaird in the surrounding area
" Ar an drochuair, níl aon ghrúpa foghlaimeoirí i mo bhaile nó sa cheantar máguaird, ach bhí suímh Dhaltaí na Gaeilge ((www.
as na contaetha máguaird from the surrounding counties
" Is minic leis go mbíonn daltaí as na contaetha máguaird ag freastal ar na coláistí móra iomána agus peile.
sa cheantar máguaird in the surrounding area
" Thíos staighre tá taispeántas álainn agus earraí le feiceáil a fuarthas san eaglais agus sa cheantar máguaird.
an ceantar máguaird the surrounding area
"an ceantar máguaird ag fulaingt go fóill de dheasca thionchar éiceolaíoch na mianadóireachta seo.
sa tír máguaird. in the surrounding countryside.
" Ach maireann pobal measartha mór Caitliceach anseo i dTom an t-Sabhail agus sa tír máguaird.
do gheilleagar na gceantar máguaird. for the economy of the surrounding areas.
" Beidh impleachtaí “tubaisteacha” ag cinneadh Aer Lingus, dar leo, ní hamháin ó thaobh turasóireachta de, ach do gheilleagar na gceantar máguaird.
tíortha máguaird surrounding countries
" Sa bhliain 1996, chuir an rialtas iar-Apartheid san Afraic Theas fiosrúchán cúirte ar bun a chruthaigh gur úsáid an rialtas Apartheid brabús a tuilleadh as díol eabhair agus acmhainní eile póitseáilte mar fhoinse maoinithe le tíortha máguaird a dhíchobhsú, cogaí inar maraíodh thart ar 1.
do phobal an cheantair máguaird. to the community of the surrounding area
" Bhunaigh Comharchumann Raidió Átha Cliath Teoranta an stáisiún pobail seo sa bhliain 1993 le seirbhís raidió trí mheán na Gaeilge a sholáthar do phobal Bhaile Átha Cliath agus do phobal an cheantair máguaird.
an cheantair máguaird of the surrounding area
" Bhunaigh Comharchumann Raidió Átha Cliath Teoranta an stáisiún pobail seo sa bhliain 1993 le seirbhís raidió trí mheán na Gaeilge a sholáthar do phobal Bhaile Átha Cliath agus do phobal an cheantair máguaird.
máguaird surrounding, around
" Ar ndóigh, is téarma acadúil é Pigmí a thagraíonn do na fiagaithe-cnuasaitheoirí ísle arb as na foraoiseacha meánchreasa agus na limistéir máguaird san Afraic Láir dóibh.
máguaird surrounding
" Is féidir éisteacht leis an stáisiún ar an raidió i mBaile Átha Cliath agus sa cheantar máguaird.
timpeallaithe surrounded
" Ní raibh mé ach 11 bhliain, timpeallaithe ag fir mhóra.
máguaird surrounding
" Tagann siad as na ceantair máguaird go St Germain chun freastal ar scoileanna an bhaile agus feictear iad ina gcéadta ag dul abhaile ag deireadh an lae scoile nó ag bualadh le chéile, go háirithe ag an deireadh seachtaine, sna siopaí caife atá ar gach cúinne sráide.
nDú Chaocháin surrounding area
" An Ghaeilge i nDú Chaocháin SMM: Leis an aighneas sa gceantar mar gheall ar an bhfeadán gáis seo, ciallaíonn sé go bhfuil na céadta duine ag teacht chun na háite agus ní Gaeilg atá le clons ag ceachtar den dá thaobh, ar son Shell nó ina gcoinne.
máguaird surrounding
" Rinneadh Anaclann Dúlra de Loch Bogoria is den cheantar máguaird i 1973 d’fhonn airgead a thuilleamh don Stát agus tá turasóirí á dtarraingt ann ag áilleacht nádúrtha na háite ó cheann ceann na bliana ó shin i leith.
gcomharsanacht surrounds, vicinity
" Mhol Údarás na Gaeltachta go mbeadh cumhachtaí agus feidhmeanna maidir le hoideachas Gaeltachta ag Bord athstruchtúraithe an Údaráis agus go gcuirfí i bhfeidhm Alt 9 den Acht Oideachais a deir gur faoi na scoileanna Gaeltachta atá sé an Ghaeilge a chur chun cinn i gcomharsanacht na scoile.
timpeallacht surrounds, area(s)
" Díol suntais ar leith scannánaíocht álainn Morrison ar na séadchomharthaí agus ar an timpeallacht álainn ina bhfuil siad.
mbóithríní mórthimpeall surrounding lanes
" Bhí corr éisc ag faire amach ar bhruach an locha bhig, agus bhí lorg coise coiníní le feiceáil go flúirseach ar bhrat sneachta na mbóithríní mórthimpeall.
cheantar máguaird surrounding countryside
" Bhí sí ann, freisin, nuair a chuir báisteach throm deireadh leis an triomach, ach chonaic sí an tuile a tharla mar gheall ar an mbáisteach in Gunnedah, sa cheantar máguaird agus i dtuilemhá na habhann.
mórthimpeall orthu surrounding them
" Ba iad na hoileáin dhronnlacha, ghlasa de chuid oileánra na Cincíse a bhí le feiceáil ar dtús, agus an fharraige mhuirghorm mórthimpeall orthu.
ceantar máguaird surrounding countryside
" Tá radharcanna dochreidte de Bhaile na Banríona agus an ceantar máguaird le feiceáil ó bharr na binne seo agus shuigh muid siar sa chaifé ar feadh tamaill ag breathnú anuas ar an mbaile.
timpeallaithe surrounded
" Ní fada ina dhiaidh sin go raibh an bheirt, a bhí i veain anois, timpeallaithe agus faoi léigear ag na húdaráis.
mórthimpeall surrounding
" An Duais ==== Ceann de na leabhair seo a leanas **Mistéir an Tobair – Diane Lavery** Tá Oisín ar a laethanta saoire ón scoil agus is breá leis dul amach ar fán sna sléibhte agus sna gleannta mórthimpeall.
mórthimpeall surrounding
" ** Tá Oisín ar a laethanta saoire ón scoil agus is breá leis dul amach ar fán sna sléibhte agus sna gleannta mórthimpeall.
ar fhaitíos go mbeidís timpeallaithe fearing their being surrounded
" I stáit mar Nua-Gheirsí is annamh daoine den chine geal ag tógáil busanna ná ag siúl sráideanna cathracha mar Newark agus Paterson, ar fhaitíos go mbeidís timpeallaithe ag Gormaigh.
sa cheantar máguaird in the surrounding area
" Gach Dalta mar a Oiltear é ========== Bhain an Rianach Sydney amach ag deireadh 1816 agus d’oibrigh sé ar fheirmeacha éagsúla sa cheantar máguaird.
sa cheantar máguaird in the surrounding district
" Ciontaíodh an seisear as comhcheilg áiteanna éagsúla in Sydney, príomhchathair New South Wales (NSW), agus sa cheantar máguaird a bhuamáil agus gearradh cúig bliana déag géibhinn orthu.
. Ní hamhlaidh sa dúthaigh mórthimpeall such is not the case in the surrounding district
" Tá an samhradh tagtha, agus imithe arís! Ach b’fhéidir go bhfillfeadh sé orainn.
an uilíochas a bhaineann leis universalism surrounding it
" Cé go ndéanaimid ceiliúradh ar oidhreacht Ghaelach ár gceoil agus ar an uilíochas a bhaineann leis – (cf.
dhíoltaí an talamh thart timpeall air the surrounding land was sold
" Is iomaí seanfhear a sáinníodh faoin gcoill nuair a dhíoltaí an talamh thart timpeall air.
ar achan taobh de surrounded
" Bhí rí rá san fhoirgneamh stairiúil – agus ruaille buaille chomh maith – nuair a tháinig Liam isteach sa halla agus Gardaí Síochána ar achan taobh de: beirt roimhe, beirt ina dhiaidh agus beirt ar achan taobh de.
sna contaetha mórthimpeall in the surrounding counties
" **SMM: Bíonn tú gnóthach i mbun múineadh damhsa ar an sean-nós thart sna contaetha mórthimpeall ort le Sean-Nós ar an tSionainn.
máguaird surrounding
" Tá an chaoi a bhfuil Baile Átha Cliath ag síorfhás ag déanamh an-dochair do na cluichí Gaelacha sa chathair agus sa cheantar máguaird, dar le Colm Mac Séalaigh.
timpeallaithe ag an Afraic Theas surrounded by South Africa
" Sa cheathrú tuairisc seo uaithi, déanann sí cur síos ar an drochaimsir a bhí ann nuair a shroich sí Leosóta, an tír bheag atá timpeallaithe ag an Afraic Theas.
Imshruthlaítear (one) is surrounded, swept away
" Imshruthlaítear, nó maothaítear, an duine sa cheol ag pointe éigin san fholcadh fuaime.
sa cheantar mórthimpeall in the surrounding district
" Fágadh Brian Ó Broin is a theaghlach gan chumhacht ar feadh i bhfad mar gheall ar an dochar mór a rinne spéirling sa cheantar mórthimpeall orthu.