Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ag fanacht faoi cheilt staying hidden
" Ach, faraor, níl sé praiticiúil iad ar fad a chur isteach i leabhar grianghraf - rud a d'fhág go mbíodh a bhformhór ag fanacht faoi cheilt.
ag stopadh staying
" Cois cladaigh a bhí mé féin ag stopadh.
fhanacht staying
" Bhí ár n-aird ar thithe thar sáile, ar laethanta saoire agus cuireadh an bhéim ar fhanacht sa lúib cheart shóisialta.
trí fhanacht amach as by staying out
" Ach foighid a bheith acu, d’fhéadfaidís dul níos airde fós ag an gcéad toghchán eile, trí fhanacht amach as an rialtas.
ag fanacht staying
" Is ar an Oileán Fada a bhí mé féin agus m’fhear céile ag fanacht nuair a rinne muid an turas sin.
ag fanacht staying
" Níor luaigh sé May Mac Ránais ar chor ar bith, a múinteoir Gaeilge pearsanta a bhíonn ag briseadh a thóna ó cheann ceanna na bliana ag iarraidh cur leis an chúpla focal atá aici, in ainneoin na leithscéalta ar fad a bhíonn aici faoin obair bhaile gan a bheith déanta: cruinniú leis an Phápa; dinnéar le hAngela Merkel; lón le Nicolas Sarkozy… May bocht! Nach diabhalta an jab atá aige! Folúsghlanadh Tóna =========== Daoine eile a mbíonn jab deacair acu ná glantóirí na seomraí sna tithe ósta a mbíonn boic mhóra áirithe ag fanacht iontu.
ag cur fúm staying
" Bhí feirm ina aice leis an teach a raibh mé ag cur fúm agus ní raibh ag an fheirmeoir ach aon tarracóir beag amháin.
ag fanacht tigh a dhearthár staying in his brother’s house
" Bhuail mé leis agus ní hé amháin sin ach bhí mé ag fanacht tigh a dhearthár, Pádraic, nuair a bhí mé seacht mbliain nó ocht mbliain déag d’aois.
ag fanacht tigh mo mhuintire staying at my parents’ house
" Mhínigh Daithí dom nuair a bhuail mé leis agus é sa bhaile le haghaidh saoire na Nollag cén chaoi ar tharla sé gur chuig Gaelscoileanna a cuireadh é: ‘bhíodh daltaí scoile ón Spáinn ag fanacht tigh mo mhuintire agus iad ag foghlaim Béarla.
chothú na sláinte staying healthy
" Bíonn airgead níos lú le caitheamh ag daoine ar an saol sóisialta, ar chaithimh aimsire agus ar chothú na sláinte.
ag fanacht chun cabhrú leis staying on to help him
" Ní hamháin sin, ach is amhlaidh go mbeidh a chomhghleacaithe traenála agus oiliúna (an gá oiliúint a chur ar iománaithe Chill Chainnigh fós?), Martin Ó Fógartaigh agus Mícheál Ó Díomsaigh, ag fanacht chun cabhrú leis.
Is saoire sin ná fanacht it’s cheaper than staying
"Is saoire sin ná fanacht sa mbaile,’ arsa mise liom féin.
Fanacht sna Bólaí Dúchais staying in the where one was reared
" Fanacht sna Bólaí Dúchais =========== Ó aimsir an chogaidh cathartha i leith, fanann daoine Gorma ina gceantair féin.
ní hí is údar liom fanacht ann it’s not the reason I’m staying there
" Más í an Ghaeilge a mheall go Cois Fharraige mé 40 bliain ó shin, ní hí is údar liom fanacht ann.
ag fanacht thar oíche staying overnight
" 8 m duine ar chuid den chósan sa chéad bhliain, le 800,000 cuairteoirí ag fanacht thar oíche i dtithe aíochta agus óstáin ar an tslí.