Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
le teacht ar an bhfód set to emerge
" Seirbhísí den tríú glúin ======= Cé go bhfuil roinnt daoine ag cur i gcoinne na n-aeróg seo toisc go bhfuil imní orthu faoin tionchar a bheidh ag na comharthaí ó na haeróga ar a sláinte, tá an chuma ar an scéal go mbeidh níos mó aeróg fós á dtógaint, anois go bhfuil seirbhísí gutháin den tríú glúin le teacht ar an bhfód.
carr a chur trí thine to set a car on fire
" Is cuimhin liom i Márta 1988 nuair a chuala Cúirt Chorónach Learphoill go bhfaca na póilíní Paul Forrest, 18 mbliana d'aois, ag déanamh iarrachta carr a chur trí thine le peitreal taobh amuigh den tábhairne Éireannach *The Falkland*.
a chuirfidís rompu that they would set out to
" Dar le Brigham Young, ba san áit seo a chuirfidís rompu a gcathair nua a thógáil: Salt Lake City.
talamh a chur ar leataobh to set aside land
" Easpa síoltaAch cé gur mhian le a lán feirmeoirí talamh a chur ar leataobh leis na bláthanna fiáine seo a chur agus a chaomhnú, tá easpa síolta ar fáil le hé a dhéanamh.
spás a chur ar leataobh to set aside space
" Mura bhfuil ach líon an-teoranta ar fad cainteoirí Gaeilge ina gcónaí i mbaile faoi leith, cur i gcás, cad is fiú don siopadóir spás a chur ar leataobh do nuachtán Gaeilge (gan trácht ar spás suntasach) nuair a bhíonn breis is dosaen teideal eile – as Éirinn, Sasana agus oirthear na hEorpa – le díol aige go laethúil? Mar sin, tagann an cheist chun cinn: an bhfuil aon mhargadh ann do nuachtán laethúil Gaeilge? Mar iar-eagarthóir ar nuachtán Gaeilge, is oth liom a admháil nach measaim go bhfuil.
mbunófaí ought to be set up
" In áit síneadh láimhe a thabhairt dóibh, molaimse go mbunófaí ciste ar leith a thabharfadh deis do fheirmeoirí na tíre teacht i dtír ar an tionscal.
bhunú to set up
" Is léir ó na cáipéisí, mar shampla, go raibh Coiste na Logainmneacha toilteanach comhairle a chur ar an rialtas maidir le córas códuimhríochta a bhunú le dul i ngleic leis na fadhbanna a bhain le seachadadh litreacha a bhí á seoladh as Sasana le seoltaí i nGaeilge.
dul i mbun to set about
" Is ardurraim ag duine a bheith ainmnithe mar Astrálach na Bliana, agus bíonn an deis ag na daoine a thabhaíonn an teideal dul i mbun stocaireachta ar son aon chúis arbh áil leo le linn a mbliana sa spotsolas.
chur ina cheart to set right, correct
" Chaill sé an deis go leor rudaí a chur ina cheart, nuair a bhí airgead fairsing.
bhunú to set up
" Tá Comhdháil SAM chun cistí fiontair a bhunú ar nós na cistí a cuireadh ar fáil in Oirthear na hEorpa i ndiaidh titim Bhalla Bheirlín; agus beidh an Banc Eorpach Athfhoirgníochta agus Forbartha ag tacú le nuachóiriú geilleagair sa Mheánoirthear agus san Afraic Thuaidh mar a rinne siad san Eoraip.
le huiríoll a dhéanamh ar a shon to set forth his case
" D’imigh dlíodóir Ai Weiwei as amharc ar feadh cúig lá i ndiaidh dó a bheith gafa agus faoi láthair níl dlíodóir ar bith eile aige le huiríoll a dhéanamh ar a shon.
thug faoin set to attacking
" Tharraing Balor anáil mhór, chroch sé suas a mhisneach, agus thug faoin triúr go neamheaglach, neamhbhalbh, neamhfhuadrach: An Tír is Gainne an Bia, is ea is Féile a Roinn ============== **Balor:** Tugaim faoi deara gur san óstán is daoire i mBaile Átha Cliath a stopann sibh i gcónaí nuair a bhíonn sibh ar cuairt anseo, agus go bhfágann sibh bille mór bia agus dí in bhur ndiaidh gach uair a imíonn sibh.
Téann siad i mbun oibre they set to work
" Téann siad i mbun oibre láithreach agus le cabhair roinnt cairde, idir bheag is mhór, éiríonn leo comhábhair na fuascailte a bhailiú agus an tír a tharrtháil.
Téann siad i mbun oibre they set to work
" Téann siad i mbun oibre láithreach agus le cabhair roinnt cairde, idir bheag is mhór, éiríonn leo comhábhair na fuascailte a bhailiú agus an tír a tharrtháil.
de réir na gcoinníollacha dochta daingne according to the firm set in rock conditions
" Beidh na héiricí seo le leagan ar an mhuintir nach acmhainn dóibh a gcuid morgáistí a íoc de réir na gcoinníollacha dochta daingne a leagfaidh na bainc síos do na créatúir bhochta sin.
le dul i mbun gníomhaíochta tionsclaíocha to set about industrial action
" Nuair a bhí cainteanna Pháirc an Chrócaigh II ar siúl, fuair ceardchumainn na múinteoirí – na trí cinn acu – údarás ó na baill le dul i mbun gníomhaíochta tionsclaíocha dá mbainfí oiread is pingin rua óna dtuarastal.
de réir na bhfoirmlí atá leagtha síos according to the formats set down
" Ciallaíonn sé sin go raibh deacrachtaí níos mó ag scoláirí an stíl ársa seo a rangú ó thaobh an cheoil de, agus go háirithe de réir na bhfoirmlí atá leagtha síos sa cheol Eorpach i gcoitinne.
Mar sin, chrom sé chun oibre so he set to work
" Mar sin, chrom sé chun oibre agus chuir sé litir chuig Oifig an Phoist i mBaile an Fheiritéaraigh, Corca Dhuibhne, ag lorg lóistín le teaghlach a mbeadh Gaelainn acu.
lena chur trí thine to set it alight
" Dhírigh Grints eile ar chroí gheilleagrach na Breataine nuair a chuaigh sé isteach i siopa earraí gailf – níl mé ag magadh - lena chur trí thine.
le leanacht ar aghaidh set to continue
" In ainneoin mianta an phobail mar a léiríodh san anailís ón bpróiséas comhairliúcháin, tá an Foras le leanacht ar aghaidh beag beann ar na torthaí.
a leagadar rompu which they had set themselves to achieving
" Ní bheidh aon nuachtán Ghaeilge ar fáil sna siopaí Lá ’le Pádraig i mbliana mar gur theip ar an gcomhlacht a fuair an conradh foilsithe tíocht gar do na spriocanna díolaíochta a leagadar rompu.
cromadh chun oibre to set to work
" Feidhmítear feidhmeannas nó cad é is fiú é? Tá Robert McMillen den bharúil gur mithid don Fheidhmeannas anois thar ariamh cheana cromadh chun oibre agus a fhiúntas a chruthú do na daoine atá ar easpa uisce le rófhada.