Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
Níl tarrtháil le déanamh ort There's no saving/helping you
" "Níl tarrtháil le déanamh ort.
choigilt saving
" Praghsanna ======= "Beir bua le Rua" an mana atá ag Rua - mar sin cad faoin tsábháil airgid seo? "Tá an choigilt is mó ar fáil i gcás glaonna idirnáisiúnta, go háirithe i rith an lae," a mhíníonn Ruairí, "ach táimid ar comhphraghas nó níos saoire i ngach réimse.
coigilt airgid saving of money
" Ach, tar éis 20 bliain d'obair dhian agus coigilt airgid, osclaíodh páirc bhreá nua-aimseartha, móide ardán, carrchlós fairsing, seirbhísí chéad chabhrach agus do chathaoireacha rotha agus áiseanna cruinnithe, thiar i Ros Muc.
á slánú saving it
" Cén fhís atá agat féin maidir leis an nGaeilge? Í a bheith chomh fairsing agus chomh folláin agus nach mbeidh aon chall níos mó a bheith á slánú - gur gnáthchuid den saol ag gach leibhéal a bheidh inti.
shlánú na Gaeilge the saving of the Irish language
" Tá obair mhór déanta ag an Bhord Pleanála i leith shlánú na Gaeilge.
Cuntas Dreasachta Coigiltis Speisialta Special Savings Incentive Account
" Tá a fhios ag Donaldson cé hé an boc mór i Sinn Féin a raibh gaol speisialta aige/aici leis na Sasanaigh! Páid sa tSráid ======= Tá Páid tar éis cupla euro a chur ar leataobh i gCuntas Dreasachta Coigiltis Speisialta agus é ag súil le hé a chaitheamh i mbliana ar SUV nua nó ar shaoire in Oileáin Mhaildíve.
a shábháil its saving
" Dar le Brian Campfield, is é an t-airgead agus a shábháil atá taobh thiar den RPA – ní iarracht é feabhas a chur ar sheirbhísí áitiúla.
slánú an chine dhaonna. saving the human race.
" Cad chuige a gcuirfeadh? Tar éis an tsaoil, ní raibh i gceist ach slánú an chine dhaonna.
slánú na dteangacha saving the languages
" ” Deir sé go bhfuil oiread den chos ar bolg imeartha ar an phobal dúchasach, go bhfuil siad tar éis tráma agus bochtaineacht a fhulaingt, agus go ndéanann sé sin slánú na dteangacha i bhfad níos casta.
cailleann daoine an t-airgead atá acu i dtaisce, people lose their savings
" Go minic, cailleann daoine an t-airgead atá acu i dtaisce, agus déantar damáiste dá sláinte agus dá suaimhneas pearsanta dá bharr.
tarrthála salvation, saving
" Is sa chomhthéacs seo a chaithfidh an Rialtas, agus go háirithe an tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, Éamon Ó Cuív, a straitéis fiche bliain don Ghaeilge agus plean tarrthála na Gaeltachta a chur i láthair an phobail.
coigilt saving
" ” Mheas an Roinn Airgeadais go mbeadh an státchiste ag coigilt ionann is €38m dá gcuirfí a leithéid i gcrích.
taisce house and savings
" Ní annamh a chloistear faoi theaghlaigh a chaill teach is taisce chun íoc as dochtúirí agus otharlann.
coigiltis savings
" Ach ní raibh aon éalú ón chód coigiltis a bhí leagtha síos ag Tuarascáil an Bhord Snip Nua agus ní hiontas ar bith é go raibh an creathadh fuar a cuireadh fríd eagraíochtaí státmhaoinithe an stáit le brath i ndorchlaí Chearnóg Mhuirfean fosta agus sna heagrais Ghaeilge dá réir.
ag cur i dtaisce saving
" Chaitheamar an samhradh, an tréimhse sin nuair a bhí borradh agus fás faoin ngeilleagar, ag canadh in ionad a bheith ag obair agus ag cur i dtaisce.
thaiscí savings
" An Córas Baincéireachta ============= Roimh 1998, is ó thaiscí a gcuid custaiméirí is mó a d’aimsigh bainc na tíre an t-airgead lenar thugadar iasachtaí.
ag coigilt saving
" Sa deich mbliain idir 1998 agus 2008 nuair a thosaigh an ghéarchéim airgeadais, ní raibh muintir na hÉireann ag coigilt a ndóthain chun freastal ar riachtanais iasachta na tíre.
a shlánú saving (the language)
" Cheapfainn féin, dá gceapfadh an dream a thug faoin teanga a shlánú ag deireadh an 19ú aois, go dtiocfadh saol ina mbeadh an Ghaeilge mar theanga oifigiúil oibre san Eoraip, mar chéad teanga náisiúnta sa tír seo, go mbeadh teilifís Gaeilge ann, Raidió na Gaeltachta ann srl.
comhar coigiltis a savings union
" Comhar Creidmheasa ========== **SMM: Aon ní eile ar mhaith leat a chur leis an méid sin?** RÓS: Measaim gur chóir go mbunódh muintir na Gaeilge comhar coigiltis nó comhar creidmheasa.
an choigilt saving
" Cheapfá gur lochtanna iad an choigilt, an mhodhúlacht, an umhlaíocht.
gan choigealtais without savings
" Shéid na rachmasóirí seo, a bhfuil sé mar ghnás acu dul i bhfiontar le hairgead daoine eile, bolgán sealúchais a phléasc go tubaisteach i 2008, agus a d'fhág daoine fud fad an domhain gan choigealtais, gan phoist, gan díon os a gcionn, agus gan dóchas.
chuid coigiltis savings
" Chaillfidh an gnáthduine a chuid coigiltis go léir ach déanfaidh léithéidí George Soros na billiúin as an anachain mar gur chuir sé geall ar theip an airgeadra.
tarrtháil rescue, saving
" In éineacht le beirt ghasúir san áit, chuireamar tús leis an tarrtháil, agus níorbh fhada go raibh Nandos ar láimh shábhala i mo bhaclainn arís.
oideas tíosach coigilteach the saving, economic prescription
" Nach dtagann sé sin salach ar an oideas tíosach coigilteach a bhíonn sibh ag praeitseáil? **Troika:** Tagann cinnte, a Bhaloir, ach is beag atá muid in ann a dhéanamh faoi, nuair a bhrúnn Rialtas na hÉireann an fhéile seo orainn.
Tarrtháil na gcorp saving bodies
" Tarrtháil na gcorp a bhí mar phríomhchúram ag muintir Halifax, muintir na cathrach seo a chuir an fháilte dheireanach roimh phaisnéirí na loinge.
an tír a tharrtháil saving the country
" Téann siad i mbun oibre láithreach agus le cabhair roinnt cairde, idir bheag is mhór, éiríonn leo comhábhair na fuascailte a bhailiú agus an tír a tharrtháil.
an ciste atá agat your savings
" Ciallaíonn sé seo, san ré bhocht bhriste seo, gur féidir leat an cárta creidmheasa a ghearradh suas agus an ciste atá agat a úsáid in ionad creidmheasa nuair a bhíonn tú ag siopadóireacht ar líne.
sprioc coigilte a bhreacadh isteach to write in a savings target
" Is féidir sprioc coigilte a bhreacadh isteach, nasctha de ghnáth, le hócáid nó le táirge, le laethanta saoire nó le ríomhaire nua cuirim i gcás.
an tír a tharrtháil saving the country
" Téann siad i mbun oibre láithreach agus le cabhair roinnt cairde, idir bheag is mhór, éiríonn leo comhábhair na fuascailte a bhailiú agus an tír a tharrtháil.
spriocanna coigiltis savings targets
" Scríobh mé cheana san alt seo faoi cé chomh tábhachtach is atá spriocanna: spriocanna sláinte agus spriocanna coigiltis.
coigilitis chéanna same savings
" Is féidir leis na comhlachtaí taistil na coigilitis chéanna a dhéanamh freisin.
B'fhiú an artola a choigilt it’d be worth saving the petrol
" B'fhiú an artola a choigilt pé scéal é, ó bhí na stáisiúin go léir dúnta, cheal leictreachais chun an breosla a chaidéalú.
tharrtháil saving
" Dúirt Fennell le lucht na Gaeilge, ’sé sin má bhíodar i ndáiríre ag iarraidh an Ghaeilge a tharrtháil, go mba cheart dóibh Bleá Cliath a fhágaint agus dul siar Conamara.
An Fiú í a Tharrtháil is it worth saving
" An Fiú í a Tharrtháil? ======== Sin taobh amháin den scéal.
achan bheartas coigiltis all saving policies
" Bíodh sé cóir nó ná bíodh, is beag dul chun cinn atá i ndán do Shinn Féin a fhad is atá siad faoi scáil an ghunnadóra nó a fhad is a chuimhnítear orthu mar pháirtí agóide a chuireann i gcoinne achan bheartas coigiltis.
roinnt siopadóireachta nó coigiltis a dhéanamh doing a bit of shopping or saving
" Molaim roinnt siopadóireachta nó coigiltis a dhéanamh.
Scéim Dhreasachta Coigiltis Special Savings Incentive Scheme
" Creideann Ciarán Mac an Bhaird gur fiú go mór an deis a thapú atá curtha ar fáil ag an rialtas leis an Scéim Dhreasachta Coigiltis.