Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ceardchumannaí sásta satisfied trade unionist
" Seo a mhaíonn Fear na Súile Nimhe: "Dar le mo sheanchara, Daithí Atinburó, go bhfuil an Turasóir Meiriceánach anois áirithe go hoifigiúil i measc na ndúl is teirce in Éirinn, chóir a bheith chomh gann leis an siopadóir bocht agus an ceardchumannaí sásta.
lánsásta totally satisfied
" Mar sin, bhí siadsan lánsásta an Bhreatnais a bheith á bogadh amach as a mbealach.
thar a bheith sásta very satisfied
" Bhí gach duine thar a bheith sásta mar nuair a cinneadh deireadh a chur le saol rásaíochta an chapaill, bhí ansin luach an-ard ar fad ar "sheirbhísí" síolraithe an chapaill chéanna.
lánsásta totally satisfied
" B'fhearr liom fanacht go dtí go bhfuil mé níos sine agus lánsásta leis an stíl atá agam.
lánsásta totally satisfied
" Níl a fhios agam ar phléigh siad nithe eile ach is cosúil go bhfuil siad lánsásta le caighdeán na hiomána mar atá.
lánsásta totally satisfied
" Bhí an banna ag athrú ag an am; bhí Colm Mac Con Iomaire agus Dave Odlum tar éis cinneadh a dhéanamh cloí leis na Frames (cé go rabhadar lánsásta cuidiú linn sa taifeadadh) agus bhí Dave Reidy agus Dee tar éis teacht isteach chugainn ina n-ionad.
sásta satisfied
" *AÓF: Céard é an rud is tábhachtaí ar fad atá le baint amach agus* fidil á déanamh agat? YB: Go mbeidh an ceoltóir sásta - sin é an rud is tábhachtaí thar gach rud eile, an fhuaim.
breá sásta totally satisfied
" Chuir siad an script chugam agus bhí mé breá sásta mar nach raibh mórán línte as Gaeilge agam agus shíl mé cinnte go dtiocfadh liom é a dhéanamh.
le deimhiú go raibh sé toilteanach to confirm that he was satisfied, to consent
" Ní raibh an gasúr seo aibí go leor le deimhiú go raibh sé toilteanach é seo a dhéanamh.
toilteanach satisfied
" Céim mhór chun cinn sa phróiseas síochána ab ea é, a léirigh go rabhthas toilteanach droim láimhe a thabhairt don fhoréigean agus go rabhthas sásta aghaidh a thabhairt ar shochaí nua shíochánta a chruthú.
níos toilteanaí more satisfied
" Deir daoine eile go gcruthódh a leithéid de bheart a lán deacrachtaí mar go mbeadh na Gardaí níos toilteanaí dul i muinín arm láithreach, seachas réiteach níos síochánta a aimsiú.
bhformhór sásta the majority satisfied
" Mar a mhínigh mé ag tús an ailt, is breá le muintir na hAstráile a laethanta saoire poiblí agus measaim go bhfuil a bhformhór sásta le dáta reatha an lae náisiúnta, de réir dealraimh.
an-mhíshásta very dis-satisfied
" Tá mórán daoine an-mhíshásta faoi seo de bhrí go laghdaíonn sé an daonlathas logánta, dar leo siúd, agus deirtear go mbeidh deacracht ag na páirtithe seo foireann a fháil amach ag gríosú vótaí do na hiarrthóirí ceaptha.
Ní shásófar shall not be satisfied
" Ní shásófar na nuachoimeádaigh go dtí go mbeidh an domhan ar barr ithreach le cogadh dearg idir Iarthar Domhain agus Ioslam, agus mura ndúise muintir Mheiriceá gan mhoill, beidh a leithéid ar bonn, faraor.
Shásaigh satisfied
" Shásaigh sé mise, pé scéal é.
sásta satisfied, happy
" An mbeidh an margadh sásta cúrsaí i Stair na Meánaoise nó sa Teangeolaíocht a mhaoiniú? Chuir stailceanna leanúnacha deireadh le ranganna agus le léachtaí i dtuairim is dhá thrian d’ollscoileanna na Fraince ó mhí Eanáir 2009 i leith.
míshásta dis-satisfied
" Agus tá teannas eile ann anois, leis an dúnghaois úr atá ag an BNP faoi na hÉireannaigh, Gan amhras, tá na hOráistí míshásta faoi bheirt Chaitliceach de bhunadh Éireannach atá mór le rá sa BNP, gan trácht ar an bratach nua atá acu ! Sa deireadh, ní bhfuair an BNP ach 5,300 vóta i Learpholl, áit a raibh turnout 24% ann.
chun ár sástachta satisfied us
" Lean an scéal ar aghaidh agus bhagair muid an dlí orthu agus rinne siad socrú linn a bhí chun ár sástachta.
míshásta dis-satisfied
" Chas mé le roinnt cuairteoirí míshásta ar bharr Shliabh a Liag an samradh seo.
toilteanach satisfied
" ‘Convenience sample' atá ann - fuair mé na cainteoirí a bhí toilteanach caint liom agus níor fhéad mé plé le mórán daoine, mar bhí an oiread sin den teanga le scrúdú a'm.
cuma shásta a satisfied look
" Is cuimhin liom an Prionsa Harry ar an teilifís anseo i Sasana, ag scaoileadh inneallghunna le daoine san Afganastáin agus cuma shásta feiceálach ar a aghaidh, ag tabhairt 'dea-shampla' don dream óg sa tír seo.
sásta satisfied
" Go bunúsach, ní raibh Éamonn Ó Cuív sásta oiread is vóta amháin a chur i mbaol sna ceantracha sin ina Dháilcheantar féin, a chaillfeadh stádas Gaeltachta in aon athbhreithniú eolaíoch a dhéanfaí ar theorainneacha na Gaeltachta.
thug an sásamh is mó duit most satisfied you
" Cad é an togra a thug an sásamh is mó duit, a Ríonach - as na rudaí ar fad atá déanta agat - cad é an bailiúchán is gaire dod’ chroí?** RUíÓ: Caithfidh mé a rá gurb é Sorcha Ní Ghuairim, agus ní mise a dhein an obair mar bhí an t-ábhar ann.
sásta seasamh na Foraoise a chosaint satisfied to defend the F. position
" “Cé thú atá sásta seasamh na Foraoise a chosaint anseo i bPluais Bhaloir? Cé thú atá sásta le cinneadh na Foraoise gan dul i gcomhairle leis na heagraíochtaí Gaeilge faoin gceist seo? An cuma leatsa nach mbeidh todhchaí i ndán don amhránaíochta ar an sean-nós? An cuma leat todhchaí an Lúibín, nó todhchaí an damhsa ar an sean-nós?” “Sea! Cé thú?” a d’fhiafraigh Éamó Ó Caoimhnis.
shásaigh na coinníollacha seo satisfied these conditions
" Bronnadh cead cónaithe bliana ar dhaoine a shásaigh na coinníollacha seo.
sásta comhoibriú le húdaráis an stáit satisfied to cooperate with the state authorities
" Ní hamháin sin, ach caithfidh an t-íospartach a bheith sásta comhoibriú le húdaráis an stáit d’fhonn na daoine a rinne gáinneáil air a thabhairt faoi réim an cheartais.
ní féidir sinn a shásamh we can’t be satisfied
" Ar bhealach tá muintir na dtíortha saibhre uilig mar i gcéanna – ní féidir sinn a shásamh.
sásta tacaíocht a thabhairt do satisfied to support
" In ainneoin mianta léitheoireachta an phobail, mar a léiríodh iad go soiléir sa phróiséas cuimsitheach comhairliúcháin a reáchtáladh níos túisce i mbliana le fáil amach céard a theastaigh ó phobal na Gaeilge ó thaobh nuachtáin dhó, níl Foras na Gaeilge sásta tacaíocht a thabhairt do nuachtán clóite a thuilleadh! Ghlacas féin páirt sa bpróiséas, mar chuid de ghrúpa fócais a tugadh le chéile ag tús an tsamhraidh ar an gCeathrú Rua.
sásta an leath eile a íoc satisfied to pay the other half
" Thairg siad suíomh don stát, agus 50% den chostas caipitil, nó €3 milliún thar 20 bliain, dá mbeadh an stát sásta an leath eile a íoc.
sásta táille a íoc satisfied to pay a toll
" “Tá na heagraíochtaí sásta táille a íoc leis an údarás gach aon bhliain, ach táimid ag lorg soiléiriú ón rialtas ar an infheistíocht bhreise a bheidh le déanamh”.
Shásaigh satisfied
" Shásaigh lá siúlóide ar an Ribble Way Tony Birtill go mór.