"
Cibé faoin nasc le Conradh na Gaeilge, is cinnte go raibh an-bhaint ag an gCumann Báire le cúrsaí iománaíochta i mBaile Átha Cliath, go mor mhór i lár na cathrach, mar tá an cumann lonnaithe sa cheantar ceannann céanna, is é sin thart ar an gCuarbhóthar Theas,
na Saoirsí, Sráid Chamden, Ráth Maonais, agus tá gaol speisialta aige le Scoileanna na mBráithre Críostaí, Sráid Synge agus Sráid Phroinsias, le céad bliain nach mór.