Tá doiléire fosta ag baint le ról na n-eagraíochtaí éagsúla i bhfeidhmiú na Straitéise – idir Údarás na Gaeilge agus na Gaeltachta, an tAonad Straitéise (a bheas freagrach as
maoirsiú a dhéanamh ar an phróiseas phleanáil straitéise agus ar fhorbairt acmhainní) agus Foras na Gaeilge a bheas ag fanacht ‘mar phríomhghné den struchtúr tacaíochta don teanga sa dá chuid den oileán.