Ach táthar ann a deir go mbeidh nuachtáin linn i gcónaí go dtí go gceapfar scáileán a thig a chrapadh faoi d’ascaill, sceallóga a bhurláil ann agus tine a lasadh leis! Bíodh sin mar atá, tá fianaise ann lena léiriú go bhfuil teacht aniar áirithe sna meáin fhadbhunaithe.
Thar rud ar bith eile éiríonn leis an scannán seo an teacht aniar agus an greann atá sa bheirt charachtar seo, Pat O Donnell agus Willie Corduff, a léiriú.
Is í rogha na coitiantachta don bhonn óir agus cé nach féidir talamh slán a dhéanamh de go mbuafaidh sí (ach oiread le hiomaitheoir ar bith eile), is féidir a rá go bhfuil na tréithe sin atá riachtanach chun an bua a fháil aici – an scil, an croí, an diongbháilteacht, an cur chuige, an teacht aniar, an taithí agus an fhéinmhuinín.