Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
scríbhneoir cónaithe writer in residence
" Chaith Cathal trí bliana mar scríbhneoir cónaithe in Ollscoil Chúil Raithín agus in Ollscoil na Banríona idir 1992-95 agus ansin sé mhí i mbun an phoist chéanna i nGaillimh i 1996, an bhliain chéanna a ceapadh é mar bhall d'Aos Dána.
áit chónaithe place of residence
" I mí Iúil i mbliana déanfaidh an ceoltóir Donal Lunny an turas fada óna áit chónaithe na laethanta seo, Okinawa sa tSeapáin, go Dún na nGall, áit a mbeidh sé páirteach i gceithre cheolchoirm a bheas mar chuid de bhuaicphointí Fhéile an Earagail.
buanchónaí permanent residence
"buanchónaí ar thart ar 125 duine ar an oileán ach tagann go leor ar cuairt ann leis an suaimhneas agus leis an spioradáltacht a bhlaiseadh.
cónaí ar residence
" “Sa tír seo, is í an riail go mbíonn cónaí ar dhaoine in áiteanna contúirteacha agus ní hé an eisceacht é,” a dúirt uachtarán na Brasaíle, Dilma Rousseff, cúpla lá tar éis na tubaiste.
áitreabh home, residence
" Toisc nach mbíonn sé ar acmhainn na mbochtán – tá 56 mhilliún duine sa tír ag maireachtáil faoi bhun líne an bhochtanais – áitreabh ceart, pleanáilte in áit oiriúnach a cheannach, thóg siad féin a dtithe ar an drochthalamh a bhí fágtha, ar leitreacha cnoic, ar riascanna agus mar sin de.
hEalaíontóir Cónaítheach artist in residence
" An Díláithriú ====== Rinne sí céim san ealaín/dealbhóireacht sa Coláiste Náisiúnta Ealaíne agus Deartha, Baile Átha Cliath 1983-87 agus bhí sí ina hEalaíontóir Cónaítheach i nDánlann Butler i gCill Chainnigh i 1992 sular bhog sí go Londain i 1994 le MA a dhéanamh i gColáiste Goldsmiths.
cónaitheach in residence
" Toisc gur scríbhneoir cónaitheach in ollscoil a bhí ionam, tráth den saol.
tá áras aige he has a residence
" Ach ó 1997, tá áras aige i mBúcairist, agus gan bac ná laincis ag cúrsaí polaitíochta ar a shaol.
fianaise ar chónaí dleathach riachtanach evidence of legal residence necessary
" Féadfaidh na hiarratasóirí a n-éireoidh leo cur isteach ar cheadúnas tiomána, ar dheontais oideachais agus ar phoist nárbh fhéidir leo cur isteach orthu roimhe seo mar go raibh fianaise ar chónaí dleathach riachtanach.
chead cónaithe residence permit
" D’eisigh an tAontas Eorpach Treoir i 2004 mar gheall ar chead cónaithe i gcomhair íospartaigh na gáinneála.
ceapadh file teallaigh a poet in residence was appointed
" I dtús na míosa ceapadh file teallaigh sa teach mór a dtugannn siad Rhos-y-Gilwen air.
mar chláirseoir cheapaithe as a harpist in residence
" Mhínigh Annie Carroll gur chaith Pádraig tamall i Sasana agus in Albain mar chláirseoir cheapaithe in áiteanna éagsúla leis na huaisle.
dacha summer residence
" “Seo é dacha s’agamsa, a Bhaloir,” a dúirt sé, “agus tá greim bia réidh istigh fá do choinne.
Amhránaí Sean-Nóis Cónaithe Sean-Nós Singer-in-Residence
" Tá Áine Ní Dhroighneáin as an Spidéal i gConamara díreach ceaptha mar Amhránaí Sean-Nóis Cónaithe in Ionad an Léinn Éireannaigh, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.
ina fhile árais as poet in residence
" Ceapadh Diarmuid Johnson ina fhile árais i Rhos-y-Gilwen sa mBreatain Bhig.
Toigh Ard-Mhéara in the lord mayor’s residence
" D'fhreastail Balor na mBéimeann ar chóisir fíona le deis faire ar an phearsa a chuaigh ó amharc ar Mhéara na gConallach Toigh Ard-Mhéara na hArdchathrach.