Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
a chur in áirithe to reserve
" Beidh na fearainn nua seo á riaradh ag comhlachtaí éagsúla ach tá cuid mhaith fógraíochta á déanamh cheana féin ag comhlachtaí tríú páirtí ag rá gur féidir clárú leo chun seoladh nua a chur in áirithe.
a thaiscidh Dear/love (term of endearment, only used in intimate situations and with those you know extremely well, not for casual conversation. Usually reserved for the very young and very old)
" "Anois, a thaiscidh, nach bhfuil sin níos fearr? Tá a rún," arsa Nuala.
cúltaca reserve
" " Chuir sé facs chugam ar a raibh liosta de 20 pointe a raibh siad míshásta fúthu, ina measc an dóigh nach gcaithfidh an príomhchonstábla agus na póilíní a bheith freagrach don bhord póilíneachta, cur i bhfeidhm faoi cheilt an dlí, dímhíleatú, piléir phlaisteacha, an brainse speisialta agus cúltaca na bpóilíní, earcaíocht, ballraíocht cumann rúnda agus bratacha agus suaitheantais.
dúnárasach reserved
" An ar an mbainne atá an locht, n'fheadar? An bainne camaill atá siad a thabhairt dúinn? A dhroimín donn dílis … Tá muintir Dhúbai, nó na Dubs mar a thugaimse orthu, níos cairdiúla ná muintir Bhaile Átha Cliath, cé go bhféachann cuid acu stuacach dúnárasach go leor.
Cúl báire ionaid reserve goalkeeper
" Cúl báire ionaid is ea Paul, atá naoi mbliana déag d'aois, agus bhí a athair Gary (27) agus a uncail Stephen i measc na ndaoine a fuair bás i Hillsborough ar an 15 Aibreán 1989.
an Banc Ceannais the Reserve Bank
" Is iad an Banc Ceannais, atá neamhspleách ar an rialtas, a shocraíonn na rátaí oifigiúla (5.
níos dúnárasaí more reserved
" Is daoine meidhreacha iad na hÉireannaigh atá go maith ag léiriú a gcuid mothúchán, agus d’fhéadfaí a rá, b’fhéidir, go bhfuil reiligiúin eile agus daoine eile níos dúnárasaí.
curtha in áirithe reserved
" Bhí áit ar leith curtha in áirithe dó ag Íochtarán na hÉireann le bheith ag amharc ar an mháirseáil mhíleata.
dá cúlchiste of its reserve fund
" D’fhógair oifig staidrimh na Síne an mhí seo go mba cheart don tír sin éirí as an méid sin dá cúlchiste a bheith aici i ndollair.
fórsaí cúltaca reserve forces
" Anois, agus é cinnte ina chogadh cathartha san Iaráic, is léir nach bhfuil go leor trúpaí Meiriceánacha ar fáil ann agus saighdiúirí ag teastáil go géar san Afganastáin ag an am céanna, agus go bhfuil géarghá le fórsaí cúltaca a choinneáil in áiteanna eile ar eagla go dtitfeadh cogadh amach i dtír eile a bhfuil suim ag Meiriceá inti, mar an Phalaistín nó Cúba.
mar chúltaca as reserve
" Sup de pheann luaidhe eile mar chúltaca ar a chluas, san áit ina dtosaíonn, nó, más ciotóg é, san áit ina gcríochnaíonn an cíorthrasna.
anaclanna dúlra. nature reserves.
" Tugadh na sléibhte Tongariro, Ngaruhoe agus Ruapehu do mhuintir na Nua-Shéalainne mar anaclanna dúlra.
cumhachtaí forchoiméadta. reserve powers
" **Cumachtaí forchoiméadta**Chomh maith leis sin, tá cumhachtaí sa bhreis aige ar a dtugtar cumhachtaí forchoiméadta.
ar an fhoireann taca on the reserve team
" Barry Andrews:** Ógánach (tá sé 41 bliain d’aois!) atá ag fáil a dheise ar an phríomhfhoireann mar gheall ar rudaí maithe a bheith déanta aige le bliain anuas, cé nach raibh sé ar an fhoireann taca fiú.
mBanc Cúlchiste Feidearálach Federal Reserve Bank
" Morgan - ina chathaoirleach ar an mBanc Cúlchiste Feidearálach (banc ceannais nach bhfuil feidearálach ach príobháideach), ghríosaigh sé an Chomhdháil chun Glass-Steagall a aisghairm.
cúlchiste brabúis profit reserve
" Go deimhin, más fíor don tuairisc san eagrán deiridh den nuachtán, bhí €618,000 mar cúlchiste brabúis ag Móinéar Teo.
cúltacaí reserves
" Ach ní hamháin gur réigiún tábhachtach é Xinjiang ó thaobh cúrsaí geopholaitíochta de, tá cúltacaí raidhsiúla ola ann chomh maith agus is é an áit is mó sa tSín a chuireann gás aiceanta ar fáil.
dúnárasach reserved
" Níl lucht na heolaíochta chomh dúnárasach ná chomh dígeanta in aghaidh teoiricí na ‘hidéalaíochta’ is a bhíodh, mar gheall go díreach, ar a bhfuil foghlamtha acu le glúin anuas, agus go deimhin, le blianta gairide anuas.
chúltaca reserve
" Guagacht na Gaoithe Léirítear nach féidir a bheith cinnte riamh, cuir i gcás, go séidfidh an ghaoth ag an tráth díreach is mó spíonadh na haibhléise agus, dá bhrí sin, gur gá an dara córas ginte aibhléise a bheith ann mar chúltaca.
Chúlchiste Fheidearálaigh Federal Reserve Support
" org/profile/1992_Draft_Defense_Planning_Guidance) Agus ba é Foirceadal Greenspan, beartas creidmheasa éasca de chuid iar-chathaoirleach Chóras an Chúlchiste Fheidearálaigh, ba chúis le teip ar an margadh morgáiste fophríomha.
Anaclann Dúlra nature reserve
" Rinneadh Anaclann Dúlra de Loch Bogoria is den cheantar máguaird i 1973 d’fhonn airgead a thuilleamh don Stát agus tá turasóirí á dtarraingt ann ag áilleacht nádúrtha na háite ó cheann ceann na bliana ó shin i leith.
thaiscí reserves
" Tar éis cruinniú fada i lár na hoíche, fógraíonn an tAire Airgeadais go mbeidh an rialtas ag tabhairt barántais de luach €400 bn (dhá oiread na holltáirgeachta náisiúnta) ar thaiscí agus ar iasachtaí na mórbhancanna.
cúltaiscí reserves
" Ní hé go bhfuil na cúltaiscí ola ar fad ídithe, ach níl fágtha anois ach ola a bhfuil dua mór ag baint lena fháil.
Chúlchiste Náisiúnta Pinsean National Pension Reserve Fund
" Tá an Rialtas chun €10bn de chuid an Chúlchiste Náisiúnta Pinsean a infheistiú láithreach ’sna bainc chun muinín an mhargaidh a chothú.
tearmann ollmhór massive reserve
" Is ar an mbealach go dtí tearmann ollmhór an Serengeti a bhí muid nuair a thug muid cuairt ar shráidbhaile traidisiúnta de chuid na treibhe Masai.
taisce náisiúnta óir national gold reserve
" ) Theith Black Jack Schramme agus a bhuíon, le taisce náisiúnta óir an Chongó, trasna na teorann go Ruanda 1967.
coinnithe reserved
" Bíonn seomra faoi leith coinnithe i mbeagnach chuile theach don chogaint khat.
Bhainc Chúlchiste Fheadarálaigh the Federal Reserve
" Ach dhá sheachtain sular ghlac sé an mhóid dhílseachta i mí Eanáir 2003, labhair Alan Greenspan, ceannaire an Bhainc Chúlchiste Fheadarálaigh, agus Robert Rubin, Príomhfheidhmeannach Goldman Sachs, leis an cheannaire nuathofa.
Tearmann na nDúl the nature reserve
" Tearmann na nDúl ======== Ar an taobh eile den scéal, tá saibhreas na coille le feiceáil ag an saol i Koutal na Seineagáile.
fhoireann chúltaca reserve team
" Tá Darach ar fhoireann chúltaca *Blackburn* agus mar sin bíonn sé ag traenáil leo chomh maith leis dream óg an acadaimh.
mar airgeadra cúltaca idirnáisiúnta as an international reserve currency
" Dá dtarlódh sé, bheadh an baol ann go ngearrfadh tíortha eile ráta úis níos airde ar an tír d'iasachtaí as seo amach, agus go dtarraingeofaí amhras ar an Dollar mar airgeadra cúltaca idirnáisiúnta.
cúltaca a (reserve) support
" Chomharthódh a leithéid go bhfuil cúltaca ag muintir na Gaeltachta, ar leic an dorais acu i nGalltacht na hÉireann.
ar dualgas le Fórsa Cúltaca an Gharda Síochána on duty with the Garda Reserve Force
" Léiríonn scéal an tSaícigh nach rabhthas sásta cead a thabhairt dó a thurban a chaitheamh agus é ar dualgas le Fórsa Cúltaca an Gharda Síochána go bhfuil géarghá le polasaí cinnte in Éirinn maidir le siombailí reiligiúnacha.