“A culture of policing probably replicated elsewhere in Northern Ireland,” a dúirt Peter Hain ar an 22 Eanáir agus thiocfadh leis “agus i Sasana fosta” a rá mar go raibh ceangal idir an UVF i dTuaisceart Bhéal Feirste agus an UVF anseo i Learpholl; agus, mar a dúirt mé in *Beo!* cheana (Lúnasa 2006), bhí Merseyside Police ar nós cuma liom faoin UVF anseo ar feadh na mblianta fada, ach bhí
cos ar bolg ar na poblachtánaigh i gcónaí.