Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
Cuimhnímis let us remember
" Cuimhnímis freisin ar an gcaoi a raibh ar mhuintir na hÉireann imeacht thar sáile nuair a bhí cúrsaí go dona sa tír.
lena chuimhne as long as he could remember
" Bhí an tine lán luatha nó níor cuireadh amach iad lena chuimhne.
dheamhan má thig liom smaointiú I'll be damned if I can remember
" "Órú, chuir mé i dtaisce iad nuair a tháinig muid ar ais an iarraidh dheireanach agus dheamhan má thig liom smaointiú cá bhfuil siad," arsa Bróna.
le mo chuimhne as long as I can remember
" Tá mé ag inse scéaltaí do pháistí le mo chuimhne.
a smaointigh mé that I remembered
" * Gluais • Glossary doirtealsink cith fearthainnea rain shower trup na veainthe noise of the van cabhsalane uiligall thriomaigh méI dried go bhfeicfinnuntil I'd see inneall an chairrthe engine of the car casta asturned off ar bheannaigh sé domhthat he greeted me modhúilgentle bradáinsalmon scadáinherring beithíochbeast boladh milis an éisc ár gclúdúthe sweet smell of the fist covering us leitheannaflat-fish troisccod Ar mhothaigh tú an toirneach?Did you hear the thunder? cibé ar bithanyway reoiteoirfreezer bheir sé ar na scadáin ina bpéiríhe caught the herring in pairs crágalarge hands gágcrack de bharraíochtin excess cúpla crág oighreoigea few handfuls of ice ina mullachon top of them bhog sé go fadálachhe moved slowly cruithump go foighdeachpatiently drochthimpistea bad accident is mór an garit's a good thing dhéanfaidh sin muidthat'll do gan a thomhaswithout weighing it dlaíóg ghruaigestrands of hair sa chisteanachin the kitchen cuma bhrónacha sad look ó mhaidinsince this morning corrlásome days deoirdrop go fuireachaircautiously ródhánatoo bold/cheeky sliosslice tarraingtto draw Tae uilig a ólaimseI only drink tea an aimsir seothese days Ailt an ChorráinBurtonport ráchairtrun, demand monarchainfactories d'fhear céileseyour husband iascairefisherman An ScreabánThe area in Gaoth Dobhair where factories are located cibé cá fhad is a mhairfeas sin!however long that'll last dhéanaim i dtólamh dearmadI always forget a cailleadhwho died an lá faoi dheireadhthe other day Char mhothaighI didn't (hear) stócach óga young lad ailsecancer cearrwrong Thug sé a bhásIt killed him bolgam taea mouthful of tea fuarthas a chorp báitehis drowned body was found dhá chónairtwo coffins dhá fhairetwo wakes coisreacadh Dé orainnGod bless us A Dhia ár sábháilGod save us buille tromheavy blow bíodh slios den cháca sinséir sin agathave a slice of that ginger cake lán marahigh tide sruthánstream meascaithe leismixed with it slanntracha éiscfish scales fearthainnrain níochánwashing ar son an taefor the tea B'fhearr domhsa a bheith ag gabháil giota eileI'd better be going ar shiúlgone ag teacht isteach domhon my return uchtánarmful, load carried close to chest éadaí leaththirimehalf-dry clothes a smaointigh méthat I remembered nár íoc méthat I didn't pay
a smaointigh mé that I remembered
" * Gluais • Glossary doirtealsink cith fearthainnea rain shower trup na veainthe noise of the van cabhsalane uiligall thriomaigh méI dried go bhfeicfinnuntil I'd see inneall an chairrthe engine of the car casta asturned off ar bheannaigh sé domhthat he greeted me modhúilgentle bradáinsalmon scadáinherring beithíochbeast boladh milis an éisc ár gclúdúthe sweet smell of the fist covering us leitheannaflat-fish troisccod Ar mhothaigh tú an toirneach?Did you hear the thunder? cibé ar bithanyway reoiteoirfreezer bheir sé ar na scadáin ina bpéiríhe caught the herring in pairs crágalarge hands gágcrack de bharraíochtin excess cúpla crág oighreoigea few handfuls of ice ina mullachon top of them bhog sé go fadálachhe moved slowly cruithump go foighdeachpatiently drochthimpistea bad accident is mór an garit's a good thing dhéanfaidh sin muidthat'll do gan a thomhaswithout weighing it dlaíóg ghruaigestrands of hair sa chisteanachin the kitchen cuma bhrónacha sad look ó mhaidinsince this morning corrlásome days deoirdrop go fuireachaircautiously ródhánatoo bold/cheeky sliosslice tarraingtto draw Tae uilig a ólaimseI only drink tea an aimsir seothese days Ailt an ChorráinBurtonport ráchairtrun, demand monarchainfactories d'fhear céileseyour husband iascairefisherman An ScreabánThe area in Gaoth Dobhair where factories are located cibé cá fhad is a mhairfeas sin!however long that'll last dhéanaim i dtólamh dearmadI always forget a cailleadhwho died an lá faoi dheireadhthe other day Char mhothaighI didn't (hear) stócach óga young lad ailsecancer cearrwrong Thug sé a bhásIt killed him bolgam taea mouthful of tea fuarthas a chorp báitehis drowned body was found dhá chónairtwo coffins dhá fhairetwo wakes coisreacadh Dé orainnGod bless us A Dhia ár sábháilGod save us buille tromheavy blow bíodh slios den cháca sinséir sin agathave a slice of that ginger cake lán marahigh tide sruthánstream meascaithe leismixed with it slanntracha éiscfish scales fearthainnrain níochánwashing ar son an taefor the tea B'fhearr domhsa a bheith ag gabháil giota eileI'd better be going ar shiúlgone ag teacht isteach domhon my return uchtánarmful, load carried close to chest éadaí leaththirimehalf-dry clothes a smaointigh méthat I remembered nár íoc méthat I didn't pay
a chuimhníonn Keough Keough remembers
" Dúirt mise leis, 'Féach, níl ach áit amháin ar fiú duit a dhul,'" a chuimhníonn Keough.
go gcuimhneodh daoine uirthi that people would remember her
" Mar fhocal scoir agus mé ag siúl amach an doras, d'fhiafraigh mé di conas gur mhaith léi go gcuimhneodh daoine uirthi.
nuair a chuimhníodar when they remembered
" Ach léimeadar de gheit nuair a chuimhníodar go raibh ráite agam cúpla lá roimhe sin gur fearr liomsa pláta ceart - ach bhí an dochar déanta, bhí Alan Alda agus bibí na Nollag i réim.
cuimhneamh ar na céimeanna i bpróiseas simplí to remember the steps in a simple process
" D'fhéadfadh an teicneolaíocht chéanna seo cúnamh a thabhairt do dhaoine a bhfuil fadhbanna sláinte acu cuimhneamh ar na céimeanna i bpróiseas simplí agus iad a stopadh de bheith ag meascadh piollairí míchearta lena chéile freisin.
in inmhe smaointiú ar phort able to remember a tune
" "Cuireann sé as domh níos mó," a deir sé, "nuair *nach *mbím in inmhe smaointiú ar phort.
chuimhneamh remembering
" Dúirt Faridi, ar Ungarách í ó dhúchas a bhfuil cónaí uirthi i mBudapest, go gcreideann sí i maithiúnas - ach sa chuimhneamh chomh maith.
cuimhneamh orthu to remember them
" Is ceacht gearr gramadaí gach ceann díobh, agus tá sé i bhfad níos éasca cuimhneamh orthu ná rialacha as leabhar.
le cuimhne na ndaoine as long as people can remember
" MÁNAS: Ní raibh sí le feiceáil sa tséipéal le cuimhne na ndaoine.
Ba chuimhin leis he remembered
" "Ba chuimhin leis ár n-ainmneacha, fiú," arsa Jim.
Cuimhnímis let us remember
" Cuimhnímis go bhfuil Trevor Sergeant, ionadaithe ó Shinn Féin agus ón Lucht Oibre, an tAire Éamon Ó Cuív, Joe Higgins agus tuilleadh nach iad tar éis a rá sa Dáil go bhfuil fadhb ann maidir le teagasc na Gaeilge.
Cuimhnímis let us remember
" Cuimhnímis go séanann Connolly gurb é féin atá sa ghrianghraf agus nár tugadh ach fótachóip mhíshoiléir do Sam Smyth a bhí méadaithe go tomhas A4.
gur ar éigean is cuimhin leo that they barely remember
" Ach bíonn an íogaireacht chéanna le haireachtáil ar dhaoine atá chomh hóg sin gur ar éigean is cuimhin leo an córas cumannach a bhí i réim sa Pholainn suas go dtí 1989.
cuimhneamh ar an tragóid to remember the tragedy
" I rith an chomórtha, bhí an-chuid cainte ar an ngá a bhí ann cuimhneamh ar an tragóid.
ina gcoinneofar cuimhne ar éagóracha an Dara Cogadh Domhanda in which the wrongs of the Second World War will be remembered
" Is féidir talamh slán a dhéanamh de go bhfuil ar a laghad tír amháin san Eoraip ina gcoinneofar cuimhne ar éagóracha an Dara Cogadh Domhanda go ceann tamaill mhaith eile.
an gcuimhneoidh mé ar an tír í féin whether I'll remember the country itself
" Cuimhneoidh mé ar na rudaí a rinne mé sa Namaib, ach nílim cinnte an gcuimhneoidh mé ar an tír í féin.
chun cuimhneamh ar na mairbh, to remember the dead,
" Tagann siad chun cuimhneamh ar na mairbh, chun iontas a dhéanamh de na radharcanna áille coinnleacha agus leagann siad coinnle ar uaigheanna atá, ar pé cúis, gan aon rud bheith ar lasadh orthu.
ar chuimhin leo conas a sheinntí an uirlis. who remembered how the instrument was played.
" “Cén fáth nach seinneann tú é seo?” Bhí seinnt an Tonkori tar éis bás a fháil ach thosaigh Oki ag éisteacht le pé taifeadtaí a bhí déanta roimhe sin agus thosaigh ag labhairt le seanóirí ar chuimhin leo conas a sheinntí an uirlis.
Is cuimhin liom an bealach a ndeachaigh sin i bhfeidhm orm. I remember the way that made an impression on me.
" Is cuimhin liom an bealach a ndeachaigh sin i bhfeidhm orm.
Ní cuimhin liom aon rud faoin rás, I don't remember anything about the race,
" Ní cuimhin liom aon rud faoin rás, ach amháin go ndeachaigh ceiliúradh agus caint na ndaoine ní ba shine i bhfeidhm ar an aois óg.
is cuimhin liom go maith I remember well
" An t-amhrán "An Clár Bog Déil", cuir i gcás; is cuimhin liom go maith an lá a chualas é den chéad uair ag an bhfleadh i mBéal an Átha.
Más buan mo chuimhne, If I remember correctly,
" Más buan mo chuimhne, an uair dheireanach a chonaic mé cluiche peile idir-ollscoile in Éirinn, bhí céad duine sa lucht féachana! Cuid de shaol ollscoile is iad na cluichí seo do gach mac léinn.
amhrán nach cuimhin liom a theideal anois, a song whose title I cannot remember now
" Tá amhrán de chuid Led Zeppelin, amhrán nach cuimhin liom a theideal anois, ar siúl sa chúlra.
Cuimhnigh anois remember now
" Cén fáth go gceanglaím an bheirt sin le chéile i m’aigne? Cuimhnigh anois a Bhaloir! I bhfad siar! Ard Fheis Fhine Gael! Ó sea! Ach níl cead againn labhairt faoi sin níos mó.
is cuimhin liom I remember
" AÓF: Cén aois a bhí tú nuair a thosaigh tú ag gabháil foinn agus cad é an chéad amhrán a d’fhoghlaim tú, an gcuimhin leat? GB: Bhí mé thart ar sheacht mbliana d’aois, agus is cuimhin liom gur fhoghlaim mé ‘An Spailpín Fánach’ as *Abair Amhrán *ó thús deireadh.
Beidh cuimhne ar an bhliain stairiúil seo mar this historic year will be remembered
" Beidh cuimhne ar an bhliain stairiúil seo mar “Bhliain na Chuckle Brothers” – an Céad-Aire, Ian Paisley, agus a dhlúthchara, Martin McGuinness, ag gáire mar a bheadh gealta iontu.
Is cuimhin liom I remember
" Is cuimhin liom agus mé ag obair le Century Radio i 1990 go dtagadh *Lá* sa phost chuig an seomra nuachta gach maidin agus é rollta isteach air féin mar a bheadh sorcóir ann.
Is cuimhin liom dúiseacht I remember waking up
" Is cuimhin liom dúiseacht maidin Dé Domhnaigh agus mé ag caoineadh, ag rá, ‘Caithfidh mé dul ag obair ar a deich inniu!’ Bhí dhá chlár agam, ceann acu beo maidin Dé Sathairn ar an raidió, agus clár stiúideo teilifíse Dé Domhnaigh.
nach cuimhin liom é ina iomláine that I don't remember it in its entirety
" Ach caithfidh mé a rá nach cuimhin liom é ina iomláine – chuamar isteach i gcarbhán éigin le Rory Gallagher agus d’ólamar cuid mhór uisce bheatha!”An earnáil teilifíseI ndiaidh dó na blianta a chaitheamh ag gabháil don cheol, cén chaoi ar tharla sé go ndeachaigh sé leis an léitheoireacht teilifíse?“Theastaigh uaim a fháil amach cad a tharla do cheol traidisiúnta na hÉireann nuair a tógadh trasna an Atlantaigh é den chéad uair.
ag cuimhneamh remembering
" Tagann cumha air agus é ag cuimhneamh ar an tréimhse seo dá shaol: “Ach bhí an óige galánta, ach faraor imeann sí agus imeann sí iontach fáilí.
is cuimhin linn we remember
" I ndeireadh báire, roghnaíodh Carter, agus is cuimhin linn céard a tharla dósan agus é ag seasamh i gcoinne Ronald Reagan i dtoghchán uachtaránachta na bliana sin.
Cuimhnigh remember
" Cuimhnigh gurbh é seo an chéad bhliain a bhí tuairisciú beo iomlán á dhéanamh ag na stáisiúin teilifíse ar a leithéid d’ócáid.
go mbeadh sé deacair ar dhaoine cuimhneach ar shuíomhín ar nós Muzu. that it would be difficult for people to remember a little site like Muzu
" Ag an bhféile, luann Rónán an suíomh ach is dócha gur beag duine a éisteann lena leithéid de rud: bíonn an oiread sin le cloisteáil agus le feiceáil ag an bPicnic gur dócha go mbeadh sé deacair ar dhaoine cuimhneach ar shuíomhín ar nós Muzu.
Cuir san áireamh remember (that...)
" Cuir san áireamh gur cheannaigh mé t-léine thall ar phraghas $50 a chosnódh a dhá oiread in Éirinn! Cibé ar bith, caithfidh sé gur chaith mé cúpla uair an chloig ag iarraidh spás a fháil don stuif seo ar fad.
Cuimhnigh remember
" Cuimhnigh gur mac, deirfiúr, iníon nó mac le duine éigin é an rothaí An pointe tábhachtach anseo do dhuine ar bith i gcarr: má bhuaileann tú isteach i nduine atá ag siúl, nó i nduine atá ar rothar, ní thiocfaidh a dhath ortsa, beidh tú slán, ach seans go bhfaighidh an duine eile bás, nó go bhfágfar craplaithe é.
Is cuimhneach liom I remember
" Is cuimhneach liom go mbíodh muid ag dul thart ag casadh an rainn seo, a thug le tuiscint go mbánófaí an tír, nuair a thosófaí ag mealladh mhuintir na hÉireann, chun glacadh le postanna sa gceantar ba mhó tionscal ag an am sa Ghearmáin, an Rhur.
ag cuimhneamh to remember
" Ní thugtaí cuireadh dóibh le bheith páirteach ann sa chéad dul síos, agus is ríléir nach raibh aon siocair acu le bheith ag cuimhneamh le háthas ar an gcéad lá a tháinig na coilínigh i dtír.
cuimhnigh ar remember
" Tá seans i gcónaí ann lena chois sin, go dtarlóidh sé, gan súil ag duine ar bith leis, go n-imreoidh foireann éigin eile thar barr ar fad ar lá áirithe - cuimhnigh ar Ghaillimh in 05 – agus go mbeifí á rá ansin go bhfuil Cill Chainnigh róshean, nó seafóid éigin mar sin.
is cuimhin liom I remember
" Bhí fear amháin is cuimhin liom, a raibh de cháil air gur mhúin sé Jack Lynch.
ní cuimhin liomsa I don't remember
" Bhí sé fíor mar sin i mbliana agus má bhí Cincís chomh te léi cheana ní cuimhin liomsa í.
chomóradh is remembered
" Cuimhneachán ar Lucht an Éirí Amach Is in 1960 ar ordú de Gaulle a cuireadh ar bun an Mémorial de la France Combattante in aice leis an gcampa míleata ar an Mont Valérien, áit a ndéantar an Appel du 18 juin a chomóradh gach bliain i láthair Uachtarán na Poblachta.
Cuimhnigh remember
" Cuimhnigh gur deichniúr atá sa rása.
Cuimhnímis let's remember
" Cuimhnímis ar an seanfhocal Gaeilge, ‘cáin an choill is taithigh í, mol an mhóin is seachain í’.
cuimhneamh remembering
" html?id=136 ) Maidir le ceist na dílseachta, is fiú cuimhneamh ar chás Jonathan Pollard.
cuimhin leo who remembers
" Éinne gur cuimhin leo feachtas binbeach grúpa an Independent i gcoinne bhunú Theilifís na Gaeilge (>TG4), thuigfidís a laghad measa atá acu ar an Ghaeilge.
Is cuimhin liom I remember
" Is cuimhin liom lá geimhridh i dtús na n-ochtóidí agus mé an-óg, nuair a chuaigh mé taobh locha le m'uncail chun uisce a fháil do na beithigh.
Coinnigh Cuimhne remember
" ’ ‘Coinnigh Cuimhne ar an nGorta Mór’ atá greanta ar an leacht cuimhneacháin i Learpholl i dteanga nach raibh/bhfuil againn, de réir an Dochtúra Belcham.
Cuimhnigh remember
"Cuimhnigh gur mhaígh Greenspan ar Democracy Now gur ionsaigh SAM an Iaráic mar gheall ar ola.
Cuimhnímis let us remember
" Cuimhnímis go raibh an Dáil ar scor agus formhór na comhaireachta ar saoire ag an am agus nach dócha go raibh gá aige pilleadh go gasta.
Smaoinimis let's remember
" Smaoinimis ar a tharla don RUC i 1994 nuair a cailleadh deichniúir dá gcuid Oifigigh ba shinsirí i dtimpiste inghearáin i gCeann Tíre na hAlban.
Cuir san áireamh remember
" Cuir san áireamh gur ceantar é – gur rugadh mé i 1940 agus ba mé ba óige de naonúr agus ba cheantar é an ceantar s’againne a ghlac páirt an-ghníomhach i gCogadh na Saoirse.
cuimhin remember
" Is cuimhin liom an tionscadal a phlé leis in Doheny and Nesbitts, Lá Fhéile Pádraig 2001, an teach tábhairne mór le rá ar Shráid an Rátha, áit a mbíonn na polaiteoirí is lucht na meán.
Cuimhnímis leis let’s remember also
" Cuimhnímis leis, go bhfilleann an plaisteach ar an bplaistire!
an cú a bhuailtear sa cheann, cuimhníonn sé a dog stroke in the head remembers
" Tiocfaidh an dúpholl sna sála ar siúd, ach beidh a fhios againn an chéad iarraidh eile; - an cú a bhuailtear sa cheann, cuimhníonn sé.
ní foláir a chuimhneamh one must remember
" Thug Vladimir Putin aitheasc breá forásach os comhair chomhaltaí an fhóraim, á mholadh aige go n-oibreodh na tíortha éagsúla as lámh a chéile, ach ní foláir a chuimhneamh go raibh port an-difriúil á sheinm bliain ó shin, nuair a bhagair an Chreimil go mbeidís toilteanach an lámh láidir a úsáid chun a gcearta san Artach a chosaint.
is fiú a chuimhneamh it’s worth remembering
" Óir is fiú a chuimhneamh gur Roinn é seo a bhíodh ag feidhmiú go hiomlán trí Ghaeilge tráth den saol ach anois níl aon líofacht teanga ag 98.
Cuimhnigh remember
" Cuimhnigh go raibh Enda Kenny agus Fine Gael ag iarraidh go gcuirfí gach gnó eile ar cheal don lá, mar go raibh tábhacht chomh mór sin leis an míniú a thabharfadh Brian Lenihan.
cuimhním I remember
" **SMM: Carachtar a bhí i Joe Greenberg, is cosúil?** SÓD: (Gáire croíúil) Fear an-chineálta! An-scoláire, an-chineálta, ach carachtar ar bhealach, mar cuimhním ar an bhfear bocht agus é ag teacht amach as an leabharlann mhór ar an gcampas in Ollscoil Stanford.
is cuimhin liom I remember
" Nuair a tháinig mé go Penn ar Bed ar dtús, is cuimhin liom seasamh le barr iontais ag rannóg na cáise san ollmhargadh ar feadh deich nóiméad ar a laghad.
Cuimhnímis let's remember
" Cuimhnímis gur chinneadh rialtais a bhí sa Phlean Chaipitil úd agus ba threise go mór é ná moltaí na dréachtstraitéise.
más buan mo chuimhne if I remember correctly
" Tá cosúlacht idir úsáid na fola sin agus putóg dhubh na hÉireann, sílim, agus más buan mo chuimhne, d’óltaí fuil na bó anseo in Éirinn le linn an Drochshaoil chomh maith.
Is maith is cuimhin liom I well remember
" Is maith is cuimhin liom taisteal go Illinois as Éirinn uair amháin, sna nóchaidí, agus an botún mór a rinne mé ag déanamh áirithintí.
cuimhnigh ar remember
" Mar bharr ar an gcos ar bolg ar na Pailistínigh, cuimhnigh ar na hionsaithe ar an Liobáin, an Iordáin, an tSiria, an Éigipt, an Iaráic agus an Túinéis – agus go leor gníomhartha ceilte nach iad.
ag cuimhneamh remembering
" Scríobh an file óg é sa bhliain 1906 agus í i bhfad i gcéin, ag cuimhneamh le cumha ar a tír dhúchais.
Cuimhnímis let’s remember
" Is é mo chomhairle duit, caith an t-airgead go luath agus ceannaigh talamh, bó/arbhar, ór, carr nó rud ar bith! Cuimhnímis go bhfuil an domhan ar fad i bhfiacha deich n-oiread d'olltáirgeacht an domhain.
Más cuimhin leat if you remember
" Más cuimhin leat m'alt faoin ábhar seo an t-earrach seo caite, is cuimhin leat mé ag rá go raibh buíon amháin ag baint tairbhe as an tobthitim seo - lucht an *Tea Party*, gluaiseacht den eite dheis a raibh sé mar aidhm acu na Daonlathaigh a chartadh as oifig, an bille shláinte a aisghairm, agus rialtas Mheiriceá a thabhairt ar ais don lucht gnó.
is cuimhin leat you remember
" Más cuimhin leat m'alt faoin ábhar seo an t-earrach seo caite, is cuimhin leat mé ag rá go raibh buíon amháin ag baint tairbhe as an tobthitim seo - lucht an *Tea Party*, gluaiseacht den eite dheis a raibh sé mar aidhm acu na Daonlathaigh a chartadh as oifig, an bille shláinte a aisghairm, agus rialtas Mheiriceá a thabhairt ar ais don lucht gnó.
a d’fhan liom which I’ve remembered
" An té a chuir an cheist, dúirt sé rud amháin a d’fhan liom, go raibh níos mó foighne agam ná mar a bhí ag aon duine eile i measc imreoirí eile an chlub.
is cuimhin liom I remember
" Tar éis dúinn an t-óstán breá sócúil a bhaint amach, is cuimhin liom go raibh an-díomá ar m’fhear céile nuair a thuig sé nach raibh teilifís ar bith sa seomra.
is cuimhin le remembers
" 
Is cinneadh é nach nglacfadh cuid mhór daoine ach is cuimhin le Caitríona ceann de na cúiseanna ar ghlac sí an cinneadh an leadóg a fhágáil ina diaidh.
Is cuimhin liom mé féin I remember myself
"Is cuimhin liom mé féin ag cur ceiste ar an Aire Oideachais, Fernando Cardenal, sagart Íosagánach, cén fáth go raibh siad ag caitheamh an oiread sin airgid ar chúrsaí oideachais agus dúirt sé liom ‘el education es muy importante”.
Cuimhnítear fós it’s still remembered
" Cuimhnítear fós ar an gcur is ar an gcúiteamh roimh chluiche ceannais Iomána na hÉireann anuraidh a bhain leis an ngortú do bhallnasc croiseach Henry Shefflin agus John Tennyson araon de chuid Chill Chainnigh agus an ‘mhiorúilt’ a cheadaigh dóibh dul chun páirce i gcoinne Thiobraid Árann.
Is fiú cuimhneamh it’s worth remembering
" Is fiú cuimhneamh nach i dToraigh amháin a bhí an fuinneamh ealaíne seo le brath.
An duine ar cuimhin leis anyone who remembers
" An duine ar cuimhin leis Éire sna seachtóidí agus sna hochtóidí, tuigfidh sé gur mór an t-athrú a tháinig ar an tír idir sin agus tús na mílaoise.
más buan mo chuimhne if I remember correctly
" Dúnadh an stáisiún bliain nó dhó ina dhiaidh sin, más buan mo chuimhne, toisc gur mheas Bord Soláthair an Leictreachais gur cur amú airgid a bhí ann.
Chuimhnigh mé ar I remembered
" Millte ag Muilte? ========= Chuimhnigh mé ar an seanstáisiún ginte leictreachais i nGlinn Chatha agus mé ag éisteacht leis an gclár Iris Aniar ar Raidió na Gaeltachta ag deireadh mhí an Mhárta.
Is cuimhin liom go maith I well remember
" Is cuimhin liom go maith an uair dheiridh a raibh Éire ag imirt i gCorn an Domhain (2002 monuar!) go raibh na meáin chraolta is cló breac le beannachtaí ar nós Konichiwa agus Sayonara.
nach cuimhin leo that they don’t remember
" (Is cosúil nach cuimhin leo an cliseadh baincéireachta a bhuail a dtír féin fiche bliain ó shin agus a spreag iad chun teacht isteach san AE).
cuimhneamh ar fhocail to remember the words
" Níor mhiste d’easaontóirí an réigiúin cuimhneamh ar fhocail Sheldon Adelson freisin.
ní mór cuimhneamh ar one has to remember
" Tuigimid uilig go bhfuil an tír ina ciseach le fiacha ach ní mór cuimhneamh ar thábhacht na hóige agus a mbaineann leis an sonas is an dearfacht sa mhéid a tharlóidh amach anseo.
más buan mo chuimhne if I remember correctly
" Tugadh meaisíní torthaí nó meirligh na leathláimhe orthu in Éirinn, más buan mo chuimhne.
Is cuimhin liom I remember
" Is cuimhin liom na smaichtíní ag teacht anuas orainn ó na póilíní capaill, agus fuil ar eitilt tríd an aer, ag scairdeadh mar anlann trátaí as buidéal a fáisceadh i siopa sceallóige.
mairfidh shall survive, be remembered
" Is beag duine ar domhan gur cuimhin leis lá an dhúnmharaithe sin, ach mairfidh an 11ú Meán Fomhair 2001 go deo.
Cuimhnímis let’s remember
" Cuimhnímis gur tharraing an Coimisinéir aird ina chéad tuarascáil ar an easpa luacha a bhí an cáiníocóir ag fáil as an infheistíocht mhór atá á déanamh ag an stát i múineadh na Gaeilge.
Cuimhnímis let’s remember
" Cuimhnímis go bhfuil sinsear an Phreispitéirigh leis na céadta bliain.
is fiú a chuimhneamh it’s worth remembering
" Ar ndóigh, is fiú a chuimhneamh go mbíonn go leor fadhbanna agus dúshláin ag cathracha na Breataine maidir le héagsúlachtaí a aithint agus le ciníochas a sheachaint, agus is cosúil nár aithníodh a dtábhacht siúd sna hiarrataisí eile a cuireadh isteach an oiread is a rinne Doire.
cuimhneofar ar shall be remembered
" Más gá marbhna a scríobh ar stair ildánach an tigh, cuimhneofar ar Sheanadóirí feidhmiúla ar nós an Dr Noel Browne, T.
gur gá dúinn cuimhneamh we have to remember
" Nach mór an fáinne fí ina bhfuilimid mar thír agus ár gcuid fadhbanna geilleagair ag cruthú deacrachtaí úra achan lá? Seirbhísí Saor in Aisce ============ Is dócha gur gá dúinn cuimhneamh ar an seanfhocal thuas, faoin tsláinte is na táinte, i gcónaí, cé nach furasta do chuid mhór daoine an méid sin féin.
Ní gá ach cuimhneamh ar one only has to remember
" Ní gá ach cuimhneamh ar Chormac Mac an Ailín, peileadóir Thír Eoghan, Paul Ó Maoilchéire, iománaí Átha Cliath, Darren Sutherland, dornálaí Oilimpeach, Philip Mag Aonasa, iománaí agus peileadóir Liatroma, gan ach dornán a luadh.
Is cuimhim liom I remember
" Is cuimhim liom nuair a bhí mé ar scoil bhí duine de na cailíní ag cur isteach ar an múinteoir.
rud atá i mo chloigeann something I remember
" Dúirt Danny gur chóir do na cinn eile a fhoghlaim ar dtús! ’Sin rud atá i mo chloigeann, go bhfuil eolas i ngach ceantar.
Is fiú a chuimhneamh it’s worth remembering
" Is fiú a chuimhneamh go mbíonn seasamh faoi leith ag an Gharda i gceantar ar bith agus go bhféachtear orthu mar eiseamláir pobail.
Nuair a smaoinítear siar when one remembers
" Nuair a smaoinítear siar ar an méid dul chun cinn atá déanta ó na 70í i leith ó thaobh athshealbhú na teanga de, is léir go mbeidh sé ríthábhachtach na scoileanna, comharthaí dhátheangacha, mórtas sa chultúr a choinneáil.
is fiú a chuimhneamh it’s worth remembering
" ' Caingean Anita Groener ========== Sa chomhthéacs sin, is fiú a chuimhneamh gur theip ar chás cúirte a ghlac múinteoir ealaíne ón Ísiltír, Anita Groener, in éadan na Roinne Oideachais i Samhain na Bliana 1989.
cuimhneamh ar léasadh remember a beating
" Ó bunaíodh an Cumann Lúthchleas Gael buaileadh iománaithe Átha Cliath go minic in aghaidh foirne maithe, ach is deacair ag duine beo cuimhneamh ar léasadh chomh holc á thabhairt ar fhoireann na hArdchathrach is a tugadh ar an Satharn 23 Meitheamh seo caite.