Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
mbaill members
" Tá cuid mhaith den dream sa cheantar seo a bhí ina mbaill den pháirtí éirithe as anois agus níl an t-ábhar bolscaireachta chomh feiceálach is a bhíodh ar na sráideanna.
feisire Member of Parliament
" Bhí mé sásta a chloisteáil gur chaill George Howarth, Oifig Thuaisceart Éireann agus feisire anseo ar Merseyside, a phost mar aire.
iarbhall former member
" Bhí iontas orm i 1997 nuair a fuair mé amach go raibh sé ag obair in Oifig Thuaisceart Éireann, go dtí go bhfuair mé amach go raibh Adam Ingram, iarbhall den Ord Oráisteach, ag obair sa roinn chéanna leis, mar Aire Slándála! Bhain Ingram triail go pearsanta as an L21A1, an piléar nua plaisteach atá ag an arm/RUC agus dúirt sé go raibh sé níos beaichte.
baill members
" Mar sin, ba mhaith liom mo bhuíochas ó chroí a ghabháil leis na daoine seo a leanas: Treasa Ní Mhaoileoin ó Éirinn; Lini Culetto agus Teodora Tomasevic-Buck ón Eilvéis; Elvira Veselinovic agus Arndt Wigger ón nGearmáin; Dorothy Milne ó Thalamh an Éisc, Ceanada; agus baill an liosta ríomhphoist, Gaeilge-B.
iarbhall den Pháirtí Cumannach former member of the Communist Party
" Is iarbhall den Pháirtí Cumannach é John Reid, duine de lucht tacaíochta Glasgow Celtic agus is léir go mbíonn sé ar a shuaimhneas i measc gnáthdhaoine.
ball member
" Faoi na leasuithe nua, áfach, is iad foireann na scoile a bheas ar an choimisiún seo (rud a chiallaíonn go mbeidh daltaí á meas ag a gcuid múinteoirí féin) - ní thiocfaidh ach ball amháin, an tUachtarán, ó scoil eile.
Iarbhall former member
" **ANO:** Leithéidí Johnson Brown? **PM:** Cé? **ANO:** Iarbhall de CID an RUC é Jonty Brown a bhí i láthair nuair a d'admhaigh spiaire de chuid an Bhrainse Speisialta gur mharaigh sé an dlíodóir Pat Finucane.
ball members
" B'fhéidir go mbeadh roinnt ball den CLG ag breathnú air, ach seans go mbeadh buíon eile sa halla ag foghlaim damhsa seite nó ag imirt iomána faoi dhíon, nó b'fhéidir go mbeadh rang Ghaeilge nó feadóige ar siúl i seomra eile.
bhaill shinsireacha an Pháirtí Choimeádaigh senior members of the Conservative Party
" A dhálta sin an *hit list* a dtángthas air i dteach poblachtánaigh mór le rá a raibh ainmneacha bhaill shinsireacha an Pháirtí Choimeádaigh agus aontachtaithe éagsúla air.
baill members
" Mar shampla, íocann baill an CLG Cáin Bhreis Luacha (CBL) ar na camáin (faigheann an rialtas trí euro ar gach camán a cheannaítear!), ar na geansaithe, ar an bpeitreal, ar ghlaonna gutháin, árachas, iompar foirne, bia agus mar sin de, is é sin na nithe go léir a bhaineann le foirne a chur chun páirce seachtain i ndiaidh seachtaine ar fud na tíre.
bhaill members
" " Cinsireacht ======= Bhí Alt 31 den Acht Craoltóireachta i bhfeidhm sa deisceart ag an am, a chuir cosc ar iriseoirí agallamh a chur ar bhaill de chuid Shinn Féin.
bhall gníomhach active member
" Bhí sé tráth le Cabhlach na Stát Aontaithe agus ba Gharda Onórach é san Emerald Society Pipe and Drum Band, chomh maith le bheith ina bhall gníomhach den Emerald Society.
tromlach a chuid ball the majority of its members
" Bhí sé in ann a pháirtí féin a thosú, páirtí nach raibh aon taithí pholaitiúil ag tromlach a chuid ball.
fiche ball buan twenty permanent members
"fiche ball buan sa ghrúpa agus tá dhá dhuine dhéag ceangailte go hindíreach leis, iad ar fad ina gcónaí sa cheantar.
baill members
" Mar chuid den teach nua-aimseartha seo bheadh baill den teaghlach ag úsáid an ríomhaire lárnaigh chun "teilisiopadóireacht, teileamhargaíocht, teile-íocaíocht agus teilea-obair" a dhéanamh, agus chun teacht i dtír ar an teilea-oideachas.
ball sinsearach senior member
" " Thart ar an am chéanna, bhuail Gerry Kelly, ball sinsearach eile de chuid Shinn Féin, leis an Oirmhinneach Mervyn Simpson, cathaoirleach Choimisiún na nDílseoirí, a bhfuil an UDA/UFF, nó faoina n-ainm cleite Cosantóirí na Láimhe Deirge, ina gcuid lárnach de.
cur ina luí ar na baill eile to convince the other members
" Tá sí mar Threoraí Gaeilge leis an chraobh sin agus tá ag éirí léi cur ina luí ar na baill eile go bhfuil tábhacht ag baint leis an teanga.
bhaill de na foirne tarrthála members of the rescue teams
" "Ní taispeántas ealaíne é seo sa ghnáthchiall," a dúirt sé, "ach seasann sé mar chomhartha tacaíochta do na daoine a bhí mar bhaill de na foirne tarrthála.
baill members
" Bhí sé socraithe roimh ré le Cigire na bPóilíní i Merseyside, Michael Cloherty, nach mbeadh baill de na bannaí ceoil fheadóige ag caitheamh bairéad dubh nó rud ar bith atá in aghaidh an Achta Sceimhlitheoireachta 2000.
feisire member of parliament
" Cé go raibh feisire áitiúil, Bob Parry (nach maireann), i láthair agus ag argóint leis an chigire Owens, ní raibh seisean sásta géilleadh.
bhaill members
" Ar na hargóintí ina choinne, tá an méadú ollmhór atá le theacht ar an Aontas Eorpach; taobh istigh de dheich mbliana beidh seacht dtír is fiche mar bhaill den Aontas agus tiocfaidh dúblú ar an daonra.
a bhfuiltear in amhras orthu gur baill iad den IRA who are suspected of being members of the IRA
" Sna suiteálacha *They're All the Same* (1991) agus *Same Difference *(1990) ardaíonn sé ceisteanna faoin tslí a dtig le teanga dul i bhfeidhm orainn agus ár dtuiscint a mhúnlú, sa chás seo íomhá meáin de bheirt a bhfuiltear in amhras orthu gur baill iad den IRA.
baill shinsearacha senior members
" Tá an bóthar sin á ullmhú faoi láthair, agus baill shinsearacha Shinn Finn - Adams, McGuinness, Martin Meehan - ag rá go bhfuil cogadh s'acu thart.
dá bhaill of its members
" Mar, i ndeireadh na dála, is chun leas Chumann na nIriseoirí féin atá sé féachaint chuige nach scríobhfadh aon duine dá bhaill rud ar bith a tharraingeodh droch-chlú ar an ngairm.
baill members
" Tá cearta iascaireachta na locha ag an chumann agus is féidir ceadúnas a fháil ó na baill.
ball member
" Oíche amháin an mhí seo caite scaoil an PSNI (Police Service of Northern Ireland) urchair le Paul Donnelly, ball den "Fhíor-IRA" a bhí ag iarraidh buama loiscneach a fhágáil taobh amuigh d'oifig na cánach gluaisteán i mBéal Feirste.
iarbhaill former members
" Tá moltaí déanta acu gur féidir le hiarbhaill de chuid an IRA a bheith páirteach sna Páirtnéireachtaí Logánta Póilíneachta; go dtiocfadh le baill den Gharda Síochána bheith ag obair ó thuaidh; go dtiocfadh leis an Bhord Póilíneachta tuarascáileacha agus fiosrúcháin a thiomsú; agus go mbeadh ní ba mhó cumhachtaí ag an Ombudsman cleachtais agus polasaithe na bpéas a scrúdú.
baill members
" Tá moltaí déanta acu gur féidir le hiarbhaill de chuid an IRA a bheith páirteach sna Páirtnéireachtaí Logánta Póilíneachta; go dtiocfadh le baill den Gharda Síochána bheith ag obair ó thuaidh; go dtiocfadh leis an Bhord Póilíneachta tuarascáileacha agus fiosrúcháin a thiomsú; agus go mbeadh ní ba mhó cumhachtaí ag an Ombudsman cleachtais agus polasaithe na bpéas a scrúdú.
bhall member
" Tá mo shuíomh ina bhall den Fháinne Órga http://fainne.
baill members
" Gearán oifigiúil ======= Phléigh mé an scéal le baill eile den NATFHE an lá ina dhiaidh sin agus d'iarr siad orm gearán oifigiúil a chur faoi bhráid an phríomhoide, Philip Lewis, rud a rinne mé ar an ríomhphost.
ball gníomhach active member
" Bhí sí ina ball gníomhach den Ulster Teachers' Union fosta.
baill members
" Gheobhaidh an tAire tacaíocht sa mhéid seo óna Rúnaí Roinne, Tim Dalton, agus ó chuid de bhainistíocht an Gharda Síochána, go háirithe iadsan nach raibh tráth ina mbaill den bhrainse speisialta.
na baill chéanna the same members
" " Daonlathach ======= Tá na baill chéanna páirteach i Kíla anois ó bhí 1996 ann agus deir Colm go réitíonn siad go maith le chéile.
bhall member
" Tá mo shuíomh ina bhall den Fháinne Órga http://fainne.
baill members
"baill an ghrúpa ina gcónaí in áiteanna difriúla.
d'iarbhaill to former members
" Anuraidh scríobh Ambasadóir na Breataine litir chuig an *Irish Times *ina ndúirt sé nach raibh aon fhírinne sa scéal go raibh an MOD tar éis comhairle a thabhairt d'iarbhaill de chuid Arm na Breataine gan comhoibriú le fiosrúchán an Bhreithimh Barron.
gur dúnmharaíodh duine de na baill that one of the members was murdered
" Bhí brón ar mo rang Gaeilge i Learpholl an mhí seo caite, agus ar gach duine eile sa Chlub Éireannach ina bhfuil sé suite, nuair a chuala muid gur dúnmharaíodh duine de na baill.
baill members
" Is daoine daonna iad baill an DUP, lán contrárthachtaí agus coimhlintí inmheánacha fá cad is ceart agus cad is contráilte ann, ainneoin na híomhá a chuirtear chun tosaigh go bhfuil siad mar phictiúr Andy Warhol, ina gclóin ag Ian Paisley.
bhaill foirne staff members
" do rannpháirtithe na ranganna, do bhaill foirne agus do mhic léinn.
bhaill shinsearacha na heagraíochta sin cois Life the senior members of that society in Dublin
" Mar bhall de Choiste Náisiúnta Chumann Naomh Uinseann de Pól bhí aithne ag Máire ar bhaill shinsearacha na heagraíochta sin cois Life.
ag moladh dá mbaill recommending to their members
" Tháinig aoibh tharcaisneach ar dhaoine nuair a léigh siad go raibh an UDA ag moladh dá mbaill "gan cur le fadhb na ndrugaí i dTuaisceart Éireann" mar go bhfuil an eagraíocht sin suas go dtí an dá shúl san fhadhb chéanna.
ball member
" Cuir san áireamh freisin an ghné chlainne atá sa bhfoireann: na deartháireacha Pilkington, deartháireacha Uí Fhaoileacháin (triúr) agus deartháireacha Uí Ainbhith - sin leath den fhoireann! Chuile dhuine acu chomh maith lena chéile agus ball d'Fhoireann an Chéid ina measc - Brian Ó Faoileacháin.
ball members
" I rith na mblianta sin, bhí an rialtas níos mó ná sásta taobhú leis an bhFrainc agus leis an nGearmáin, tíortha a mhol go mór ballraíocht na Spáinne san Aontas Eorpach, rud a bhain sí amach sa bhliain 1986.
an t-aon bhall den Aontas Eorpach the only member of the European Union
" Faoi láthair is é an stát seo an t-aon bhall den Aontas Eorpach nach bhfuil Coinbhinsiún Um Chearta Daonna na hEorpa faofa ann go fóill.
líon na mball the number of members
" Cé go raibh an rialtas breá sásta líon na mball ar an Choimisiún a bheith dhá oiread líon na mball ar Choimisiún Thuaisceart Éireann, más fíor do Phríomhfheidhmeannach an Choimisiúin An Dr.
iarbhall former member
bhaill members
" I 1981 dúirt Frank Snepp gur minic, nuair a bhí sé ag obair sa CIA, gur úsáid siad iriseoirí ar bhaill de MI6 iad le scéalta a chur isteach sna nuachtáin.
iarbhall former member
" Is éard atá sa dráma ná an méid a tharlaíonn nuair a fhaigheann iarbhall den RUC amach go bhfuil an fear atá ag obair ina chistin ina iarbhall den IRA.
fíorbhaill real members
" Ar tharla sé riamh in iarthar Bhéal Feirste gur nocht ball de chuid an RUC a anam do phobal mór náisiúnach? Ainneoin gur carachtar i ndráma é an t-iarphóilín, dearbhaíonn McKeown agus Campbell go bhfuil siad dílis do na barúlacha a fuair siad agus iad ag plé le fíorbhaill den RUC.
i measc na mball among the members
" Admhaíonn sí go raibh easaontas i measc na mball maidir leis na modhanna oibre ba cheart a úsáid.
ball members
" Os a choinne sin, tá siad go dubh i gcoinne na tuairime nach raibh cuid ball an FDNY, an New York Police Department agus an Port Authority Police Department ach "ag déanamh a gcuid oibre.
ballstáit an Aontais Eorpaigh EU member states
" Ag tús na bliana seo d'aontaigh ballstáit an Aontais Eorpaigh ar dhréachtphlean do Chomhbheartas Iascaireachta na hEorpa (CIE) nua.
triúr ball sinsearach three senior members
" An mhí seo caite, cuireadh triúr ball sinsearach - Uachtarán an pháirtí Martin Smyth, an leas-Uachtarán Jeffrey Donaldson agus an feisire David Burnside - ar fionraí as ucht a n-ionsaithe leanúnacha ar pholasaithe an cheannaire David Trimble.
ballstát member state
" Tig le ballstát ar bith moill a chur ar ghnéithe áirithe den chur i bhfeidhm go dtí 2007.
baill members
" Chuaigh máthair Cunningham go Hartford, Connecticut chun a bheith le baill eile dá teaghlach.
iarbhall former member
" Tharraing Carnie Wilson (iníon le Brian Wilson ó na Beach Boys agus iarbhall den phopghrúpa cailíní Wilson Phillips) aird ar an chineál seo sceanairte nuair a craoladh a hobráid sheach-chonair ghastrach ar an idirlíon sa bhliain 1999.
baill members
" Deir na hionsaitheoirí gur baill den UDA iad.
bhall neamhspleách independent member
" Bhain Pauline Hanson clú amach di féin i 1996 nuair a toghadh í mar bhall neamhspleách den pharlaimint i gCanberra.
ball member
" I 1987, sheinn sé os comhair ollscaifte eile i Carnegie Hall leis an Phil Coulter Orchestra, ceolfhoireann a raibh sé ina ball di ar feadh tréimhse.
Ballstát member state
" Ní gach Ballstát atá ar aon aigne léi gur féidir an obair a dhéanamh chomh gasta sin.
baill members
" Dráma as Gaeilge ======= Dhá bhliain ó shin léirigh baill an ranga dráma as Gaeilge ar an stáitse.
thuairimí bhallstáit na heagraíochta the opinions of the member states of the organization
" Tá Uachtarán na Stát Aontaithe George Bush ag iarraidh ar na Naisiúin Aontaithe teacht i gcabhair ar Mheiriceá anois tar éis dó neamhaird iomlán a thabhairt ar thuairimí bhallstáit na heagraíochta roimhe seo.
agus a dhéanfaidh baill bhreise a earcú and which will recruit extra members
" Tarlóidh, áfach, má leanann Rialtas Mheiriceá ar aghaidh ag cur polasaithe i bhfeidhm a ghríosfaidh Moslamaigh an domhain agus a dhéanfaidh baill bhreise a earcú do leithéidí Al- Qaeda.
ag moladh dá mbaill recommending to their members
" ie/ ag moladh dá mbaill cloí le fógraí simplí.
má thoghtar go leor ball den DUP if enough members of the DUP are elected
" D'fhéadfadh sé ansin geallstan nach scorfaidh siad an Tionól arís má athbhunaítear é, ach tá fadhbanna anseo - má thoghtar go leor ball den DUP agus go leor easaontóirí ón UUP, d'fhéadfadh siad sáinn pholaitiúil eile a chruthú sa Tionól, gan Chéad- agus leas-Chéad Aire bheith ainmnithe.
bhall member
" Rinne sé a sheirbhís náisiúnta san RAF, agus bhí sé ina bhall den fhoireann tarrthála sléibhe i Kinloss nuair a bhí sé ar stáisiún in Albain thart fá 1957.
rialtais na mballstát the governments of the member states
" Tá an plean féin le plé ag rialtais na mballstát sna míonna atá romhainn, agus gan aon chinnteacht ann go leanfar leis díreach mar atá sé anois.
ballstáit member states
" I gcomhthéacs an Aontais Eorpaigh, tá an Béarla *de facto *mar an dara teanga ag an gcuid is mó de na ballstáit atá ann faoi láthair agus ag na ballstáit nua.
baill an cheathrú eastát members of the fourth estate (journalists)
" Ach is cúis mhór imní é toradh pobalmheasa a rinne an clár "Prime Time" an mhí seo caite, a léirigh gur tábhachtaí le pobal an stáit seo gardaí, dochtúirí, múinteoirí, sagairt, agus fiú dlíodóirí, ná baill an cheathrú eastát.
dá mbeartódh an rialtas ar na baill a cheapadh iad féin if the government decided to appoint the members themselves
" Is léir ó seo gur beag cur i gcoinne a bheadh ann ón phobal dá mbeartódh an rialtas ar na baill a cheapadh iad féin don chomhairle preas nua atá le bunú (agus táthar ag rá go dtarlóidh sé seo).
baill members
" In áit taoisigh, uachtaráin, leaschathaoirligh is araile, níl ann ach baill, agus baill an choiste stiúrtha - fíordhaonlathas atá i gceist.
formhór na mball eile most of the other members
" Déanta na fírinne, ba bheag an méid a bhí ag formhór na mball eile ach oiread! Bhí craic mhaith ann, ámh.
baill eile den teaghlach other members of the family
" Tháinig sise as an Cholóim chomh maith agus d'oibrigh sí go dian le hairgead a shaothrú sa dóigh is go bhféadfadh sí baill eile den teaghlach a thabhairt go Nua-Eabhrac.
bhaill shinsearacha senior members
" D'iarr mé ar bhaill shinsearacha an DUPE dul ag obair ar ainm úr.
roinnt ball some members
" Toghadh Maskey mar Ardmhéara anuraidh agus i mbliana chuaigh roinnt ball den DUP chuig cóisir Nollag Shinn Féin i Halla na Cathrach.
baill de choiste Dála members of a Dáil committee
" ie/) agus is léir ón méid a bhí le rá le déanaí ag baill de choiste Dála - atá ag déanamh iniúchadh ar an gceist seo - go bhfuil siad ag dul i bhfeidhm ar pholaiteoirí.
bhall member
" Agus seachtain roimh an Nollaig, cuireadh tuilleadh "uisce glan gorm" idir an DUP agus an UUP nuair a d'fhág Jeffrey Donaldson an páirtí a raibh sé ina bhall de ó bhí sé ina dhéagóir.
baill members
" I gcoinne coisc ======= Tá níos mó ná 2,000 freastalaí ina mbaill de cheardchumann an TGWU, chomh maith le 3,000 bainisteoir atá ina mbaill den roinn "National Association of Licensed House Managers".
baill members
" Tuilleann (*oops!*) - faigheann ceathrar acu breis agus míle euro an duine sa mhí mar chostais! Agus cad é a fhaigheann Balor Bocht in aghaidh na míosa? An méid céanna is a bhí á fháil aige nuair a tháinig an liarlóg seo amach an chéad lá riamh: ceithre cent déag; cúig cent déag má bhíonn tríocha a haon lá sa mhí; dhá cent déag i mí Feabhra agus trí cent déag gach ceathrú Feabhra nuair is bliain bhisigh a bhíonn ann - mar atá i mbliana, buíochas le Dia! Yahú! Bhí sé ag madraí an bhaile riamh anall gur daoine cruógacha a bhí i mbaill tofa an Údar Ass, cuid acu níos cruógaí ná a chéile, agus an ceathrar ar bharr an liosta is cruógaí ar fad acu: Pádhraic Ó Bia, Brains Ó Domhnaill, Daithí Elkhorn agus Randy Mac Gearailt.
mbaill tofa elected members
" Tuilleann (*oops!*) - faigheann ceathrar acu breis agus míle euro an duine sa mhí mar chostais! Agus cad é a fhaigheann Balor Bocht in aghaidh na míosa? An méid céanna is a bhí á fháil aige nuair a tháinig an liarlóg seo amach an chéad lá riamh: ceithre cent déag; cúig cent déag má bhíonn tríocha a haon lá sa mhí; dhá cent déag i mí Feabhra agus trí cent déag gach ceathrú Feabhra nuair is bliain bhisigh a bhíonn ann - mar atá i mbliana, buíochas le Dia! Yahú! Bhí sé ag madraí an bhaile riamh anall gur daoine cruógacha a bhí i mbaill tofa an Údar Ass, cuid acu níos cruógaí ná a chéile, agus an ceathrar ar bharr an liosta is cruógaí ar fad acu: Pádhraic Ó Bia, Brains Ó Domhnaill, Daithí Elkhorn agus Randy Mac Gearailt.
baill tofa elected members
" Tá sé soiléir don saol mór go bhfuil go leor aontachtaithe i gCúige Uladh a ghlacfaidh le leithscéal ar bith le gan cumhacht a roinnt le hionadaithe tofa náisiúnacha, go háirithe baill tofa Shinn Féin.
bhaill members
" Ach is é an fhírinne ná go bhfuil go leor míshuaimhnis i measc bhaill an CLG faoin gceist agus tuigtear do *Beo! *nach ndéanfar aon athrú ar Riail 42 ag Comhdháil 2004.
ag coinneáil smachta ar a mbaill féin keeping control of their own members
" "*Housekeeping*" a thugtar air seo in amanna, an eagraíocht ag coinneáil smachta ar a mbaill féin agus daoine atá naimhdeach dóibh.
bhall member
" Rugadh i Loch Garman é agus bhí sé ina bhall de Comhairle na Cathrach i Learpholl, mar chomhairleoir de chuid Pháirtí Rialtas Dúchais na hÉireann.
baill members
" Chomh maith leis sin, ghabh na póilíní Spáinneacha baill d'ETA a bhí ag tiomáint veain lán go doras le pléascáin agus iad ar a mbealach go dtí príomhchathair na Spáinne timpeall ocht lá roimh thubaiste an 11 Márta.
baill members
" Líadan is ainm dúinn, seisear ban! Is iad baill an ghrúpa ná Valerie Casey agus Claire Dolan (fidil), Síle Denvir (cruit), Deirde Chawke (cairdín pianó), Elaine Cormican (amhránaí) agus mé féin ar an bhfliúit.
ball members
" Cuairteoirí ar ár dteach féin a bheas ionainn, dar le cuid mhór ball den eagraíocht.
comhaltaí members
" Cad iad na laigí agus na láidreachtaí a bhaineann leis an mBord? Ar na hábhair nirt atá againn, tá foireann chumasach dhíograiseach a bhfuil suim acu sa ghnó agus fonn orthu a gcion a dhéanamh; taithí agus saineolas na gcomhaltaí boird, daoine atá sásta feidhmiú go deonach chun dul chun cinn tomhaiste a bhaint amach san earnáil; agus tacaíocht oifigigh na Roinne, daoine a bhfuil dearcadh gairmiúil forásach acu i leith na hearnála.
baill members
" " An aisteoireacht agus an ceol ======= Chas sé le Kitty Ní Ghallchóir ag tús na gcaogaidí nuair a bhíodar beirt ina mbaill d'Aisteoirí Ghaoth Dobhair.
bhaill members
" Labhair sé le h**Éamonn Ó Dónaill** faoi scríobh an tsaothair seo, faoin saol acadúil agus faoin easpa measa atá aige ar an Aire Airgeadais agus ar bhaill eile de Rialtas na hÉireann.
baill members
" Is eagraíocht dheonach í Muintir Chrónáin agus déanann na baill an chuid is mó d'obair na heagraíochta go deonach trí na coistí éagsúla.
baill an choiste the members of the committee
" Is beag plé a rinneadh sna meáin ar an méid cainte a bhí ar siúl ag Coiste Alt 133 den Aontas Eorpach nuair a tháinig baill an choiste le chéile i mBaile Átha Cliath mí Feabhra seo caite.
rialtais na mballstát the governments of the member states
" Tá imní orthu go mbainfear smacht náisiúnta sna cúrsaí sin de rialtais na mballstát, agus go ndéileálfar leo mar earraí atá le díol is le ceannach ag cuideachtaí móra ilnáisiúnta.
bhallstáit an Aontais Eorpaigh the member states of the European Union
" Má éiríonn leis an Uasal Ahern bunreacht a aontú i measc bhallstáit an Aontais Eorpaigh, tá gach seans ann go ndéanfar an post seo a thairiscint dó.
bhaill members
" Agus le bheith ag éisteacht leis an *Magnificent Seven *atá á gcur féin chun tosaigh mar bhaill Pharlaimint na hEorpa, ní iontas ar bith é gurbh fhearr le daoine bheith ag breathnú ar "Big Brother" ná a bheith ag plé polasithe Strasbourg.
baill members
" Caitear siar cúpla deoch sula dtéann an teaghlach a luí; bíonn meanma mhaith acu agus bíonn siad ag súil go mór leis na baill den teaghlach atá ina gcónaí i gcéin a theacht chun an bhaile don lá dár gcionn.
baill members
" Tá a lán suime acu sa Saville Inquiry agus thug baill den HJC cuairt ar Ionad Dhomhnach na Fola i nDoire.
rialtais na mballstát the governments of the member states
" An mhí seo déanfaidh uachtarántacht na hÉireann ar an Aontas Eorpach tréaniarracht teacht ar aontú idir rialtais na mballstát maidir le bunreacht nua don Aontas.
ball member
" Ar shuíomh gréasáin an Northern Ireland Veterans Association, tugann ball cur síos neamhoifigiúil ar líon na saighdiúirí a maraíodh nó a gortaíodh le linn na dtrioblóidí.
bhall member
" Bhí mé i mo bhall den ghrúpa teaghlaigh, Ceoltóirí Ghoill, agus mé i mo pháiste, in éineacht le mo dheirfiúracha Caoimhe agus Máire agus mo dheartháireacha Pádraig agus Brian.