Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
teifigh refugees
" Nach breá an eiseamláir don chuid eile againn iad sa dóigh a gcaitheann siad leis na teifigh agus na hallúraigh de chineál na gcaorach.
theifigh refugees
" Tá an tslí a gcaitear le mionlaigh sa tír seo go mór i mbéal an phobail le déanaí agus mórán Éireann inimirceach idir theifigh, dhídeanaithe agus imircigh eacnamaíocha ag teacht chun na tíre.
teifigh refugees
" Cuireadh i leith an rialtais gur de bharr an toghcháin a bheas ann faoi cheann mí nó dhó a diúltaíodh na teifigh.
teifeach refugees
" Tá an rialtas ag cur béime ar a gcumas ceannaireachta, ar a dtaithí i mbun rialtais (ó 1996) agus ar an gcaoi ar sheas siad an fód in aghaidh na dteifeach mar is léir go bhfuil vótaí ansin dóibh.
teifigh refugees
" Ó ghnóthaigh siad an toghchán, tá an comhrialtas ag iarraidh a chur ina luí ar dhaoine nach raibh mórán bainte ag na teifigh leis an toradh.
theifeach lúfar athletic refugee
" Shocraigh mé nach mise an sórt sin duine agus chuaigh mo bhealach féin ina n-ainneoin nó b'fhearr liom bheith i mo theifeach lúfar ná i mo ghiall cloíte.
nuair a chuir sé i leith na dteifeach when he accused the refugees
" Líomhaintí ======= Rinne John Howard deimhin dá lucht tacaíochta nuair a chuir sé i leith na dteifeach i mbád eile gur chaith siad páistí isteach san fharraige ag súil go dtabharfaí i dtír iad de bharr a gclann a bheith i gcontúirt.
fíortheifigh genuine refugees
D'fhuáil go leor teifeach a mbeola le chéile Many refugees sewed their lips together
" D'fhuáil go leor teifeach a mbeola le chéile le sreang mhiotal in ionaid ar fud na tíre chun cur in iúl go soiléir nach rabhthas ag éisteacht leo.
teifigh refugees
" Tá roinnt mhaith ionad coinneála bunaithe le lóistín a chur ar fáil do na teifigh seo.
teifigh refugees
" I mbliain amháin, 1847, tháinig 300,000 Éireannach i dtír i Learpholl, teifigh ón Ghorta an chuid is mó acu.
teifeach refugee
" Oibríonn an teifeach beag, Kaim, do sheanfhear darb ainm Khan, a bhfuil caife aige ar thaobh an bhóthair, áit a stopann leoraithe.
teifeach refugee
" Bhíothas ag tuar roimh an gcogadh go mbeadh na scórtha míle teifeach ag iarraidh éalú isteach san Iordáin ón Iaráic.
teifigh refugees
" Tá 4,000 eile acu a bhfuil glactha ag an leis rialtas gur teifigh iad, ach diúltaítear cearta bunúsacha dóibh.
campaí teifeach Palaistíneacha Palestinian refugee camps
" Díolann Raytheon díuracáin TOW le hIosrael, agus scaoiltear cuid mhaith acu le campaí teifeach Palaistíneacha.
teifeach refugee
" "Cad é mar atá cúrsaí istigh?" a d'fhiafraigh Balor den teifeach.
nuair a díbríodh na teifigh when the refugees were driven out
" Dúirt an Rialtas nach ndearna sé sin aon difríocht - go raibh éifeacht léi nuair a díbríodh na teifigh.
teifigh refugees
" Tháinig teifigh eile ó Éire go dtí an Wirral tar éis Chath Chluain Tarbh i 1014.
teifigh refugees
" Nuair a theip ar na prátaí in Éirinn in 1845, thosaigh na teifigh ag teacht go Learpholl ar na báid ó Bhaile Átha Cliath agus Droichead Átha ag iarraidh dídine.
na milliúin teifeach millions of refugees
teifigh refugees
" Idir an dá linn, tá mana áirithe ag na *Cubanos* i bhFlorida arbh fhiú do na teifigh in Éirinn aird a thabhairt air.
dhídeanaithe refugees
" Le scéal fada a dhéanamh gairid, i ndiaidh tamaill chríochnaigh teaghlach mo chara mar dhídeanaithe i Sasana, agus achan rud caillte acu.
dídeanaithe Rómánacha Rumanian refugees
" Thosaigh Alexandra Nechita, páiste dídeanaithe Rómánacha, ag péinteáil ag an aois chéanna le Marla.
theifeach ón mBoisnia a refugee from Bosnia
" Mar a dúirt mo dhuine i Monty Python, *Now for Something Completely Different *– tá sé díreach tar éis alt a scríobh don *Belfast Telegraph *dar teideal *“Should Camilla be Queen?”! *Tá sraith leabhar d’fhoghlaimeoirí fásta faoi theifeach ón mBoisnia scríofa aige fosta, mar aon le ceithre chnuasach filíochta.
Teifigh refugees
" Teifigh ó na Fir Bhuí.
teifigh Éireannacha Irish refugees
" Tháinig sé sin ó “is lom” agus teifigh Éireannacha ag cur fúthu i gceantair bhochta Nua-Eabhrac agus Bhostúin.
teifigh eacnamaíochta a linne. the economic refugees of their time.
" Cén fáth nach mbeadh tionchar ag an Ghaeilge ar chaint na mbuachaillí bó? I ndeireadh thiar thall, ba iad na hÉireannaigh teifigh eacnamaíochta a linne.
mar thearmann ó ardbhrú na gcathracha as a refugee from the high pressures of the cities
" Sa chéad dul síos, roghnaigh lonnaitheoirí na haoise nua an ceantar mar thearmann ó ardbhrú na gcathracha agus ón gcaipitleachas.
ag lorg stádais mar dhídeanaí, looking for status as a refugee
" Nuair a thagann duine go hÉirinn agus é ag lorg stádais mar dhídeanaí, bíonn air iarratas a chur faoi bhráid na Roinne Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí leis an stádas sin a bhaint amach.
cé acu an mbronnfar stádas mar dhídeanaí orthu. whether they will be awarded refugee status
" Ní hannamh iarrthóirí tearmainn ag fanacht suas le dhá bhliain sula ndéantar cinneadh maidir le cé acu an mbronnfar stádas mar dhídeanaí orthu.
de réir an dlí mar a bhaineann sé le dídeanaithe. according to the law as it pertains to refugees
" Locht mór eile atá ar an bpróiseas seo ná an sainmhíniú atá ar “theaghlach” de réir an dlí mar a bhaineann sé le dídeanaithe.
Is féidir le dídeanaithe iarratas a dhéanamh ar son a c(h)éile refugees can make an application on behalf of their spouse
" Is féidir le dídeanaithe iarratas a dhéanamh ar son a c(h)éile agus ar son leanaí atá faoi bhun ocht mbliana déag d’aois.
páirtithe dídeanaithe partners of refugees
" Sa chaoi seo, beidh páirtithe dídeanaithe in inmhe teacht go hÉirinn le cur fúthu anseo.
Cathaoirleach Chomhairle Dídeanaithe na hÉireann, Chairperson of the Refugee Council of Ireland
" Siobhán Mullally, Cathaoirleach Chomhairle Dídeanaithe na hÉireann, go gcuireann an teorainn aoise seo leis an gcruatan a fhulaingíonn teaghlaigh atá scartha óna chéile.
formhór na dteifeach most of the refugees
" Ag an am, bhí an comhrialtas coimeádach i gcumhacht – agus John Howard ina phríomh-aire – ach an iarraidh seo, tháinig formhór na dteifeach ón Meánoirthear.
teifigh refugees
" Faoin reachtaíocht seo, gabhadh na teifigh agus cuireadh in ionad coinneála iad in Port Hedland, baile beag iargúlta ar chósta thiar na tíre.
i dtaca le Stádas an Teifigh on the Status of Refugees
" Ghlac an Astráil le 12,000 teifeach gach bliain sa tréimhse sin; rinne siad amhlaidh i gcomhréir le Prótacal na Náisiún Aontaithe i dtaca le Stádas an Teifigh.
Lucht dídin an Drochshaoil 'Famine' refugees
" Ag teitheadh ón Drochshaol Lucht dídin an Drochshaoil ab ea an chuid is mó acu, agus cé gur lean cuid mhaith acu ar aghaidh isteach faoin tír agus go tíortha thar lear, go mór mór go dtí Na Stáit Aontaithe, d'fhán na mílte i Learpholl fosta.
dteifigh refugees
" Deir John go raibh gnéithe éagsúla iontach tábhachtach an tráth sin, - cearta daonna; filleadh daoine ar a dtithe i ndiaidh iad a bheith ina dteifigh le linn na coimhlinte agus an dlí uilig a bhain leis sin; tógáil an daonlathais in áit nach raibh an daonlathas ann; ag obair leis an tsochaí shibhialtach - daoine óga, mná ach go háirithe agus ag athrú an chórais mhíleata.
Stádas an Teifigh refugee status
" Tagann 140,000 duine chun na hAstráile ar inimirce gach bliain, 12,000 dídeanaí san áireamh i gcomhréir le Prótacal na Náisiún Aontaithe i dtaca le Stádas an Teifigh.
ionad lóistín na ndídeanaithe the refugees' lodging spot
" Níor chuir dúnadh ionad lóistín na ndídeanaithe i Sangatte i mí na Nollag 2002, ionad a bhunaigh Cumann na Croise Deirge, deireadh leis an bplódú daoine isteach i gceantar Calais as an Iaráic, an Chordastáin, an Afganastáin, an tSomáil agus as tíortha eile nach iad.
teifeach a theith refugees who fled
" Tuilleadh ‘damáiste comhthaobhach’ is ea na mílte teifeach a theith ó thancanna déanta i Meiriceá (seachas an tionscal míleata, níl mórán eile á tháirgeadh ann le blianta) á dtiomáint ag saighdiúirí na hAetóipe.
teifeach of refugees
" Bhí sé ina bhall de mhóriarracht idirnáisiúnta a cuireadh le chéile faoi scáth na Náisiún Aontaithe chun déileáil leis na fadhbanna iomadúla a d’eascair as an líon mór teifeach a d’fhág Ruanda tar éis an chinedhíothaithe.
dídeanaithe refugees
" *’ Sin an fáth go bhfuil ceist an teanga a bhí ag na dídeanaithe a tháinig i dtír i Learpholl chomh tábhachtach, mar aibhsíonn sé an fhíric gurb iad dream dúchais na hÉireann a fuair bás sa tragóid seo, íobartaigh de chinedhíothú a bhí mar dhúnghaois ag Rialtas na Ríochta Aontaithe.
dteifeach refugees
" Is iad an Iordáin agus an tSiria an dá thír atá bainte amach ag formhór na dteifeach agus is féidir talamh slán a dhéanamh de nach ard an caighdeán maireachtála atá ag na Mandaean seo anois ós rud é go bhfuil breis is milliún go leith Iarácach san iomlán dulta isteach sa dá thír sin ó 2003.
theifigh refugees
" Tá breis is 200,000 ag cur fúthu sa Bhanglaidéis, ach níl ach tuairim is 30,000 den dream sin aitheanta mar theifigh is foscadh acu i gcampaí de chuid Oifig Ard-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe le haghaidh Dídeanaithe (UNHCR).
Dídeanaithe refugees
" Tá breis is 200,000 ag cur fúthu sa Bhanglaidéis, ach níl ach tuairim is 30,000 den dream sin aitheanta mar theifigh is foscadh acu i gcampaí de chuid Oifig Ard-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe le haghaidh Dídeanaithe (UNHCR).
dteifeach refugee(s)
" Bhí easpa foscaidh is bia i gceist, ní nach ionadh nuair a thuigtear gur mhéadaigh an daonra faoi dhó in áiteanna áirithe le teacht na dteifeach.
Dídeanaithe refugees
" Ina fhianaise sin go léir, ní dhéanfar iontas de go n-áiríonn Oifig Ard-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe le haghaidh Dídeanaithe go bhfuil na hEmberá ar na pobail dhúchais sa Cholóim atá i mbaol a dhíothaithe.
lucht dídin refugees
" Tháinig lucht dídin i dtír i Learpholl ar an bhád as Béal Feirste i 1969 tar éis dóibh a bheith dóite amach ag na dílseoirí.
dhídeanaithe refugees
" Ar an 13 Feabhra i mbliana, d’inis Muammar Qaddafi do dhídeanaithe Palaistíneacha gur chóir dóibh teacht i dtír ar na muirthéachtaí sa Mheánoirthear agus cruinniú ar theorainneacha Iosrael ag léirsiú go síochánta go ngéillfeadh Tel Aviv dá gcearta filleadh ar a bhfód dúchais don chéad uair ó chuir fórsaí na nIosraelach iachall ar thart ar 750,000 acu imeacht i 1948.
teifigh refugees
" Bhí parlaimint acu féin, in áit darbh ainm Thingwall (cosúil leis an Tynwald i Manann agus Dingwall in Albain) Tháinig teifigh eile as Éirinn go dtí an Cilgwri tar éis Chath Chluain Tarbh 1014.
dteifigh refugees
" Leis na milliúin ina dteifigh nó marbh san Iaráic “saoraithe,” d’éirigh PNAC as a chuid scríbhneoireachta i 2006.
a gcuid dídeanaithe a chartadh to shovel their refugees
" Nuair a thiteann seanrí de leataobh i dtír thar lear, bíodh sé trí uisce faoi thalamh nó trí éirí amach ina choinne, is chuig tír ‘neodrach’ ar nós Éireann is breá leis na cumhachtaí a gcuid dídeanaithe a chartadh.
lucht dídine nach iad other refugees
" Glacadh le lucht dídine nach iad fosta agus go deimhin, ba chóir glacadh leo.
i gcampa teifeach in a refugee camp
" Ní drochshaol go dtí é, i ndiaidh thú a ruaigeadh as teach agus as tailte do shinsir le bheith i do sprioc ladrainn i gcampa teifeach.
bliain na dteifeach the year of the refugees
" Thug Dáithí Ó Colchúin, nach maireann, “bliain na dteifeach” ar an mbliain 2001 agus é ag cur síos ar chúrsaí reatha san Astráil in Eagrán 9 den iris seo i mí Eanáir 2002.
na teifigh seo abhus these refugees over here
" Tugtar ‘boat people’, nó muintir na mbád, go forleathan ar na teifigh seo abhus.
plódaithe le teifigh packed with refugees
" Tháinig cor gan choinne sa scéal, ámh, nuair a tháinig long lastais as an Iorua, an MV Tampa, i gcabhair ar bhád a bhí i mbaol agus é ar a bhealach chun na hAstráile plódaithe le teifigh.
thar na teifigh eile more than other refugees
" Ciallaíonn an prionsabal (mar dhea) seo nach mbeadh aon bhuntáiste ag muintir na mbád thar na teifigh eile atá ag feitheamh i dtíortha éagsúla san Áise le cead oifigiúil a fháil teacht chun na hAstráile ar imirce.
ina gcuireann formhór na dteifeach fúthu where most of the refugees settle
" Léiríonn siad freisin, áfach, go bhfuil an cheist ina mórúdar imní sna ceantair ina gcuireann formhór na dteifeach fúthu.
teifeach a refugee
" Le cabhair óna cairde, an máistir scoile Ó Dónaill agus Marika, teifeach as an mBoisnia, is minic a bhíonn an lámh in uachtar ag Paloma orthu.
fiú amháin dídeanaithe even refugees
" Uaireanta bíonn inimircigh a bhfuil cead acu a bheith i Maracó i measc na ndaoine a thugtar chun na teorann, fiú amháin dídeanaithe, is é sin daoine a theith óna dtír dhúchais mar gheall ar ghéarleanúint ar bronnadh stádas dídeanaí orthu i Maracó.
ar bronnadh stádas dídeanaí orthu who were given refugee status
" Uaireanta bíonn inimircigh a bhfuil cead acu a bheith i Maracó i measc na ndaoine a thugtar chun na teorann, fiú amháin dídeanaithe, is é sin daoine a theith óna dtír dhúchais mar gheall ar ghéarleanúint ar bronnadh stádas dídeanaí orthu i Maracó.
dídeanaithe áirithe certain refugees
" ie, ní raibh dídeanaithe áirithe in ann fianaise a thabhairt don choiste cróinéara mar ní raibh Béarla ar bith acu, agus de réir taighde a rinne an eaglaiseach Protastúnach Abraham Hume, bhí na mílte Gaeilgeoirí ina gcónaí i dtuaisceart na cathrach, idir Chaitlicigh agus Phrotastúnaigh.
Níor teifigh ón Ghorta iad they weren’t Great Hunger refugees
" Níor teifigh ón Ghorta iad ach daoine a chuaigh ann le saol níos fearr a dhéanamh - daoine gairmiúla, saighdiúirí, feirmeoirí.
teifigh as ceantracha eile refugees from other parts
" 2 milliún duine eile, teifigh as ceantracha eile.
theifigh refugees
" Is ar theifigh is mó a bhí an chaint san Astráil anuraidh, go háirithe i dtreo dheireadh na bliana nuair a bhí an toghchánaíocht ar siúl.
ceist na dteifeach the refugee question
" Chuir Príomhaire na hAstráile, John Howard, agus a pháirtí dallamullóg ar phobal na tíre roimh an olltoghchán deireanach maidir le ceist na dteifeach, dar le Paula Kehoe.
stádas an dídeanaí refugee status
" Tá cuid de na heachtrannaigh a bhfuil stádas an dídeanaí bainte amach acu sa tír seo in umar na haimléise agus iad ag fanacht ar chinneadh maidir le cé acu an dtabharfar cead dá dteaghlaigh teacht go hÉirinn.