Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
shéan refuted
" An mhí seo caite, shéan ceannaire an Rialtóra Airgeadais, Patrick Neary, nach raibh an Rialtóir sách dian ar na bainc.
Thug mise cúl leis I refuted
"Thug mise cúl leis an bpoblachtachas cúpla lá i ndiaidh don Provisional IRA tús a chur le feachtas foréigin agus faoi dheireadh 1972, bhí mé tar éis éirí glan as an bpoblachtachas.
Séanann refutes
" Séanann Kadeer go raibh aon bhaint aici leis an bhforéigean a phléasc amach in Urumqi ag tús Iúil.
shéanadh to refute
" Titeann an lug ar an lag agus an clár ag dul amach ar an aer nuair a ghlaíonn an pobal isteach chun ‘gaisce’ na beirte ‘laoch’ a shéanadh.
á bhréagnú refuting it
" Bhí an t-am ann agus bhí sé mar a bheadh Ayatollah ann ach anois, tá daoine ag cur ceiste, cad é an fheidhm atá leis? An dtreoraíonn sé beartais? An bhfuil stádas an státaire a bhíodh aige imithe le sruth? Tá easaontas nach bhfacas, ach sa bheag, ag dul i méid agus daoine taobh istigh de Shinn Fein féin, á bhréagnú ar dhóigh nach ndéanfadh siad blianta ó shin.
séanta refuted
" Má bhí fianaise, fíor nó bréagach, ag an tSeirbhís rúnda go raibh Doherty gníomhach i seachadadh drugaí - rud atá séanta ag a mhuintir - d'fheadfadh siad é a úsáid le brú a chur air obair a dhéanamh ar a son.
bhréagnú refute
" In alt dar teideal “As Láthair Gan Chead,” déanann Snopes iarracht tuairisc a bhí ar al-Manar, craoltóir satailíte na Liobáine a bhréagnú.
thugann droim láimhe refutes, doesn’t use
" Agus feictear domhsa go bhfuil dhá bhua ar leith riachtanach don té a thugann droim láimhe don mbealach inste traidisiúnta.
bréagnaithe refuted
" Bheadh cur chuige rialtais éagsúla Theach Laighean i dtaobh an tuaiscirt bréagnaithe.
shéan refuted
" Dúradh go raibh scoilt i gcampa na Sasanach cé gur shéan formhór na n-imreoirí an méid sin.
Shéan refuted
" Shéan Tymoshenko chuile chúiseamh ina leith, agus í mar aon le baill dá páirtí “Batkivshchyna” (athartha) go neamhbhalbh den tuairim nach bhfuil ar bun ag an Uachtaráin Yanukovich ach feachtas chun deireadh a chur leis an bhfreasúra polaitiúil roimh an toghchán parlaiminte san fhómhar.
Shéan refuted
" ' Shéan an tUasal Walker go raibh a leithéid de bhealach ann agus rialaigh an Ard-Chúirt ar a shon i mí Feabhra seo caite.
a bhréagnódh which would refute
" córas Tholamaeis, b’éigean d’aos léinn na hEorpa cruthúnais nua a sholáthar a bhréagnódh an teoiric seo agus a dhlisteanódh an t-údarás a bhí ag córas Thomalaeis roimhe sin.
an diúltú céanna don íoróin agus don searbhas the same refuting of irony and bitterness
" Ach ó thaobh Joyce de, feictear na cleasanna céanna i bprós Wallace is a fheictear in oeuvre an Éireannaigh: an bhéim chéanna ar an leadránacht nó “*paralysis*”, an íogaireacht chéanna dos na riachtanaisí fisiciúla daonna is bunúsaí, an diúltú céanna don íoróin agus don searbhas, mar aon le rialacha stairiúla liteartha a rinne iarracht guth an scríbhneora a chur fé smacht.
Séanann na daoine the people refute
" Níl sé soiléir cén todhchaí a bheadh ag Albain neamhspleách – an mbeadh ar Albain a cuid de na fiacha náisiúnta a ghlacadh, cuirim i gcás? Séanann na daoine gur fiú go mór ola na Mara Thuaidh.