Bhí múinteoirí díograiseacha i scoileanna eile ag múineadh an oiread ábhar agus ab fhéidir leo trí Ghaeilge - iarsmaí fánacha ón seanchóras scoite amach leo féin.
Seo a mhaíonn Fear na Súile Nimhe: "Dar le mo sheanchara, Daithí Atinburó, go bhfuil an Turasóir Meiriceánach anois áirithe go hoifigiúil i measc na ndúl is teirce in Éirinn, chóir a bheith chomh gann leis an siopadóir bocht agus an ceardchumannaí sásta.
Tá cuid den ábhar an-uathúil agus ní féidir a theacht air in áit ar bith eile ach is mar ealaín chomhaimseartha a phléann an Taisce leis an cheol traidisiúnta.
Go fiú má dhéantar iarracht acmhainn gann a dhéanamh de acmhainn digiteach agus é a chosaint ó dháileadh agus ó athrú, bíonn daoine ar líne ar na saolta seo agus níl faic níos gaire dá gcroí ach cosaint na hacmhainne sin a bhriseadh agus an acmhainn a scaipeadh fud fad an ghreasáin, má's féidir.