Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
Ná cuirimis an milleán ar fad ar na polaiteoirí Let us not put all the blame on the politicians
" Ná cuirimis an milleán ar fad ar na polaiteoirí.
stuaic a chur ar chuairteoir ar bith to put a huff on any visitor
" Bhí an-bhaint ag an teaghlach sin leis an Ord Oráisteach - rud a chuir aiféaltas ar an bhean dheas a bhí mar threoraí againn, mar nár mhian léi stuaic a chur ar chuairteoir ar bith.
ag cur na ceiste cigiltí seo ar an mhéar fhada putting this delicate question on the long finger
" Cad chuige a ngearrfaí pionós ar sheanfhear i mBearna a labhraíonn teanga a mhuintire, mar go bhfuil scaifte *yuppies* i ndiaidh bogadh isteach sa cheantar? Ar cheart an milleán a chur ar chainteoirí dúchais den scoth as a laige is atá an Ghaeilge ina gceantar? Is cinnte, áfach, nach féidir leanstan ag cur na ceiste cigiltí seo ar an mhéar fhada.
ag cur gothaí galánta orthu féin putting on grand airs
" Bhí sé an-ghreannmhar na mná a fheiceáil gléasta suas agus ag cur gothaí galánta orthu féin.
ag cur brú ort putting pressure on you
" “Mar sin, beidh tú ábalta siúl amach as an áit má atá siad ag cur brú ort.
ag cur barraíocht brú ar acmhainní nádúrtha putting too much pressure on natural resources
" Mar dhuine atá ag treabhadh ghort na hiriseoireachta Gaeilge, is iomaí uair a bhí cathú orm féin dul i muinín an fhóid mhóna chéanna ach measaim go bhfuil iriseoirí na Gaeilge ag cur barraíocht brú ar acmhainní nádúrtha mar atá.
gur féidir gach rud a chuirtear ar an idirlíon a leanúint go dtí an fhoinse, that everything put on the internet can be followed to the source,
" Más duine tú atá ag déanamh cibear-bhulaíochta ar dhuine eile, ba mhaith liom ceist a chur ort: an bhfuil a fhios agat gur féidir gach rud a chuirtear ar an idirlíon a leanúint go dtí an fhoinse, agus go mbeidh an duine a scríobhann a leithéid freagrach as ó thaobh an dlí de? Sin rud nach bhfuil ar eolas ag daoine áirithe.
go gcuirfeadh sé an-stró orainn. that it would put a lot of pressure on us.
" An-smaoineamh, b’fhéidir, ach amaidíocht agus thuigeas go gcuirfeadh sé an-stró orainn.
a chuir srian ar chruthaitheacht that put constraints on the creativity
" Ach tá deireadh anois lena smacht docht, a chuir srian ar chruthaitheacht an-chuid bannaí ceoil.
luach a chur ar an obair to put a value on the work
" San aois dhigiteach, áfach, agus deireadh beagnach leis an dlúthdhiosca, b’fhéidir go bhfuil sé níos deacra do cheoltóirí luach a chur ar an obair a dhéanann an dream seo a bhíonn idir iad féin agus an pobal.
don bhéim a chuirtear ar an teaghlach i mBunreacht na hÉireann to the emphasis which is put on family in the Irish Constitution
" Rinneadh tagairtí rialta le linn na comhdhála don bhéim a chuirtear ar an teaghlach i mBunreacht na hÉireann agus i gconarthaí éagsúla idirnáisiúnta.
cuirfear srian ar mhéid Choimisiún na hEorpa, There will be a constraint put on the size of the European Commission
" Faoin chonradh úr, cuirfear srian ar mhéid Choimisiún na hEorpa, rud a chiallóidh gur de réir uanaíochta a bheas ionadaithe ag na ballstáit air.
chuireamar ar an taifead é we put it on record
" D’fhéachamar chun cinn an mhí seo caite agus chuireamar ar an taifead é go gceapaimid go mbuafaidh Ciarraí Craobh na hÉireann sa pheil agus go mbuafaidh Cill Chainnigh craobh na hiomána, agus níor tharla tada ó shin (bua Aontroma agus iad ag imirt i gcoinne Chill Chainnigh i gCorn an Bhreatnaigh san áireamh) chun sinn a chur ar mhalairt tuairime! Murab ionann agus cluichí na nGael, áfach, is deacair a rá cén chaoi a n-éireoidh le foirne agus le lucht spóirt na hÉireann i gcoitinne in 2008.
cuireadh cuid mhór brú orm a lot of pressure was put on me
" Braithim gur cuireadh cuid mhór brú orm agus gur tugadh drochbhail orm agus go mbítí ag tabhairt le fios gur bhain lochtanna an chláir liomsa.
cuireadh brú air eirí as a phost pressure was put on him to resign from his job
" Sa bhliain 2002, cuireadh brú air eirí as a phost mar mhéara i ndiaidh do líomhaintí a bheith curtha ina leith go raibh sé bainteach le caimiléireacht agus breabaireacht.
ag cur brú orm a bheith ag múineadh na Gaeilge putting pressure on me to teach Irish
" “Roimhe sin, bhí daoine as New Jersey ag cur brú orm a bheith ag múineadh na Gaeilge mar go raibh a fhios acu go ndearna mé staidéar ar an teanga ar scoil.
Chuirfinn airgead air. I'd put money on it
lean sí de bheith ag cur brú orm to continued to put pressure on me
" “Agus mé i mo dhéagóir, ar ndóigh, bhraith mé go raibh go leor rudaí i bhfad ní ba thábhachtaí ná an ceol – peil agus araile – agus táim iontach buíoch de mo mháthair gur lean sí de bheith ag cur brú orm a bheith ag cleachtadh ar bhonn rialta.
chuirfinn geall air I would put a bet on it
" Ní duine mór cearrbhachais mé, ach dá mbeinn, chuirfinn geall air.
socraíodh ar thoirmeasc iomlán a chur ar ghunnaí. it was decided to put a total ban on guns
" Le beannacht na bpóilíní, na bpolaiteoirí agus na ngníomhaíoch pobail sa cheantar, socraíodh ar thoirmeasc iomlán a chur ar ghunnaí.
ag cur séala putting a seal on
" Cén t-iontas mar sin gur minic nach mbíonn na boird stáit ach ag cur séala ceadaithe ar chinnidh atá déanta ag feidhmeanaigh na heagraíochta.
ag dul i bhfiontar di putting my neck on the line for her
" Bhris mé isteach i seomra eagarthóireachta chun eagarthóireacht a dhéanamh ar na físeáin saor in aisce – bhí mé ag dul i bhfiontar di.
bail a chur ar put a shape on
" Cé gur éirigh liom bail a chur ar mo shaol agus d’éirigh mé i bhfad ní ba tháirgiúla, ní sin le rá go bhfuil claochlú foirfe déanta agam, ná a dhath cosúil leis.
Chuireas suas I put on
" Chuireas suas thart ar chloch meáchain nuair a bhíos ann.
teas a chur ar siúl put the heat on
" “Tháinig mé amach uair nó dhó chun cinntiú go raibh sí fós ina codladh,” a dúirt sé agus é os comhair na cúirte i gcathair Colmar in oirthear na Fraince, “agus chun an teas a chur ar siúl sa charr.
cuireadh snas orthu the finishing touches were put on them
" Is i Sasana agus in Albain a cheapadh na chéad ghaltraenacha go luath sa naoú céad déag, ach go deimhin is i Meiriceá a cuireadh snas orthu ó na 1830aí amach.
na coscáin a chur i bhfeidhm to put on the brakes
" Bhí náire ar m’fhear céile nuair a chonaic sé mé ag sleamhnú síos i dtreo grúpa daoine gan a bheith in ann na coscáin a chur i bhfeidhm! Ar ndóigh, bhí timpistí ag beagnach gach duine sa bhunrang nuair a thosaigh muid amach ach d’aimsigh mé na bunscileanna sar i bhfad agus ní raibh mé ar an duine ba mheasa sa bhuíon ar chor ar bith.
athchruth iomlán a chur ar put a completely new shape on
" Dáiríre, tá sé thar am ag an CLG athchruth iomlán a chur ar chlár na gcluichí ar mhaithe le cách.
Mar bharr ar an donas to put the tin hat on it
" Mar bharr ar an donas, níor fheac bean chéile Keating a glúin nuair a bhuail sise leis an mBanríon cúpla uair.
scaipthe ar ghréasán put out on the web
" A luaithe is a bhí ábhar faoi chóipceart scaipthe ar ghréasán bhí sé i gceist an gréasán sin a ghearradh ón idirlíon trí iarraidh ar ISP a chuntas a dhúnadh agus trí stop a chur le suíomhanna eile, beag nó mór, nascadh leo.
le faobhar a chur ar an tua to put an edge on the axe
" Ceist tola í: an bhfuiltear dáiríre faoin dá phróiseas chomhairliúcháin seo nó an leithscéal iad le faobhar a chur ar an tua? An ardáin ghaotaireachta iad nó an bhfeidhmeofar ar na moltaí a thiocfaidh astu? Leoga is beag uchtach a thabharfadh na comharthaí go n-uige seo don té a chuirfeadh muinín sna próisis úd.
go gcuirtí riocht liteartha ar a literary guise was generally put on
" ’* Cheap Fussell ná féadfaí ár agus imní 1914-1918 a léiriú i gceart le foinsí staire traidisiúnta ós rud é go gcuirtí riocht liteartha ar na foinsí seo, rud a d’athraigh a gcuid ionracais inmheánach trí thimpiste.
an té a chuir ar bhóthar the person who put (me) on the road (to publishing)
" Dhá bhliain? Féinfhoilsiú mar sin! Tá an leabhar amuigh anois (cé nach bhfuil gléas a léite ceannaithe agam go fóill!) agus é tiomnaithe do Mhícheál Ó hAodha, an té a chuir ar bhóthar na féinfhoilsitheoireachta leictreonaí an chéad lá mé.
ceisteanna cigilteacha a chur ar an mhéar fhada to put problematic matters on the long finger
" Tá an baol ann fosta go mbainfear feidhm as le ceisteanna cigilteacha a chur ar an mhéar fhada.
chur ar an ghealaigh put on the moon
" Bliain ina dhiaidh léim iontach Kittinger, rinne Yuri Gagarin an chéad fhithis timpeall ar an domhan, agus thart ar an am chéanna d’fhógair uachtarán nuathofa Mheiriceá, Jack Kennedy, go raibh sé mar sprioc ag na Stáit fear a chur ar an ghealaigh faoi cheann deich mbliana.
nuair a cuireadh Teilifís na Gaeltachta ar an aer when TnaG was put on the air
" An Fhís 25 Bliain ó Shin ======== Sa bhfís a bhí againne, 25 bliain ó shin, nuair a cuireadh Teilifís na Gaeltachta ar an aer i Ros Muc, samhlaíodh dúinn gurb í an Ghaeilge a bheadh in uachtar i ndéantús na gclár don stáisiún teilifíse a bhí á éileamh againn.
gcuirfeadh sinn brú mór uainn amach we’d put on a bit of pressure
" Ní hé amháin Gaeltacht Iorrais anseobh, ach go dtiocfadh sinn uilig le chéile is go gcuirfeadh sinn brú mór uainn amach.
leis an teanga a chur ar a cosa i measc an phobail to put the language on a good footing in the community
" Ba léir don Rinneach áfach nach gcabhródh an cur chuige docht seo leis an teanga a chur ar a cosa i measc an phobail.
iad a chur i mbun foclóra ar leith to put them working on a dictionary
" B’fhéidir, sula mbíonn sé rómhall, go mba chóir tráchtairí maithe arb í an Ghaeilge a dteanga mháthartha – Seán Bán Breatnach, Mícheál Ó Sé, Antaine Ó Conghaile, Gearóidín Nic an Iomaire, Pádraic Ó Sé gan ach dornán a luadh – a thabhairt le chéile agus iad a chur i mbun foclóra ar leith ina mbeadh focail agus nathanna dúchasacha, oiriúnacha agus a chuideodh le tráchtairí óga an cheird a fhoghlaim.
Cairde go Lá, Cairde go Brách let’s not put matters on a long finger
" Cairde go Lá, Cairde go Brách ============= Le linn bhorradh an Tíogair bhí tionchar an ábharachais le feiceáil ar fud na tíre: tithe ollmhóra scaipthe faoin tír, carranna móra nua, éadaí dearthóra, agus mar sin de.
ar bhóthar a leasa put them on the road to recovery
" Táthar ag súil go gcuirfí an méid seo an Mhuintir Dúchais ar bhóthar a leasa, ach is cinnte go dteastóidh neart oibre agus comhoibre chun é seo a chur i gcrích.
a chur ar an cheirnín on the record to put
" Ba mhaith liom an méid seo a chur ar an cheirnín: bíonn mise agus na múinteoirí anseo ag obair cosúil le madraí, ag múineadh na Gaeilge Gaelaí do pháistí an cheantair seo, agus tá siad an-mhaith ag an Ghaeilge.
cuireadh ar fhéilire were put on the calendar
" Tamall ina dhiaidh sin bhí pictiúr de Chaitlín agus í ag fuáil i measc na ngrianghraf a cuireadh ar fhéilire a bhí urraithe ag Magee.
ag cur brú millteanach ar ghnólachtaí áitiúla putting immense pressure on local companies
" An toradh atá ar seo go mbíonn na comhlachtaí seo ag cur brú millteanach ar ghnólachtaí áitiúla a bheith saor agus solúbtha.
a chuireann cosc seachtarach ar which puts an external brake on
" Má sháraíonn polaiteoir áirithe cuimsí na polaitíochta le haitheasc ciníoch, mar shampla, is í an mhoráltacht a chuireann cosc seachtarach ar allagar na polaitíochta agus ba cheart go dtabharfadh an mhoráltacht ar an bpolaiteoir leorghníomh a dhéanamh sa ghníomh réamhluaite as féin.
riocht iomlán nua a chur ar an seanchóras coiriúil s’acu put a completely new shape on their old criminal system
" Ní hamháin go raibh ar Oifig Gnóthaí Baile na Breataine leasuithe nua a chur chun cinn de thairbhe líon na bPoblachtach a bhí anois mar chimí acu ach bhí orthu riocht iomlán nua a chur ar an seanchóras coiriúil s’acu, córas nár cuireadh mórán athruithe suntasacha air ó ré na Géarleanúna ar aghaidh.
ba thábhachtaí a shaothrú agus a chur chun cinn most important to work on and to put forward
" Sracadh go Ceann Scríbe ========== Thar aon ní eile áfach, bhí a intinn soiléir faoin ngné den chluiche ba thábhachtaí a shaothrú agus a chur chun cinn i gcónaí: an bua.
dathanna na Brasaíle á gcur ar aghaidh mhná gile the Brazilian colours being put on a white woman
" Gorm agus geal, buí agus uaithne =========== Tharraing mé grianghraf ag cearnóg Campo Grande a chuaigh i bhfeidhm orm go mór: dathanna na Brasaíle á gcur ar aghaidh mhná gile, a raibh cúpla bliain le cois an trí scór aici, ag fear gorm nach raibh an scór féin bainte amach aige.
ghreamáin Ghaeilge a chrochadh ar putting Irish stickers on
" Gníomh Beag le Déanamh, Coiscéim Bheag le Glacadh ========================= Ba mhór ab fhiú cuimhneamh ar ghreamáin Ghaeilge a chrochadh ar na carranna seo, carranna an Oireachtais, sa gcaoi go mbeidh na carranna ag tabhairt aghaidh abhaile i ndiaidh an Oireachtais agus an Ghaeilge le léamh go feiceálach ar a ndroim.
a cuireadh i bhfeidhm orainn which were put into effect on us
" Ní aontóinn le gach athrú a rinneadh sa cháinaisnéis ach sílim go ndearna an rialtas iarracht an leigheas anróiteach a scaipeadh go cothrom, go háirithe nuair a chuirtear san áireamh na hathruithe pianmhara a cuireadh i bhfeidhm orainn le cúig bliana anuas.
bhí mar aidhm aige múineadh a chur ar who intended to put manners on
" *’ Bhí macasamhail Elliot Ness ag na póilíní fosta a bhí mar aidhm aige múineadh a chur ar lucht an fhoréigin.
a crochadh ar which were put up on
" " Éachtaí YouTube ====== Ní ar an leibhéal áitiúil, áfach, ach ar scála domhanda is mó a bhí trácht ar a chuid oibre anuraidh: d'éirigh go héachtach leis na físeáin cheoil a rinne scoláirí Choláiste Lurgan agus a crochadh ar TG Lurgan, caineál YouTube an choláiste.
trí chloch meáchain curtha suas put on three stone weight
" Dúirt Jimmy go raibh sé thar a bheith sásta go raibh a théarma féin anois istigh nó go raibh trí chloch meáchain curtha suas aige le bliain anuas i ndiaidh dó freastal ar an oiread sin ócáidí tábhachtacha i siopaí caife de chuid Centra agus Londis agus Spar ó cheann ceann na contae.
is deacair do mhéar a leagan ar conas it’s hard to put your finger on how
" Le teacht an idirlín, tá cúrsaí athraithe go mór agus is deacair do mhéar a leagan ar conas a bheidh cúrsaí sna blianta amach romhainn.
Níl breith agam féinig ar I can’t put my finger on
" Níl breith agam féinig ar an easpa tuisceana ar chultúr atá le fáil sa phub, sa tacsaí, sa tsráid nó i ndorchlaí na cumhachta - laistigh nó lasmuigh d'Éirinn.
dá gcuirfinn mo cheann ar an duine were I to put my head on a person
" Ach dá gcuirfinn mo cheann ar an duine a bheas thart fós in am don teiliompróir, nó a chruthódh é fiú, chuirfinn ar Ray Kurzweil é.
chuirimis uisce ar na casáin we’d put water on the footpaths
" Dá mbeadh sioc á thuar chuirimis uisce ar na casáin a raibh fánaí géara leo agus bheadh sleamhnán iontach sciorrach againn an lá dár gcionn.
a chuir bun faoi which put … on a good footing
" Chomh maith, ba é Brown a bhain an cogadh idir an Airgintín agus an Bhrasaíl ar bunaíodh Uraguaí mar thoradh air agus a bhain cath ríthábhachtach a chuir bun faoi neamhspleáchas Buenos Aires.
An gcuireann siad meáchan orthu do they put on weight
" An gcuireann siad meáchan orthu? Cuireann.
chuirtí imeachtaí mar sin sin ar siúl events like that were put on
" Chun na rógairí a choimeád as achrann a chuirtí imeachtaí mar sin sin ar siúl, de réir dealraimh, ócáidí le haghaidh scliúchais is cearrbhachais agus ‘giota de conas tá t’athair’ mar a deir an Gall.