Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
Má chuirtear na struchtúir chearta i bhfeidhm if the proper structures are put in place
" Má chuirtear na struchtúir chearta i bhfeidhm, má thugtar neart cluichí dóibh, agus má bhíonn an t-ádh leo, d'fhéadfaidís an bua a fháil ar chontaetha láidre sa chraobhchomórtas.
ann ach go raibh sí ag cur cos amháin roimhe an cheann eile she was barely able to put one foot in front of the other (i.e. she was walking with difficulty)
" " Ní raibh Gerry ina shuí i gceart nuair is seo anuas an staighre Aoife, ann ach go raibh sí ag cur cos amháin roimhe an cheann eile.
mura gcuireann tú riail de chineál inteacht ar do shaol if you don't put your life in some sort of order
" "Ach mura gcuireann tú riail de chineál inteacht ar do shaol, ní bhfaighidh tú réiteach den mheáchan.
Chuir siad deireadh sa charr they put everything in the car
" Chuir siad deireadh sa charr agus ní raibh siad i bhfad ag tiomáint gur thit néal ar Eilís agus níor mhuscail sí arís gur mhothaigh sí siorradh fuar thart fá na murnáin.
sháraigh siad gach constaic a cuireadh rompu they overcame every obstacle put in front of them
" An bóthar fada, casta a thaisteal siad, deich gcluiche ar fad, ach sháraigh siad gach constaic a cuireadh rompu.
a chuireann a bheatha i mbaol who puts his life in danger
" Tá cáil ar Robert Fisk go hidirnáisiúnta mar iriseoir a chuireann a bheatha i mbaol in áiteanna a bhfuil coimhlint ar siúl iontu ar mhaithe le léargas cruinn a thabhairt don domhan ar a bhfuil ag tarlú ansin.
ag cur an daonlathais i mbaol putting democracy in danger
" “Níl na hionadaithe a thogh muid ag déanamh ionadaíochta ar ár son agus tá sin ag cur an daonlathais i mbaol,” ar sé.
iad a chur i ngníomh to put them in action
" * Gluais &#149; Glossary glúin nuaa new generation brívigour ag dul ó neart go neartgoing from strength to strength fiontar foilsitheoireachtapublishing enterprise cnuasach gearrscéaltacollection of short stories cé gur mhionnaigh Artairalthough Artair swore slíomairesmooth, flattering, hypocritically friendly person saint an ghoilethe greed of his stomach a chomhairle a athrúto change his mind ar fheabhas uiligabsolutely excellent osnasigh ar chúl an mhuinílbehind the neck muisiriúnmushroom ní réitíonn siad sin liom beag ná mórthey don&#148;t agree with me at all snaghiccups gráinnínpinch cainéalcinnamon síoltaseeds a sháith biaenough food ag cruthú rud úrcreating something new má thuigeann tú leat méif you know what I mean a sheachaintto avoid muiníntrust blastatasty ordóg coisetoe an iarraidh sinthis time cnapheap á ghreadadh go cúramachcarefully mixing it babhlabowl scilléadskillet shamhlaigh séhe imagined go díbhirceacheagerly subhachascheerfulness ag leathadhspreading geirfat bréanfoul doilighdifficult a chreidbheáilto believe ar leithseparately mar a thit rudaí amach domhow things worked out for me ní raibh dadaidh le fáilthere was nothing available i mo ghlacin my hand ag diúlsucking bhí an t-ádh dearg ormI was dead lucky dea-chumthashapely láchfriendly fialgenerous níor bhlais mé riamhI never tasted faic na ngrástnot a thing ag cuimilt a béilrubbing her mouth a mháshis thigh seanmóireachtpreaching greimbite iomrámention deisopportunity luachmharvaluable seanchaslore as ar fáisceadh iadfrom which they were wrought doilíssorrow, difficulty i leathchogarin a half-whisper iad a chur i ngníomhto put them in action seal beag gearra short period sa Nua-Shéalainnin New Zealand ina ghabhalcrotch ag sápressing críonmhíoltawood-worms corrachprojecting lorgashin damanta nimhneachdamn sore scoilteadh a chraiceannhis skin was split crá gan mhaolútorment without alleviation chun an tí bhigto the toilet ina gcuideachtain their company báisteach mhillteanachterrible rain foscadhshelter a bhaint amachto reach ag bleadaracht go díchéillíblattering senselessly scaiftecrowd ag casachtachcoughing breallánfool millteanach dóighiúilextremely pretty as miosúrextraordinary gan choinneunexpected blas searbha sour taste breis agus a sáithmore than her fill strambánachlong-winded smut féin den fhírinneeven a small bit of truth é a thionlacanto accompany him a bhéarfadh íthat would take her críochend gan mhórchuid náirewithout a lot of embarrassment gnóthachbusy straois léanmharwoeful grimace trína gruaig mhín bhánthrough her soft white hair sula bpléascfadh a lamhnánbefore his bladder would explode ag cogaint a spúnóigechewing the spoon déaraimislet us say drochnósannabad habits tuairimíopinions cogaíwars slí mhaireachtála fholláinhealthy way of life a mhealladhto coax a chuir fíorionadh uirthiwhich really surprised her ag cur tharstutalking away go díbhirceach dícheallacheagerly and diligently d&#146;fholmhaigh séhe emptied sásarsaucer doirtealsink thriomaigh éhe dried it slachtmhartidy á thionlacan féinaccompying himself sultmharenjoyable spídslander gan mhuirnwithout tenderness magairlítesticles nuair a dheifrigh Artair tharstu de léimwhen Artair hurried past them with a jump <t
eagar ceart a chur ar a saol to put their life in order
" Tá na mílte leabhar le ceannach sna siopaí na laethanta seo a bhfuil sé mar sprioc acu cur ar chumas daoine eagar ceart a chur ar a saol agus iad a chur ar bhealach a leasa.
printíseacht a chur isteach to put in an apprenticeship
" B’fhéidir go bhfóirfeadh sé don cheannaire úr printíseacht a chur isteach agus bail a chur ar bhuneagar an pháirtí ar an tuiscint go dtiocfaidís ar ais le móramh iomlán tar éis tréimhse ghairid a chaitheamh i mbun freasúra.
ag cur na ndordán i dtiúin. putting the drones in tune.
" Tosaíonn ag cur na ndordán i dtiúin.
curtha i dtaisce putting in a safe place
" Beidh an tAthair ag cur fainice ar dhaoine fá dtaobh d’aimhleas an óil, an Mac ag fanacht amach ón GAA - na Gaeilgeoirí Aeracha Aontaithe - agus an triúr acu ag iarraidh díchoimisiúnú a dhéanamh ar na bairillí breise Guinness a bheas curtha i dtaisce ar eagla na hEaglaise ag Gearóid Ó Mór Ghuth.
gan ár n-uibheacha ar fad a chur in aon chiseán amháin. not to put all our eggs in one basket.
" “Thángamar as an tsáinn áirithe sin,” a deir sé, “agus d’fhoghlaíomar ár gceacht gan ár n-uibheacha ar fad a chur in aon chiseán amháin.
Níl aon rud bainte amach ó thaobh an teanga a chur ar bhonn slán. nothing has been achieved to put the language in a safe position
" Níl aon rud bainte amach ó thaobh an teanga a chur ar bhonn slán.
céard a chuirfear ina áit. what will be put in its place
" Sula bhfágfaimid na lipéid cheirníní, áfach, caithfimid smaoineamh ar an mbéim a chuir na cinn ab fhearr ar an bpróiseas taifeadta, agus ceist a chur céard a chuirfear ina áit.
don bhéim a chuirtear ar an teaghlach i mBunreacht na hÉireann to the emphasis which is put on family in the Irish Constitution
" Rinneadh tagairtí rialta le linn na comhdhála don bhéim a chuirtear ar an teaghlach i mBunreacht na hÉireann agus i gconarthaí éagsúla idirnáisiúnta.
gan do bheatha féin a chur i mbaol. without putting your own life in danger
" Agus garchabhair á cleachtadh agat, is é an chéad rud a dtugann tú faoi ná measúnú a dhéanamh ar a bhfuil tarlaithe, gan do bheatha féin a chur i mbaol.
a chuirfí i bhfeidhm which would be put in place, into effect
" Shuigh sé féin agus an Graoisín síos le chéile agus d’oibrigh siad amach plean oibre a chuirfí i bhfeidhm dá bhfaigheadh Huck an jab mór &ndash; péindlithe le rith ina n-éadan siúd nach WASPS iad, céasadh ar an chros a thabhairt isteach mar phionós ar chraiceann a bhualadh, toitíní a chaitheamh, alcól a ól nó a dhíol nó a cheannach, agus vótaí a chaitheamh ar son Daonlathach.
a chur isteach i gciste to put in the fund
" Rinne Wallace bocht dearmad go raibh cead ag Caitlicigh dul isteach in Ardeaglais Phrotastúnach Phádraig i mBaile Átha Cliath, agus go raibh cead ag an Déan MacCarthy paidríní a chur ar díol ann ar mhaithe le cúpla euro a chur isteach i gciste na hArdeaglaise, dá mba mhaith leis.
daoine a chur i bpiolóid to put people in a pillary
" Níl sé dleathach a thuilleadh daoine a chur i bpiolóid le léasadh maith a thabhairt dóibh nó torthaí a chaitheamh orthu.
chás dlí a chur sa tsiúl putting in motion a court case
" B’éigean do Robinson gníomhú agus táthar ag caint ar chás dlí a chur sa tsiúl le go bhfillfear ar an leagan ar aontaigh an Tionól air.
a chur i gcrích put in place, into effect
" ” Na 7 gCumhacht Eisiach - Aimsigh riachtanas oideachais an phobail mhionlaigh - Caith maoiniú poiblí ar threorú agus ar scoileanna - Earcú agus stiúradh baill foirne múinteoireachta - Ainmniúchán agus stiúradh baill riaracháin - Beartaigh an curaclam - Breitheanna a chur i gcrích, treoir a thabhairt agus seirbhísí eile - Lonnú scoileanna mionlaigh a shocrú Dar leis an Dr.
chur i bhfeidhm to put in place
" Ní mór dúinn ciorruithe géara a chur i bhfeidhm, breis cánach a ghearradh and tuairisc ráithiúil a sholáthar d’ár n-iasachtóirí go bhfuil an toradh ceart ar ár gcuid iarrachtaí sula n-íocfar an t-airgead linn.
chur i bhfeidhm to put in place
" Níorbh fhada tofa é gur éirigh leis an beartas seo a chur i bhfeidhm.
a chur i bhfeidhm to put in place
" Nuair a thug Rodford iarracht leasuithe a chur i bhfeidhm chuir sé olc ar na heochróirí agus maítear gur chuir siad féin mionsonraithe an gobharnóra i gcillín McConville, a bhfuil dúnmharú an Chonstábla Steven Carroll curtha ina leith.
Dóchas a chur i to put my faith in
" Leisce orm Dóchas a chur i Dinny: =================== Tá Dinny Mc Ginley sa gcás céanna anois is a bhí Éamonn Ó Cuív i 1997: é roghnaithe ina Aire Sóisearach i gcomhrialtas nua, le freagrachtaí na Gaeilge is na Gaeltachta ar a ghualainn.
chur i bhfeidhm to put in place
" Tá ceist na pokies agus na gcearrbhach anó go mór i mbéal an phobail faoi láthair mar gheall ar thuarascáil de chuid an Productivity Commission ar Chearrbhachas, agus ar iarracht chonspóideach atá faoi chaibidil ag an rialtas cónaidhme córas nua náisiúnta a chur i bhfeidhm le gealltóireacht ar na meaisíní a riaradh.
chur i gcarcair to put in jail
" 
Ach bhí poblachtánaithe gníomhacha ina measc seo, rud a cothaigh nimh san fheoil ag na póilíní a bhí ag iarraidh na fir seo a chur i gcarcair agus chonaic baill den RUC Rosemary Nelson mar chonstaic.
cuireadh ar bun put in place
" Bhí iniúchóir ó na Náisiúin Aontaithe buartha go raibh sí i gcontúirt mhór ach, de réir an fhiosrúcháin a cuireadh ar bun lena dúnmharú a iniúchadh, níl fianaise ar bith ann go raibh claonpháirteachas idir an RUC agus na dílseoirí a shíob an carr a raibh sí ann ach níor thug an RUC cosaint ar bith do Rosemary agus a fhios acu go raibh sí i mbaol.
chuir an lasair sa bharrach put the fat in the fire
" An rud a chuir an lasair sa bharrach ná gur baineadh feidhm an cheannaire de Terry agus tugadh suaitheantas an chaptaein do Steven Gerrard, Learphollach, fear atá sách ciúin ann féin agus nach raibh an tóir chéanna aige ar an bpoiblíocht agus a bhí ag Terry.
leagtar i gcorcán put in a pot
" Ní chuirtear aon bhall dá ballaibh amú agus an buille maraithe buailte: beirítear na cluasa, mar shampla, leagtar i gcorcán le glasraí iad dá éis, agus dáiltear sin mar réamhghoblach, nó tapa.
cuireann sé nithe i gcomhthéacs puts things in context
" Faireoga a Mhúscailt ====== Tá cumhacht athnuachana ag an ngáire agus cuireann sé nithe i gcomhthéacs dúinn – go háirithe na fadhbanna sin a bhfuil an chuma orthu nach féidir iad a leigheas.
chuir sé an t-eagras sin ar bonn he put that organization in place
" Tháinig lagú ar an nGaeilge ó na ficheadaí i leith anuas go dtí, abair aimsir na n-ochtóidí nuair a tháinig Údarás na Gaeltachta isteach agus Donncha Ó Gallchóir, chuir sé an t-eagras sin ar bonn.
cuir naisc put in links
" Mar sin roinn bhur bhfíseáin leis an saol mór, ar Twitter, Facebook agus cuir naisc chuig na físeáin i nuachtlitreacha agus ar gach r-phost.
leis an teanga a chur ar a cosa i measc an phobail to put the language on a good footing in the community
" Ba léir don Rinneach áfach nach gcabhródh an cur chuige docht seo leis an teanga a chur ar a cosa i measc an phobail.
beatha imreora eile a chur i mbaol put another player’s life in danger
" Glactar le prionsabal i gcúrsaí spóirt nach cóir gníomhú in aon slí atá ródhíbhirceach a d’fhéadfadh beatha imreora eile a chur i mbaol.
mhúnlú le haghaidh alt irise put into shape for an article in a magazine
" Tá oiread ábhar sa tsaol is féidir a scagadh, a scríobh agus a mhúnlú le haghaidh alt irise ar na saolta seo go dtig liom a mhaíomh go bhfuil mic léinn na meán millte.
D’éirigh leo na beartais seo a chur i bhfeidhm they succeeded in putting these plans into force
" D’éirigh leo na beartais seo a chur i bhfeidhm cionn is gur ghlac an pobal le brí an áitimh a bhí taobh thiar díobh, ’sé sin, go bhfuil calaois go forleathan maidir le sochar leasa shóisialaigh, agus go gcuirtear an-chuid airgid amú ar dhaoine nach bhfuil sásta obair a fháil de bharr gur rathúla ar fad iad gan post a fháil.
cuireadh aigneolaí óg airm ina cheann a young army psychiatrist was put in charge of him
" Éireannach ar m’aithne a mharaigh sibhialtaigh i Libia in am Idris, tugadh ar ais go Sasana é, d’ainneoin iarrachtaí póilíní na Libia, agus cuireadh aigneolaí óg airm ina cheann.
córais chearta rialacháin agus sábháilteachta a chur i bhfeidhm to put proper systems of regulation and safety in place
" Mar sin, ní thiocfaidh feabhas mór ar choinníollacha oibre sna tíortha bochta go mbí na rialtais s’acu in ann córais chearta rialacháin agus sábháilteachta a chur i bhfeidhm.
curtha go dleathach san eangach put in the net legally
" Bhí sé oibrithe amach go stairiúil agam go mbíonn cluiche amháin as gach 12 cluiche, thart air, a chríochnaíonn gan aon liathróid a bheith curtha go dleathach san eangach ag ceachtar den dá fhoireann.
a fhéachann le daoine atá ar seachrán óna chéile a chur a dteagmháil arís which tries to put people in contact who have be estranged from each other
" Searc nach Searcfar ======= I ndiaidh blianta fada agus Luigi anois ina bhaintreach, shocraigh sé scríobh chuig an chlár teilifise Rúiseach, ‘Zhdi Menya’ (‘Fan Liom’), a fhéachann le daoine atá ar seachrán óna chéile a chur a dteagmháil arís.
drong míleata curtha i gcumhacht mar chomharba air a military junta put in to replace him
" Anuas air sin, rinne an CIA buíonta frith-Árbenz a armáil is a shlógadh agus faoi lár 1954 bhí Árbenz éirithe as mar uachtarán agus drong míleata curtha i gcumhacht mar chomharba air.
le loinnir a chur ina shúil nimhe aonair to put a sparkle in his one poisonous eye
" Ar Son na Drúise ======= Den chéad uair le trí scór bliain fuair Balor bearradh gruaige, agus cheannaigh sé buidéal Optrex le loinnir a chur ina shúil nimhe aonair.
chuir sí iarratas isteach she put in an application
" Faoi cheann tamaill, bhí sí ag iarraidh bogadh go Baile Átha Cliath agus chuir sí iarratas isteach do RTÉ mar aisteoir glór.
beartais úra curtha i bhfeidhm new policies put in place
" Cé go raibh beartais úra curtha i bhfeidhm ag na Gardaí ó shin, d'admhaigh an Coimisinéir go mb'fhéidir go raibh ceachtanna le foghlaim go fóill faoin mhéid a tharla san am atá caite.
chuir sé isteach ina chlab mór iad he put them in his big mouth
" Tháinig Dinny ar an tsaol seo le dhá chois ar a cholainn, agus cosa breátha móra atá iontu, bail ó Dhia orthu, nó is minic a chuir sé isteach ina chlab mór iad; agus cé gur fhoghlaim Dinny go hóg ina shaol an dóigh le seasamh ar a dhá chois féin, is léir go bhfuil an cumas sin caillte aige anois.
ag iarraidh rud éigin ciallmhar a chur ann trying to put something sensible in it
" Mar sin, bhí Comhairle na Cathrach ag iarraidh rud éigin ciallmhar a chur ann, agus le Manchester United agus City ag mealladh na mílte cuairteoirí chun na cathrach gach seachtain, nach mbeadh a lán custaiméirí ann d'iarsmalann sacair? Bhí an ceart acu.
i gcrích (put) in place
" Dúirt na húdaráis go mba fianaise thar a bheith tábhachtach iad na pictiúir sin den togra cinedhíothaithe a chuir na Naitsithe i gcrích agus, dá bhri sin, gur gné riachtanach d’oidhreacht chultúrtha an domhain i gcoitinne iad.
Thiocfadh le siúlóirí sléibhe borradh a chur faoi walkers could put growth in
" com* go bhfuil siadsan ag seachaint na ceiste seo: cuireann siadsan béim ar Slí an Atlantaigh Fhiáin - is é sin, do charr a thiomáint thart ar an chósta! Thiocfadh le siúlóirí sléibhe borradh a chur faoi gheilleagar turasóireachta na tíre go tapa.
chur ar bun to put in place (structures)
" Is Treise Dúchas, ach Is Gá Oiliúint =========== Ach níos tábhachtaí ná na tosca thuasluaite ab ea cinneadh a thóg Aontacht Gailf na hÉireann (GUI) thart ar scór blianta ó shin struchtúir a chur ar bun a chuirfeadh ar chumas daoine óga caighdeán ard i scileanna an ghailf a bhaint amach.