Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
gcáin mhaoine property tax
" Sna Stáit Aontaithe íocann na bailte agus na cathracha costas na scoileanna as a gcáin mhaoine.
mhaoin property
" Lena chois sin, ba cheart don Eaglais luí isteach ar mhaoin a dhíol le ciste cúitimh a chur ar fáil do na daoine a bhfuil dochar déanta dóibh.
cearta sealúchais rights of property
" Maidir leis an stát seo, tá bunreacht againn ó 1937 a thugann cosaint do go leor cearta daonna, mar shampla cearta sealúchais, agus a deir "gurb ionann ina bpearsain daonna na saoránaigh uile i láthair an dlí.
chánacha maoine property taxes
" Lena chois sin, thosaigh go leor úinéirí tí Éireannacha atá ina gcónaí taobh amuigh de Manhattan ag casaoid nuair a léirigh Bloomberg tacaíocht do chánacha maoine mar chuid den iarracht buiséad Nua-Eabhrac a chomhardú.
ag sárú chearta sealúchais an duine infringing the person's property rights
" Bheidís, dúradar, ag sárú chearta sealúchais an duine, atá leagtha síos sa Bhunreacht.
maoine property
" Ó ceannaíodh Eircom beagnach dhá bhliain ó shin tá cuid mhaith maoine, idir fhoirgnimh agus thalamh, díolta ag an gcomhlacht.
sealúchas property
" Mórcheisteanna ======= Go luath an bhliain seo chugainn creidtear go bhfoilseoidh Coiste Uile-Pháirtí an Oireachtais ar an mBunreacht a dtuarascáil maidir le sealúchas.
ní raibh aon cheo eile sealúchais ag Peadar Mháirtín Peadar Máirtín had no other property
" Arae cé is móite dá bhothán tí agus d'iothlainnín garraí, ní raibh aon cheo eile sealúchais ag Peadar Mháirtín.
maoin intleachtúil intellectual property
" Maidir le SAM, is éard is mó a bhí uathusan ná margadh níos fearr san Astráil dá gcuid seirbhísí agus maoin intleachtúil.
cúrsaí sealúchais property matters
" Le breis agus bliain anuas bhí Coiste Uile-Pháirtí an Oireachtais ar an mBunreacht ag breathnú ar na hailt sa bhunreacht a bhaineann le cúrsaí sealúchais agus ag tús na míosa seo caite sheol an Príomh-Aoire Mary Hanafin a dtuarascáil.
agus ár maoin a scrios and to destroy our property
" Mar sin, tá sé furasta acu clocha a chaitheamh orainn, agus buamaí peitril a chaitheamh ar ár dtithe, nó *graffiti *maslach a chur ar ár dtithe, agus ár maoin a scrios.
mhaoin Ghiúdach Jewish property
" Is billiúnaí é an bailitheoir ealaíne Freidrich Christian Flick, agus garmhac agus oidhre Friedrich Flick (1883-1972), duine de phríomhdhéantóirí arm na Naitsithe, ar gearradh téarma príosúnachta seacht mbliana air i 1947 as coireanna éagsúla a dhéanamh, ina measc sclábhaithe a úsáid ina chuid monarchana, agus seilbh a ghlacadh ar mhaoin Ghiúdach.
forbróir maoine property developer
" Ba iad comhairleoirí an Chomhaontais Ghlais a mhol an scéim seo; ar dtús, bhí roinnt amhrais ar dhaoine faoin smaoineamh, ach tá an caighdeán nua seo glactha ag forbróir maoine amháin cheana féin, rud a chruthaíonn go bhfuil sé réasúnta.
airnéis personal property
" Fuair Shaun Greenhalgh a chuid smaointe as seanchatalóg a tháinig as Silverton Park - eastát Iarla d'Egremont - a rinne cur síos ar an airnéis a bhí á ceantáil ar an eastát sa bhliain 1892.
forbróir réadmhaoine property developer
" Ar a laghad, bhí conspóid éigin ann nuair a fuarthas amach go raibh daimh idir na Paisleys, *pere et fils*, agus an forbróir réadmhaoine Seymour Sweeney, ball den DUP.
réadmhaoin agus ar airnéis phearsanta personal property
" Cad é a ritheann leat nuair a smaoiníonn tú ar ealaíontóirí graifítí? An aontaíonn tú leis an tuairim gur ealaíontóirí iontu féin iad, nó an dóigh leat gur lucht scriosta a dtimpeallachta iad? An samhlaíonn tú iad mar dhéagóirí míshocra le *hoodies* a bhíonn ag spraeáil a gcuid teachtaireachtaí rúnda i gcoim na hoíche ar réadmhaoin agus ar airnéis phearsanta daoine eile, nó an é gurbh fhearr leat amharc orthu mar ealaíontóirí réabhlóideacha a bhfuil a racht ealaíonta á scaoileadh acu ar bhallaí sráide – iad saor ó shrian na ndánlann agus ó shúile an phobail? An dóigh leatsa gur ealaín luachmhar phoiblí é graifítí a bhfuil sé de chumas aige rud éigin suntasach a léiriú faoinár sochaí, nó an síleann tú gur creachadóireacht leithleasach é a bhíonn á cleachtadh ag daoine nach bhfuil aon mheas acu ar a dtimpeallacht nó ar na daoine a bhfuil cónaí orthu mórthimpeall orthu? Is éard atá i ngraifítí ná litreacha nó íomhánna a scríobtar, a spraeáiltear nó a phéinteáiltear in áit phoiblí.
réadmhaoin property
" An nóiméad a thuirling an t-eitleán in Malaga, bhí teocht ní ba theo le brath san aer – bhí mé sna flaithis! Nuair a d’fhág mé an t-aerfort, bhí fostaí de chuid an chomhlachta réadmhaoine a raibh socrú déanta agam leis ag fanacht orm.
fostaí de chuid an chomhlachta réadmhaoine an employee of the property company
" An nóiméad a thuirling an t-eitleán in Malaga, bhí teocht ní ba theo le brath san aer – bhí mé sna flaithis! Nuair a d’fhág mé an t-aerfort, bhí fostaí de chuid an chomhlachta réadmhaoine a raibh socrú déanta agam leis ag fanacht orm.
ag díol maoin intleachtúil selling intellectual property
" Tugtar “an geilleagar eolasbhunaithe” ar an choincheap seo, agus is éard atá i gceist leis sin ná go mbeidh geilleagar na hÉireann ag cur seirbhísí ardteicniúla ar fáil nó ag díol maoin intleachtúil i réimsí áirithe ar nós na cógaisíochta, an airgeadais agus na teicneolaíochta.
Réadmhaoine property
" * Cáin ar Liúntas Leanaí, Cáin Réadmhaoine agus Cáin ar Charbón fógartha don mbliain seo chugainn.
n-amhantraithe réadmhaoine the property speculators
" Ní fearg agus fonn díoltais an phobail i leith na mbanc, na n-amhantraithe réadmhaoine, na forbarthóirí tógála, príomhstiúrthóirí na mbancanna, ciorcal órga na droinge damanta sin uilig a theilg sinn isteach i lár na bualtraí agus a tharraing an buiséad is déanaí seo ina sciúirse dubh aniar aduaidh orainn - ní sin an t-aon comhthéacs amháin do bhuiséad peannaideach Uí Lionnacháin.
Is Réidh le Cách Stiall den Duine Eile everyone is generous with other people's property
" Is Réidh le Cách Stiall den Duine Eile Ar bealach sin ceann de na fáthanna a cheapaim go bhfuil pointe ag Nicholas Carr.
maoin intleachtúil intellectual property
" Agus nuair a chuirtear an t-eolas i bhfeidhm, is minic go mbíonn fadhbanna le maoin intleachtúil.
cearta maoine property rights
" Fite fuaite le ceist an phósta bhí cearta maoine na hEaglaise.
bua buan tarchéimnitheach constant transcendental property
" Chuir iarsmaí agus corp céasta caomhnaithe an naoimh dea-scéal na Críostaíochta go neamhbhalbh in iúl don phobal go raibh bua buan tarchéimnitheach le baint as bás mairtírigh ar son Chríost agus go mairfeadh an corp céasta briste faoi ghlóir i gcuideachta chorp aiséirithe Chríost.
bolgán sealúchais a property bubble
" Shéid na rachmasóirí seo, a bhfuil sé mar ghnás acu dul i bhfiontar le hairgead daoine eile, bolgán sealúchais a phléasc go tubaisteach i 2008, agus a d'fhág daoine fud fad an domhain gan choigealtais, gan phoist, gan díon os a gcionn, agus gan dóchas.
sealúchas property
" Cheannaigh dream in Ontario darbh ainm "Cumann na Gaeltachta" sealúchas i ndeisceart an chúige sin agus bhunaigh Gaeltacht ann sa bhliain 2007.
shealúchas ollmhór glas a large green property
" Bhuaileamar bóthar an lá dár gcionn, agus taobh istigh d’uair an chloig bhí ceann de na háiteanna ab áille ar domhan sroichte againn – teach dísirt Loretto Mary Holme ar shealúchas ollmhór glas os cionn Loch Simcoe i mbaile beag darb ainm Keswick.
a chuid sealbhúchas a chosaint to protect his property
" Ar an láimh eile, aithnítear cead an úinéara a chuid sealbhúchas a chosaint ó thréaspas agus ó aon dochar a bhféadfadh a tharlú dá réir.
líon na n-ionsaithe ar réadmhaoin the number of attacks on property
" Léiríonn figiúirí sa tír seo ón Gharda Síochána go dtáinig titim ar líon na ndúnmharuithe, ar líon na n-ionsaithe ar réadmhaoin, agus ar líon na n-ionsaithe foréigneach idir 2007 agus 2011.
bourgeois property owners
" Ba ghráin léi na sóisialaithe a shíolraigh ón meánaicme bourgeois, daoine cosúil le Denis Healey, Tony Benn agus Roy Jenkins.
cúrsaí infheistíochta agus sealúchais matters of investment and properties
" Ag an am, bhí athruithe ar bun maidir le cúrsaí infheistíochta agus sealúchais.
Mhaoin Bharra an Teampaill Temple Bar Properties
" Tá sé bliain anois ó ceapadh Dermot McLaughlin, an ceoltóir as Doire, mar Phríomhfheidhmeannach ar Mhaoin Bharra an Teampaill.
chúrsaí sealúchais matters relating to property
" Tá Dónall Ó Maolfabhail den tuairim go leanfaidh praghas na dtithe ag ardú in Éirinn, fiú má chuireann an rialtas i bhfeidhm moltaí coiste dá chuid atá tar éis tuarascáil a fhoilsiú ar chúrsaí sealúchais.
Mhaoin Bharra an Teampaill Temple Bar Properties
" Tá baint ag Alastar Mac Aongusa ó Mhaoin Bharra an Teampaill i mBaile Átha Cliath le comhdháil idirnáisiúnta a bheas ar siúl sa Bhreatain Bheag an mhí seo chugainn agus é mar sprioc aici comhoibriú a chothú idir ealaíontóirí agus eagraíochtaí cultúrtha ar an dá thaobh de Mhuir Éireann.
réadmhaoin property
" Cé nár cheannaigh sé réadmhaoin sa deireadh, fuair sé léargas suimiúil ar an áit, agus ar chleachtais tréandíola na ngníomhairí eastáit.