Sa chéad dul síos, cé leis í? Cé atá i dteideal athrú a dhéanamh? Cén fáth? Cén íomhá den tír atá á cur chun cinn ag bratach? Agus i gcás na Nua-Shéalainne, cén bhaint atá acu anois leis an mBreatain?
Is dócha gur maith an rud é féiniúlacht a cheistiú, agus mar a dúirt duine sa lucht éisteachta ansin, ba cheart do chuile shaoránach an rud a phlé, ní hamháin
an Ríchomhairle.