Strapaire fir, a mhatáin teannta, a shúile ag stánadh roimhe, a fhiacla druidte, bata i lámh amháin, an lámh eile ar nós sealgaire ag tarraingt a chreiche.
Ach ba chuma leis an duine a bhí taobh thiar den ghunna; bhí seisean (nó sise) fós in ann grianghraif a thógáil de nó di féin leis an tseilg, agus fós in ann scéalta móra a inseacht dá c(h)airde faoi.