mar bhronntanais
as presents
Agus mé ag fágáil theach Mhairéad, mo sháith ite agam agus dhá dhlúthdhiosca i mo sheilbh a bhronn sí orm
mar bhronntanais, rith sé liom gur duine í a mbeadh a leithéid de mholadh níos tábhachtaí di ná moll mór airgid ó Virgin Records nó ceolchoirm mhór eile sa Hollywood Bowl.
a bhronnadh
to present
Dhíol siad éadaí, bréagáin agus earraí tí, rud a d'fhág go raibh siad ábalta seic $750
a bhronnadh ar fhoireann Mary's Center.
féirín
present
Is é sin go dtagann
féirín beag deas chugat isteach tríd an mbosca litreach.
stíl láithreoireachta
presenting style
"Nílim céad faoin gcéad sásta le mo
stíl láithreoireachta.
bíonn bronntanais á dtabhairt
presents are given
De ghnáth, ag an am seo den bhliain,
bíonn bronntanais á dtabhairt agus á bhfáil.
féiríní
presents
Ach le breis agus bliain anuas tá eitleáin ag tabhairt cuairte ar an tír seo gach mí agus ag iompar
féiríní a mbeadh an tír níos fearr as gan iad.
bronntanas fiúntach
worthwhile present
An bhfuil éinne amuigh ansin atá sásta ceann a chur ar bun?
Idir an dá linn, lig dom fógra beag uaim féin a chraobhscaoileadh: ná bac leis na siopaí an Nollaig seo, cuir
bronntanas fiúntach chuig do ghrá geal agus cabhraigh le teaghlaigh bhochta sna tíortha neamhfhorbartha.
láithreoireacht
presenting
Tá sé sin ag tarlú ní hamháin mar gheall ar a fheabhas is atá an clár, ach mar thoradh ar
láithreoireacht Hector Uí Eochagáin chomh maith.
cur i láthair
the presenting of
Agus tá an rud céanna fíor maidir le tráchtaireacht ar chúrsaí spóirt,
cur i láthair na nuachta agus na haimsire, cláracha faisnéise agus araile.
i láthair
present
Bhí Gina Adair, bean chéile Johnny "Mad Dog" Adair, agus a triúr páistí ina gcodladh ag an am, agus bhí na póilíní
i láthair cúpla nóiméad tar an ionsaí.
a cuireadh faoi bhráid an Rialtais
which was presented to the Government
"
Mar gheall ar an easpa ama, bhí an tuarascáil féin (
a cuireadh faoi bhráid an Rialtais i mí an Mhárta 2002) b'fhéidir níos giorra ná mar a theastaigh uathu í a bheith, ach ar a laghad tá sí ann anois mar phointe tosaigh d'aon fhorbairt eile.
bhronnadar deiseanna scórála
they presented scoring chances
Ach ina áit sin rinne siad feall i ndiaidh fill agus iad faoi bhrú sa tréimhse dheireanach, agus
bhronnadar deiseanna scórála ó phocanna saora ar Loch Garman.
prontannas
present
Iad sin uilig agus, ar ndóigh, déarfaidh mé arís é, mo thuismitheoirí a thug
prontannas an cheoil dom sa chéad dul síos.
féirín iontach Nollag
a great Christmas present
Leabhar álainn clóbhuailte, arna fhoilsiú ag Cannongate (
féirín iontach Nollag do chara a síleann tú cuid mhór de), an dara toradh, agus an comhoibriú leanúnach idir ealaíontóirí sa dá thír a d'eascair as an tionscadal an tríú toradh agus, i ndeireadh na dála, b'fhéidir, an toradh is luachmhaire agus is buaine.
bronntanas
present
Agus léirítear seó speisialta, ina dtagann Santa anuas an simléar agus glaonn sé ar achan pháiste ina ainm féin le
bronntanas a thabhairt dó.
ag déanamh a mhór do bhronntanas Aindí
praising Aindí's present
"Óch,
ag déanamh a mhór do bhronntanas Aindí atá muid," arsa Frank.
bronntanas
present
Is é an rud a tharla agus an fáth go bhfuil conspóid ann ná gur thug cúpla cara leis, ar fir ghnó iad a bhfuil infheistíocht mhór curtha acu i Man U PLC, thugadar nó thug duine acu (nílim cinnte)
bronntanas dó.
ag cur i láthair
presenting
Bhí mé
ag cur i láthair cláir ansin de cheol as Galicia, ar ar thug mé "Gaita".
bhíos i láthair
I was present
Bhí an tOireachtas ar siúl i nGaillimh an bhliain sin agus
bhíos i láthair i ról oifigiúil, mar ionadaí de chuid An Chomuinn Ghàidhealaigh, eagraíocht in Albain a chuireann tacaíocht ar fáil do theanga agus do chultúr Gàidhlig na tíre.
clár dátheangach a chur i láthair
to present a bilingual programme
AÓF: Cad as a dtáinig an smaoineamh an chéad lá riamh?
JMcB: Nuair a tháinig Raidio Phobal Inis Eoghain ar an aer ceithre bliana ó shin iarradh orm féin
clár dátheangach a chur i láthair.
chuir sé i láthair
he presented
Taighde ar chaitheamh fulangach
=======
Thug Maurice Mulcahy léacht don UK Environmental Health Officers Conference in Bournmouth anuraidh agus
chuir sé i láthair an t-eolas a fuair sé ón taighde a rinne sé ar chaitheamh fulangach.
féirín gan choinníoll
present with no conditions
Ach murab ionann agus an t-airgead ar fad a caitheadh ar an tseirbhís sláinte le blianta anuas, ní
féirín gan choinníoll a bhí ann mar go raibh athrú cleachtais ceangailte leis.
bronntar plaiceanna
plaques are presented
Gach bliain sa scoil s'againne fógraítear réaltaí peile agus iomána na bliana agus
bronntar plaiceanna ar na buaiteoirí ar an lá a bhronntar duaiseanna eile na scoile.
bronntanas luachmhar
valuable present
An bhfaighidh Údarás Aerfort Bhaile Átha Cliath (Aer Rianta mar a bhí) an
bronntanas luachmhar seo? Nó an mbeidh críochfort príobháideach ann agus é in iomaíocht leis an bhfoirgneamh atá ann anois (rud a chuirfeadh gliondar ar chroí crua Mhíchíl Uí Laoire, atá ag lorg a leithéid – go glórach – le fada)? Nó an dtiocfar ar chomhréiteach, agus an mbeidh comhlacht príobháideach ag reáchtáil an chríochfoirt agus é ar cíos aige ón Údarás?
Níor chabhraigh an phraiseach i gcúrsaí slándála le déanaí le cás an Údaráis, agus níor chabhraigh nochtadh a fhiacha ach an oiread, ach níl an bhean ramhar ag gabháil fhoinn fós agus ba chróga an té a chuirfeadh a phinsean ar gheall go bhfágfar Údarás Aerfort Bhaile Átha Cliath as an gcluiche go huile agus go hiomlán.
ag láithriú
presenting
Shíl mé go raibh na cláracha beo a raibh muid ag plé leo, go raibh siad sin an-spéisiúil, go raibh duine amháin
ag láithriú an chláir lá amháin agus go mb’fhéidir go mbeadh an té sin an chéad lá eile i mbun na fuaime nó rud éigin sa stiúideo.
tú féin a chur i láthair
to present yourself
“Ar líne, is féidir leat
tú féin a chur i láthair mar atá tú i ndáiríre, gan an imní shóisialta a bhrath a bhíonn i gceist agus tú ag iarraidh déanamh amach cén dóigh a bhfuil tú ag dul i bhfeidhm ar dhuine.
á cur i láthair
being presented
Mar chlár teilifíse, ní thiocfaí a rá go bhfuil mórán stíle nó cruthaitheachta ag baint le “Rip-Off Ireland”, ach sa chás áirithe seo is í an teachtaireacht atá á tabhairt, seachas an tslí a bhfuil sí
á cur i láthair, atá ag spreagadh daoine chun díospóireachta.
a dháil na bronntanais
who distributed the presents
In áiteanna eile san Eoraip ba é an Christkindlen
a dháil na bronntanais in áit Niocláis agus ba dhuine beag darbh ainm Pelznickel (nó Nioclás gléasta i bhfionnadh, mar a thugann an t-ainm le fios) a chuidigh leis.
féiríní
presents
Tá roinnt dá chuid
féiríní ceannaithe aige cheana féin.
féiríní
presents
“Sin mar a bhíonn tús achan bhliana,” a dúirt sé go smúitiúil, agus é ag amharc ar phictiúr Bhertie Uí Hernia sa *Sindo*, é faoi mhuincí fada bláthanna cumhra na hInde, maithe agus móruaisle na háite ag bronnadh
féiríní air, mná áille na tíre sin ag umhlú dó, laochadhradh ag lonrú ina súile lasta, agus cuma ar Rí na hÉireann gurbh fhearr go mór leis bheith ina sheasamh ag beár Pagan’s Pub i nDroim Conrach.
féiríní a bhronnadh
to bestow presents
Bhí an chosúlacht ar an scéal go raibh na hairí Stáit ag sáraíocht ar a chéile ag iarraidh
féiríní a bhronnadh ar a gcuid dáilcheantar.
a gcuid saothar a chur i lár an aonaigh.
to present their works to a wide audience.
Is mór an deis a thabharfaidh IMRAM d'fhoilsitheoirí agus d'údair na Gaeilge
a gcuid saothar a chur i lár an aonaigh.
dá mbronnfaí bronntanas bláthanna ar ócáidí speisialta
if flowers were presented on special occasions
Ní ábhar iontais a bheadh ann
dá mbronnfaí bronntanas bláthanna ar ócáidí speisialta mar laethanta breithe ach fiú muna mbíonn i gceist ach bualadh isteach chuig cara, ní haon rud thar an gcoitiantacht é táth breá bláthanna bheith ina ghlac ag Polannach.
bronntanas
present
Nollaig amháin bhuail m’aintín Deirdre agus m’uncail Bobby anall chugainn le
bronntanas a thabhairt don chlann – albam úr na Boomtown Rats, *Tonic For The Troops*.
mar bhronntanas
as a present
Is breá liom an bhríomhaireacht atá ina chuid amhránaíochta freisin, an spréach atá aige!
AÓF: An tú féin a cheannaigh iad seo nó an bhfuair tú
mar bhronntanas iad?
TM: Fuair mé *The Dusty Miller*
mar bhronntanas agus cheannaigh mé an ceann eile.
bhronn a bhaintreach Sheila an trófaí ar na buaiteoirí,
his widow Sheila presented the trophy to the winners,
Bhí beirt mhac de chuid Peel, William agus Thomas, ar fhoireann amháin agus
bhronn a bhaintreach Sheila an trófaí ar na buaiteoirí, Cream, i The Picket, roimh cheolchoirm le Pete Wylie agus The Mighty Wah!
“Ceann de na spriocanna atá againn ná daoine a thabhairt le chéile tríd an cheol,” a dúirt Phil liom agus ba é Billy Bragg an chéad cheoltóir a sheinn sa Picket nua i mí Feabhra 2006 mar chuid de Hope not Hate, camchuairt in aghaidh an chiníochais.
cur i láthair cláracha teilifíse
presenting television programmes
Mar a fuair mé amach, áfach, ní hé
cur i láthair cláracha teilifíse an t-aon phost amháin atá ag an bPolannach óg seo.
go mbeidh clár as Béarla á chur i láthair aici
that she'll be presenting an English programme
Meallaim uaithi
go mbeidh clár as Béarla á chur i láthair aici ar City Channel sna seachtainí amach romhainn.
an leadránaí a bhíonn á chur i láthair,
the bore who presents it,
Agus cé a d'aithneoidh an difear idir damhsa na Rúise agus an stuif a théinn amach beo ar *Steip* gach bliain? Ní bheidh a fhios ag Joe Ó Doornail,
an leadránaí a bhíonn á chur i láthair, ar scor ar bith.
i láthair.
present.
Líontar staid pheile Olscoil Michigan in Ann Arbor gach Satharn imeartha freisin – bíonn 110,000 duine
i láthair.
a bheith i láthair
to be present
Ba é *ethos* na scoile ná gur scoil rugbaí í agus go mbeadh sé mar dhualgas agus mar phribhléid
a bheith i láthair dá roghnófaí tú d'fhoireann na scoile.
conas iad féin a chur i láthair
how to present themselves
Dar leo, ní thuigeann na deartháireacha Kaczynscy
conas iad féin a chur i láthair os comhair an phobail agus os comhair mheáin chumarsáide an domhain shibhialta.
mar bhronntanas scoir.
as a retirement present
Fear nach raibh barúil ina cheann aige faoi roghnú imreoirí nó iad a chur in áit cheart ar an pháirc imeartha, agus fuair sé €700,000
mar bhronntanas scoir.
i láthair
present
Bhí dlúthbhaint agam le formhór na maruithe a ndearna mé cur síos orthu sa leabhar – bhí mé ag scríobh faoi íospartaigh a raibh mé cairdiúil leo, a ndearna mé tuairisciú ar a ndúnmharú nó a raibh mé
i láthair ag a sochraid.
a gcuid ceoil a chraobhscaoileadh
to disseminate their music, ie to present their music to the public
a gcuid ceoil a chraobhscaoileadh de réir mar is mian leo, ag aon am is mian leo .
i láthair
present
Bhí roinnt saineolaithe dlí
i láthair ag an gcomhdháil i gCorcaigh a cháin an sainmhíniú cúng ar theaghlach.
bronntanais Nollag
Christmas presents
Ach rinne siad dearmad gurb é seo an cineál eolais atá príobháideach de ghnáth – eolas atá níos rúnda fós agus
bronntanais Nollag á gceannach ag daoine.
bronntanais Nollag
Christmas presents
Ach rinne siad dearmad gurb é seo an cineál eolais atá príobháideach de ghnáth – eolas atá níos rúnda fós agus
bronntanais Nollag á gceannach ag daoine.
i láthair
present
Bhí slua mór Éireannach
i láthair agus sé nó seacht scáileán teilifíse timpeall an tí sa chaoi is go raibh radharc breá ag gach duine ar an gcluiche.
bronntanas
present
Is
bronntanas é, cinnte, ach níl sé iontach maith.
leis an tsraith a chur i láthair,
to present the series,
Ba é sin an fáth ar roghnaigh mé Neelo (Niall MacDonagh, láithreoir teilifíse a bhíonn le feiceáil ar TG4)
leis an tsraith a chur i láthair, mar go bhfuil Gaeilge Bhaile Átha Cliath aige.
chuir sí cineálacha éagsúla cláracha i láthair
she presented various kinds of programmes
Rinneamar féin an tiomáint agus bhí muid inár *roadies* chomh maith!”
Chaith Carrie cúig bliana, 1991 go 1996, le WLR FM agus
chuir sí cineálacha éagsúla cláracha i láthair le linn na tréimhse sin, clár bricfeasta, clár ealaíon agus clár cúrsaí reatha ina measc.
leis an Chomórtas Amhrán Eoraifíse a chur i láthair
to present the Eurovision Song Contest
Roghnaigh an stáisiún í
leis an Chomórtas Amhrán Eoraifíse a chur i láthair i gcuideachta an amhránaí Ronan Keating i 1997, agus mheall an clár áirithe sin lucht féachana de níos mó ná 300 milliún duine ar fud na hEorpa.
i láthair
present
Ansin bhí daoine níos óige ná iad sin
i láthair agus daoine i bhfad ní ba shine a bhí tógtha leis an cheol traidisiúnta.
i láthair
present
Bíonn níos mó oifigeach ná sin ar fhoireann tacaíochta na bhfoirne idirchontae, ach ní bhíonn siad ar fad
i láthair ag na cluichí.
dá gcuirfí os a gcomhair i bhfoirm reifrinn é
if it was presented to them in a referendum
Dúirt Uachtarán reatha na Fraince, Nicolas Sarkozy, nach nglacfadh pobal na Fraince le Conradh Liospóin
dá gcuirfí os a gcomhair i bhfoirm reifrinn é (*EUobserver*, 14 Samhain 2007).
a chuir i láthair
who presented it
Ba é an scannánóir aitheanta Jim Fahey, ar comhfhreagraí é le RTÉ, a stiúir agus
a chuir i láthair.
bhronntanas
present
Buaileann Rónán isteach agus labhraíonn an triúr againn faoi chúrsaí ceoil i gcoitinne – faoin gcéad singil a cheannaíomar, “Mull of Kintyre”, a bhí mar
bhronntanas do mo sheanmháthair; faoin gcéad cheolchoirm ar fhreastalaíomar
uirthi, Lark in the Park le U2 i 1978; faoin dóigh a bhfuil ag teip go leanúnach ar chomhlachtaí ceirníní timpeall an domhain (le sé mhí anuas, cuir i gcás, tá laghdú cúig déag faoin gcéad i ndiaidh theacht ar mhargadh na gceirníní sna Stáit Aontaithe).
bhronntanas
a present
Ní raibh ag éirí go maith leis an seisiún grianghrafadóíreachta go dtí gur shuigh Liam síos os comhair pianó agus thosaigh ag seinnt píosa ceoil a d'fhoghlaim sé blianta ó shoin, nuair a bhí sé ana-óg, ó chaiséad de cheol Tango Airgintíneach a thug a uncail dó mar
bhronntanas, tar éis dó filleadh ó mhisean sagartóíreachta.
bronntanas
a present
Anois, tá súil agam go bhfuair gach duine amuigh sin sa chibearspás rud éigin deas le haghaidh na Nollag,
bronntanas nó féirín beag gan choinne, b’fhéidir, nó le coinne – rud éigin a raibh dúil acu ann nó nach raibh siad ag dréim leis, mar a deir an tUltach.
reatha
current, present
”
Comhairle mhaith shílfeá, agus ceann nár mhiste a chur san áireamh agus muid ag tabhairt aghaidh ar an ghéarchéim eacnamaíochta
reatha.
bhronn
presented
Dúirt sé gur
bhronn Dia sciar cothrom aeir, spéire agus gréine ar dhaoine.
bhronnadh
presented
Reáchtáiltear searmanais gach bliain le saoránacht a
bhronnadh ar inimircigh chun na tíre.
lionsa na freacnairce
eyes of the present (time)
)
Blas osréalach le brath
Tá blas osréalach ar a chuid cainte nuair a scagtar é trí
lionsa na freacnairce, i bhfianaise a bhfuil ar eolas againn faoin tréimhse sin anois.
i láthair
present
Bhí neart sléibhteoirí
i láthair nuair a d'fhreastail mé ar shochraid Joyce Taylor (an bhean a tháinig slán ón Dochtúir Shipman, Beo, eagrán 9, Eanáir 2002) ar 7ú Eanáir i Hyde, in aice leis an Peak District, cuid de Na Sléibhte Pennine, agus d'inis siad dom go raibh an Kinder Downfall reoite.
na linne seo
of our present times
Ionchollú luathfhoirmle ‘Nationwide’
na linne seo a bhí ann, ach bhí sé éagosúil leis sa mhéid seo a leanas.
bronntanas
present
As na cúinsí sin uilig a tháinig
bronntanas an chúig fán gcéad breise sin.
staid reatha a cheilt
to conceal (the) present state of affairs
Níl mé ag moladh gur cheart an
staid reatha a cheilt, ach tá a oiread sin eagla i measc na ndaoine go bhfuil níos mó dóchar ná sochar á dhéanamh againn.
i láthair na huaire
at present
Caithfear a bheith dearfach go dtiocfaimid slán as an phrácás seo, d’ainneoin na ndeachrachtaí atá os ár gcomhair
i láthair na huaire.
faoi láthair
at present
Tá ag tsúil ghéar seo níos géire an t-am seo thart i ngeall ar an drochdhóigh a bhfuil geilleagar na tíre agus mar gheall ar an mhilleán atá á chur ar an rialtas atá ann
faoi láthair.
faoi láthair
at present
Tá ag tsúil ghéar seo níos géire an t-am seo thart i ngeall ar an drochdhóigh a bhfuil geilleagar na tíre agus mar gheall ar an mhilleán atá á chur ar an rialtas atá ann
faoi láthair.
go nuige seo
up to the present
An rud ba chonspóidí a rinne an t-Uachtarán Obama
go nuige seo, ámh, ná pacáiste sábhála ar luach leaththrilliún dollar a mholadh agus a eagrú do bhancanna agus comhlachtaí cairr Mheiriceá.
i leith
up to the present
Ag dumpáil ar an tSomáil
Níl aon rialtas láir sa tSomáil ón mbliain 1991
i leith, ó treascraíodh rialtas Mohammed Siad Barre ag an am agus baineadh leas as an easpa rialtais sin le hacmhainní luachmhara mara na Somáile a ghoid.
á thiomnú
being presented
É ag díol as peacaí a shinsir sa Roinn i dtaobh an socrú de €128m a rinne a réamhthachta sa Roinn, an Dr Michael Woods, leis na hOird Eaglasta agus slánú stáit
á thiomnú orthu.
faoi láthair
at present
Meastar go bhfuil corradh is 12 milliún fiachat sa tír
faoi láthair.
go n-uige seo
up to the present
Ní bhíonn aon leisce ar thiománaí cairr corchasadh contúirteach a dhéanamh le leircín a dhéanamh de bhuaf chána!
Is léir go raibh muid an-rathúil sa tír seo ó thaobh dhíothú na ndúl dúchais de, ach theip go huile is go hiomlán orainn
go n-uige seo a dhéanamh amhlaidh do oiread is ceann amháin de na cuairteoirí andúchasacha atá ag déanamh dochar uafásach don chomhshaol.
bronntanas
present
Dar leis is cuma cé chomh snasta is atá an pacáiste ina dtagann an
bronntanas don chustaiméir muna bhfuil
bronntanas ann gach lá, seachtain, coicís nó mí, bí cinnte nach léifidh siad is nach ndéanfaidh siad aon ní eile leis na tairiscintí ann ach oiread.
i láthair
present
Thuig an té a chreid an scéal agus thuig an scéalaí féin nár chreid éinne eile dá raibh
i láthair a raibh cloiste againn.
chuir é féin i láthair mar
presented himself
D’éirigh fear, a
chuir é féin i láthair mar “Phailistíneach gan stát,” cairdiúil lena hathair i rith an toghcháin.
bronnadh
were presented
Tugtar cuireadh do na daoine ar fad ar
bronnadh an gradam Ordre de la Libération orthu agus atá fós beo a bheith i láthair ag an searmanas seo.
anuas
up to present, up to now
De réir staidrimh ón Ministère de l’Education Nationale, tá titim 14% sa líon mac léinn atá ag freastal ar Ollscoil Rennes 2 sa tréimhse 2005/2008, ceann de na hollscoileanna is mó a buaileadh ag stailceanna le trí bliana
anuas.
i láthair
present
B’ait go rabhas ag breathnú ar theachtaireacht dea-mhéine Ken Loach agus Eric Cantona ar an scáileán i Sydney ag tabhairt le fios nach mbeidís
i láthair toisc gur seoladh domhanda tríchosach a gheobhadh an scannán seo i Manchain, Londain agus i mBleá Cliath sa tseachtain chéanna.
bronntanas
a present
Féach gur thug mé
bronntanas an duine abhaile chucu ó mo laethanta saoire sa Tansáin: dhá ghabhar mhóra bhána ó lár na hAfraice.
faoi láthair
at present
‘An tsamhail Chicago’ is ea is chúis leis an bhfaopach ina bhfuil an geilleagar
faoi láthair, dar leis.
faoi láthair
at present
Níltear cinnte go líonfar an loch go hiomlán i mbliana, ach tá níos mó uisce ann
faoi láthair ná a bhí le 35 bliain anuas.
i láthair na huaire
at present
Meallann an féarach úr méith ainmhithe fiáine as an bhfásach freisin agus tá camaill go leor le feiceáil sna grinnill agus cois locha
i láthair na huaire.
Bronnfar
shall be presented
Bronnfar an gradam ar chomhlacht nó ar ghnóthas a dhéanfaidh an iarracht is fearr chun an Ghaeilge a úsáid ina gcúrsaí margaíochta.
i leith
to the present
Bhí éigniú mná curtha
i leith na beirte sin is bhí taifeadadh den bhás barbartha a imríodh orthu le feiceáil ar an idirlíon.
bhronntanas
present
Thug m’athair Garmin mar
bhronntanas do mo mháthair (briseann an dúchas trí shúile an chait!) Is minic a thabharfainn mo chéad ghin ar mhaithe lena leithéid is mé caillte i gceantar iargúlta ar an mbealach chuig cruinniú, ach bhraith mé go minic go gcuirfeadh Garmin srian leis an deoraíocht a thugann an turasóir i dtreo seoda iargúlta ar a laethanta saoire.
bronnadh
was presented
Ó 1922 ar aghaidh
bronnadh saoránacht na hÉireann ar gach duine a rugadh sa Stát ach i 2004 chuir rialtas Bertie Ahern leasú bunreachtúil faoi bhráid an phobail a d’athródh cúrsaí sa mhéid is nach mbeadh ceart ag leanaí a shaolófaí in Éirinn chun saoránachta ach amháin ar choinníoll go mbeadh duine dá dtuismitheoirí ina shaoránach sa stát.
Linne
present time
com/watch?v=3CAx2AN85r0)
Fear eile atá ar ais in Éirinn ó Fhéile na nGael i Milwaukee i ndiaidh a chuairte sóúla ar an chathair sin cois locha is ea an Bould O Donoghue, Ceann Comhairle na Dála agus Caiteoir Mór na
Linne seo.
mbronnfaí
would be presented
com/watch?v=oScT3WhCk8w&feature=related
An Mhaith Dhéanach (an mhaith i gcónaí)
D’fhógair Kevin Rudd, príomhaire na hAstráile, i mí Aibreáin i mbliana go
mbronnfaí boinn chomórtha ar na haingil, nó ar a mbaintreacha, le haitheantas oifigiúil a thabhairt dóibh.
anuas
past, up to the present
” Comharlaítear do dhaoine dul ar mhalairt slí cionn is gur tharla trí sciorradh talún ann le chor a bheith bliain
anuas.
i leith
up to the present
"
Is é Gavin Newsom méara San Francisco ó 2003
i leith.
i láthair
present
Agus geallaim go mbeidh mé
i láthair ag an gcás cúirte sin,’ a scríobh Treiber sa litir chéanna.
láithriú
presenting
Brú na hOibre
SMM: Cuirfidh
láithriú teilifíse brú ar dhuine.
Bronnadh
was presented
Bronnadh dhá ghradam le déanaí ar shuíomhanna idirlín i nGaeilge in dhá cheann de chomórtais thábháchtacha agus ba i measc dhá phobail an-éagsúla a tharla: pobal na Gaeilge agus pobal an ghréasáin.
i leith
up to the present
org/wiki/Totalizator_Agency_Board) Tá Corn Melbourne ar siúl ó 1861
i leith, tréimhse luath i stair na cathrach, a bunaíodh sa bhliain 1835.
i láthair
present
Bhí corradh is céad míle duine
i láthair ag Flemington i mbliana, mar is gnáth.
go n-uige seo
up to present
Fuíoll Fógraí?
Ach theip ar aon nuachtán Gaeilge
go n-uige seo líon cruthanta de fhógraí a mhealladh ón earnáil phríobháideach, agus iad i dtuilleamaí, cuid mhór, ar fhógraíocht stáit agus ar phinginí beaga ó na heagrais Ghaeilge.