Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ag cleachtadh practising
" Na huaireanta a chloig a chaitheamh i mbun báire, ag cleachtadh le comhghleacaithe, nó cluiche dian a imirt in aghaidh foirne eile, sin é an pléisiúr is mó ag an iománaí díograiseach.
ag cleachtadh practising
" Bhí muid ag déanamh, b'fhéidir, deich gig gach bliain agus ag cleachtadh dhá uair in aghaidh na míosa.
de shíor ag cleachtadh forever practising
" Ní mé cén míniú atá le feiniméan seo na ndeartháireacha, ach seans go mbaineann sé le deartháireacha a bheith de shíor ag cleachtadh agus ag iomaíocht le chéile amuigh sa gharraí nó ar chúl an tí.
bhínn ag cleachtadh I used to be practising
" Ag an am bhínn ag cleachtadh mo chuid Gaeilge le cara meánscoile de mo chuid as an Róimh ach thit sé i ngrá leis an mhúinteoir agus phós siad tar éis sé mhí, rud a chuir deireadh leis na ranganna! Níorbh fhéidir liom múinteoir eile a fháil ar chor ar bith, mar sin bhí mé sé bliana gan Gaeilge ar bith.
ag cleachtadh a óráide os ard practising his speech out loud
" Bhí mé ciaptha ag Éamon Ó Caoimhnis, Aire na Galltachta, a bhí ag dul thart ar chairrín gailf, stoc fógartha i láimh amháin aige agus bata draighin sa láimh eile, é ag croitheadh an bhata os a chionn agus ag cleachtadh a óráide os ard.
bhí orainn cleachtadh we had to practise
" Bhí muid i gComhaltas Ceoltóirí Éireann, mar sin bhí orainn cleachtadh gach seachtain agus an grúpa ceoil a dhéanamh agus rudaí mar sin.
ag cleachtadh practising
" AÓF: An mbíonn tú ag cleachtadh go leor roimh leithéid Chorn Uí Riada? ÉÓD: Ní dhéanaim aon chleachtadh do Chorn Uí Riada seachas díriú ar scéal an amhráin agus iarracht a dhéanamh an scéal sin a inseacht go héifeachtach leis an gceol.
ag cleachtadh practising
" An duine atá i gcónaí aclaí agus nach stopann ag traenáil agus ag cleachtadh.
í a chleachtadh to practise it
" I measc na bhfoghlaimeoirí fásta seo, tá bean ón tSualainn, mac léinn ón mBriotáin, *patissier* ó Poitiers a bheidh ag aistriú go hÉirinn san athbhliain, ceoltóir a bhfuil an Ghréigis ar a toil aici cheana féin, aistritheoir gairmiúil a bhíonn ag plé le téacsanna i mBéarla na hÉireann, saineolaí uisce Airméanach - Liobánach, múinteoir Béarla a rinne tráchtas ar Brian Friel, agus beirt Éireannach atá i bPáras le fada, atá ag iarraidh cuimhneamh ar an nGaeilge a d'fhoghlaim siad agus í a chleachtadh.
a chleachtadh to practise
" An é gur cheart dúinn seanmhúnla na Gaeltachta a chaitheamh uainn agus saothar níos mó a chaitheamh leis an teanga sa Ghalltacht agus i gcodanna éagsúla den domhan? Ar cheart dúinn ar a laghad cuid de na hacmhainní atá á gcaitheamh ar an Ghaeltacht "thraidisiúnta" faoi láthair a chaitheamh ar na grúpaí agus ar na daoine aonair i ngach cearn den domhan, go háirithe i Meiriceá Thuaidh, a úsáideann gach uirlis chaidrimh agus chumarsáide, go háirithe an t-idirlíon agus an ríomhphost, lena gcuid Gaeilge a chleachtadh? Tá "pobal" nua Gaeilge tagtha chun cinn! Tá "Gaeltacht" dhomhanda gan teorainneacha geografacha á cruthú.
ina gcleachtaítear agus ina spréitear an mhór-idé-eolaíocht in which the major ideology is practised and spread
" Bíonn stádas “ciall choiteann” ag na luachanna seo, agus bíonn saol cultúrtha i gceist ina gcleachtaítear agus ina spréitear an mhór-idé-eolaíocht.
a chleachtadh to practise
" Is iomaí cuairt atá tugtha agam ar Éirinn na blianta deireanacha seo agus tá tréimhsí caite agam i nGaeltacht Chonamara, áit a mbíonn deis agam i gcónaí mo chuid Gaeilge a chleachtadh.
chun athrá agus cleachtadh a dhéanamh to repeat and practise
" Bíonn sé doiligh iad a spreagadh chun athrá agus cleachtadh a dhéanamh ar na frásaí a bhíonn á bplé againn ó lá go lá.
ina gcleachtaítear an traidisiún go laethúil in which the tradition is practised daily
" Ar nós na Gaeilge, is féidir iomáint a fhoghlaim, ach is beag duine a thugann leis/léi na scileanna (an teanga) go cruinn agus go beacht taobh amuigh den cheantar ina gcleachtaítear an traidisiún go laethúil.
ag cleachtadh practising
" Roghnaigh muid an t-ainm Líadan sa deireadh thiar thall agus ní raibh níos mó cainte ann faoi! AÓF: ***An mbíonn sibh ag seinm le chéile go minic? Cén chaoi a mbíonn sibh in ann a bheith ag cleachtadh má tá sibh ar fad in bhur gcónaí in áiteacha éagsúla sa tír?***SD: Déanann muid iarracht castáil le chéile chomh minic agus is féidir.
a chleachtadh, to practise,
" Cén fáth ar bunaíodh é?***Bunaíodh é le go mbeadh seirbhís náisiúnta ar fáil i rith na dtéarmaí scoile do dhéagóirí a bheadh ag iarraidh a gcuid Gaeilge a chleachtadh, go háirithe iad siúd a bheadh tar éis freastal ar chúrsaí samhraidh Choláiste na bhFiann.
cleachtadh le chéile to practise together
" AÓF: An gcruthaíonn sin fadhbanna daoibh? Conas a bhíonn sibh in ann cleachtadh le chéile mar ghrúpa, mar shampla?CNicG: Is féidir linn teacht le chéile nuair a bhíonn féile ar siúl, ach de ghnáth ní bhíonn mórán cleachtaidh déanta ag na féilte sin.
Bíonn an chraic rómhaith le bheith ag cleachtadh! The crack's too good to be practising!
" Bíonn an chraic rómhaith le bheith ag cleachtadh!***AÓF: Conas a tháinig sibh ar an ainm Cruinniú don ghrúpa?***CNicG: Phiocamar Cruinniú mar ainm don ghrúpa toisc go bhfuilimid scaipthe timpeall na tíre.
ag seinm na bhfonn a chleachtadh siad sa bhaile playing the tunes they used to practise at home
" Maireann na glúnta atá imithe ar shlí na firinne taobh istigh de na ceithre bhalla seo, iad ag amhránaíocht agus ag seinm agus ag déanamh céimeanna damhsa – tincéirí; réaltaí pop; aithreacha agus máithreacha agus a muiríní ag seinm na bhfonn a chleachtadh siad sa bhaile sular chuir an teilifís ina dtost iad; buíonta céilí i Londain na 50í; fidléirí uaigneacha Nua-Eabhrac; tá siad uilig anseo.
de shíor ag cleachtadh forever practising
" Bíonn Seán Óg de shíor ag cleachtadh agus ag traenáil, cuir i gcás, ach ní hionann é agus saol an imreora ghairmiúil.
ag cleachtadh roimh ré. practising in advance.
" Níl aon taithí ag Jamie ar bheith ag dreapadóireacht ar oighear agus bhí sé ag iarraidh bheith ag cleachtadh roimh ré.
nach raibh cleachta aici fiú amháin. that she hadn't even practised.
" ”B’éigean do Mhaighread amhrán amháin, “Inis Dhún Rámha”, a chanadh nach raibh cleachta aici fiú amháin.
ag cleachtadh le chéile arís practising together again
" Tá sí féin agus Tríona ag cleachtadh le chéile arís agus le cois a bheith le feiceáil ar an stáitse i Vicar Street beidh siad ag canadh ag ceolchoirm ina mbaile dúchais, Ceannanus, i mí Iúil agus ag Scoil Samhraidh Oideas Gael i nGleann Cholm Cille an mhí chéanna.
ag cleachtadh le chéile practising together
" Chaith siad bliain ag cleachtadh le chéile ar dtús agus is léir go bhfuil turas ar leith taistealta acu ó shin, go proifisiúnta agus fiú go pearsanta, ón lá cinniúnach sin i gCorcaigh.
ag cleachtadh a chuid poirtíní béil practising his lilts
" Bhí sé ag cleachtadh a chuid poirtíní béil agus é dom’ shíorcheistiú: ‘An bhfuil a fhios agat an ríl seo, a Bhaloir?’ nó ‘An bhfuil a fhios agat an port seo, a Bhaloir?’ agus é ag portaireacht isteach i mo chluas sa dóigh go raibh gach aon duine fá scread asail dínn ag amharc go hamhrasach orainn.
bím i gcónaí ag iarraidh mo chuid Fraincise a chleachtadh, I always want to practise my French
" Nach bhfeiceann siad go bhfuil conradh beag i gceist – duine a thabhairt ó A go B – agus nuair a bhíonn an conradh beag sin comhlíonta go mbíonn cead acu tú a robáil! Nuair a bhím i siopa, nó in san óstán, bím i gcónaí ag iarraidh mo chuid Fraincise a chleachtadh, agus cé go mbíonn Béarla ag gach duine ar fhoireann an óstáin de ghnáth, tá sé deas a bheith múinte agus iarracht a dhéanamh a dteanga a úsáid.
a chleachtadh. to practise
" Bhí áthas orm go raibh deis agam mo chuid Fraincise a chleachtadh.
mura gcleachtfadh sé é. if he didn't practise it.
" Dar le Smith féin, bhí an-drogall air glacadh le polagamas ach gur dhúirt Dia leis go ndamnófaí é mura gcleachtfadh sé é.
an méid sin cleachtaidh that much practising
" com/watch?v=jisfIVapmMs), nuair a bhí uirthi féin agus Ronan Keating an clár a chur i láthair os comhair na céadta milliún duine? “Ní raibh mar bhíomar i ndiaidh an méid sin cleachtaidh a dhéanamh air go raibh mé ar bís le dul amach ansin agus an obair a dhéanamh.
ag cleachtadh practising
" “An t-albam a rinne muid a thaifeadadh, ‘an t-albam dubh’, bhí ceol air a bhí muid tar éis a bheith ag cleachtadh le bliain roimhe sin, mar sin ní raibh mórán athruithe le déanamh air.
cleachtadh to practise
" Níor ghá do dhreapadóirí geimhridh dul thar lear i mbliana chun ár gcaitheamh aimsire a cleachtadh.
cleachtais practising
" Is abhcóide cleachtais í, léachtóir i gColáiste na Tríonóide, Seanadóir agus is beag seachtain a rachas thart gan í a bheith ar an raidió nó an teilifís, nó alt dá cuid ar na nuachtáin.
dea-chleachtas good practise
" Spíon muid cumhachtú daoine ar an talamh, bonneagar le dreamanna a nascadh agus chuir Marcas agus Daragh Ó Tuama comhairle orainn faoi bhunreachtaí, rólanna d'oifigigh ar choistí agus dea-chleachtas ar iarratais mhaoinithe.
dea-chleachtais good practises
" In alt ó *Smashing Magazine* ina bhfuil cur síos ar na treochtaí is dea-chleachtais i ndearadh suíomhanna do pháistí, is léir gurb ionann iad seo is na treochtaí i mbratfhógraíocht.
cleachtas practise
" Ta gaol casta idir teanga, ciall agus machnamh, ach tá fianaise ann go bhfuil nós mhodh na eolaíochta, an cleachtas a bheith ag smaoineamh i dtéarmaí adamhacha agus réadacha, dlúthceangailte le claonadh scoilteach sa Bhéarla.
chleacht practised
" Ní bheidh stró ar bith feasta ag baint leis an chineál chainte a chleacht an bheirt acu nuair a bhí na cainteanna leis an IMF tosaithe cheana féin.
cleachtadh practise
" Tá téacs comhthreomhar Béarla ag dul le gach scéal a chuideoidh leis an léitheoir cleachtadh agus forbairt a dhéanamh ar a gcuid scileanna sa teanga gan a bheith ag síorthagairt don fhoclóir.
chleachtas practise
" *‘Honey traps’* nó ‘póg-agus-inis’ a thugtar ar a leithéid de chleachtas i mbéarlagair na ceirde.
chleacht used, practised
" Cáil na hidirimeartha sciliúla, glice a bhí ar fhir Átha Cliath san am, agus chleacht foireann Chiarraí luachanna na peile traidisiúnta a raibh béim ar cheapadh na liathróide nó na ‘caide’ fada ard san aer agus í a sheoladh ar aghaidh le cic breá, ard síos an pháirc.
cleachtais practises
" Níor mhiste mar sin a fhiafraí cé mhéid eolais go díreach a bhí ag bord Mheitheal Forbartha na Gaeltachta faoi na cleachtais a bhí ar bun ag an eagraíocht phobail Ghaeltachta sin sular chinn siad éirí as trádáil ar an 7 Meán Fómhair seo caite de bharr dócmhainneachta.
chleachtadh practise
" Jeremiah Curtin ===== **SÓC: Tuigim gur bhunaigh tú Craobh de chuid Chonradh na Gaeilge sa chathair, cén t-éileamh a bhíonn air agus cén tsiocair a spreagadh thú lena chur ar bun?** JG: Le Craobh Curtin i 1993, bhí mé ar lorg áit shóisialta do dhaoine ionas go mbeadh siad in innimh an Ghaeilge a chleachtadh taobh amuigh den choláiste; ag céilithe, damhsaí agus araile.
gcóras aisteach áitiúil strange local practise
" Seo cúnamh ó mo thaithí féin do na mzungus (ainm a thugtar ar dhaoine geala i Malawi, Mosaimbíoc agus an tSaimbia) go léir atá ag iarraidh glacadh leis an gcóras aisteach áitiúil seo.
nós thar a bheith Éireannach a very Irish practise
" Séimhe agus Dea-Ghnaoi ar Chách =============== Tar éis chaitheamh an dinnéir mhóir (de dhlúth agus d'inneach chultúr na Spáinne la cena) agus tar éis bhronnadh na gcorn agus thabhairt na n-aitheasc fadálach (nós thar a bheith Éireannach) a lean iad, thug lucht na peile aghaidh ar thrá Orzan, mar a raibh an chraic is an spraoi is lasracha na dtinte cnámh.
chleachtadh practising
" Beidh mé sa Bheilg ina dhiaidh seo agus tabharfaidh mé faoi na teangacha eile a chleachtadh, an Fhraincis, an Ghearmáinis srl.
chleachtadh to practise
" Maidir leis na scoláirí atá sa rang Gaeilge faoi láthair, tá súil ag an mhórchuid acu cuairt a thabhairt ar Éirinn lá éigin amach anseo agus an “cúpla focal” atá acu anois a chleachtadh! Tá teagascóirí Gaeilge don bhliain acadúil 2013-14 á lorg ag ICUF faoi láthair.
n-éagóracha éagsúla a imrítear ar various injustices practised against
" Ina ainneoin sin, agus in ainneoin na n-éagóracha éagsúla a imrítear ar imircigh sa Ríocht, tá cainteanna ar siúl idir an tAontas is Maracó mar chuid den Chomhaontú Comhlachais faoi Chomhaontú um athghlacadh isteach daoine a n-éiríonn leo taisteal gan cead ó Mharacó go dtí an tAontas.
an próiseas taithíochta ag teastáil a learning practise
" Bíonn an próiseas taithíochta ag teastáil, agus ag teastáil go géar.
is cleachtas é a tharlaíonn go minic it’s a practise which often happens
" Tá tú ag tabhairt ómóis don stíl a bhí ann romhat agus is cleachtas é a tharlaíonn go minic san India agus i dtíortha eile.
a imrítear ar which is practised against
" ” Dá múinfí an cúlra is an comhthéacs seo i gcóras oideachais SAM, ar ndóigh, b’fhéidir go laghdófaí ar an aineolas is ar an gciníochas a imrítear ar Laidin-Mheiriceánaigh ó cheann ceann na Stát.
cleachtas fuarchúise a cold practise
" Ba é an nós céanna ar tír mór, cleachtas fuarchúise nach bhfuil ann a thuilleadh.
a chleachtadh to practise
" Ní bhíonn mórán deiseanna ag Stefan Müller a chuid Gaeilge a chleachtadh ach tá sé meáite ar feabhas a chur ar a chuid scileanna sa teanga mar sin féin.
ag cleachtadh do chuid Fraincise practising your French
" Tá frustrachas an-mhór ag baint le bheith ag cleachtadh do chuid Fraincise sa Fhrainc, dar le Breandán de Gallaí.
ní chuidíonn siad le ceannaire a gcleachta don’t help a leader who practises them
" An sotal agus an stainc, ní chuidíonn siad le ceannaire a gcleachta mar mhodhanna oibre.