Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
an chomhairle a chur i bhfeidhm to put the advice into practice
" Má bhíonn deacrachtaí léitheoireachta agat ní bheidh tú in ann na bileoga comhairle a léamh ná an chomhairle a chur i bhfeidhm.
shíorchleachtadh continuous practice
" An lá úd, an 24 Márta, thug foireann Choláistí Átha Cliath sárthaispeántas i bPáirc Pharnell agus léirigh an fhoireann céard ab fhéidir a bhaint amach trí shíorchleachtadh, obair dhian agus féinmhuinín.
lean mac athar sa deasghnáth the custom/practice was passed on
" Bhí an nós ann ar fad a dhul ag tórraimheacha na gcomharsan sa dá pharóiste agus lean mac athar sa deasghnáth sin.
ag luí le gnás following custom/practice
" Is cinnte nach raibh sin ag luí le gnás, ach bíodh sin mar atá, mhionnaigh siad di gur sin mar a bheadh nó níor mhian le Myrtle achan duine faoin spéir a bheith ag amharc isteach uirthi ag rá "Orú, nach í atá cosúil léi féin".
cleachtas mí-ionraic dishonest practice
" Is léir go síleann a leithéidí seo de lucht gnó gur le hamadáin atá siad ag plé ach, gan amhras ar bith, tugann go leor de na turasóirí faoi deara an cleachtas mí-ionraic seo.
cleachtas practice
" Toisc go bhfuil an cleachtas seo i bhfeidhm sa Bhreatain le fada an lá is beag múinteoir nó féitheoir atá ag obair faoi láthair nár deineadh a gcúlra a scrúdú uair éigin.
chleachtas practice
" (Cár chuala mé trácht ar a leithéid de chleachtas cheana?) Déanann daoine dearmad uaireanta nach maireann aon eagras polaitiúil ach le tacaíocht ón bpobal as a dtagann sí.
chleachtais practices
" Is é gnó an ghrúpa seo, a bhfuil an t-abhcóide sinsearach Hugh Mohan ina chathaoirleach air, staidéar a dhéanamh ar an dlí, ar chleachtais agus ar fhasaigh sa stát seo agus i dtíortha eile, agus moltaí a chur chun cinn maidir le slite inar féidir dlí na hÉireann ar an gceist seo a fheabhsú le go mbeidh sé ar chaighdeán chomh hard is atá ar fáil i dtír ar bith.
cód cleachtais code of practice
" Ní móide gur leor cúpla nóta scríofa ar chúl clúdaigh leis seo a chur ina luí ar an mbreitheamh agus tá seans maith ann go mbeidh gá le cód cleachtais éigin a shocróidh foras ar leith.
gnáthchleachtas the usual practice
" Le linn a óige ba é an gnáthchleachtas ná a bheith ag imirt iománaíochta gach oíche den samhradh tar éis bhleán na mbó agus uaidh sin go clapsholas.
cleachtais practices
" Tá moltaí déanta acu gur féidir le hiarbhaill de chuid an IRA a bheith páirteach sna Páirtnéireachtaí Logánta Póilíneachta; go dtiocfadh le baill den Gharda Síochána bheith ag obair ó thuaidh; go dtiocfadh leis an Bhord Póilíneachta tuarascáileacha agus fiosrúcháin a thiomsú; agus go mbeadh ní ba mhó cumhachtaí ag an Ombudsman cleachtais agus polasaithe na bpéas a scrúdú.
cód cleachtais code of practice
"cód cleachtais lag ann a d'eisigh an Rialtas roinnt blianta ó shin.
chleachtadh practice
" Nuair a phiocaim suas uirlis eile teastaíonn uaim a bheith in ann é a sheinnt ach ní theastaíonn uaim na blianta de chleachtadh a chur isteach chun foghlaim conas é a sheinnt i gceart! AÓF: An bhfuil an cansairtín deacair mar uirlis cheoil? AL: Deir a lán daoine é sin liom.
a smaointe gnó a fhorbairt agus a chur i gcrích to develop and put into practice their business ideas
" Tá na dreasachtaí ar fáil le tosú, macasamhail an phacáiste tacaíochta a d'fhógair Údarás na Gaeltachta an mhí seo caite le deis a thabhairt do dhaoine a smaointe gnó a fhorbairt agus a chur i gcrích.
chleachtais practices
" Cheana féin tá cuid den mhilleán maidir leis seo á chur ar an Rialtas as an stocaireacht a rinne siad don bhád Atlantic Dawn agus cuid eile ar chleachtais áirithe atá ag iascairí santacha de chuid na tíre seo.
cleachtas practice
" Tá an cleachtas seo i spóirt eile, sa rugbaí agus san oighearhaca mar shampla.
cluiche cleachtaithe practice match
" Deir muintir Aontroma agus araile má tá cluiche cleachtaithe uathu go mbíonn orthu taisteal i bhfad ó bhaile de ghnáth, toisc nach mbíonn fonn ar na contaetha ón deisceart dul an bealach ar fad go Béal Feirste, Doire is a leithéid.
á chur i bhfeidhm putting it into practice
" "Bhí an rud brúidiúil ó thaobh a bheith á chur i bhfeidhm go praiticiúil.
cleachtas practice
" An é nach raibh a fhios ag na húdaráis go raibh caimiléireacht ar leibhéal fairsing ar siúl agus go dtí gur sceith duine éigin an scéal is déanaí, go raibh an cleachtas go hiomlán faoi rún? Is cosúil go raibh a fhios ag traenálaithe agus gníomhairí agus bainisteoirí na lúthchleasaithe faoi na drugaí agus go rabhadar ag cabhrú leo iad a fháil agus a ghlacadh, agus é sin ar fad á choinneáil faoi rún.
Cód Cleachtais Code of Practice
" Cé go bhfuil dualgas ar gach fostóir, de réir an Health and Safety at Work Act 1974, sláinte a chuid fostaithe a chosaint, agus go ndúirt Cód Cleachtais ón Health and Safety Commission i Meán Fómhair 2000 go raibh an ceart ag freastalaithe i dtithe tábhairne a bheith ag obair in atmaisféar saor ó thoit, is cuma le rialtas Tony Blair fá dtaobh den cheist seo.
cleachtais practices
" Agus ní thiocfadh linn gan tagairt a dhéanamh don raic agus rírá a bhí ann nuair a d'oscail *The Life of Brian*, le Terry Jones, i 1979, scannán ina ndearna an drong sin ó Monty Python scigmhagadh ar chuid de na cleachtais atá tagtha chun cinn i measc na gCríostaithe le dhá mhíle bliain anuas.
cleachtadh practice/fun
" AÓF: Cén áit a ndéanann sibh cleachtadh mar sin, más as áiteachaí éagsúla sa tír sibh ar fad? MNA: Tagaimid le chéile, de ghnáth sa Rinn, agus tógaimid tigh ar cíos ar feadh cúpla seachtain agus bíonn cleachtadh den dá shórt againn ann! AÓF: Is tú an t-aon bhean atá sa ghrúpa, i measc scata fear.
cóid cleachtais code of practice
" De réir an achta sin, tá sé mar dhualgas ar gach fostóir sláinte a chuid fostaithe a chosaint agus, de réir cóid cleachtais a eisíodh i Meán Fómhair 2000, tá an ceart ag freastalaithe i dtithe tábhairne a bheith ag obair in atmaisféar atá saor ó thoit.
chleachtadh practice
" Chun an fhírinne a rá, is é an t-aon chleachtadh de mo chuidse a mholfainn don fhoghlaimeoir ná ceachtanna a athdhéanamh arís agus arís eile, nó go mbeidh siad i bhfastó go dlúth ina inchinn.
an t-aon chleachtadh the only practice
" Chun an fhírinne a rá, is é an t-aon chleachtadh de mo chuidse a mholfainn don fhoghlaimeoir ná ceachtanna a athdhéanamh arís agus arís eile, nó go mbeidh siad i bhfastó go dlúth ina inchinn.
cleachtadh practice
" Bhí cleachtadh maith déanta acu air, dúirt siad, ach seachas glacadh le mo chuireadh teacht isteach i dteach an cheoil séard a bhí uathu - airgead.
cleachtadh atá seanbhunaithe a long-established practice
" Tá siad míshásta go fóill fán dóigh a ngéilleann siad i gcónaí do mhianta na n-aontachtach má bhíonn rogha acu, cleachtadh atá seanbhunaithe.
gníomhach practicing
" Dúirt sé, mar shampla, go bhfuil cuid mhór tacaíochta ag Kerry (ar Caitliceach gníomhach é) ó na Caitlicigh i Nua-Eabhrac agus Massachusetts, ach gur sin stáit a mbeifeá ag súil le Kerry an ceann is fearr a fháil ar Bush iontu cibé.
cleachtadh scaoilte shooting practice
" "Sa Dara Cogadh Domhnanda," arsa David, "baineadh úsáid as na hoileáin i gcomhair cleachtadh scaoilte.
cleachtais fhríthiomaíocha anti-competitive practices
" Cinntíonn an t-eagras seo nach bhfuil cleachtais fhríthiomaíocha ar súil in earnálacha éagsúla, mar shampla earnálacha a bhíodh faoi smacht an Stáit mar iompar nó árachas sláinte.
athrú cleachtais change of work-practices
" Ach murab ionann agus an t-airgead ar fad a caitheadh ar an tseirbhís sláinte le blianta anuas, ní féirín gan choinníoll a bhí ann mar go raibh athrú cleachtais ceangailte leis.
gcleachtais fhostaíochta employment practices
" Tá sé fíor fá Chaitlicigh oiread le Protastúnaigh ach ní raibh Caitlicigh riamh san áit a dtiocfadh leo an seicteachas seo a fhí isteach i bpolasaithe rialtais, i gcleachtais fhostaíochta sa chuid is mo, agus i gcúrsaí tithíochta.
nós habit, practice
" Fuair muid amach, mar shampla, go bhfuil nós ag mórán Iodálach, agus iad ag taisteal go tíortha eile, inneall caife a thógail leo ina mála.
trí chleachtach through practice
" “D’fhoghlaim mé mo Ghaeilge go léir trí chleachtach.
na gnáthchleachtais oibre the normal work practices
" Is é an pictiúr atá againn do ghardaí Dhún na nGall ón chéad mhír de Bhinse Fiosraithe Morris ná go raibh siad á n-iompar féin mar a bheadh buachaillí bó ann, beag beann ar na gnáthchleachtais oibre a mbeifeá ag súil leo ó fhórsa póilíneachta.
cleachtais éillitheacha corrupt practices
" Cinnte, bhain siad usáid as cleachtais éillitheacha ach is furasta bheith ceartchreidmheach nuair nach mbíonn tú i ngleic le sceimhlitheoirí.
cleachtais sheanbhunaithe dlí agus dhaonlathacha long-established legal and democratic practices
" Cá mhéad duine a chaill a shaoirse mar gheall ar reachtaíocht éigeandála a thug na rialtais ó thuaidh, ó dheas agus sa Bhreatain isteach? Truaillíodh cleachtais sheanbhunaithe dlí agus dhaonlathacha agus scriosadh an meas a bhí ag daoine ar *“British justice”.
na gnáthchleachtais oibre the normal work practices
" Is é an pictiúr atá againn do ghardaí Dhún na nGall ón chéad mhír de Bhinse Fiosraithe Morris ná go raibh siad á n-iompar féin mar a bheadh buachaillí bó ann, beag beann ar na gnáthchleachtais oibre a mbeifeá ag súil leo ó fhórsa póilíneachta.
cleachtais éillitheacha corrupt practices
" Cinnte, bhain siad usáid as cleachtais éillitheacha ach is furasta bheith ceartchreidmheach nuair nach mbíonn tú i ngleic le sceimhlitheoirí.
cleachtais áiféiseacha absurd practices
" Tá sé thar am don rialtas córas ceart cigireachta, a bheadh neamhspleách amach is amach, a fhorbairt agus déanamh cinnte go gcuirfear deireadh le cuid de na cleachtais áiféiseacha atá ann faoi láthair (an nós atá ann, mar shampla, rabhadh a thabhairt do na tithe altranais go bhfuil cigire chun cuairt a thabhairt orthu).
cleachtadh practice
" Cé go raibh mé tar éis freastal ar ranganna sna Stáit Aontaithe, agus go raibh beagán eolais agam ar an ghramadach agus ar fhocail, ní raibh cleachtadh ar bith agam ar bheith ag labhairt na Gaeilge ná bheith ag éisteacht léi.
cleachtadh practice
" Cé go raibh mé tar éis freastal ar ranganna sna Stáit Aontaithe, agus go raibh beagán eolais agam ar an ghramadach agus ar fhocail, ní raibh cleachtadh ar bith agam ar bheith ag labhairt na Gaeilge ná bheith ag éisteacht léi.
na cleachtais chama the corrupt practices
" Bíodh sé de mhisneach acu fosta deireadh a chur leis an phuball úd ag Rásaí na Gaillimhe agus leis na cleachtais chama a tharlaíonn ann.
chleachtais chama in oifigí arda corrupt practices in high office
" Ní dóigh liom ach an oiread gur chuir an pictiúr de bhean chéile agus d’iníon Ray Burke ag teacht amach as Príosún Mhuinseo a dhath leis an díospóireacht faoi chleachtais chama in oifigí arda.
cleachtais uafásacha terrible practices
" Ba mhinic a baineadh úsáid as boscaí faoistine, altóirí agus áiteanna eile de chuid na hEaglaise leis na cleachtais uafásacha seo a chur i gcrích.
ar mhaithe le cleachtadh for the sake of practice
" Bainim triail as an nGaeilge a labhairt le daoine áirithe ar mhaithe le cleachtadh.
cleachtadh practice
" Tá sí níos troime ar na scamhóga freisin, mar sin ní féidir aistriú ón bhfeadóg stáin go dtí an fheadóg mhór d’aon gheábh amháin – tá cleachtadh agus foighid ag teastáil.
a gcuid cleachtas their practices
" Ní fios ar athraigh said a gcuid cleachtas ó rinneadh an suirbhé seo.
dea-chleachtas good practice
" Thiocfadh leat a rá gur chuir an stát an dubh ar an gheal orthu! Agus ós rud é go raibh na marcanna breise bunaithe ar threoracha, an bhféadfadh gur tugadh droim láimhe do threoracha ceapacháin eile? Níor mhiste é seo a shoiléiriú ar mhaithe le dea-chleachtas, ionracas agus eitic! Acht na dTeangacha ======= Ach tá ceisteanna eile fós le freagairt.
cleachtadh practice
" Agus mé ag freastal ar rang Polainnise cúpla bliain ó shin, bhí cleachtadh á dhéanamh againn ar dhátaí.
fíorbheagán de réamhchleachtadh very little practice in advance
" Roinn sé stáitse linn agus gan ach fíorbheagán de réamhchleachtadh déanta againn – sheinn sé dhá phíosa linn.
dóthain cleachta enough practice
" Níl dóthain cleachta agam go fóill.
cleachtais oibre work practices
" Chiallódh sé seo go mbeadh an fhoireann léachtóireachta agus riaracháin ag déanamh a ngnó i nGaeilge agus go mbeadh na cleachtais oibre uilig sa teanga sin.
an cúpla lá cleachtaidh the few days of practice
" B’fhiú go mór an cúpla lá cleachtaidh a rinneamar léi i mBaile Átha Cliath an tseachtain sular thángamar amach anseo.
cleachtas cultúrtha culture practice
" Níor léirigh sé seo easpa measa ar a theaghlach – cleachtas cultúrtha a bhí ann a bhí préamhaithe i saol na tuaithe sa tír seo le fada an lá.
dianchleachtadh. intense practice.
" Deirim le gach éinne go ndéanfaidh mé dianchleachtadh.
cleachtadh targaide target practice
" D’iarr sé dhá raidhfil AS-80, ceithre philéarlann agus dhá phiostal Browning le cleachtadh targaide a fháil.
nós coitianta common practice
" Ba iad na meáin chumarsáide ba thúisce a tháinig i dtír ar an éileamh seo agus is nós coitianta anois é leathanaigh phearsanta agus blaganna a chumadh.
le dul i mbun a gcleachtas aisteacha aduaine, to undertake their strange, weird practices,
" Tá an t-am sin den bhliain anuas arís, a léitheoirí: an uair a thagann muintir na Gaeltachta agus muintir na Gaeilge - ar bhur n-anam, ná measctar an dá dhream riamh - le chéile i mbaile mór inteacht taobh amuigh den phríomhchathair le dul i mbun a gcleachtas aisteacha aduaine, i bhfad óna muintir is óna ngaolta, i bhfad ó shúil ghlinn na meán cumarsáide, agus i bhfad ó cheamara *Ócáidí Odi*.
sa chéad chluiche cleachtaidh. in the first practice match.
" Toisc go raibh taithí agam ar pheil Ghaelach, cuireadh mé mar lántaca sa chéad chluiche cleachtaidh.
cleachtas practice
" Baineann polaiteoirí úsáid as cleas ar a dtugtar “*pork-barrelling”,* agus tá an cleachtas seo faoi lán seoil san Astráil le tamall anuas.
lena ndeasghnátha a chleachtadh to practice their customs
" Nemeton – garráin dhiaga a dtagadh druideanna le chéile iontu tráth den saol, lena ndeasghnátha a chleachtadh agus le corrainmhí bocht donasach a bhronnadh ar na déithe mar íobairt.
cleachtadh practice
" Bhí banna againn sa mheánscoil agus ba mhinic a rinne muid cleachtadh sa seomra suí mar bhí pianó álainn ansin.
róchleachtaithe too practiced, too familiar with
" Dúirt mé leis go rabhas ag éirí bréan den obair uilig agus go rabhas ag éirí róchleachtaithe ar na hamhráin.
a leithéid de chleachtas such a practice
" Ar ndóigh tá caomhnú na teanga luaite mar aidhm ag Comhairle Contae na Gaillimhe ina bPlean Forbartha agus tá a leithéid de chleachtas ag teacht salach ar an aidhm sin.
go láidir in aghaidh an chleachtais strongly against the practice
" Rialaigh Cúirt Uachtarach na Stát Aontaithe go láidir in aghaidh an chleachtais in 1890, agus chuir an eaglais deireadh leis sa bhliain chéanna.
Chleachtas Dátheangach. Bilingual Practice
" Faoi láthair, tá Fiontar ag tairiscint dhá iarchéim pháirtaimseartha: MSc i nGnó agus i dTeicneolaíocht an Eolais agus MA sa Chleachtas Dátheangach.
le haghaidh cleachtaidh mhóir fhada for a big long practice
" Bhí Cór Chúil Aodha ar shiúl ‘na bhaile chun codladh na hoíche a fháil le hiad féin a réiteach le haghaidh cleachtaidh mhóir fhada an lá arna mhárach.
cleachtadh maith good practice experience
" Samhlaítear do Bhalor go mbeadh cleachtadh maith ag iomaitheoirí na hÉireann sa snámh in aghaidh easa, nó is é sin atá ar siúl againn le blianta fada.
rincí a chleachtadh practice dances
" Um an dtaca sin, chonacthas do lucht bunaithe na heagraíochta go raibh suim choitianta sa rince céilí ag dul i léig diaidh ar ndiaidh agus nach raibh an oiread sin deiseanna ag grúpaí éagsúla castáil lena chéile chun na rincí a chleachtadh.
cleachtas iomlánaíoch holistic practice
" Pléisiúr eile atá i ndán don te a fhanann in Raheem Residency ná gur féidir leis triail a bhaint as teiripe Ayurvedic – ar cleachtas iomlánaíoch leighis agus suathaireachta é a thosaigh i Kerala 5,000 bliain ó shin – nó páirt a ghlacadh i ranganna íoga.
Dea-chleachtas best practice
" Dea-chleachtas coitianta sa lá atá inniu ann is ea a leithéid de shocrú.
cleachtadh practice
"cleachtadh agat ar an choinne mhór sin mar gur pléisiúrtha an choinne í, mar go bhfeiceann tú go bhfuil na páistí ag éirí aníos, go bhfuil cairde acu, go bhfuil siad sona.
cleachtadh practice
" ” An t-am a mbeidh Dervish sa bhaile, tharla gur dream ceoltóirí iad atá saor ar fad, gan aon cheangal comhlachta orthu, bíonn siad ag brath ar a chéile le sciar den obair agus den fhreagracht a ghlacadh ó thaobh cleachtadh, féilire ceolchoirmeacha agus turais a aontú, ó thaobh am taifeadta agus mar sin de.
dream a chleacht a group who practiced
" Agus scaifte níos deise ní thiocfadh leat cuireadh a thabhairt daofa, dream a chleacht an “ná déan nós is ná bris nós”: ag glacadh páirt go huile is go hiomlán ins na gníomhaíochtaí ar fad, ag éirí ní ba ghaelaí ná na Gaeil iad féin.
gcleachtadh is practiced
" Ní hea go gcreidim go bhfuil gach rud foirfe i gCúba agus gur tír dhaonlathach í ina bhfuil saoirse chainte agus saoirse pholaitiúil á gcleachtadh.
chleachtadh to practice
" , do thuismitheoirí sa dóigh gur féidir leo Gaeilge a chleachtadh sa bhaile” dúirt John liom.
Is gnás fadbhunaithe a longstanding practice
" Is gnás fadbhunaithe é seo ach táthar ag cur leis na costais le blianta beaga anuas.
chleachtas practice
" Chomh maith leis an chleachtas seo a bheith ina oilbhéim airgeadais, tugann sé buntáiste as cuimse don Aire in olltoghchán, chan amháin i gcoinne iarrthóirí an fhreasúra, ach i gcoinne iarrthóirí a pháirtí féin fosta.
cleachtú practice
"cleachtú nua atá ann bailiúcháin ríomhairí cianda a úsáid chun jab mór a dhéanamh agus ar bhealach is é an cleachtú céanna seo atá taobh thiar den néalríomhaireacht.
chleacht practiced
" Cantaireacht Ghréagórach a chleacht na manaigh - amhránaíocht mhall, beagnach gan rithim, canta i Laidin a líon an eaglais le guthanna fearúla, binne: le tonnta réidh fuaime a shruthlaigh timpeall orthu mar a mbeidís i bhfolcadh fuaime.
á himirt being practiced
" org)) Ó 1948 ar aghaidh, agus fiú roimhe, tá géarleanúint á himirt ar na Carainn den saghas a raibh taithí ag muintir na hÉireann uirthi tráth den saol.
gcleachtann practice
" Cé gur fiagaithe-cnuasaitheoirí a bhí sna Batwa ó dhúchas, rud atá fíor i gcás na bPigmithe go léir, fágann gach cor atá curtha ina gcinniúint nach gcleachtann roinnt mhaith Batwa an saghas sin saoil a thuilleadh.
chleachtais fhadbhunaithe tried and tested practice(s)
" D’aon scríob amháin, tá molta ag an abairt seo na blianta de chleachtais fhadbhunaithe Gaeltachta mar aon le struchtúr riaradh na Gaeilge a chaitheamh i dtraipisí.
chleachtann practices, carrys out
" D'fhoghlaim tú gurb é Texas an stát is mó ar fad a chleachtann éiric an bháis.
cleachtadh practice
" Leithscéal an Chreidimh Ní hamháin go gcuireann an tSín srian le cleachtadh an Ioslamachais, ach tá creideamh na bhUígireach á úsáid mar leithscéal chun na Uígir a chur faoi chois is chun tacaíocht a fháil don chur faoi chois sin.
chleachtadh practice
" An Ola Tá cur isteach á dhéanamh ar chleachtadh na nósanna maireachtála seo, áfach, ó dheireadh na gcaogaidí ar aghaidh nuair a tháinig an comhlacht Shell ar ola in Ogoniland den chéad uair.
gcleachtais ghnó work practices
" Ní ceart dó srian ar bith a chur ar chúrsaí gnó i Meiriceá trí cháin a ghearradh ar chomhlachtaí, ná dlíthe a rith a chuirfeadh smacht ar a gcleachtais ghnó.
nósanna imeachta common practice
" Fuair sé scairdeitleán Jumbo ar cíos le taisteal as Milwaukee go dtí an Fearann Fuar, agus nuair nach raibh héileacaptar le fáil ar cíos in Aerfort Chiarraí le Seáinín a thabhairt chun an bhaile, cheannaigh sé ceann amach as farasbarr chostais na seachtaine roimhe sin – gach rud de réir an dlí agus de réir nósanna imeachta Choiste na gCeann Comhairle Ciarraíoch.
cleachtadh practicing
" Tabharfaidh Caife Fáilte, atá le hoscailt gan mhoill, an deis do dhaoine a bheith ag caint le chéile agus a bheith ag cleachtadh a gcuid Gaeilge in atmaisféar cairdiúil, neamhfhoirmeálta.
i bhfeidhm in practice
" Tá a leithéid i bhfeidhm cheana féin in go leor de thíortha na hEorpa, an Bhreatain ina measc.
nósanna practices
" Thosaigh nósanna nua sochraide leis na mairbh a chosaint ar vaimipírí ag éiri coitianta cosúíl leis an chorpán a chur bun os coinn san uaigh agus corrán agus speal in aice leis.
i bhfeidhm into practice
" cailín nár tháinig ó chúlra gustail, ach le samhlaíocht ghníomhach, chuir an geabaire seo i bhfeidhm go mór ar na milliúin .
gcleachtann practice
" Ach ós rud é nach gcleachtann na hOgiek an cur ná féarach beithíoch, is beag a chuireann siad isteach ar an bhForaois.
nach gcleachtar isn't practiced
" Leagann na Mandaean an-bhéim ar an saol teaghlaigh agus tá an méid sin tábhachta ag baint le pósadh is le tuismeadh nach gcleachtar aontumhacht.
chleachtann practice
" D’fhág an suíomh tíre seo iad, mar aon leis an síocháineachas a chleachtann siad, gur sprioc éasca iad ag na Sunnaígh is Siaigh a thosaigh ar fhoréigean a dhéanamh ar mhionlaigh na hIaráice nuair a treascraíodh Saddam Hussein.
ghnáthchleachtas usual practice
" Ach le cúig bliana anuas, ba mar ghnáthchleachtas seachas ar bhonn eisceachtúil a bhíothas ag baint úsáide as.
dhea-chleachtas good practice
" Theip ar na bainc mar go bhfuair saint na mbaincéirí an ceann is fearr ar dhea-chleachtas.
cleachtas practice
" Ach chun na ceolbhlagadóirí eile a spreagadh, dar liom féin, ba chóir dóibh cleachtas Chorn Uí Riada an Oireachtais a leanúint: nuair atá an Corn buaite faoi thrí, ní cheadaítear don amhránaí sin gabháil san iomaíocht arís.
chleachtas practice
" Ní amháin gur fhógair an Coimisiún um Urrúis agus Stocmhalartáin (SEC) go raibh siad ag cur tús le fiosrú críochnúil i dtaobh chleachtas an chomhluchta, ach d'fhógair an Roinn Dlí agus Cirt go raibh siad ag cur cás coiriúil ina leith freisin.