Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
boscadóir den scoth excellent accordion player
" Fuair Frankie Kennedy bás go tragóideach den ailse i mí Mheán Fómhair 1994 agus tháinig Dermot Byrne, boscadóir den scoth as Dún na nGall, isteach sa ghrúpa an bhliain chéanna sin.
iarimreoirí former players
" Is iarimreoirí atá i mbun an chlub.
má ghortaítear imreoir if a player is hurt
" Aontaím ar fad nár chóir go mbeadh aon imreoir as póca de bharr a chuid iarrachtaí ar son a chontae agus má ghortaítear imreoir is cóir aire a thabhairt dó agus a chostais mhíochaine a íoc as ciste éigin nó scéim árachais cuí (rud atá ann ach go mb'fhéidir gur gá a fheabhsú) agus níor chóir go mbeadh sé thíos leis ó thaobh tuarastail de ach oiread.
imreoirí gairmiúla professional players
" Agus cé nach mbíonn an oiread céanna cluichí iománaíochta agus peile ann is a bhíonn sa sacar nó sa rugbaí, deir siad go ndéanann siad an oiread céanna traenála agus ullmhúcháin is a dhéanann na himreoirí gairmiúla úd.
imreoir leadóige tennis player
" D'éirigh leis an imreoir leadóige Lleyton Hewitt a thaispáint gurb é an t-imreoir is fearr ar domhan.
mionimreoir minor player
" I ndiaidh scor an cháis ina éadán, dúirt Stobie féin gur "mionimreoir i gcluiche i bhfad níos mó agus níos fuiltí" a bhí ann.
Boscadóir box player
" Boscadóir den chéad scoth é Séamus a mbíonn ceol álainn ar fad ag sileadh amach as.
boscadóir box/accordeon player
" Is boscadóir den scoth í Verena - seinneann sí go rialta i seisiúin éagsúla i nGaillimh, múineann sí an bosca, agus téann sí ar camchuairt le ceoltóirí eile.
bhoscadóra cháiliúil famous box-player
" Ós ag caint ar thionchar atá mé, tá tionchar an bhoscadóra cháiliúil Johnny O'Leary as Sliabh Luachra le mothú go láidir ar an albam seo.
iarimreoir former player
" Mar a dúirt Tommy Burns, iarimreoir agus iarbhainisteoir de chuid Celtic: "Caithfidh siad (na himreoirí) cuimhneamh go bhfuil níos mó i gceist ná bheith ag imirt d'fhoireann pheile.
boscadóir cáiliúil famous box player
" Más fearr leat a bheith ag damhsa caithfidh tú Johnny O'Leary a leanacht, an boscadóir cáiliúil as Sliabh Luachra.
boscadóir box player
" Fear mór ceoil é Seán a raibh teach tábhairne aige i bPort Omna i gContae na Gaillimhe, áit a mbíodh an boscadóir cáiliúil Joe Burke agus go leor ceoltóirí eile ag seinm go minic.
iománaithe hurling players
" Tá na pictiúirí seo an-éifeachtach mar a deirim agus, i mo chás féin, cuireann siad i gcuimhne dom an tsamhail a bhí agam de na hiománaithe a chonaic mé le linn m'óige.
imreoir player
" Le breis agus 40 bliain tá Mícheál Ó Grádaigh ag plé le cúrsaí iománaíochta mar imreoir, mar theagascóir, mar roghnóir, mar bhainisteoir agus mar thionscnóir ag gach leibhéal den spórt: ag an leibhéal áitiúil, agus ag leibhéil na scoile, an choláiste, an chlub agus an chontae i gceithre cinn de chontaetha éagsúla.
imreoirí gairmiúla professional players
" Ní dóigh le Mícheál Ó Grádaigh go mbeidh imreoirí gairmiúla á n-íoc sa CLG toisc nach bhfuil an t-airgead ann chuige.
Is cosúil gur chuir sé in iúl do na himreoirí it seems he told the players
" Is cosúil gur chuir sé in iúl do na himreoirí oíche amháin go raibh sé ag éirí as ach cúpla lá ina dhiaidh sin bhí sé ar ais arís tar éis do chúpla duine de na himreoirí dul chun cainte leis agus a intinn a athrú dhó! Is minic a bhíodh sé ar buile le himreoirí a bhí ag pleidhcíocht ar an bpáirc thraenála (nó ligeadh sé air féin go raibh) agus b'fhéidir go sínfeadh sé an fheadóg chuig an duine a bhí ag clamhsán nó a leithéid agus go ndéarfadh leis dul i gceannas ar an bhfoireann é féin feasta.
sárveidhleadóir excellent violin player
" Céard iad na taifeadtaí eile atá déanta agat? AL: Tá album déanta agam le Michelle O'Brien, sárveidhleadóir as Contae an Chláir, agus le mo chol ceathrair Gavin Ralston ó Bhaile Átha Cliath, mac le Seosaimhín Ní Bheaglaoich.
cóngarach d'imreoirí eile close to other players
" Nuair a bhíonn tú cóngarach d'imreoirí eile sa chluiche bíonn seans agat "diúracán" a sheoladh ina dtreo chun iad a ionsaí.
sheinnteoirí soghluaiste mobile players
" Nuair a cheannaíonn tú ceol uathu, is leatsa é agus is féidir leat é a sheinm ar ríomhairí éagsúla, a chur ar sheinnteoirí soghluaiste (ar nós an Apple iPod) nó é a dhó ar dhlúthdhioscaí éagsúla freisin.
ag loic ar a gcomhimreoirí letting down their fellow players
" Is dóigh go bhfuil tionchar aige ar imreoirí sa mhéid is go bhfuil siad féin as an gcluiche ar feadh achair áirithe agus, níos tábhachtaí ná sin, go bhfuil siad ag loic ar a gcomhimreoirí.
gríostar imreoirí le dul thar fóir players are incited to go too far
" Sa chéad áit gríostar imreoirí le dul thar fóir ina n-iarrachtaí chun an bua a bhaint amach.
imreoirí cáiliúla famous players
" Béim ar dhea-thréithe ======= An ghné eile den chultúr ná go maitear drochimirt nó drochiompar ar an bpáirc d'imreoirí an-éasca, go mór mór i gcás imreoirí cáiliúla.
gnáthimreoirí ordinary players
" Dá gcuirfí na rialacha i bhfeidhm ina chás siúd mar a dhéanfaí le "gnáthimreoirí" seans maith nach mbeadh sé ag imirt i gCluiche Ceannais na hÉireann.
seanseinnteoir ceirníní old record player
" Ach cá has ar tháinig *cornucopia *an cheoil atá go smior i Neil Martin? "Is é an chéad chuimhne atá agam i mo shaol - gan a bheith ag caint ar an cheol - caithfidh sé go raibh mé beagainín níos sine ná mo mhac is óige Neil Óg, bhí mé thart ar thrí bliana d'aois, agus is cuimhin liom gur mhúscail mé maidin Domhnaigh amháin, boladh *Ulster Fry* fán teach agus fuaim Aifreann Bach in B Minor! "Bhí seanseinnteoir ceirníní ag m'athair agus thugadh sé amach ón seomra suí é go dtí an halla agus sheinneadh sé Kyrie Eleison.
deathréithe imreoirí players' good traits
" Molann sé dea-imirt agus deathréithe imreoirí, fiú nuair a dhéanann siad drochbhotúin.
boscadóir box-player
" Tá eagla orm a rá go bhfuil muid iontach mórtasach aisti - girseach bheag ghalánta agus nádúr séimh aici! AÓF: Bhuel comhghairdeachas libh, ar ndóigh! Agus an bhfuil sí cosúil leatsa nó le Dermot? MNM: Tá sí cosúil le Dermot, ach aithním go bhfuil mo chuid méara fada féin aici! AÓF: Meas tú anois, an mbeidh sí ina boscadóir, ina fidléir, nó ina hamhránaí? MNM: Sílim go mbeidh sí ina fidléir agus tá dúil mhór aici in amhráin, go speisialta "Báidín Fheidhlimidh".
in óige an imreora in the player's youth
" Rud éigin a tharla in óige an imreora, seans.
iarimreoir former player
" Dar ndóigh is páiste mór nó gasúr fós gach imreoir agus gach iarimreoir go lá a bháis.
imreoirí players
" De réir urlabhraí de chuid an IRFU a labhair le Beo!, baineann "Amhrán na bhFiann" leis na 26 contae amháin agus, ós rud é go bhfuil imreoirí as Tuaisceart Éireann ar fhoireann rugbaí na hÉireann, níl sé oiriúnach.
cóirigh an mhinicíocht a ardaíonn imreoirí an liathróid den talamh count the frequency with which players pick up the ball off the ground
" Páirc an Chrócaigh: ar chóir í a chur ar fáil do spóirt eile? Ceist amháin faoi sin: cén chaoi a bhféadfaí cead a thabhairt do lucht rugbaí imirt ansin nuair nach dtugann siad ómós cuí do "Amhrán na bhFiann"? Ticéid: an praghas ró-ard (aontaím) agus faigheann na daoine míchearta iad i mí Mheán Fómhair (níl tuairim agam cén chaoi); rud eile: cá mbíonn na "*genuine supporters*" go léir an chuid eile den bhliain? An GAA: an "Grab All Association" - céard a dhéanann siad leis an airgead go léir a thagann isteach ag na cluichí móra gach bliain? Agus tá siad ag iarraidh tuilleadh ón rialtas! Peil Ghaelach: an dtuigeann éinne na rialacha? An bhfuil rialacha ann? Sampla: cóirigh an mhinicíocht a ardaíonn imreoirí an liathróid den talamh go neamhdhleathach gan saorchic ina gcoinne.
imreoirí players
" Cártaí, buí agus dearg, a bhfuil an t-uafás díobh "bronnta" ó thosaigh an tSraith Náisúnta Peile; bailíonn imreoirí áirithe iad mar chineál caitheamh aimsire, is cosúil (cosúil le stampaí fadó, b'fhéidir).
seinnteoir cumasach capable player
" " Tá féith an cheoil ó dhúchas san fhear seo mar gur seinnteoir cumasach a mháthair ar an bpianó agus ar an orgán, cé nár mhinic a chasadh sí sa mbaile mar go mbíodh a dóthain le déanamh aici agus seachtar clainne ar a cúram! "Nuair a bhí mé an-bheag bhíodh aintíní agus cuairteoirí eile ag tabhairt airgid dom nuair a chanainn.
seinnteoir miondioscaí minidisc player
" Is breá liom siúlóidí fada leis an seinnteoir miondioscaí! AÓF: Céard é an rud is mó gur mhaith leat a bhaint amach fós, ó thaobh an cheoil de? SJW: Ar leibhéal pearsanta, ba mhaith liom níos mó forbartha a dhéanamh ar an stíl atá agam agus a bheith dílis don traidisiún ag an am céanna.
imreoirí gairmiúla professional players
" Is imreoirí gairmiúla iad cuid acu sin, nó riarthóirí, bainisteoirí, teagascóirí, eagraithe, lucht leighis agus araile.
iarimreoir former player
" Teastaíonn ó na contaetha sin fanacht i Roinn a hAon mar, dar le hiarimreoir de chuid Bhaile Átha Cliath a raibh mé ag caint leis le déanaí, níl i Roinn a Dó ach "ainnise".
fliúiteadóir flute-player
" An raibh tionchar ar leith ag an bhfliúiteadóir sin ort, a June? JNíC: Nuair a bhí mé óg ba ghnách liom éisteacht le ceoltóirí mar Peter Horan agus Fred Finn ag casadh cuid ceoil Josie.
seinnteoir doird bass player
" Chomh maith le hAlan, tá Joe McHugh, Kevin O'Connor agus Kate Dunne in éineacht liom, agus seinnteoir doird iontach groovyáilte as an Eilvéis, Wolf Zwiauer.
seinnteoir CD CD player
" *Walkman*, seinnteoir CD, seinnteoir *Mini-disk*, *iPod,* seinnteoir MP3).
seinnteoirí players
" Bíonn fidléirí, amhránaithe, seinnteoirí bosca ceoil agus eile ag dul suas síos ar na línte traenacha an lá ar fad ag lorg airgid.
an ghnáthimreoir the ordinary player
" Ba chóir go mbeadh an t-imeoir maith, chomh maith leis an ghnáthimreoir, in ann leanúint ar aghaidh ag imirt go dtí go bhfuil siad i lár na dtríochaidí agus b'fhéidir níos faide.
freagrach as leas an imreora óig responsible for the welfare of the young player
" An fhadhb leis seo ná nach bhfuil aon duine amháin freagrach as leas an imreora óig.
thromlach na n-imeoirí the majority of players
" Ceist eile ar fad, dar ndóigh, is ea cás thromlach na n-imeoirí nach bhfaigheann dóthain cluichí ar chúiseanna a bhaineann le mí-éifeachtacht choistí CLG.
scata imreoirí a crowd of players
" Tá súil agam nach bhfeicfimid scata imreoirí díbeartha go dtí an taobhlíne agus iad ag teacht is ag imeacht den pháirc go rialta i rith an chluiche.
le "tabhairt faoi" imreoir to tackle a player
" Ach, ar deireadh, tá locht amháin thar aon locht eile ag baint leis an bpeil Ghaelach le fada an lá (is cuimhin liom an plé ag dul siar go dtí na 1960í) agus is é sin an chaoi cheart le "tabhairt faoi" imreoir a bhfuil an liathróid ina sheilbh aige.
imreoirí sinsearacha idirchontae senior inter-county players
" Dar ndóigh is aithris ghlan iad réalta peile agus iomána na scoile ar na Gradaim Réaltaí Peile agus Iomána a bhronntar gach bliain ar imreoirí sinsearacha idirchontae Chumann Lúthchleas Gael (GLG).
gur ceileadh an gradam ar imreoir that a player was denied the award
" Tharla, i rith na mblianta, gur ceileadh an gradam ar imreoir de bharr gur díbríodh den pháirc é i gcluiche club gan tábhacht agus chuir sin go leor daoine le báiní.
imreoirí churaidh na hÉireann players of the All-Ireland championships
" Dá mbeadh locht amháin agam féin air, agus ní mian liom a bheith cáinteach, is é seo é: bronntar an iomarca duaiseanna ar imreoirí churaidh na hÉireann gach bliain.
imreoirí maithe peile agus iomána good football and hurling players
" Ar bun cheana ======= D'fhéadfaí a rá, dar ndóigh, go raibh a leithéid chéanna d'imirce ar bun ar feadh na mblianta fada ach i malairt treo, is é sin daoine óga, imreoirí maithe peile agus iomána ina measc, ag fágáil a bparóistí dúchais ar fud na tíre le postanna a ghlacadh sa chathair agus páirt a ghlacadh i gclubanna ar fud Bhaile Átha Cliath.
boscadóirí box players
" Is dócha gur íomhá í de na ceoltóirí gur sheinn mé leo thar na blianta, go háirithe na boscadóirí.
díbirt imreoirí the sending off of players
" Ar “Sportscall” RTÉ, faoi stiúir Des Cahill, bhí daoine éagsúla ag glaoch isteach ag léiriú míshástachta le díbirt imreoirí chun na taobhlíne de bharr calaoiseacha “neamhurcóideacha” (tarraingt geansaí, tarraingt síos imreora agus a leithéidí - is é sin, gnáthimirt na peile!).
imreoirí cáiliúla famous players
" Cheana féin tá lucht gnó ag díriú ar imreoirí cáiliúla CLG sa chaoi chéanna ó thaobh gnó de is a bhreathnaíonn siad ar imreoirí sacair agus rugbaí.
iarimreoir former player
" Tá sé ráite ag iarimreoir cáiliúil rugbaí amháin, bunaithe ar a bhfuil ag tarlú i gcúrsaí rugbaí, go scriosfadh an ghairmiúlacht na cluichí Gaelacha agus go mba chóir don Chumann bheith san airdeall.
imreoir cispheile basketball player
" Is díol suntais é go bhfuil go leor postanna a mbreathnaítear orthu mar “na postanna is fearr dá bhfuil ann” íseal go maith sa liosta – imreoir cispheile de chuid an NBA (#205), imreoir peile de chuid an NFL (#211), aisteoir (#218), agus Uachtarán Stát Aontaithe Mheiriceá (#229).
formhór na mbainisteoirí agus na n-imreoirí is fearr most of the best managers and players
" Nach bhfuil a fhios acu gur cheannaigh Rúiseach Chelsea agus gur eachtrannaigh iad formhór na mbainisteoirí agus na n-imreoirí is fearr i bPríomhroinn Shasana? Ach tá na seanlaethanta thart.
imreoirí clúiteacha na linne seo famous players of this era
" B’fhéidir gurb é an rud is fearr faoin bhfíseán, agus an diosca DVD atá ar tí a áit a ghlacadh, ná go mbeidh na glúnta atá le theacht fós in ann imreoirí clúiteacha na linne seo mar DJ Carey agus Seán Óg Ó hAilpín a fheiceáil ar an scáileán agus iad i mbarr a réime.
imreoirí idirchontae inter-county players
" Is tré iarrachtaí na n-imreoirí idirchontae a chuirtear na cluichí sin i láthair an domhain mhóir agus tá aitheantas tuillte acu faoi mar a thuilleann ealaíontóirí agus lucht spóirt ghairmiúil, is é sin aitheantas i bhfoirm faoisimh nó liúntais cánach.
imreoirí gairmiúla professional players
" Ach toisc go bhfuil siad ar nós imreoirí gairmiúla ó thaobh chaighdeán a gcuid traenála agus cur chuige agus go bhfuil poist acu chomh maith, seans nach mbíonn an scíth cheart á fháil acu idir seisiúin traenála agus cluichí.
seinnteoir flúgalchoirn flugelhorn player
" Lá amháin, arsa cara leis, seinnteoir flúgalchoirn: “Cén fáth nach seinneann tú an ceol sin má tá an oiread sin dúile agat ann? Ní leor bheith ag caint air.
imreoir mídhleathach illegal player
" Rinne cumann Naomh Bríd agóid i gcoinne bhreith an Chórais Eadrána, á rá gur imreoir mídhleathach a bhí i Mark Vaughan de réir *Treoraí Oifigiúil *an Chumainn.
moltar na himreoirí the players are praised
" Má bhuann an fhoireann, moltar na himreoirí.
cuirtear na himreoirí i gcomparáid agus i gcodarsnacht lena chéile the players are compared and contrasted
" De ghnáth, cuirtear na himreoirí i gcomparáid agus i gcodarsnacht lena chéile, tacaithe v tosaithe ar an dá thaobh, etc.
imreoir sacair sármhaith an excellent soccer player
" Sa chéad áit, imreoir sacair sármhaith a bhí ann agus uaireanta, agus é ag imirt le Manchester United nó le hÉirinn, bhí sé dosháraithe ar fad.
chomhimreoirí fellow players
" Laoch a bhí ann ag mórán daoine, idir shean agus óg, in ainneoin é a bheith curtha den pháirc sách minic agus rudaí tarcaisniúla a bheith ráite aige faoi agus le daoine éagsúla, idir bhainisteoirí, chomhimreoirí, réiteoirí agus cuid den lucht leanúna.
mhórimreoir peile nó iomána a great football or hurling player
" Deich gclár ar fad (móide an clár faoi Chormac) atá sa cheathrú séasúr de “Laochra Gael” agus tugann gach clár ómós do mhórimreoir peile nó iomána.
a chomhimreoirí his fellow players
" Fear é a spreagann a chomhimreoirí iad féin a chur sa bhearna bhaoil ar son na foirne.
ag breith ar an liathróid i lár scata imreoirí eile catching the ball in the middle of a crowd of other players
" Is cinnte go mairfidh a chuimhne agus a cháil go ceann i bhfad i measc na ndaoine a chonaic é ag léim go hard san aer agus ag breith ar an liathróid i lár scata imreoirí eile.
imreoirí a eagrú to organize players
" Rinneadh iarrachtaí cheana imreoirí a eagrú agus cumann a bhunú chun roinnt gearán a bhí ag imreoirí a ardú agus a chur faoi bhráid na n-údarás.
ó dhóthain dá gcomhimreoirí from enough of their fellow players
" B’fhéidir nach raibh an tacaíocht acu ó dhóthain dá gcomhimreoirí nó b’fhéidir nach raibh a gcuid aidhmeanna sách soiléir.
seinnteoirí players
" Baineann siad gach ribe éide den bhfonn agus ní mórán níos mó ná creatlach a bhíonn fágtha, ach ar nós na seinnteoirí *jazz* is fearr sleamhnaíonn siad ar ais isteach sa bhfonn i ngan fhios don slua agus ansin chuig an gcéad fhonn eile.
imreoirí sacair soccer players
" Ba bhliain mhór greamaitheoirí é 1982, óir cúpla mí roimhe sin bhí Corn sacair an Domhain ar siúl sa Spáinn agus bhí idir chailíní agus bhuachaillí ag bailiú greamaitheoirí agus imreoirí sacair orthu.
i bhfianaise na n-imreoirí cumasacha a bhí in easnamh orthu in light of the able players they were missing
" Gur bualadh Tír Eoghain ar deireadh, ní iontas ar bith é i bhfianaise na n-imreoirí cumasacha a bhí in easnamh orthu ar chúis amháin nó ar chúis eile.
imreoirí den scoth excellent players
" Cill Chainnigh i gcoinne Phort Láirge: sílim go mbeadh sin go hiontach, ós rud é go bhfuil le scil, luas agus imreoirí den scoth ag an dá fhoireann.
sáite isteach sa seinnteoir dlúthdhioscaí stuck into the CD player
" Lena lámh chlé rug m’athair ar lámh dheis mo mháthar agus chas siad beirt taobh le chéile, beagán místuama, isteach doras na cistine, áit ar slogadh iad—bhí siad ceangailte le chéile ag na cluasáin, dhá phéire acu sáite isteach sa seinnteoir dlúthdhioscaí i bpóca ghúna mo mháthar.
a chur ina luí ar na himreoirí agus ar an lucht tacaíochta to convince the players and the supporters
" Mar sin féin, seans go raibh bainistíocht fhoireann Átha Cliath sásta go leor tar éis an chluiche i gcoinne na hIarmhí sa mhéid is dá gcuirfeadh an fhoireann scór mór in airde i gcoinne na hIarmhí (d’fhéadfaidís 3-15 a scóráil gan stró) go mbeadh sé deacair a chur ina luí ar na himreoirí agus ar an lucht tacaíochta go raibh a lán oibre fós le déanamh acu ar pháirc na traenála.
do na himreoirí ab fhearr for the best players
" Faoi 1901 bhí dhá shraithchomórtas náisiúnta in adharca a chéile do na himreoirí ab fhearr agus i 1903 imríodh an chéad *World Series* – sraith cluichí idir buaiteoirí an *American League* agus buaiteoirí an *National League*.
gach iarracht de chuid na n-imreoirí every effort by the players
" Bhí thart ar 300 duine ag obair do Sky Sports ag an K Club chun a chinntiú gur oibrigh an trealamh ar fad i gceart agus go raibh siad in ann gach iarracht de chuid na n-imreoirí a leanúint.
na himreoirí the players
" Ba dheacair (bhí sé dodhéanta i ndáiríre) éalú uaidh toisc go raibh na meáin chumarsáide – idir nuachtáin, raidió agus theilifís – lán scéalta de gach sórt faoi na himreoirí agus a gcuid ban agus go leor rudaí eile nár bhain ach ar éigean le cúrsaí gailf.
cuid de na himreoirí ina measc including some of the players
" Ócáid mhór a bhí ann do lucht an rachmais, iad siúd a bhfuil eitleán príobháideach dá gcuid féin acu nó ar a laghad héileacaptar, daoine – cuid de na himreoirí ina measc – a bhfuil níos mó airgid sa bhanc acu ná mar atá ag cuid de na tíortha is boichte san Afraic.
imreoirí cáiliúla famous players
" Fiú amháin imreoirí cáiliúla ar nós Tiger Woods agus Phil Mickelson, níor éirigh leo tionchar mór a imirt ar an gcomórtas.
formhór na n-imreoirí agus na mbainisteoirí most of the players and managers
" Faoi mar atá sé faoi láthair, eachtrannaigh is ea formhór na n-imreoirí agus na mbainisteoirí sna clubanna móra.
imreoirí costasacha costly players
" Cá bhfágann sé sin an *Premiership*? Fágann sé é, mar atá ráite agam, le trí nó ceithre fhoireann láidre ar a bhfuil imreoirí costasacha as tíortha éagsúla den chuid is mó, agus clubanna eile atá ag streachailt le bheith beo i sraithchomórtas nach bhfuil leath chomh suimiúil is a deirtear agus atá ar chaighdeán an-dona.
boscadóir iontach a great box player
" Ansin chas Ned Kelly, boscadóir iontach as Tiobraid Árann.
imreoirí maithe na gcontaetha laga the good players of the weak counties
" Bhí deis iontach ag imreoirí maithe na gcontaetha laga imirt ar stáitse mór agus bonn an-luachmhar ó thaobh onóra de a bhuachaint – iománaithe as Laois, Áth Cliath, Ciarraí, peileadóirí as Fear Manach, Liatroim, Tiobraid Árann (Babs Céitinn, mar shampla) agus araile.
go bhfuil na himreoirí á iarraidh that the players want it
" Deirtear go bhfuil na himreoirí á iarraidh agus dúil acu ann agus seans maith go bhféadfaí urraíocht a mhealladh ó lucht ghnó ach pacáiste maith a chur le chéile.
chun freastal i gceart ar an ngnáthimreoir club. to cater properly for the ordinary club player.
" Tá gá cheana féin, agus cás na gclubanna mar atá sé, le polasaí nua chun freastal i gceart ar an ngnáthimreoir club.
go mbuafaidh imreoir amháin that one player will win
" Is beag an seans go dtarlóidh sé arís go mbuafaidh imreoir amháin bonn peile agus bonn iomána ar an lá céanna agus é ag imirt dá chúige i lár na páirce in dhá chluiche díreach i ndiaidh a chéile.
i dtaobh imreora áirithe regarding a certain player
" An chéad bhliain bhí conspóid ann i dtaobh imreora áirithe a raibh mioncháil air mar iománaí agus a bhí, dá bhrí sin, i bhfad rómhaith do ghrád s’againne.
imreoirí den scoth excellent players
" Bhuamar Roinn a Dó den tSraith Shinsearach agus bhíomar chun cinn i Roinn 1 ar feadh tréimhse, ach níor éirigh linn an Chraobh Shinsearach a bhuachan, cé go raibh imreoirí den scoth againn.
imreoirí Chumann Lúthchleas Gael GAA players
" Trí huaire sa tseachtain a bhíonn imreoirí Chumann Lúthchleas Gael le chéile i mbun traenála, agus é sin i ndiaidh lá oibre.
saol an imreora ghairmiúil. the life of the professional player.
" Bíonn Seán Óg de shíor ag cleachtadh agus ag traenáil, cuir i gcás, ach ní hionann é agus saol an imreora ghairmiúil.
ní raibh caill ar bith ar na himreoirí ach oiread! the players weren't bad either!
" Agus, a Bhaloir a chroí, éist leis seo: ní raibh caill ar bith ar na himreoirí ach oiread! Ach, a Bhaloir, nuair a smaoiním ar Bhertie agus ar a chairde cnis ina seasamh ansin roimh an chluiche ar Ardán Uí Ógáin.
iarimreoir rugbaí former rugby player
" Thug iarimreoir rugbaí de chuid na hÉireann, Conor O’Shea, caint d’fhoireann Shasana i rith na seachtaine roimh an gcluiche faoi thábhacht CLG agus Pháirc an Chrócaigh i saol agus i stair na tíre seo.
de sheinnteoirí ceoil MP3 of MP3 players
" Tá teicneolaíocht den scoth sa ghlúin is déanaí de sheinnteoirí ceoil MP3 – teicneolaíocht a bhfuil dlúthbhaint aici le heolaíocht, agus go háirithe le nanaitheicneolaíocht.
de dhéantóirí agus de sheinnteoirí of makers and players
" Bíonn bord moltóirí ann de dhéantóirí agus de sheinnteoirí chun na boghanna is fearr a roghnú.
an t-imreoir a ionsaíodh; the player who was attacked;
" Is cuma nár gortaíodh an t-imreoir a ionsaíodh; bhí an gníomh ann féin contúirteach agus níor chóir do na tráchtairí imirt gharbh, chontúirteach a chosaint, dar liom, ach a mhalairt.
go raibh gá le himreoirí ní ba láidre that stronger players were needed
" Ach thuig an tIfearnánach tar éis teip 1975 go raibh gá le himreoirí ní ba láidre timpeall lár na páirce agus sa líne leath-thaca.
imreoir curtha den pháirc a player sent off
" Bhí sé de mhí-ádh orthu go raibh triúr de na himreoirí ab fhearr in easnamh ag amanna cinniúnacha, go mór mhór i 1979 de bharr timpiste bóthair, imreoir curtha den pháirc agus imreoir imithe ag imirt le Manchester United.
gur chóir go bhfaigheadh na himreoirí cúiteamh that the players should be compensated
" ” Ní aontaíonn sé leo siúd a deir gur chóir go bhfaigheadh na himreoirí cúiteamh as cluichí a imirt, cé go n-aontaíonn sé leis an tuairim gur chóir go mbeidís in ann airgead a thuilleamh as an bhfógraíocht agus araile.
dorn a bhualadh ar imreoir eile, to give another player a punch,
" Tá sé mar chuid den chluiche freisin dorn a bhualadh ar imreoir eile, cic a thabhairt dó, é a lascadh le camán, a gheansaí a tharraingt agus é a tharraingt síos go neamhdhleathach.
gníomhartha an imreora the actions of the player
" Agus cé go raibh gníomhartha an imreora sofheicthe don lucht féachana agus iad ag breathnú ar an gcluiche ar an teilifís, ní dhearnadh tada faoi.