Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
a sháróidh na laigí which will overcome the shortcomings
" Tá muid ag fanacht ar na déantóirí sa tSeapáin córais a chur ar fáil dúinn a sháróidh na laigí atá ag WAP faoi láthair.
na laigí seo a shárú to overcome these shortcomings
" Tá gach iarracht á déanamh na laigí seo a shárú le cinntiú go mbeidh WAP ina uirlis ríthábhachtach.
a shárú overcome
" "Truaillíonn sé daoine óga, ach is féidir aghaidh a thabhairt air agus é a shárú," a mhaígh sé, agus luaigh sé Glaschú (áit ar rugadh é) agus Learpholl mar shamplaí de seo.
le sárú to overcome
" Deacrachtaí ======= Beidh deacrachtaí le sárú ag an rialtas nua.
a chloí overcome, conquer
" Léiríonn sé arís, mar a rinne John McEnroe, nach míbhuntáiste ar bith é a bheith i do charracháinín críochnaithe má tá tú ag iarraidh daoine eile a chloí.
a sháraíonn which overcome
" com) do mhargadh na hÉireann a sháraíonn na fadhbanna seo.
gur féidir na fadhbanna a shárú that the problems can be overcome
" Ach measann Martin McGuinness gur féidir na fadhbanna a shárú.
caithfear fadhbanna eile a shárú other problems must be overcome
" Caithfear cuimhneamh nach bhfuil i mbandaleithead leathan ach slí chun eolas a scaipeadh ar an idirlíon níos tapúla ná mar a dhéantar faoi láthair - agus caithfear fadhbanna eile a shárú chun a chinntiú go meallfar comhlachtaí agus postanna go dtí an tír seo.
le sárú to be overcome
" Fadhbanna eile ======= Ar ndóigh tá fadhbanna eile le sárú freisin - caithfear a chinntiú go bhfuil margadh ann do na hearraí atá á soláthar agus gur féidir leis na hearraí sin na tomhaltóirí a shroicheadh tríd an gcóras iompair.
barbarthacht Mheiriceá a chloí to overcome American barbarism
" Nár éirigh linne, dornán beag Éireannach, an ceann is fearr a fháil ar cheann de na tíortha impiriúla ba chumhachtaí ar domhan ag tús na haoise seo caite? Gan ach cúpla céad seanghunna agus armlón beag inár seilbh againn? Nár éirigh le muintir Vítneam barbarthacht Mheiriceá a chloí in ainneoin gur scriosadh an tír le hairm cheimiceacha agus gur maraíodh na céadta míle sibhialtach? Thug mé féin suntas do thuairisc amháin a tháinig chugainn ó theorainn na hIordáine leis an Iaráic.
a chloí to overcome
" D'oibrigh oifigigh na Roinne de ló is d'oíche chun an galar a chloí, agus luigh an pobal i gcoitinne isteach leis an iarracht.
nach gcloífear go héasca that is not easily overcome/beaten
" Sin galar nach gcloífear go héasca.
le sárú to be overcome
" Nuair a bhuail mé le hAllen i lár na míosa seo caite in oifigí breátha an RPA ar Bhóthar Conyngham in iarthar na cathrach, bhí sé go mór ar a shuaimhneas agus an-dearfach faoin tionscadal, in ainneoin na ndeacrachtaí a bhí agus atá le sárú aige féin agus ag an eagraíocht atá faoina stiúir.
chun bochtanas na dtíortha neamhfhorbartha a chloí to overcome the poverty of the undeveloped countries
" Ach glactar leis gurb é an t-oideachas an eochair chun bochtanas na dtíortha neamhfhorbartha a chloí - agus muna bhfuil muid in ann an t-airgead a chur ar fáil chuige sin ní éireoidh linn na spriocanna forbartha eile atá againn a bhaint amach.
a shárú to overcome
" org )) chun na fadhbanna teicniúla a bhaineann le litreacha as an ngnách a shárú, agus is féidir iad a chlárú anois i seoltaí ".
an ghéarchéim seo a shárú overcome this crisis
" Ach caithfidh na comhlachtaí bogearraí tacaíocht leanúnach a thabhairt d'úsáideoirí baile ionas gur féidir leis an tionscal ríomhaireachta an ghéarchéim seo a shárú.
a shárú to overcome
" Ach tá an t-iarthar fágtha in áit na leathphingine arís eile, agus gan mórán dóchais ann go ndéanfar an infheistíocht chuí sa réigiún sin go luath chun go mbeidh deis aige na deacrachtaí iompair agus cumarsáide a bhaineann leis a shárú.
a chuid fadhbanna a shárú to overcome his problems
" Go minic, má tá córas cumarsáide ar fáil don duine atá in ísle brí, éireoidh leis a chuid fadhbanna a shárú go pointe.
le sárú to be overcome
" Ní gá do dhaoine a bheith faiteach go fóill - tá go leor fadhbanna le sárú ag clibeanna aitheantais sula mbeidh siad i ngach rud timpeall orainn.
sháraigh sé ailse sceadamáin he overcame throat cancer
" asp) Trí bliana ó shin, sháraigh sé ailse sceadamáin.
le sárú to be overcome
" "Tá an oiread sin truflaise agus riaracháin, foirmeacha agus páipéireachais le sárú sula dtagann tú chomh fada leis na smaointe fiú," a deir Bewick.
ag iarraidh sárú ar an eagla trying to overcome the fear
" tabharfaidh mé a dhúshlánI'll challenge him scrogalllong thin neck á bodhradhdeafening her obair athleictritherewiring work meirgrust ag smúrthachtprowling around go teanntightly tiubhthick tréanstrong bolta righinstiff bolt i ngan fhios dóibhwithout them knowing lomnochttotally naked ar thóir rud éigin eileafter something else ar tí cnagadhabout to knock ag iarraidh sárú ar an eaglatrying to overcome the fear le neart a tola is a réasúinwith the strength of her will and her reason
an bac seo a shárú to overcome this hindrance
" Bhí díomá mór orm nach raibh mé in ann an bac seo a shárú.
na deacrachtaí a shárú to overcome the problems
" Níor luaigh an PSNI ná eagraithe an mharatóin cad iad na fadhbanna sláinte agus sábháilteachta a bhí i gceist, níor labhair siad le daoine áitiúla leis na deacrachtaí a shárú, ní dhearna siad ach an cúrsa a athrú le go dtiocfadh leis dul thart ar Bheairic Arm na Breataine ag Kinnegar i dtuaisceart Chontae an Dúin agus *stockbroker belt *Thuaisceart an Dúin.
an bac seo a shárú to overcome this hindrance
" Bhí díomá mór orm nach raibh mé in ann an bac seo a shárú.
le sárú to be overcome
" Bhí fadhbanna faoi leith le sárú ag Gardaí Thír Chonaill nach raibh ag a gcomhghleacaithe sa chuid eile den tír, a bhuíochas do na trioblóidí ó thuaidh.
le sárú to be overcome
" Bhí fadhbanna faoi leith le sárú ag Gardaí Thír Chonaill nach raibh ag a gcomhghleacaithe sa chuid eile den tír, a bhuíochas do na trioblóidí ó thuaidh.
sáraithe overcome
" Fadhbanna níos leithne ======= Ó tharla go bhfuil constaic amháin sáraithe ag breith na Cúirte Uachtaraí, níor mhiste díriú anois ar fhadhbanna níos leithne a bhaineann le ceart slí.
gur féidir na deacrachtaí a shárú that the difficulties can be overcome
" Ach thaispeáin na hAlbanaigh gur féidir na deacrachtaí a shárú agus tá mé cinnte gur féidir linne i nGleann Cholm Cille an rud céanna a dhéanamh.
a chloínn galair that overcome diseases
" Ionsaíonn agus maraíonn PVL cealla bána sa cholainn agus tá sé fíorchontúirteach mar gur iondúil gurb iad seo na cealla a chloínn galair.
sháraigh siad gach constaic a cuireadh rompu they overcame every obstacle put in front of them
" An bóthar fada, casta a thaisteal siad, deich gcluiche ar fad, ach sháraigh siad gach constaic a cuireadh rompu.
a chloí to overcome
" Cé nár éirigh leo an SDLP a chloí go hiomlán i dtoghcháin Westminster, ní léir go ndearna dúnmharú Robert McCartney nó robáil Bhanc an Tuaiscirt an oiread damáiste dóibh is a bhíothas ag tuar go ndéanfadh.
sáraithe overcome
" Tá dris chosáin amháin – an CPI - sáraithe acu cheana féin agus níl le déanamh anois ach féastrach a chur ar ghadhar faire Chorcaí an samhradh seo chugainn.
sáróimid we will overcome
" Is mó ceoltóir atá cráite ag fadhbanna dáileacháin, ach le cúnamh Dé sáróimid na fadhbanna san.
le sárú to be overcome
" ” Cé nach raibh sa ráiteas sin ach deimhniú ar an mhéid a bhí ar eolas ag madraí an bhaile le fada, bhí tábhacht faoi leith ag baint leis sa mhéid is gur léir go n-aithnítear go hoifigiúil go bhfuil fadhb ansin le sárú.
le sárú to be overcome
" Tá maolú mór déanta acu ar fhorálacha an Achta agus is iomaí constaic a bhíonn le sárú anois chun teacht ar bheagán eolais.
a shárú to overcome
" Is léir go bhfuil déagóirí agus daoine óga áirithe ag glacadh seilbhe ar cheisteanna cearta teanga agus go bhfuil dreamanna mar na Gaeil Óga, eagraíocht réasúnta nua, chun dul i ngleic leis na dúshláin nár éirigh leis an ghlúin a tháinig rompu a shárú.
sáraíodh an chonstaic sin that obstacle was overcome
" An chonstaic ba mhó go dtí seo ab ea Cill Chainnigh ach sáraíodh an chonstaic sin i 2001 (Coláiste Chiaráin cloíte) agus 2005 (mionúir Chill Chainnigh cloíte).
a shárú to overcome
" “A fhad is atá an tÚdarás agus an Roinn ag obair as lámh a chéile, creidim gur féidir deacrachtaí ar bith atá eadrainn a shárú, ach tá imreoir amháin eile atá thar a bheith tábhachtach nach bhfuil linn go fóill agus sin í an Roinn Oideachais agus Eolaíochta.
curtha de aige overcome
" ’ D’airigh Liam éadroime ina ghéaga, an laige is an mearbhall curtha de aige.
le sárú: to be overcome:
" Agus na geataí curtha díom agam bhí constaic amháin eile le sárú: daoine ag bailiú airgid leis na reiligí a choinneáil.
le sárú to be overcome
" Tá an fás san OTI – olltáirgeacht intíre – níos airde ó thuaidh ná mar atá sé sa Bhreatain ach tá fadhbanna bunúsacha le sárú ansin fosta.
le sárú to overcome
" Cothromaíocht Dúshlán eile atá le sárú ag na meáin Ghaeilge ná an chothromaíocht chuí a aimsiú idir áitiúlachas agus an freastal is gá a dhéanamh ar an náisiún i gcoitinne.
chun an deacracht sin a shárú. to overcome that difficulty.
" Tuigim go mbeadh deacracht láithreach ar fud na tíre maidir le craobhchomórtais na gclub ach, arís, ba ghá samhlaíocht agus tionscnamh a úsáid chun an deacracht sin a shárú.
le sárú sa todhchaí sin iarstaire. to be overcome in that post-history future.
" Ach tá fadhbanna móra le sárú sa todhchaí sin iarstaire.
go raibh an báire curtha ar an iardheachtóir that the former dictator had been overcome
" Mhaígh rialtas na hIaráice gur léirigh a bhás go raibh an báire curtha ar an iardheachtóir agus a chuid comrádaithe mallaithe.
sáraítear an bhearna eolais the information gap is overcome
" Glactar leis, mar shampla, nach bhfuil na meáin ag feidhmiú mar is ceart san Iaráic faoi láthair ach sáraítear an bhearna eolais le blaganna, bíodh siad ó shaoránaigh den uile fhaicsean nó ó bhaill den arm forghabhála.
le sárú to overcome
" Is é an dúshlán is mó a bheas le sárú ag meáin chraolta na Gaeilge ná a chinntiú nach gcaillfidh siad an sciar beag dílis den mhargadh atá acu nuair a thiocfaidh rabharta cainéal breise teilifíse agus raidió ar an aer tríd an chóras digiteach.
an t-aon bhac amháin atá le sárú the only obstacle to be overcome
" Mar sin, is é an t-aon bhac amháin atá le sárú maidir leis an gcoincheap seo ná toil agus misneach Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath agus na Roinne Comhshaoil.
constaicí móra le sárú big obstacles to be overcome
" ** ** **Constaicí**Feictear dom, áfach, go bhfuil constaicí móra le sárú ag Kevin Rudd má tá sé chun a bheith ina phríomh-aire.
dúshláin a shárú. overcome challenges.
" Deirim é seo mar is léir gur féidir le hÓ Murchú dúshláin a shárú.
na dúshláin atá fós le sárú the challenges which must still be overcome
" Cé go bhfuil dul chun cinn bainte amach ó thaobh na reachtaíochta de agus ó thaobh dhearcadh an phobail i leith na n-aerach, is gá aghaidh a thabhairt chomh maith ar na dúshláin atá fós le sárú le comhionannas iomlán a bhaint amach dóibh.
a shárú to overcome
" Dar ndóigh, cosúil le gach scannán maith, déanann Lars a chuid deacrachtaí a shárú sa deireadh – go díreach mar a dúirt a chomhairleoir go sáródh – agus bíonn gliondar ar chroí an lucht féachana.
le sárú to be overcome
" Roghnaigh an rialtas náisiúnta na deich ndúshlán is práinní, dar leo féin, atá le sárú ag muintir na tíre.
sáraithe overcome
" Go deimhin, ní rabhamar ag súil le dhá bhliain déag ó Ford Escort, agus thagadh iontas orainn gach earrach nuair ba léir go raibh geimhreadh crua Meiriceánach eile sáraithe aige.
atá le sárú acu. which they must overcome
" Ba chóir dóibh cumasc nó dhó idir na bainc a bhrú orthu ionas go mbeidh na bainc níos láidre agus iad ag dul i ngleic leis na fadhbanna atá le sárú acu.
sháraigh overcame
" Ba é an duine ab óige a rinne an t-éacht sin go dtí gur sháraigh Stephen Hendry an churiarracht sin in aois bliain is fiche.
chloí to overcome
" Tá na milliúin dollar tugtha isteach ag an Lance Armstrong Livestrong Foundation a bhfuil sé mar aidhm aige an galar marfach a chloí.
le sárú overcome
" Caoithiúlacht an tseanráitis Thiocfadh leis an Aire tinfeadh agus spreagadh a fháil, áfach, ó cháipéis a scríobh a athair mór, Éamon de Valera, faoi thábhacht chur chun cinn na Gaeilge le linn tréimhse a bhí i bhfad Éireann níba shuaite ná na dúshláin atá le sárú san am i láthair.
sháraíonn overcomes
" Ach nuair a sháraíonn an t-olc an mhaith, bíonn daoine soineanta thíos leis i gcónaí.
madhmadh ar overcome
" An féidir madhmadh ar na Cait? An féidir iad a chloí mar sin? Is é sin an cheist atá á cur arís i mbliana.
teacht roimh take on, overcome
" Ach más mian linn go gcaithfí leis ar an bhonn sin seachas mar phlean buile eile de chuid an Aire Uí Chuív, caithfidh pobal na Gaeilge a chinntiú go dtarlóidh díospóireacht leathan roimhré, sa dóigh is go dtig leo teacht roimh aon chlamhsán faoi chaiteachas an stáit ar an teanga (bíodh sé bunaithe ar an fhírinne nó ar an aineolas.
shárú to overcome
" An bhfuil bealach ar bith le teacht roimh na hathruithe seo agus iad a shárú? D’ainneoin a cuid lochtanna uilig, is múinteoir maith é taibhse an Tíogair Cheiltigh agus taispeánfaidh sé dúinn feasta gur fearr i bhfad an cur le chéile agus an daonnacht ná an coimhthíos agus an leithleas.
sháraigh overcame
" Bhíodh cáil ar an réileán tráth mar an áit inar sháraigh daoine éagsúla an churiarracht domhanda luais ar thalamh.
lámh in uachtar overcame
" Bíonn ar gach éinne ligint orthu, go maireann, ní hamháin an DDR, ach go bhfuair an Cumannachas an lámh in uachtar ar an gCaipitleachas! Spléachadh anseo: http://www.
an lámh in uachtar the better, overcome
" Deir sé gurb é an fáth nár éirigh le Fear Manach an lámh in uachtar a fháil ar Ard Mhacha nach raibh na himreoirí sách maith i mbun chiceáil na liathróide, cé go raibh siad iontach á cur ar aghaidh trí bhíthin an phas láimhe.
shárú to overcome
" Sin é nádúr an duine, agus beidh ceannaireacht den scoth de dhíth chun é a shárú.
barr rugtha overcome
" Bíonn cúpán tae uaim de ghnáth freisin, ach ní dóigh liom go bhfuil gá le Barrys aon eagla a bheith orthu go foill roimh Apple! Sin ráite thug Jobs comhlacht uirlisí soghluaiste ar Apple agus dúirt sé go bhfuil barr rugtha acu ar Sony, Samsung agus Nokia mar chomhlacht uirlisí soghluaiste.
cheansaíonn overcome
" Is cuid de nádúr ealaíontóirí móra na samhlaíochta a bheith ag seoladh lom ar an ghaoth, a deir sí, agus iad ag breith leo ar ais focail is fuaimeanna a cheansaíonn buarthaí intinne a muintire.
dul thairis sin to overcome that
" Ach de réir Roddy, is é an dúshlán atá roimhe ná dul thairis sin: *“It is the wobbles in the routine that make life interesting and worth living,"*a dúirt sé.
shárú overcome
" Thóg sé trí seachtaine orthu beirt focal ar bith as béal a chéile a thuigbheáil, ach deirtear go bhfuiltear i ndiaidh an fhadhb sin a shárú le cuidiú ón aistritheoir idirnáisiúnta clúiteach Patsaí Dan Mac Ruairí.
chuirfidh mé díom shall I overcome
" Conas a chuirfidh mé díom an fuacht? Ní haon chabhair an rinnfheitheamh níos mó.
an lámh in uachtar get the better, overcome
" Muna mbíonn an-rath ar fheachtas José Serra idir seo agus sin, níl dabht ar bith faoi ach go mbeidh an lámh in uachtar ag Dilma Rousseff: na daoine a thug ‘vóta agóide’ do Marina Silva sa chéad bhabhta, níl baol ar bith go dtabharfaidh siad tacaíocht do José Serra.
na bacanna sin a shárú to overcome those hold backs
" Glacaim leis nach bhfuil an córas leath chomh casta i do chomhlacht féin! - Faigh réidh leis na leithscéalta dóibh: Breathnaigh ar an liosta fáthanna: conas gur féidir leatsa cabhrú le do chustaiméirí na bacanna sin a shárú? - (a)“Níl an t-am ag daoine” - cabhraigh leo am a aimsiú: cuir oideas chucu nó sceideal béiltí don tseachtain nó roghnaigh culaith éadaí bunaithe ar eolas a bhailigh tú ón suirbhé.
gcloífear í it shall be overcome
" Ídeoidh an chosaint leanúnach inmheánach fuinneamh na heagraíochta chomh mór sin go gcloífear í de réir a chéile.
shárú overcome
" Le slua mór daoine ag obair as lámh a chéile is féidir táimhe nádúrtha na sochaí a shárú, agus fiú mian rialtas diongbháilte a athrú, mar a léiríodh sa Bhreatain.
tagann tocht ort you’re overcome
" Ach fós tagann tocht ort nuair a fheiceann tú ollchumhacht an easa ag tuargaint síos uait ar an alt.
sháraigh cuid mhaith mostly overcame
" Bhí deiseanna úra cruthaithe ag dul chun cinn teicneolaíoch, deiseanna a sháraigh cuid mhaith de na fadhbanna seachadta agus rochtana a bhíodh ina gcrá croí ag iriseoirí na Gaeilge le fada.
chun an ceann is fearr d’fháil to overcome
" Ciaptha le ciontacht, is minic Pitt ag cur comhairle ar an mac óg gur tábhachtaí go mór go mbeadh duine righin a dhóthain chun an ceann is fearr d’fháil ar an saol.
an ceann is fearr a fháil ar to overcome
" Tá súil agam go mbeidh Ruairí Quinn in ann an ceann is fearr a fháil ar na ceardchumainn faoin gceist seo.
an lámh in uachtar a fháil ar to overcome
" Bhí ar gach fear obair ar a chonlán féin de réir an traidisiúin agus an lámh in uachtar a fháil ar a chéile comhraic.
Bhí tocht orm I was overcome
gur mhothaigh sé lionn dubh marbhánta ag teacht air he felt a dead and heavy sadness overcoming him
" Dúirt sé gur mhothaigh sé lionn dubh marbhánta ag teacht air agus é ag amharc ar an spéir, a bhí cosúil le teangacha tine agus fola, os cionn fjord dubhghorm agus an chathair taobh leis.
ag smachtú na háite ar ais overcoming the place again
" Bhí an dufair ag smachtú na háite ar ais, le crainnte agus lusanna ag dreapadh na mballaí, ag spré amach ar an urlár agus ag casadh ar an iarann meirgithe.
na cleitheanna ar fad a bhíonn le treascairt acu all the obstacles they must overcome
" In ainneoin na cleitheanna ar fad a bhíonn le treascairt acu, díol spéise é gur léirigh uimhreacha an daonáireamh is deireanaí gur tháinig méadú 2.
sáraithe aige he hasn’t overcome
" Cé go labhraíonn an tUachtarán mar gheall ar “athnuachan” agus radacachas, níl an *Cyclops* sáraithe aige fós.
an lámh in uachtar a fháil ar to overcome
" Chuaigh sé rite le Katie an lámh in uachtar a fháil ar an Rúiseach agus bhí an toradh éiginnte ag an deireadh.
d’fhonn an fhadhb a fhuascailt in order to overcome the matter
" Ní hamháin sin, ach d’fhonn an fhadhb a fhuascailt – agus is mar fhadhb a thréithrigh rialtas an lae na cúrsaí seo – eagraíodh reifreann chun Bunreacht na hÉireann a leasú.
fuair siad an ceann is fearr air they overcame him
" D'ionsaigh Mourdock agus an Tea Party go fíochmhar é mar eadránaí a bhí ró-réidh comhréiteach a dhéanamh leis na Daonlathaigh, agus fuair siad an ceann is fearr air i réamhthoghcháin an pháirtí.
nach bhfuil an duine in ann éirí aniar man isn’t able to overcome
" , nach bhfuil an duine in ann éirí aniar leis na deacrachtaí a eascraíonn as míreachtú nó forlámhas phobail an domhain ar a chéile? Ar cheart do na hÉireannaigh a gcuid féin a dhéanamh de thaighde agus de staidéar na síochána agus torthaí a n-iarrachtaí a roinnt le muintir eile an domhain ar dhóigh a dhéanfadh leas na comhdhaonnachta? Bíonn *‘Centre for Peace Studies’* thall is abhus sna forais tríú leibhéal in Éirinn agus i dtíortha i bhfad is i ngar.
an lámh is fearr a fháil orthu overcome them
" As siocair rud éicint a thit amach i saol roinnt daoine, is féidir leo glacadh níos fearr le deacrachtaí agus le dúshláin, an lámh is fearr a fháil orthu, an chuid is mó den am, agus go minic, tairbhe a bhaint as na deacrachtaí céanna.
a bhí cromtha fén who was overcome with
" B’é an Breitheamh Hogan an breitheamh a d’éist leis na cásanna cúirte ba chasta le cúpla bliain anuas, cásanna cosúil le sáinn uafásach Mrs Fleming a bhí cromtha fén MS, agus na cásanna ilghnéitheacha a bhaineann le fiacha príobháideacha agus na bancanna.
faigheann an lúcháir a fhaighim uathu sin an lámh in uachtar ar the joy I get from them overcomes
" Sa bhaile, tá clann agus cairde agam agus faigheann an lúcháir a fhaighim uathu sin an lámh in uachtar ar chogadh bréagach Stormont.
bíonn a shárú ag an óige i gcónaí ann youth always can overcome it
" Go deimhin, ag teorainn ar bith, bíonn a shárú ag an óige i gcónaí ann.
a chloíonn an fhuarchúis which overcome the apathy
" Is léir gur chorraigh an leabhar seo mothúcháin láidre i mbrollach (Giúdach) Schama féin, mothúcháin a chloíonn an fhuarchúis agus an neodracht intleachtúil.
Bhí tocht ar dhaoine go leor many people were overcome with emotion
" Bhí tocht ar dhaoine go leor tar éis dóibh a aitheasc a chloisteáil.
an lámh in uachtar a fháil ar an olc overcome evil
" Ach tá an Afraic Theas de dhíth orainn go léir mar splanc dóchais, a léireoidh dúinn gur féidir an éagóir agus an bhrúidiúlacht a shárú agus gur féidir leis an daonnacht an lámh in uachtar a fháil ar an olc agus ar an dearg-ghráin – agus é sin a dhéanamh go mórchroíoch agus gan fuil a dhoirteadh.
Fuair an scéal an ceann is fearr air he was overcome by the tale
" Fuair an scéal an ceann is fearr air.
thagann tocht orm am I overcome emotionally
" Ní minic ag réamhthaispeántaisí preasa a thagann tocht orm.
le sárú to be overcome
" Cé gur bhain Timor Thoir neamhspleáchas amach le déanaí, tá go leor deacrachtaí le sárú ag an tír san am atá romhainn, mar a mhíníonn Dáithí Ó Colchúin.