Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
faoi dhaorsmacht oppressed
" Tá a thír dhúchais i gcroí na ndaoine atá faoi dhaorsmacht.
a chuireann na mná i ndaoirse which enslave/oppress the women
" Ina saothar feictear braillíní mar rudaí a chuireann na mná i ndaoirse chomh maith le rudaí a ligeann dóibh a bheith saor le bheith ag brionglóid agus éalú ó liostacht agus cruáil an tsaoil.
faoi chois oppressed
" MÁNAS: Na náisiúntóirí bochta agus iad faoi chois ag na Brits diabhalta.
faoi leatrom oppressed
" Má léann sibh é seo go cúramach gheobhaidh sibh léargas glé glan glinn ar mheon an Oráistigh bhoicht atá faoi aintreise agus faoi leatrom ina chúige féin – cúige a chruthaigh Dia dó – ar na saolta deireanacha seo.
faoi chois oppressed
" Níor dhuine faoi chois é, fiú tar éis dhá bhliain déag mar phríosúnach den Chineál A.
faoi chois ag comharsana níos cumhachtaí oppressed by more powerful neighbours
" Tá an meon céanna le fáil ar fud an domhain i measc pobal a bhí tráth faoi chois ag comharsana níos cumhachtaí.
faoi chois oppressed
" I ndiaidh blianta fada faoi chois, mar choilíneacht de chuid na Breataine, ní bheadh sé éasca ag an stát óg é féin a chruthú agus seasamh ar a chosa féin.
agus nach n-imreofaí cos ar bolg orthu. and that they wouldn't be oppressed.
" Bhíothas ag iarraidh a chinntiú go mbeadh a áit féin ag gach stát sa Chónaidhm nua, agus nach n-imreofaí cos ar bolg orthu.
faoi chois oppressed
" na cáiníocóirí atá faoi chois ag tírghráthóirí na láimhe deirge cheana.
faoi chois oppressed
" “Cén chaoi ar féidir linn stádas an laoich a bhronnadh ar dhaoine a bhraith go raibh ceart diaga acu dul i mbun sléachta agus áir ar shráideanna Bhaile Átha Cliath? Ní raibh na hÉireannaigh faoi chois ag Sasana ag an am; ní raibh a leithéid de rud agus sclábhaíocht sa tír.
choinneáil faoi chois to keep oppressed
" Le cumannachas san Afraic a chloí, ní raibh an dara rogha acu, is cosúil, ach tacú le Marxach amháin sa tSomáil i gcoinne Marxach eile, Mengistu, san Aetóip! Ainneoin tacaíocht mhíleata fhlaithiúil SAM, ní raibh Barre in ann a chuid namhad intíre a choinneáil faoi chois go deo, agus treascraíodh é i 1991.
chur faoi chois to oppress
" Leithscéal an Chreidimh Ní hamháin go gcuireann an tSín srian le cleachtadh an Ioslamachais, ach tá creideamh na bhUígireach á úsáid mar leithscéal chun na Uígir a chur faoi chois is chun tacaíocht a fháil don chur faoi chois sin.
chuireann fá chois oppresses
" Sochaí a chuireann fá chois iad.
ag forrachtadh oppressing
" Ó cuireadh deireadh leis an riail shibhialta i 1962, tá na húdaráis mhíleata ag forrachtadh ar Mhoslamaigh, go háirithe ar na Rohingya.
faoi chois oppressed
" De na daoine seo, is iad fir óga de shliocht Mharacó an dream is mó a mhothaíonn go bhfuil siad ‘faoi chois’ ag ‘lucht ite cáise’.
faoi chois oppressed
" Chreid Blair as sin amach gurbh é an t-arm an uirlis is oiriúnaí chun dul i gcabhair ar dhaoine a bhí á gcur faoi chois ag a gceannairí féin.
bhrúite oppressed
" Tá oifigigh ón dá stát ag maíomh gur ar mhaithe le muintir bhocht bhrúite chráite dhealbh na hÉireann a dhéanfar an géilleadh agus an ghabháil.
brúite faoi chois oppressed
" Níl aon tír Mhuslamach sa taobh sin, an Iaráin go háirithe, nár caintíodh ann faoin dream as an ‘Iarthar’ a thuig agus a sheas le pobal na háite a bhí brúite faoi chois.
brúite oppressed
" Tá Balor bocht brúite ag guí chun Chroim Dhuibh go bhfágfaidh Crom smidín céille de shórt éigin ag Enda Aoibhinn, agus go ndéanfaidh an Taoiseach an ceapachán seo a chur ar ceal.
faoi chois oppressed
" “Agus tarlóidh in earrach na bliana céanna nach mbeidh muintir na hÉireann sásta leis an daoradh seo chun báis; agus teacht am na Cásca tosóidh an pobal a bhí faoi chois le fada ag ullmhú le haghaidh Éirí Amach eile um Cháisc.
faoi chois oppressed
" Bhí an tSeicslóvaic faoi chois ag tíortha ollchumhachtacha éagsúla ar chaon taobh i rith an chéid seo caite: an tríú Reich ó 1939 go 1945, agus an tAontas Sóivéadach ó dheireadh na 1940í go dtí 1989, agus ar feadh cúpla céad bliain roimhe sin, anuas go dtí an chéad chogadh mór, Impireacht Hapsburg.
chur faoi chois oppress
" Agus toisc go raibh níos mó bia, capall, claimhte, sceana agus saigheada a bhí déanta as iarann agus as cruach ag dreamanna áirithe daoine seachas a chéile, d’éirigh leis na dreamanna sin na dreamanna eile a chur faoi chois agus a chloí i gcogaí agus i gcathanna.
a d’imir cos ar bholg ar chosmhuintir who oppressed the ordinary people
" Breathnaíonn daoine áirithe orthu mar fhir chróga a thug dúshlán d’údaráis lochtacha a d’imir cos ar bholg ar chosmhuintir na tíre, ach mothaíonn a lánoiread nach raibh i gceist leo ach coirpigh uirísle a bhí ag tochras ar a gceirtlín féin.
a choinnigh an pobal aerach faoi chois which kept the gay community oppressed
" Ba é toradh a shaothair é nuair a fuarthas réidh le reachtanna victoriacha coiméadacha a choinnigh an pobal aerach faoi chois.
aon dream a choinneodh faoi chois iad any group which would keep them oppressed
" Ar an chéad dul síos, tá taithí ag na daoine ag seasamh in aghaidh na héagóra agus má throid siad ar na sráideanna in aghaidh apartheid, troidfidh siad in aghaidh aon dream a choinneodh faoi chois iad.
tromaíocht oppressing, aggravating
"tromaíocht á déanamh ag póilíní Learphoill ar na hÉireannaigh le fada, a deir Tony Birtill, ach tá cead a gcinn tugtha acu do na dílseoirí.