Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
glan ina choinne totally opposed to
" Moladh é seo a raibh an t-iarAire Dlí agus Cirt, John O'Donaghue, glan ina choinne.
in éadan an fhoréigin phoblachtánaigh opposed to republican violence
" Agus sin an argóint a bhí ag an dream atá in éadan an fhoréigin phoblachtánaigh: má athraítear an stát ón taobh istigh, má bhíonn poblachtánaigh agus náisiúnaithe ag feidhmiú i Stormont, agus brú díreach éifeachtach ar Rialtas na Breataine, bainfear Éire aontaithe amach.
in éadan na láimhe láidre opposed to violence
" Bhíodh an SDLP i gcónaí in éadan na láimhe láidre, mar sin ní thuigim cén fáth a bhfuil siad ag cur fáilte roimh Raytheon agus ag cuidiú leo.
go dubh i gcoinne bitterly opposed to
" Os a choinne sin, tá siad go dubh i gcoinne na tuairime nach raibh cuid ball an FDNY, an New York Police Department agus an Port Authority Police Department ach "ag déanamh a gcuid oibre.
in aghaidh na Naitsithe opposed to the Nazis
" Ach chuir sé in iúl dom go láidir fosta go raibh a lán Éireannach in aghaidh na Naitsithe.
le cur in éadan na nOráisteach to oppose the Orangemen
" Cad é a thiocfadh le hiarbhaill an IRA a dhéanamh? Má eagraíonn siad a bpobal féin le cur in éadan na nOráisteach, cad é na himpleachtaí a bheas ansin do phróiseas úr na síochána? Tá imní ar chuid mhór daoine atá ina gcónaí gar do “líne na síochána” go mbeidh siad fágtha gan chosaint.
aghaidh scéime den tsaghas sin opposed to such a scheme
" Ní dóigh liom go mbeadh mórán daoine in aghaidh scéime den tsaghas sin, ach braitheann sé ar na polaiteoirí.
cuireadh ina éadan it was opposed
" Is ceantar é seo nach roinntear an chumhacht ann, ina bhfuil bratach an Aontais ar foluain os cionn gach foirgnimh phoiblí, nach bhfuil áiseanna ann do na cluichí Gaelacha (agus gach uair a iarraidh cead pleanála do pháirc Chumann Lúthchleas Gael nó do theach pobail Caitliceach, cuireadh ina éadan).
dubh in éadan traidisiúin a chéile totally opposed to each others' traditions
" Má bhíonn daoine atá dubh in éadan traidisiúin a chéile, níl le déanamh ach iad a thabhairt le chéile le go dtig leo dul i ndeabhaidh cainte lena chéile.
go daingean in éadan fhoréigean an IRA agus an INLA strongly opposed to the violence of the IRA and INLA
" Bhí an SDLP idir dhá thine Bhealtaine – tacaíocht a thabhairt d’éilimh na bpríosúnach ainneoin go raibh siad go daingean in éadan fhoréigean an IRA agus an INLA, nó bheith i bhfách le polasaí Margaret Thatcher.
ag cur in aghaidh an chórais opposing the system
" Thug Ronnie dúshlán dlíthiúil i gcoinne an choisc ar oideachas nuair a bhí sé i Hull i 1979 ach dúirt an gobharnóir leis nach raibh sé i dteideal a leithéid mar go raibh sé ag cur in aghaidh an chórais.
chuir sé i gcoinne cholscaradh Anraí he opposed Henry's divorce
" Baineadh an ceann de More i 1535 mar gur chuir sé i gcoinne cholscaradh Anraí.
a chuir in aghaidh na gcumannach who opposed the communists
" Tháinig na cumannaigh i gcumhacht de bharr toghcháin mhímhacánta bheith eagraithe acu agus tugadh daoine a chuir in aghaidh na gcumannach chun trialach nó cuireadh chun báis iad.
ina choinne seo go fíochmhar vehemently opposed to this
" Ní cúis iontais é go bhfuil na Meiriceánaigh ina choinne seo go fíochmhar faoi láthair, ach b’fhéidir gur féidir dul chun cinn a dhéanamh leo i gcomhthéacs na caibidlíochta eile a bheas ann maidir le hOpen Skies roimh 2010.
cur i gcoinne an chogaidh opposing the war
" ” Dála m’Fheisire áitiúil féin, Peter Kilfoyle (Páirtí an Lucht Oibre, Walton), tá Bob Waring ag cur i gcoinne an chogaidh ón tús (*Beo!*, eagrán 43, Samhain 2004).
Cuireann sé in aghaidh chomhdhearcadh na coitiantachta He opposes general consensus
" Cuireann sé in aghaidh chomhdhearcadh na coitiantachta agus i gcoinne dioscúrsa atá san fhaisean.
glan in aghaidh na hinimirce totally opposed to immigration
" Ní ba dhéanaí, bhunaigh sí an páirtí polaitíochta One Nation, a bhí glan in aghaidh na hinimirce ón Áise, agus in olltoghchán na bliana 1998 fuair an páirtí beagnach naoi faoin gcéad den vóta náisiúnta.
cur in aghaidh to oppose
" Tá an traidisiún seo le feiceáil i réimse na haislinge nuair a shamhlaíonn an file gur bean óg í Éire atá ag iarraidh an pobal a mhúscailt le cur in aghaidh an chos ar bolg.
glan in aghaidh totally opposed
" Giúdaigh an Fhrith-Shíónachais Mar aon le Giúdaigh shaolta frith-Shíónach ar nós Finkelstein, Noam Chomsky agus Israel Shahak, tagraíonn Gates do ghrúpa Giúdach for-Cheartchreidmheach atá glan in aghaidh an tSíónachais.
i gcoinne opposing
" Reáchtáladh léirsithe ag na mic léinn in Melbourne agus Sydney le hagóid a dhéanamh i gcoinne na n-ionsaithe agus in éadan easpa ghnímh na bpóilíní.
in aghaidh opposed to
" Ní tírghráthóir a bhí ann, ach fear a bhí glan in aghaidh shaíocht agus theanga na nGael.
diúltú dó to oppose it
" Is é an freagra a bhí ag Marcel Duchamp, an té a chuir tús leis an ghluaiseacht choincheapúil sna 60í, ar an ealaín a tháinig roimhe ná diúltú dó de bhrí go raibh sé róghafa le ‘optics’ agus teicnicí.
glan ina aghaidh completely opposed to it
" Ach ar a laghad, bhí siad ar son PR ‘ i bprionsabal’ le hais na gCoimeádach, atá glan ina aghaidh.
cur in éadan to oppose
" Chonaic mé ar an láimh eile, leathanach atá cruthaithe ag daoine ar Facebook le cur in éadan athchaighdeánú na Gaeilge.
cur ina haghaidh opposing it
" Aithnítear anois in ollscoileanna san iarthar go bhfuil an mhuirthéacht seo faoi lán tseoil agus in áit cur ina haghaidh, is fearr glacadh léi agus comhoibriú leis na Sínigh.
cur in éadan to oppose
" Ní Iontaofa an Ní gan Iontaoibh ================= Ar an drochuair, ba dhoiligh cur in éadan a leithéid.
cur i gcoinne to oppose
" Tá trí bliana is ceithre fhichead slán ag Hessel, tuigeann sé go bhfuil a rás nach mór rite aige, ach achainíonn ar dhaoine cur i gcoinne na héagóra agus an mhíbhuntáiste agus stop a chur le truailliú na cruinne.
Cur i gCoinne opposing
" Cur i gCoinne na Glaisfhéinne ================== Bhí sé suimiúil scéal an tsáirsint a léamh sa nuachtán - chuaigh sé isteach sna Irish Guards i 1999 nuair a bhí sé 16 bliana d'aois agus bhí sé ar dualgas sna Sé Contae, An Iaráic agus san Afganastáin.
glan in aghaidh entirely opposed to
" Baineann a gcuid dúnghaoisí geilleagair leis an eite chlé – ar son an stáit leasa agus cánach forchéimnithí – agus baineann roinnt mhaith eile dá gcuid polasaithe leis an eite dheis – fíornáisiúnach, dian ar choiriúlacht, agus glan in aghaidh na hinimirce.
glan i gcoinne completely opposed to
" Tá na Fíor-Fhionlannaigh glan i gcoinne an AE agus tá siad ag cur in aghaidh na bpacáistí cúnaimh atá á gcur ar fáil ag an AE do na tíortha a bhfuil géarchéim fiachais ar siúl iontu – Éire ina measc.
ag cur in aghaidh opposing
" Tá na Fíor-Fhionlannaigh glan i gcoinne an AE agus tá siad ag cur in aghaidh na bpacáistí cúnaimh atá á gcur ar fáil ag an AE do na tíortha a bhfuil géarchéim fiachais ar siúl iontu – Éire ina measc.
dubh in éadan entirely opposed to
" 
Bhí sé dubh in éadan an ruda a rinne an tAire Cultúir, Ealaíona agus Fóillíochta ó thuaidh, Nelson McCausland, nuair a dúirt sé gur ceart do Fhéile Bhéal Feirste, an fhéile ealaíne is mó sa tuaisceart, níos mó imeachtaí a reáchtáil a bheadh i bhfathach leis an Iosrael.
ag cur in aghaidh opposing
" Tá lucht teangacha – idir mhúinteoirí, léachtóirí, agus dhaoine ar grá leo teangacha – ag cur in aghaidh an chinnidh seo.
glan ina éadan an chórais úir opposed entirely to the new system
" Tá siad uilig glan ina éadan an chórais úir.
ag teacht salach ar a chéile opposing each other
" Ar ndóigh, botún a bheadh ann a cheapadh go mbíonn an dá rud de shíor ag teacht salach ar a chéile.
cuma cé tá ina gcoinne no matter who opposes them
" Nuair nach scórálann foireann ach naoi gcúilín i gcluiche iománaíochta, cuma cé tá ina gcoinne, is dona an lá é.
Níor chuireamar in éadan we didn’t oppose
" Níor chuireamar in éadan costais arda.
cuirigí in éadan ansmachta oppose tyranny
" An gníomh graosta drochmheasúil a bhí ar siúl ag Pussy Riot nuair a phléasc siad isteach in Ardeaglais Chriost an Slanaitheoir nó an é nach raibh siad ach ag iarraidh feoil a chur ar fhocail Íseáia 1:17? “Foghlaimígí an mhaith a dhéanamh, lorgaigí an rud cóir, cuirigí in éadan ansmachta, tugaigí a cheart don dílleachta, agraigí cúis na baintrí.
ina choinne opposing him
" Tráth dá raibh chothódh aitheasc an Aire ag moladh inimirce ón Áise díospóireacht bhinbeach abhus ina choinne, ach ní sin an chosúlacht a bhí ar an scéal an iarraidh seo.
a dhiúltaíonn d’fhimínteacht which opposes the hypocrisy
" Cothaíonn an tsamhlaíocht peirspictíochtaí dúshlánacha a dhiúltaíonn d’fhimínteacht an status quo.
diúltaímis don lútáil dhogmatach seo let’s oppose this dogma of subservience
" Ach diúltaímis don lútáil dhogmatach seo ag altóir na Triúrachta.
caithfear cur ina aghaidh go tréan it shall have to be strenuously opposed
" Tá a fhios agam go maith céard a chiallódh sin ó thaobh iompar teanga dhó agus caithfear cur ina aghaidh go tréan.
naimhdeach don opposed to
" Ní hé go bhfuil an rialtas naimhdeach don Ghaeilge.
ní chuirimid i gcoinne we don’t oppose
" Más luachmhar linn an éagsúlacht agus an ceart daonna chun tír dhúchais a fhágáil, ní chuirimid i gcoinne na himirce.
D’fhonn cur i gcoinne teoiric in order to oppose K’s theory
" D’fhonn cur i gcoinne teoiric Kopernik agus an status quo cosmeolaíochta a chosaint .
lánchúlaí na foirne eile the opposing fullback
" Cad is brí leis an aidiacht sa chás seo? An é go bhfuil scian síos i stoca an imreora agus go bhfuil baol ann go sáfaidh sé lánchúlaí na foirne eile, nó níos measa ná sin, go sáfaidh sé go feirc an réiteoir bocht os comhair na mílte daoine? Is minic leis le linn na tráchtaireachta ar chluiche go dtugtar le fios go bhfuil an liathróid féin contúirteach.
a dhiúltaíonn don who oppose
" Deir sí nach miste léi na daoine a dhiúltaíonn don Ghaeilge - a fhad is atá an naimhdeas bunaithe ar fhíricí.
dá gcuirfeadh sé in aghaidh an reachtaithe were he to oppose its enactment
" Faoin am sin, bhí Teach na nIonadaithe agus an Seanad caillte ag na Daonlathaigh, agus bhí a fhios ag an Uachtarán Clinton, go háirithe agus chomh fonnmhar agus a ritheadh an dlí i dtithe na Comhdhála, nach dtarraingeofaí ach raic dá gcuirfeadh sé in aghaidh an reachtaithe.
chuir sí in aghaidh an aistrithe she opposed the removal
" I litir 17-leathanach a scríobh an bhean, rinne sí cur síos ar an íde a tugadh di nuair a chuir sí in aghaidh an aistrithe.
cionn is gur chuir siad ina éadan because they opposed it
" Sheinn siad Abide With Me, ag baint úsáid as iomann le cur i gcéill go raibh náisiúnaithe seicteach cionn is gur chuir siad ina éadan.
ar malairt tuairime leo hold an opposing view
" Ach d'fhéadfadh comhrialtas den chineál seo a bheith thar a bheith contúirteach, dar liom, sa mhéid is go mbeadh móramh ollmhór (150 suíochán, b’fhéidir) acu agus go mbeadh an baol ann go ndéanfaí neamart de chearta éinne a bheadh ar malairt tuairime leo mar thoradh.
in aghaidh na bpolasaithe geilleagair oppose the economic policies
" Nuair a chuir Enda Kenny tús leis an bhfeachtas cúpla seachtain ó shin dúirt sé nach raibh aon mhaith leis an Seanad mar nár chuir an Seanad in aghaidh na bpolasaithe geilleagair a mba cúis iad leis an ngéarchéim gheilleagair ina bhfuil an tír faoi láthair.
ag cur ina choinne opposing it
" Uisce faoi bhrú ard á chur go domhain faoi thalamh leis an ngás atá ann a bhrú aníos, mo léamh místuama féin ar an gceird sin, is chonac comharthaí go leor ag cur ina choinne.
sásta seasamh amach agus snámh in aghaidh an easa content to stand up and oppose the general view
" Bíonn daoine gafa le rudaí gearrthéarmacha ag am toghcháin, ach chonaiceamar go raibh polaiteoirí sásta seasamh amach agus snámh in aghaidh an easa ar cheist an ghinmhillte agus ba bhreá liom labhairt leo.
le go mbeadh drogall ar a gcomharsain cur ina éadan so their neighbours will be reluctant to oppose them
" Níl le déanamh faoi láthair ag comhlachtaí fuinnimh ach airgead a thabhairt d'áitritheoirí áirithe le go mbeadh drogall ar a gcomharsain cur ina éadan.
chun cur in éadan scaipeadh to oppose the spread
" *’ (36) Bunaíodh The Scottish Protestant League chun cur in éadan scaipeadh an Chaitliceachais in Albain.
go dubh in éadan na haibhléise completely opposed to electricity
" Ar ndóigh, mura bhfuil sé ag taifeadadh nó ag ardú na fuaime le go gcluinfidh daoine é, tá go leor den aos ceoil go dubh in éadan na haibhléise, gan a bheith ag caint ar an leictreonach.
i gcoinne opposed to
" =============== Is Caitliceach traidisiúnta é Abbott, ceannaire ar an bPáirtí Liobrálach, agus ní hionadh mar sin go bhfuil sé i gcoinne pósadh comhghnéis a cheadú.
ná féadfaí cur i gcoinne na hailse cancer couldn't be opposed
" Ní foláir nó gur rith sé le Hitchens go raibh uirlis aonaránach fágtha dhó nuair ba léir ná féadfaí cur i gcoinne na hailse le fada, ’sé sin an fhuarchúis íorónach.
ag seasamh in aghaidh na héagóra opposing injustice
" Ar an chéad dul síos, tá taithí ag na daoine ag seasamh in aghaidh na héagóra agus má throid siad ar na sráideanna in aghaidh apartheid, troidfidh siad in aghaidh aon dream a choinneodh faoi chois iad.
go mór ina éadan very much opposed to it
" Léiríonn cáipéisí ó Roinn an Taoisigh a scaoileadh saor faoin Riail 30 Bliain gur beag fáilte a chuir baill den chomh-aireacht roimh an phlean agus go raibh an Roinn Airgeadais ach go háirithe, go mór ina éadan.
doicheallach roimhe opposed to
" Ach bhí go leor sa státsheirbhís doicheallach roimhe: ‘*These proposals come from a sort of fantasy land*,’ a scríobh Rúnaí an Rialtais chuig an Taoiseach ar an 1 Márta, 1983, sular foilsíodh an cháipéis.
i gcoinne cur le hamanta craolta opposed to increased broadcasting time
" *’ Bhí sé i gcoinne cur le hamanta craolta Raidió na Gaeltachta fosta mar gur Radio 1 a bheadh thíos leis, dar leis.
go tréan in éadan díolúine strongly opposed to an exemption
" Chuir tAire Seirbhísí Poiblí, John Boland, go tréan in éadan díolúine ón chosc ar earcaíocht a thabhairt do Bhord na Gaeilge nó don Roinn leis an Phlean a chur i bhfeidhm.
i leith agus i gcoinne na teanga seo in regard to and opposed to this language
" Ceann de ghnéithe na hÉireann is mó a mbíonn an stuaim ar iarraidh ina leith, b’fhéidir gurb í an teanga seo í, nó go baileach, dearcadh an Bhéarlóra i leith agus i gcoinne na teanga seo, an Ghaeilg.
i scámhóga contrárthacha into the opposing lungs
" Ligtear ocsaigín na beatha isteach arís i scámhóga contrárthacha an dá shaghas scannán agus dhá phobal éagsúil Cineplex agus Arthouse.
fíorláidir in éadan na seilge are strongly opposed to the hunting
" Tá dúnghaois frith-sheilg an mhíl mhóir ag an rialtas náisiúnta ó shin i leith agus léiríonn na pobalbhreitheanna go bhfuil formhór mór mhuintir na tíre fíorláidir in éadan na seilge.
ag cur in aghaidh na caimiléireachta opposing the crookedness
" Bhí siad ag cur in aghaidh na caimiléireachta agus mí-úsáid cumhachta.
ag teacht salach uirthi féin opposing her own position
" Maíodh ann gur ciníoch í, go raibh sí ag teacht salach uirthi féin agus nach feimineach ceart í a thuig cás na nGormach ar chor ar bith.
go mór ina choinne very opposed to it
" Lawrence Rosenberg, fágaim, amach go mór ina choinne go háirithe sa chathair is mó, Montréal.
chur i gcoinne maoiniú creidimh to oppose financing religion
" Má dhéanann breithiúnas na Cúirte Uachtaraí i 2008 i Louise O’Keeffe vs Leo Hickey, The Minister for Education and Science, Ireland and the Attorney General rud fiúntach ar bith, tugann sé le fios dúinn gur gealltanas bréagach é an gealltanas sin a chur i gcoinne maoiniú creidimh.
salach ar thuairim dhaingean na ngnáthdhaoine abhus opposes the firm opinion of the ordinary folk here
" Is dóigh liom go dtagann cinneadh Abbott salach ar thuairim dhaingean na ngnáthdhaoine abhus gur tír í an Astráil ina bhfuil sochaí chothromaíoch gan aon aicmíocht bainte amach acu.
I gcoinne opposing, against
" Ná fiafraigh díom cén cainéal a raibh na cluichí sin á gcraoladh orthu áfach! I gcoinne thuairim Ui Ruairc, deir John Greene ar an bpáipéar céanna nach bhfuil an CLG ag tabhairt cúl le muintir na hÉireann agus nach bhfuil sa mhargadh atá déanta acu le Sky ach dul chun cinn ar an dul céanna le craoladh na gcluichí Gaelacha ar Theilifís Éireann sna 1960í.
in aghaidh an mhargaidh opposed to the deal
" Bhí Eugene Mac Aoidh, iarbhainisteoir peile Uíbh Fháillí agus iriseoir, in aghaidh an mhargaidh ar an ábhar gur shíl sé nach mbeadh cuid den seandream a chaith a saol ag saothrú ar son an CLG in ann cluichí áirithe a fheiceáil toisc nach raibh Sky TV acu agus nach mbeadh sé acu toisc nach mbíonn uathu san ach na cluichí Gaelacha a fheiceáil.
Leasú go bhFreasúra an opposed amendment
" Má fhágtar díospóireachtaí a mbaineann leis na hábhair seo as an áireamh, tá sé deacair a shamhlú aon phlé poiblí a chuimsíonn an t-alt nua! Leasú go bhFreasúra ======== Cáineadh an leasú molta go géar ag na brúghrúpaí a labhraíonn ar son na gcomhphobal eitneach, ina measc siúd na brúghrúpaí Giúdacha.
a chur i gcoinne na sclábhaíochta who opposed slavery
" Ar an gcéad dul síos, léiríonn na sé cheartúchán a mhol sé do Bhunreacht na Stát Aontaithe sotalacht agus muinín William Lloyd Garrison, an t-abhcóide iontach a chur i gcoinne na sclábhaíochta sna 1850idí, agus a ndéarfadh le gach éinne a mhol bunreacht Washington, Adams agus Jefferson ná raibh ann ach ‘*a Covenant with Death, an Agreement with Hell.
go mór ina éadan seo very opposed to this
" Bhí na hEaspaig Caitliceacha go mór ina éadan seo, mar nach raibh Gaeilge á múineadh ag an am i roinnt de na coláistí móra a bhí faoi smacht na hEaglaise.
i gcoinne opposed to
" Níl ach faoi bhun fiche faoin gcéad de mhuintir na tíre i gcoinne eotanáis thoilteanach, ach tá tionchar as cuimse ag an mionlach seo ar chúrsaí polaitíochta abhus.
go hiomlán in éadan entirely opposed to
" Mar a bheifeá ag súil leis, tá na heaglaisí Críostaí go hiomlán in éadan eotanáise mar go measann siad go dtiocfadh sí salach ar ‘naofacht an tsaoil’.
mar go gcuireann sé i gcoinne because he opposes
" Is minic an chonspóid sna sála air mar go gcuireann sé i gcoinne an chomhdhearcaidh ar réimse leathan ábhar.
mar go gcuireann sé i gcoinne an chomhdhearcaidh because he opposes the general consensus
" Is minic an chonspóid sna sála air mar go gcuireann sé i gcoinne an chomhdhearcaidh ar réimse leathan ábhar.
le hais as opposed to
" Neamhnítear an chluais, ar bhealach, le linn ceoil, le hais a mothaítear trí na céadfaí eile trí chéile.