Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ag cur in aghaidh an chórais opposing the system
" Thug Ronnie dúshlán dlíthiúil i gcoinne an choisc ar oideachas nuair a bhí sé i Hull i 1979 ach dúirt an gobharnóir leis nach raibh sé i dteideal a leithéid mar go raibh sé ag cur in aghaidh an chórais.
cur i gcoinne an chogaidh opposing the war
" ” Dála m’Fheisire áitiúil féin, Peter Kilfoyle (Páirtí an Lucht Oibre, Walton), tá Bob Waring ag cur i gcoinne an chogaidh ón tús (*Beo!*, eagrán 43, Samhain 2004).
i gcoinne opposing
" Reáchtáladh léirsithe ag na mic léinn in Melbourne agus Sydney le hagóid a dhéanamh i gcoinne na n-ionsaithe agus in éadan easpa ghnímh na bpóilíní.
cur ina haghaidh opposing it
" Aithnítear anois in ollscoileanna san iarthar go bhfuil an mhuirthéacht seo faoi lán tseoil agus in áit cur ina haghaidh, is fearr glacadh léi agus comhoibriú leis na Sínigh.
Cur i gCoinne opposing
" Cur i gCoinne na Glaisfhéinne ================== Bhí sé suimiúil scéal an tsáirsint a léamh sa nuachtán - chuaigh sé isteach sna Irish Guards i 1999 nuair a bhí sé 16 bliana d'aois agus bhí sé ar dualgas sna Sé Contae, An Iaráic agus san Afganastáin.
ag cur in aghaidh opposing
" Tá na Fíor-Fhionlannaigh glan i gcoinne an AE agus tá siad ag cur in aghaidh na bpacáistí cúnaimh atá á gcur ar fáil ag an AE do na tíortha a bhfuil géarchéim fiachais ar siúl iontu – Éire ina measc.
ag cur in aghaidh opposing
" Tá lucht teangacha – idir mhúinteoirí, léachtóirí, agus dhaoine ar grá leo teangacha – ag cur in aghaidh an chinnidh seo.
ag teacht salach ar a chéile opposing each other
" Ar ndóigh, botún a bheadh ann a cheapadh go mbíonn an dá rud de shíor ag teacht salach ar a chéile.
ina choinne opposing him
" Tráth dá raibh chothódh aitheasc an Aire ag moladh inimirce ón Áise díospóireacht bhinbeach abhus ina choinne, ach ní sin an chosúlacht a bhí ar an scéal an iarraidh seo.
lánchúlaí na foirne eile the opposing fullback
" Cad is brí leis an aidiacht sa chás seo? An é go bhfuil scian síos i stoca an imreora agus go bhfuil baol ann go sáfaidh sé lánchúlaí na foirne eile, nó níos measa ná sin, go sáfaidh sé go feirc an réiteoir bocht os comhair na mílte daoine? Is minic leis le linn na tráchtaireachta ar chluiche go dtugtar le fios go bhfuil an liathróid féin contúirteach.
ar malairt tuairime leo hold an opposing view
" Ach d'fhéadfadh comhrialtas den chineál seo a bheith thar a bheith contúirteach, dar liom, sa mhéid is go mbeadh móramh ollmhór (150 suíochán, b’fhéidir) acu agus go mbeadh an baol ann go ndéanfaí neamart de chearta éinne a bheadh ar malairt tuairime leo mar thoradh.
ag cur ina choinne opposing it
" Uisce faoi bhrú ard á chur go domhain faoi thalamh leis an ngás atá ann a bhrú aníos, mo léamh místuama féin ar an gceird sin, is chonac comharthaí go leor ag cur ina choinne.
ag seasamh in aghaidh na héagóra opposing injustice
" Ar an chéad dul síos, tá taithí ag na daoine ag seasamh in aghaidh na héagóra agus má throid siad ar na sráideanna in aghaidh apartheid, troidfidh siad in aghaidh aon dream a choinneodh faoi chois iad.
i scámhóga contrárthacha into the opposing lungs
" Ligtear ocsaigín na beatha isteach arís i scámhóga contrárthacha an dá shaghas scannán agus dhá phobal éagsúil Cineplex agus Arthouse.
ag cur in aghaidh na caimiléireachta opposing the crookedness
" Bhí siad ag cur in aghaidh na caimiléireachta agus mí-úsáid cumhachta.
ag teacht salach uirthi féin opposing her own position
" Maíodh ann gur ciníoch í, go raibh sí ag teacht salach uirthi féin agus nach feimineach ceart í a thuig cás na nGormach ar chor ar bith.
I gcoinne opposing, against
" Ná fiafraigh díom cén cainéal a raibh na cluichí sin á gcraoladh orthu áfach! I gcoinne thuairim Ui Ruairc, deir John Greene ar an bpáipéar céanna nach bhfuil an CLG ag tabhairt cúl le muintir na hÉireann agus nach bhfuil sa mhargadh atá déanta acu le Sky ach dul chun cinn ar an dul céanna le craoladh na gcluichí Gaelacha ar Theilifís Éireann sna 1960í.