Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
na Sé Chontae faoi Fhorghabháil the Occupied Six Counties
" Bhí seisean ag tagairt do chaidreamh trasphobail, ach in áit bheag mar na Sé Chontae faoi Fhorghabháil, comhairle mhaith atá ann maidir le suíomh ar bith ina bhfuil tú.
na Sé Chontae Atá Faoi Chois the Occupied Six Counties
" Cibé eile is féidir a rá faoi "na Sé Chontae Atá Faoi Chois", na flaithis atá iontu ó thaobh seandálaíochta de.
áitithe occupied
" Ar an mbealach áirithe sin, bhain Aer Arann úsáid as eitleáin ATR-72, ina bhfuil 70 suíochán, agus mar sin bhí timpeall dhá thrian de na suíocháin áitithe, uimhir shásúil d’aon aerlíne.
ó bhaill den arm forghabhála. from members of the occupying army.
" Glactar leis, mar shampla, nach bhfuil na meáin ag feidhmiú mar is ceart san Iaráic faoi láthair ach sáraítear an bhearna eolais le blaganna, bíodh siad ó shaoránaigh den uile fhaicsean nó ó bhaill den arm forghabhála.
ina cuid críoch faoi fhorghabháil. in its occupied territories
" Is é an t-aon tairbhe a thiocfaidh, i mo thuairimse, as cinneadh náireach Choiste Idirnáisiúnta na gCluichí Oilimpeacha cluichí na bliana seo a bhronnadh ar an tSín ná go dtugann sé deis don phobal idirnáisiúnta a dhéistin a chur in iúl faoin chos ar bolg atá á déanamh ag an deachtóireacht bhrúidiúil seo ina tír féin agus ina cuid críoch faoi fhorghabháil.
fórsaí forghabhála. occupying forces
" Ach nuair a thit gach rud as a chéile san Iaráic go luath tar éis an ionraidh, chuir Bush an-bhrú ar Howard trúpaí a sheoladh ar ais mar chuid de na fórsaí forghabhála.
forgabháil occupying
" Bhí sé ag cothabháil feithiclí i gcomhair an airm in aice le teorainn na Liobáine a fhad is bhí Iosrael ag forgabháil deisceart na tíre sin.
faoi fhorghabháil occupied
" Sa bhliain 1993, d’eisigh an tAturnae Dúiche i San Francisco 700 leathanach de dhoiciméid ag lua an ADL le spiaireacht ar 10,000 Meiriceánach agus 600 eagraíochtaí a bhí in aghaidh Apartheid san Afraic Theas agus polasaithe Iosrael sa chríoch Phailistíneach faoi fhorghabháil, agus an t-eolas fúthu a thabhairt do na rialtais sin.
gafa occupied
" com/lucy_montgomery/) Ach s’iad na Seapánaigh go háirithe – 50,000 acu sa bhliain le bheith beacht – atá chomh gafa léi go bhfuil taispeántas fúithi i dTóiceo i mbliana.
chríoch ghafa occupied territories
" 2 billiún de tháirgí “slándála” a bhí tástáilte ar Phalaistínigh sa chríoch ghafa.
róthógtha too occupied
" Is minic a deirtear gur tír í an Astráil atá an-tógtha le cúrsaí spóirt, nó róthógtha, de réir tráchtairí áirithe.
róghafa too occupied
" B’fhéidir gur orm féin atá an locht agus go bhfuilim róghafa le cúrsaí eile.
thailte gafa ‘occupied’ lands
" ” Ach an chloch is mó ar a phaidrín ná Obama agus an iarracht (thar a bheith lag) a rinne sé cur ina luí ar Netanyahu deireadh a chur le tógail áitrimh nua ar thailte gafa.
fhorghafa occupied
" Fíor-Thírghráthóirí Mheiriceá ============== Iaririseoir is ea Alison Weir, a bhunaigh If Americans Knew i ndiaidh a cuairt go dtí an chríoch Phalaistíneach fhorghafa i 2001.
faoi fhorghabháil occupied
" Leag an t-aerfhórsa Iosraelach an t-eitleán tráchtála le lámhach os cionn leithinis Síonáí – faoi fhorghabháil ag na hIosraelaigh ó Chogadh na Sé Lá i 1967 go dtí gur fhág na saighdiúirí Iosraelacha deireanacha é ar an 21 Feabhra, 1974 – ag marú 108 de na 113 daoine a bhí ar bord, cé go raibh sé ag dul anoir ag an am agus é gan ach nóiméad amháin ó theorainn na hÉigipte.
ghabháil to occupy
" Ar ndóigh, tá go leor leantóirí acu ar fud an idirlín agus an domhain, agus mar sin ba mhór an t-aisfhreagra a fuair siad nuair a mhol siad i samhradh 2011 gur cheart Wall Street, croílár an Chaipitleachais, a ghabháil.
róghafa too occupied
" Ní deacair a shamhlú go mbíodh ár sinsir ar feadh na mílte bliain róghafa le cur chun cinn na beatha le bheith ag plé le caitheamh aimsire.
Nascghabhadh was occupied by uniting
" Nascghabhadh an Nua-Shéalainn sa bhliain 1840 mar chuid den Astráil agus bhunaigh coilíneach ar leith ann an bhliain dár gcionn.
a bhí ag dréim le heolas ar thailte gafa who expected information on occupied lands
" Ba bheag an tuiscint a bhí acu sular thug siad aghaidh amach agus ba lú, is léir, a bhí acu nuair a léirigh siad a gcuid grianghraf do dhaoine ar ais in Éirinn a bhí ag dréim le heolas ar thailte gafa agus ar chaighdeán maireachtála daoine sa Mheán Oirthir.
Pailistín Faoi Mhursacht na Breataine British Occupied Palestine
" D’fhéadfaí roinnt díobh a thiontú san aer in aghaidh a gcóilíneachta féin, Pailistín Faoi Mhursacht na Breataine, nó Iosrael más fearr leat.
in áit a bheith gafa ag rather than be occupied with
" Measann daoine atá in eadan an vóta gur cuntas seiceach cloigeann a bheas ann, ach sin mar a bunaíodh an Stát sa chéad dul síos! Bhí ciall sa rud a dúirt an feisire sóisialach, Joe Higgins, sa Dáil an tseachtain seo nuair a dúirt sé gur córa go mbeadh an aicme oibre Chaitliceach agus an aicme oibre Phrotastúnach ag caitheamh dua le theacht le chéile leis na fadhbanna a chránn iad araon a réiteach in áit a bheith gafa ag ceisteanna ceannasachta.
a críocha gafa its occupied lands
" Ní hionann is atarraingt airm na Róimhe ar ais as a críocha gafa thar na céadta bliain, d’fhéadfadh titim ó chumhacht impireachtaí ár linne féin a bheith iontach gasta.
an-tugtha go fóill don still very occupied with
" 
Tá Éire an-tugtha go fóill don talk show agus cé nach bhfuil siad chomh trom is a bhíodh siad, níl siad tugtha suas don tsiamsaíocht ar fad mar atá thall le cláracha Graham Norton agus Jonathan Ross.
na ceantair a bhí sealbhaithe the areas which were occupied
" Bhí an cogadh do-aithnid seo ar siúl idir 1788 agus luathbhlianta an chéid seo caite, thart ar na teorainneacha mallghluaiste idir na ceantair a bhí sealbhaithe ag na coilínigh Eorpacha agus dúichí an mhuintir dhúchais.
chun iad a choinneáil ag imeacht to keep them occupied
" Bhí saorchead isteach ann agus bhí neart rudaí idirghníomhach chun iad a choinneáil ag imeacht.
Tar éis seilbh a ghlacadh ar having occupied
" Tar éis seilbh a ghlacadh ar an tír go léir agus rialtas Siach a bhunadh a bhí báúil do mhianta na Stát Aontaithe, d’admhaigh siad nach raibh airm ollscriosúla ar bith sa tír.