Pota Focal Intergaelic
know | new | no | nob | nod
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
le seo by now
" " Thug Síle cluas bhodhar dó nó bhí a fhios aici go raibh braon maith sa ghrágán aige le seo.
le seo by now
" " Thug Síle cluas bhodhar dó nó bhí a fhios aici go raibh braon maith sa ghrágán aige le seo.
Suigh fút anois sit down now
" "Suigh fút anois," arsa Síle le Cian.
Suigh fút anois sit down now
" "Suigh fút anois," arsa Síle le Cian.
as seo amach from now on
" Is léir ón chuidiú a fuair muid ó na Breatnaigh i gceantar Frongoch go bhfuil níos mó féinmhuiníne ag muintir na tíre sin anois agus, gan amhras, beidh níos mó comhoibrithe idir na hÉireannaigh agus na Breatnaigh as seo amach.
Seo anois Come now, here now
" "Seo anois," arsa Máire, "sin deireadh leis an chineál sin cainte.
corruair now and again
" Is mór an t-ardú croí é éirí amach corruair.
um an dtaca seo by now
" Tá Corn Sacair an Domhain thart um an dtaca seo agus tá foireann na hÉireann ar ais sa bhaile nó ar saoire in áit éigin chiúin nach bhfuil aon seans ann go mbualfaidh siad le *fans!* Bhí ceiliúradh mór ar siúl i bPáirc an Fhionnuisce i mBaile Átha Cliath, agus 100,000 duine i láthair más fíor do na tuairiscí, chun fáilte abhaile a fhearadh roimh fhoireann Phoblacht na hÉireann agus aitheantas cuí a thabhairt dóibh as an ngaisce a rinneadar.
as seo amach from now on
" Mar atá rudaí faoi láthair, tá cosc á chur ar thógáil go leor tithe aonair, go háirithe sa Ghaeltacht, agus imní ar roinnt mhaith de mhuintir na tuaithe nach mbeidh cead acu lonnú ina gceantar dúchais as seo amach.
feasta from now on
" Más "craoltóir tráchtála" feasta é, cuireadh sé deireadh leis an tseanmóireacht faoi thábhacht an stáisiúin agus admhaíodh sé gurb é leas na hinstitiúide agus ní leas an náisiúin an chloch is mó ar a pháidrín.
ach tá céim chun tosaigh tugtha againn anois but we've taken a step forward now
" Tá staid na tíre ag cur ráiteas ciniciúil i gcuimhne dom: "Bhíomar ar bhruach aille inné, ach tá céim chun tosaigh tugtha againn anois.
dá ligfeadh sí a racht anois if she let go now
" Bhí a fhios aici dá ligfeadh sí a racht anois go gcaoinfeadh sí uisce a cinn.
faoin tráth seo by now
" Tá suas le scór amhrán scríofa agam faoin tráth seo, comórtas Réalta Raidió na Gaeltachta buaite acu faoi dhó agus amhráin dá gcuid taifeadta ag Sinéad Lohan agus Karan Casey.
atá á gcruthú againne anois that we are creating now
" Is iad na struchtúir atá á gcruthú againne anois a bheas mar dhúshraith d'fhorbairt na Gaeilge sa todhchaí.
é seo a shamhlú to imagine this now
" Tá sé deacair é seo a shamhlú anois ach bhíodh leithéidí Mundy, Glen Hansard ó The Frames, Mic Christopher ó The Mary Janes, Damien Dempsey, Nina Hynes, Paddy Casey agus daoine nach iad ag seinm ar Shráid Grafton ag an am.
Níl goile spídeoige agam anois I have a tiny appetite now
" Níl goile spídeoige agam anois.
faoi seo by now
" Bhí sé tomhaiste ag na dochtúirí faoi seo.
ná clis anois orm don't let me down now
" "A chois, a chois, ná clis anois orm," a bhéic sé ag fuarchaoineachán.
Cad é do mheas, anois? What do you think, now?
" "Cad é do mheas, anois?" arsa Máire agus í ag amharc ar na bocsaí.
feasta from now on
" In Aibreán na bliana seo eagraíodh "Lá an Chatalpa" in iarsmalann Phríosún Fremantle den chéad uair agus tá sé beartaithe é a chur ar siúl gach bliain feasta.
tán tú anois san áit ina bhfuil an chuid is fearr den nGaeilge you are now where the best of Irish is to be found
" Beannacht Dé leat, a Bharra, agus tán tú anois san áit ina bhfuil an chuid is fearr den nGaeilge.
na ceanna atá anois againn the ones we now have
" Ní bheidh aon athrú ar an scéal sin go dtí go mbeidh aon chineál nua cairr le fáil ar phraghas cosúil leis na ceanna atá anois againn, a bheas in ann taisteal go neamhspleách de ló is d'oíche ar a laghad 400 nó 500 ciliméadar sula mbeidh gá le tuilleadh breosla agus go mbeidh sé sin le fáil go sciobtha, go héasca agus ar phraghas réasúnta.
feasta from now on
" Tá deireadh le flaithiúlacht na hEorpa i leith na hÉireann - go deimhin, beidh sciar den chostas a bhaineann le forbairt oirthear na hEorpa le n-íoc againne feasta.
as seo amach from now on
" Is faoin Acadamh a bheas an tÁras ag feidhmiú as seo amach agus ar an mbealach sin beifear ag cumasú daoine agus pobal le fostaíocht theangalárnach agus phobal-lárnach a chur chun cinn.
um an dtaca seo by now
" Tá an tseanbhliain caite go maith um an dtaca seo agus tá eachtraí spóirt na bliana 2003 díbeartha go dtí na tuairiscí staire agus curtha i dtaisce i bhfillteáin ríomhairí.
cé go bhfuil caoi i bhfad níos fearr orainn anois although we're much better off now
" " An dóigh leis gur cailleadh aon rud mar thoradh ar an dul chun cinn sa gheilleagar; ar chailleamar aon rud mar shochaí leis an bhforbairt sin? "Ní tharlaíonn aon athruithe, fiú amháin athrú chun feabhais, gan ceataithe cinnte a bheith ag baint leis agus, cé go bhfuil caoi i bhfad níos fearr orainn anois, is laige anois, creidim, an tionchar ar iompar na ndaoine, meas na gcomharsan agus an mhoráltacht thraidisiúnta.
as seo amach from now on
" Má bhogann Gearmánach nó Iodálach go hÉirinn as seo amach, cuir i gcás, beidh air fanacht dhá bhliain sula mbeidh liúntais leasa shóisialaigh ar fáil dó.
le hais mar atá siad anois compared to how they are now
" "Bhí rudaí an-difriúil le hais mar atá siad anois.
atá á lorg agam anois that I'm looking for now
" Chosain an tionscadal uilig cuid mhór orm, agus is dócha go mbeidh mé ag díol na hiasachta ar ais leis an bhanc go Lá Sheoin Dic; ach is fiú achan leathphighin domh é - a bheith ábalta a rá go ndearna mé "ar mo bhealach féin é", mar a déarfadh John Beag Sinatra! An rud atá á lorg agam anois, áfach, ná dream leis an dlúthdhiosca a dháileadh, so má tá comhlacht seachadta ar bith amuigh ansin atá ag iarraidh cúpla euro a dhéanamh orm …! AÓF: Agus céard atá ar an dlúthdhiosca seo go díreach? BNM: Tá trí amhrán déag air, 11 i nGaeilge agus dhá cheann i mBéarla.
ó thráth go chéile now and again
" Go deimhin, ní ligfinn do mo pháistí féin siúl ar scoil leo féin mar gheall ar a chontúirtí is atá an bóthar sin, cé go ndéanaim iarracht siúl ar scoil leo ó thráth go chéile nuair a bhíonn an deis sin agam.
díriú go huile is go hiomlán anois to concentrate entirely now
" Thug an Taoiseach féin sonc cliathánach dó ar fhoilsiú Thuarascáil Quigley nuair a dúirt go raibh súil aige go mbeadh an tAire Cullen ábalta díriú go huile is go hiomlán anois ar na nithe uilig atá faoina chúram, mar gur cinnte go raibh neart oibre le déanamh.
N’fheadar anois I don't know now
" An bhfuil tú chun fanacht sa tír seo anois? BNicG: N’fheadar anois cén saghas rud a thitfeadh amach go fadtéarmach ach faoi láthair táim breá sásta bheith in Éirinn.
ó thráth go chéile now and again
" Beidh na léachtaí agus an t-ábhar teagaisc eile don Ard-Dioplóma i Scileanna Raidió á seachadadh ar an idirlíon, rud a fhágfaidh go mbeidh duine in ann an cúrsa a dhéanamh áit ar bith ar domhan, fad is go mbeidh deis aige teacht chuig ceardlanna a bheas ar siúl ó thráth go chéile in Áras Mháirtín Uí Chadhain ar an gCeathrú Rua i gConamara.
an-láithreach very now
" Bhí rud éigin an-láithreach agus an-drámata sna híomhánna dorcha ar fad ó cheamaraí ar ghutháin siúil a bhí le feiceáil ar an nuacht.
Bhí a ceirteach bogthais leis seo her clothes were mildly damp by now
" Bhí a ceirteach bogthais leis seo agus ní raibh d’fhaoiseamh ann ach nach raibh ach dhá stad eile le dhul aici.
feasta from now on
" ” * Tá áthas orainne i nGlór na nGael go mbeidh comórtas ar leith ann feasta do ghrúpaí nó coistí a chuireann an Ghaeilge chun cinn thar lear.
as seo amach from now on
" Ceist amháin atá faoi chaibidil againn ná cad é an tslí is oiriúnaí chun muid féin a eagrú as seo amach.
Seo there now (used to re-assure in this context)
" “An bhfuil a fhios agat Seo,” arsa Seoirse, “tá seachtain caite agam ag cleachtadh na cainte Seo.
a aithnítear go forleathan anois which is widely recognised now
" Bunaíodh an Academy Award of Merit, sa chruth a aithnítear go forleathan anois e, i 1928 agus is éard a bhí ann ná ridire ina sheasamh ar ríl scannáin agus claíomh crosáidí ina lámh aige.
um an dtaca seo by now
" Maidir leis an dara ceann, is gearr, muna bhfuil sé déanta um an dtaca seo, go n-ainmneofar cé (is dóigh gur fear a bheas ann) bheas mar Stiúrthóir Náisiúnta Iománaíochta an Chumainn Lúthchleas Gael.
faoin dtráth seo by now
" Ach is seisear fear iontach iad agus, faoin dtráth seo, tá siad mar a bheadh mo dheartháireacha ann.
faoin dtráth seo is cuma by now it doesn't matter
" Fós tuirseach ach faoin dtráth seo is cuma.
atá ag cur fúthu anois who are settled now
" Bíonn meascán bocht canúintí le cluinstin ann agus thabharfá suntas ach go háirithe don mhéid daoine ó Ghaeltachtaí beaga atá ag cur fúthu anois i gContae na Gaillimhe.
feasta from now on
" Má tá an rialtas le leanacht ar aghaidh leis an bplean atá acu, beidh sé níos deacra saoránacht a bhaint amach san Astráil feasta.
ceadófar céasadh as seo amach torture will be allowed from now on
" Céastar príosúnaigh de chuid na Stát Aontaithe anois, agus, má rithfear bille a mhol an t-uachtarán don Chomhdháil an tseachtain seo caite, ceadófar céasadh as seo amach agus ní thabharfaidh Meiriceá aitheantas do Choinbhinsiún na Ginéive níos mó.
dá ndéanfaí a leithéid anois if such things were done now
" Go minic, rinneadh rudaí ar na páistí agus dá ndéanfaí a leithéid anois chuirfí an dlí ar dhuine éigin.
spreagtar daoine anois people are inspired now
" Mar a thug na hoilithrigh altú do Dhia as teacht tríd an gcéad bhliain i 1620, agus mar a thug Lincoln altú as teacht slán na hAontachta in 1863, spreagtar daoine anois le bheith buíoch as a dtír nua laistiar den Aigéan Atlantach, cibé Dia nó té a dtugann siad altú dó.
go n-eagraítear ar chor ar bith anois é, that it is organised now at all,
" Ach thit stádas Chorn an Oireachtais an-sciobtha trí na 1980í, faraor, agus ní heol dom go n-eagraítear ar chor ar bith anois é, ach bhí an-mheas ar fad air blianta ó shin.
go rabhthas ag plé a leithéid go hoscailte anois that such a thing was being discussed openly now
" Ach chuir sé iontas orm fós féin go rabhthas ag plé a leithéid go hoscailte anois i Meiriceá.
ag maíomh anois claiming now
" Rinne siad soiléiriú ar an ráiteas ó shin agus iad ag maíomh anois gur cúiteamh do thábhairneoirí a chuireann córas taistil ar fáil dá gcustaiméirí a bhí i gceist.
Imeacht le fána atá romham anois go ceann scríbe. I'll be going downhill from now until my destination.
" Imeacht le fána atá romham anois go ceann scríbe.
den líon atá ann anois. of the number we have now.
" Measann sé go gcaillfidh muid suas le leath ár dteangacha san aois seo agus go bhfaighidh tuilleadh teangacha bás sa chéad aois eile, go dtí nach mbeidh fágtha ach 5 nó 10% den líon atá ann anois.
faoin tráth seo by now
" Ach faoin tráth seo is dóigh go ndéarfainn go bhfuil sé dúshlánach seachas deacair.
ag iomardú an dlí seo anois, challenging this law now,
" Faraor, is deacair duine ar bith a shamhlú ag iomardú an dlí seo anois, ós rud go bhfuil sé sa mbunreacht.
Is mithid anois it is now high time
tá an chuma ar an scéal anois it now appears
" Má dhíbirtear imreoir as cluiche, tá an chuma ar an scéal anois go síleann na hoifigigh chontae go bhfuil sé de dhualgas orthu cás an imreora sin a throid agus an córas smachta a thástáil go dtí a theorainn.
le dornán blianta anuas for some years now
" Tá drochmheanma sa Gharda Síochána agus easpa muiníne ag an phobal san fhórsa mar thoradh ar shraith scannal a tháinig chun solais le dornán blianta anuas.
Thig nuachtáin a phriontáil in iliomad láithreacha anois a newspaper can be printed in many different locations now
" Thig nuachtáin a phriontáil in iliomad láithreacha anois seachas a bheith á seachadadh ar thraenacha nó leoraithe ó aon lárionad amháin.
nár insíodh go dtí seo which hasn't been told until now
" Seo scéal nár insíodh go dtí seo faoin sruth imirce sin agus faoin uaigneas a lean é, agus atá ag tarlú go fóill i measc na mílte imirceach ón Liotuáin, ón Pholainn agus ón tSín.
An bhfuil aiféala anois orthu Do they now regret
" Cén chaoi ar bhraith siad, mar sin, agus iad ag caitheamh vóta ar son an Taoisigh nuair a bhí an tairiscint mímhuiníne i gceist sa Dáil? Ar mhothaigh siad ciontach i ndiaidh na vótála?An mbeidh an Comhaontas Glas sásta fanacht sa Rialtas? An bhfuil aiféala anois orthu mar gheall ar an “deal with the devil”, mar a thug Ciarán Cuffe air, a rinne siad le Fianna Fáil?Mar bharr ar gach donas, de bhrí go bhfuil Ahern an-ghafa leis an scannal faoi láthair, níl sé ar a chumas dul i ngleic le gnó tábhachtach an rialtais – níl Teachtaí ceaptha go fóill mar bhaill ar na coistí agus na fochoistí rialtais, cuir i gcás.
Dealraíonn sé anois It appears now
" An bhfuil an rud céanna i ndán do Bertie Ahern tar éis dó an cineál céanna ráitis a dhéanamh? Dealraíonn sé anois go mbeidh ar Ahern éirí as a phost agus é a fhágáil faoi scamall – deireadh brónach le gairm amhra.
Tá ruathar fúm anois. I'm in a rush now.
" Tús maith leath na hoibre! Ach tuigim nach bhfuil fiú aon faoin gcéad den obair déanta! Tá ruathar fúm anois.
amhrán nach cuimhin liom a theideal anois, a song whose title I cannot remember now
" Tá amhrán de chuid Led Zeppelin, amhrán nach cuimhin liom a theideal anois, ar siúl sa chúlra.
Cuimhnigh anois remember now
" Cén fáth go gceanglaím an bheirt sin le chéile i m’aigne? Cuimhnigh anois a Bhaloir! I bhfad siar! Ard Fheis Fhine Gael! Ó sea! Ach níl cead againn labhairt faoi sin níos mó.
laghdaithe anois, reduced now
" Cé go bhfuil an brú sin laghdaithe anois, beidh Ahern os comhair an bhinse arís go luath agus d’fhéadfadh sé tarlú go dtiocfadh sé faoi bhrú in athuair.
feasta. from now on
" Ach is é an t-adhmad is mó atá le baint as Conradh Liospóin ná go mbunófar ollstát feidearálach a bhfuil bunús bunreachtúil faoi – nó “Stáit Aontaithe na hEorpa”, mar a thugtar air go coitianta – agus gur saoránaigh an Aontais a bheas ionainn uilig feasta.
atá anois ina ollamh le Gaeilge who is now an Irish language professor
" Ba mé féin agus AJ Hughes – atá anois ina ollamh le Gaeilge in Ollscoil Uladh – a chuaigh chuici.
nár chualathas mórán faoi go dtí seo. about whom not much has been heard up until now
" D'fhéadfaimis casadh cinntitheach a fheiceáil sa toghchán in Iowa, mar sin, i dtreo iarrthóra nár chualathas mórán faoi go dtí seo.
tá sí anois ag iarraidh a slí bheatha a thabhairt i dtír trí scríbhneoireacht. now she is trying to make her living through writing
" Iarléiritheoir teilifíse le RTÉ atá inti agus tá sí anois ag iarraidh a slí bheatha a thabhairt i dtír trí scríbhneoireacht.
Idir an dá linn, since then, between then and now
" Idir an dá linn, dúirt Jackie Healy Rae go raibh ainm an bhaile ar a liosta siopadóireachta agus é i mbun máirgáintíochta leis an Taoiseach nuair a bhí rialtas le bunú.
le tamall anuas for a while now
" Aicíd eile atá ag éirí coitianta le tamall anuas ná an Easpazheimers.
anois ag teacht ar leigheas fána choinne. now there is a remedy for it being discovered
" Tá cuid mhór daoine sa taobh ó dheas den tír buailte go trom leis an Corcaighzheimers – chan an CorkExaminers, ach an ceann eile, a ndeirtear faoi go bhfuiltear anois ag teacht ar leigheas fána choinne.
ar fáil sna siopaí available in the shops now
" ” Tá albam Sheachtain na Gaeilge, *Ceol ’08, *ar fáil sna siopaí anois agus ó Sheachtain na Gaeilge féin.
ar an fhód anois in existence now
" Is díol spéise é go bhfuil cúis cheiliúrtha ag Opie agus Dánlann Hugh Lane araon in 2008 – bainfidh Opie a chaogadú breithlá amach i mbliana agus tá an dánlann ar an fhód anois le céad bliain anuas.
nach bhfuil an dara suí sa bhuaile ann anois that there is no other option now
" Fear faille is ea Kenny, agus léirigh sé go bhfuil easpa tuisceana agus breithiúnais i gceist óna thaobhsan de mar gur shíl sé go mbeadh sé cuí teacht i dtír ar chruachás Ahern ar an 2 Aibreán agus rún a chur os comhair mhuintir na hÉireann nach bhfuil an dara suí sa bhuaile ann anois ach olltoghchán eile a ghairm.
nach maireann. who is now dead.
" Is dócha go raibh an nós céanna ag mo mháthair, nach maireann.
anois ar an bhfód now in existence
" Tá buíonta SWAT anois ar an bhfód a bhfuil ingearáin agus meaisínghunnaí acu, agus tá tanc Saracen – a ceannaíodh ón mBreatain – ag an buíon in Tulsa, Oklahoma.
Ag féachaint siar anois, looking back now
" Ag féachaint siar anois, tá mé den tuairim go mbeadh muid an-bhuíoch de dá rachadh sé i gcomhairle linn faoi seo ar fad.
a áirítear anois who is considered now
" ”Sa bhliain 1970, fuair Lunny cuireadh a bheith páirteach i dtaifeadadh dara halbam Christy Moore, an t-amhránaí as Cill Dara a áirítear anois ar dhuine de laochra móra cheol na hÉireann san fhichiú haois.
sa mhéid is go gcuirtear tús leis an bpróiseas anois in that the process is now started
" Ach tá athrú mór tagtha ar an gcur chuige seo sa mhéid is go gcuirtear tús leis an bpróiseas anois agus na himreoirí in aois níos óige – ceithre bliana déag, de ghnáth – agus dá bhrí sin, bíonn na painéil agus na foirne socraithe i bhfad sula mbaineann na buachaillí aois na mionúr (faoi ocht mbliana déag) amach.
táim dulta i dtaithí ar na hionsaithe anois I am used to the attacks now
" Ar ndóigh, táim dulta i dtaithí ar na hionsaithe anois, agus ní chuireann siad isteach nó amach orm.
go nglactar leis go forleathan anois that it is widely accepted now
" Tréimhse neamhchoitianta réamhthoghchánaíochta atá ann, ámh, nó tá an Páirtí Poblachtánach chomh lag sin go nglactar leis go forleathan anois go ngnóthóidh an Páirtí Daonlathach an t-olltoghchán i mbliana.
go bhfuil an-tóir ar na halbaim anois, that the albums are popular now,
" Agus de bhrí go bhfuil an-tóir ar na halbaim anois, tromluí is ea cúrsaí cóipchirt.
as seo amach. from now on.
" Ach tá bord nua ceaptha anois agus tá súil agam go mbeidh athrú ar an scéal as seo amach.
áirítear í anois it is now considered
" ”Bronnadh go leor gradam ar *Bringing it all Back Home*, agus áirítear í anois mar shraith a bhí cineál íocónach.
agus fúthu siúd atá ar shlí na fírinne anois. about those people who are now (since) dead
" In ainneoin go bhfuil cláracha déanta aige faoi cheoltóirí fíorcháiliúla, is é an chéad rud a deir sé, gan leisce dá laghad, ná: “Cuid de na cláracha a bhaineann leis an tsraith *Sé mo Laoch*; na cinn faoi Johnny O’Leary agus Seán McGuire agus fúthu siúd atá ar shlí na fírinne anois.
feasta from now on
" ) Thuigfeá mar sin don té a déarfadh gur beag aird a tharraing an plean a mbeadh sé i gceist ann, tástáil mhaoine a chur feasta ar an seanduine a bheadh ag iarraidh cárta leighis a fháil.
slán feasta shall survive from now on
" Casfaidh siad ceol ina dtithe féin agus sílim go mbeidh an ceol slán feasta.
dornán blianta anuas for some years now
" Thug an Roinn Ealaíon, Spórt agus Turasóireachta breis is €12m do Chomhaltas Ceoltóirí Éireann le dornán blianta anuas leis na hionaid ceoil seo a fhorbairt.
feasta from now on
" Ach na muilte atá le déanamh is le crochadh ar fud na hÉireann: Dá dtairbhe, fostófar roinnt daoine ar fud na tíre nach mbeadh ag obair dá n-uireasa, b’fhéidir; Ach na muilte a bheith crochta, séidfear an breosla chugainn saor in aisce gan a dhath a dhó ná smid smúite a scaoileadh san aer inár dtimpeall; Is lú an méid breosla dá réir a loscfar sna stáisiúin ghinte leictreachais agus is lúide an dochar imshaoil an méid sin; Is lú an méid gáis agus artola a allmhaireofar ar loing nó i bpíplíne feasta le haibhléis a ghiniúint in Éirinn, rud a fhágfas an t-airgead abhus inár measc.
feasta from now on
" Bíonn ceart freagartha ag an té ar líne a bhreathnós feasta ar aon suíomh, ar aon fhíseán, ar chomhad fuaime, ar ábhar, íomhá, learáid gur fiú breathnú air.
is lú is cuma anois leis it's less (they) care now
" Uimhir a dó – is lú is cuma anois leis an bpobal cé bhris an Tíogar Ceilteach, seachas cé is fearr atá in ann an cat spadhrúil sin a leigheas.
fán dtráth seo by now
" Glacann an pobal leis fán dtráth seo nach bhfuil aon bhealach éasca as an tsáinn fhíochmhar ina bhfuilid.
le dornán blianta anuas for some few years up to now
" Léiríonn na figiúirí a laghad ratha is atá ar pholasaithe an Rialtais le dornán blianta anuas tuilleadh fear a earcú.
á cheilt being hidden now
" Tá a leithéid de thionchar á cheilt anois, áfach, insa tríú cuid de bhunscoileanna na hÉireann.
go nuige seo up to now
" Tionchar Uí Dhálaigh Maidir le hAntaine Ó Dálaigh, iarlaoch agus iarchaptaen an Chláir, níl aon amhras faoin tionchar atá aige ar fhoireann Átha Cliath go nuige seo.
le tamall anuas for some time now
" Tá an cúlra eacnamaíochta agus airgeadais agam ach tá spéis níos mó agam san oideachas agus sa nuálaíocht, agus tá mé tar éis imeacht le sruth an oideachais níos mó le tamall anuas.
feasta from now on
" Beidh orainn brath níos mó feasta ar na fórsaí dúchais, ar an áitiúlacht, amach anseo.
dornán blianta anuas for some years now
" Grád: C+ Mary Harney (Aire Sláinte): Gan ord ná eagar ar an chóras sláinte le dornán blianta anuas (nó Angola mar a bhaist an Taoiseach ar an Roinn fadó.
anuas up to present, up to now
" De réir staidrimh ón Ministère de l’Education Nationale, tá titim 14% sa líon mac léinn atá ag freastal ar Ollscoil Rennes 2 sa tréimhse 2005/2008, ceann de na hollscoileanna is mó a buaileadh ag stailceanna le trí bliana anuas.