Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
foirne mór le rá notable teams
" Is féidir a rá go raibh comhluadar maith ag foireann na Poblachta sa mhéid sin, mar d'fhág foirne mór le rá ar nós na Fraince agus na hAirgintíne níos túisce ná na hÉireannaigh agus phacáil an Iodáil, Sasana, an Spáinn is araile a gcuid málaí i bhfad níos luaithe ná mar a bhí ceaptha dóibh a dhéanamh roimh an gcomórtas.
nótáilte notable
" Tá saibhreas mór amhránaíochta aige baile againn agus ana-chuid amhránaithe nótáilte ar nós Áine "Cheaist" Ní Chatháin, Eibhlín Uí Chearna, Páidí "Mharthan" Mac Gearailt, Éilís Ní Chinnéide agus muintir Bheaglaioch.
nótáilte notable
" Ba leabhar mór-ráchairte é *The Westies *nuair a foilsíodh é i 1990 agus roghnaigh an *New York Times *é mar fhoilseachán nótáilte.
iomráiteach notable
" Ó thaobh méid de, tá an áit seo claon beag níos lú ná an Vatacáin agus tá an-chuid Polannach iomráiteach curtha ann.
ar na húdair agus fhealsúna is céimiúla on the most notable authors and philosophers
" Ba é an múnla a bhí agam féin Modern Masters, sraith leabhar a foilsíodh ar na húdair agus fhealsúna is céimiúla agus arbh iad mic léinn ollscoile nó léitheoirí ginearálta a bpríomh-mhargadh.
eisceacht shuntasach notable exception
" Ag breathnú siar ar dtús, is beag Éireannach ná foireann Éireannach – cé is moite d’eisceacht shuntasach nó dhó – ar éirigh leo dul chun cinn a dhéanamh in 2007.
an t-éacht ba shuntasaí spóirt the most notable sporting achievement
" Fuair bua Phádraig an líon ba mhó vótaí agus an t-éacht ba shuntasaí spóirt ón mbliain seo caite á roghnú ag lucht leanúna an spóirt in Éirinn.
is iomráití most notable
" An Tílicín Is dócha gurb é an tílicín, nó tíogar na Tasmáine, an mamach is iomráití i measc iad siúd atá imithe in éag abhus sa tréimhse sin.
shuntasach notable
" , a d’oscail an t-ionad ilfheidhmeach seo atá i gcroílár chathair Dhoire agus d’aithin sé, agus é ag caint faoin togra, gur céim shuntasach a bhí ann ó thaobh thodchaí na Gaeilge sa tuaisceart agus cúrsaí comhfhiontair thuaidh-theas.
Eisceacht shuntasach a notable exception
" Eisceacht shuntasach ab ea Lá an Phaoraigh le Seán Óg agus Aoife de Paor (2007 Cló Iar-Chonnacht).
tá sé suntasach it’s notable
" Faigheann an Lucht Oibre an oiread céanna tacaíochta ó na haicmí ABC1 (6%) agus a fhaigheann ón C2DE (6%) ach tá sé suntasach go bhfaigheann Sinn Féin tacaíocht níos mó (24%) ón ísealaicme (C2DE) i gcomórtas le tacaíocht 13% ón uasalaicme (ABC1).