Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
cúis uasal noble cause
" Nuair a léigh mé fá dtaobh d'athbheochan na Gaeilge, mar sin, ba léir domh ó thús gur cúis uasal a bhí ann a mb'fhiú dúthracht do shaoil a chaitheamh léi.
uasal noble
" Aontaíonn siad ar fad gur duine uasal é; gur cainteoir maith é; gur spreag sé iad; gur chuir sé iad ag traenáil go dian, gan trócaire; go ndeir agus go ndéanann sé rudaí aisteacha; go n-ullmhaíonn sé iad ar fheabhas le haghaidh cluichí móra sa chaoi is nach ngéilleann siad go deireadh an chluiche; go gcuidíonn sé leo ar bhealaí éagsúla ina saol pearsanta; gur féidir labhairt leis agus nithe a phlé leis; go mbíonn a theach i gcónaí ar oscailt dóibh; go gcailleann sé guaim air féin uaireanta; go dtugann sé deochanna gránna dóibh le n-ól uaireanta; agus go ndéanfadh rud ar bith ar son fhoireann na Mí.
uasal noble
" Bhí an-eolas aici ar na Ceiltigh freisin, agus bhí sí cinnte dearfa gurbh iad na *Danaoi*, tuath na Sean-Ghréige, agus Tuatha De Danann na finscéalaíochta an dream ceannann céanna in anallód! Tuigeadh dom sa deireadh, blianta ina dhiaidh sin, le linn mo chéad chuairte ar Éirinn agus ar an Ghaeltacht (Samhradh 1998) go mb'fhéidir nár de shliocht *Danaoi *na Gréige iad na Gaeil ná na Tuatha Dé Danann; mar sin féin, chonacthas dom gur dream iontach ab ea na Gaeil, a raibh croí misniúil agus uasal acu, agus thuig mé go raibh a ndearcadh féin ar an saol acu.
oifigigh uaisle phoiblí noble public officials
" Roimh 9/11, ainmníodh na sráideacha, mar chomhartha ómóis, as oifigigh uaisle phoiblí nach raibh ónoir ní ba mhó tuillte acu, is oth liom a rá.
amhraí noble, distinguished people
" Ach cá háit a dtéann amhraí eile na hÉireann lena scíth a ligean agus le teacht chucu féin arís i ndiaidh bliain mhór oibre a chur isteach? Tá Éamon Ó Caoimhnis, Aire na Galltachta, ag dul ar ais go dtí Féile na nGael i Milwaukee Cois Locha, ach tá ár sáith ráite faoi Joe Mac Dunno agus é féin agus a gcuid eachtraí ann anuraidh - an bheirt acu in iomaíocht lena chéile ag iarraidh an óráid ab fhaide a thabhairt agus an líon ba mhó daoine a chur ina gcodladh.
uaisle nobles
" Protastúnaigh ba mhó ab ea iad, agus d'fhan an mórshiúl ina lá d'uaisle na hÉireann ar feadh i bhfad.
portráidí na n-uaisle portraits of the nobles
" Mac muilleora ab ea Rembrandt agus saolaíodh é nuair a bhí borradh faoin mheánaicme sa tsochaí Ollannach agus, dá bharr sin, bláth ag teacht ar an phéintéireacht réalaíoch, a d’fhéach le gnéithe de shaol an ghnáthdhuine a léiriú chomh maith le portráidí na n-uaisle a chur ar fáil.
ainm níos uaisle a more noble name
" Tá an-tóir ar na cluichí rugbaí faoi láthair i ngeall ar go bhfuil foireann mhaith ag Éirinn agus gur bhuaigh an Mhumhain Corn Heineken anuraidh (cén fáth nach dtugtar ainm níos uaisle ar an gcorn seachas ainm comhlachta bheoraigh?).
maorga noble
" ** ** Tongariro Cúpla uair taistil síos an bóthar agus tá tú ag Tongariro, ar sliabh mór maorga é.
stair uasal ársa ancient noble history
" Ach seo ceist: caidé atá contráilte leis an snaoisín? Má tá daoine ag iarraidh stuif a chur suas a srón, nach dtiocfadh leo an snaoisín a úsáid? Agus mura bhfuil dath donn nádúrtha an snaoisín maith go leor dóibh, nach dtiocfadh leo é a dhéanamh bán? Má táthar in ann an bradán agus an breac a thairgeadh ar dhathanna éagsúla anois, gan trácht ar an phráta féin, nach dtiocfadh leo an rud céanna a dhéanamh leis an snaoisín? Tá stair uasal ársa ag an snaoisín sa tír seo.
éirimiúla agus uaisle intelligent and noble
" Súil eileOs a choinne sin, cuirtear formhór na gcarachtar baineann trasna ar an léitheoir mar chait (nó mar mhná) éirimiúla agus uaisle a thuigeann tábhacht na haontachta agus iad i mbun feachtais ar son chaomhnú Lios na gCat.
bhfoclaibh maorga an Aire Airgeadais in the noble phraseology of the Finance Minister
" Ní fios go fóill cioca cróga nó meargánta é mar chraic bhailithe airgid thapa an straitéis sin ‘fhonn tús a cur le hathshlánú an státchiste’, i bhfoclaibh maorga an Aire Airgeadais, ‘próiséas a leanfaidh go ceann cúig bliana eile,’ ar a laghad.
níos uaisle greater, more noble
" Agus don dream óg, cosúil liom féin, cén mhaith é sin? Cén mhaith a dhéanfaidh sé, dar le cuid againn, an sclábhaíocht scoile go léir, nuair is féidir cúig nóiméad déag faoin spotsholas a lorg ina háit? An bhfuil uaillmhian ar bith níos uaisle ná an clú? Is rídheacair a chreidiúint, ar na saolta seo, cé chomh mór is a bhíonn an brú ar dhaoine óga cloí le híomhá agus le hiompar na réaltaí.
mhaithe nobles
" Cé gur rí ar deoraíocht é Séamas, thug sé fáth do mhaithe an bhaile bród mór a bheith acu arís as St Germain.
mian uasal noble wish
" Ach ba é an léamh a bhí ag roinnt daoine ar an mian uasal seo ná go dteastaíonn ón bhFrainc cúram na forbartha i dtíortha bochta a bhogadh ó leibhéal an rialtais go leibhéal na n-inimirceach féin.
Is uaisle ar fad a nobler by far
" Is uaisle ar fad ná sin a sprioc.
dá anam dílis to his noble soul
" Conas is ceart onóir a thabhairt dá anam dílis? Doirtim uisce íonghlan ar a leac uaighe is cuirim paidir chiúin lena anam.
haidhmeanna uaisle noble aims
" Bhí stair uasal ag an seanpháirtí sin, préamhaithe i luachanna an phobail go dtí gur cailleadh radharc ar na haidhmeanna uaisle a bhí ag lucht a bhunaithe.
seanmhná uaisle noble old ladies
" Agus cosúil leis an idirlíon baineadh úsáid as na meáin seo ar fad, na meáin chló san áireamh, chun pornagrafaíocht a dhíol is a scaipeadh! Bearnaí á Líonadh ========= Tá roinnt fiontraithe Éireannacha agus seanmhná uaisle na nuachtán ag baint trialach as múnlaí na meán eile cheana féin.
cuma mhaorga bheannaithe a blessed noble appearance
"cuma mhaorga bheannaithe uirthi agus, i lár a héadain, tá mionphortráid dá fear céile, Diego.
fir uaisle noble people
" Níl sa turgnamh ach imirt bheag cearrbhachais ag fir uaisle, Higgins agus Pickering, ach ag Eliza is é a deis sa saol chun éalú as timthriall na bochtaineachta.
tréithe uaisle noble traits
" Tuigeann an pobal ‘nach bhfuil saoi gan locht” ach bítear ag súil le tréithe uaisle uathu sin ar bronnadh buanna ar leith orthu.
a dtíre gona iompar sách aisteach uasal féin of their country with its strange enough and noble behaviour
" Má thuigeann siad faoi dheireadh a thábhachtaí is atá teanga álainn a dtíre gona iompar sách aisteach uasal féin, tuigfidh siad gur cheart meas a bheith acu ar theangacha eile sin a mná agus a bhfear céile agus cothóidh siad ina ngasúir iad.
uasal noble
" An-smaoineamh, b’fhéidir nach bhfuil sé ró-úr mar smaoineamh ach tá sé uasal.
ball uasal eile des na breacdhaoine another noble member of the marginal people
" Agus tháinig sé isteach fé dheireadh i dtearmann James Joyce, ball uasal eile des na breacdhaoine- *“Between two roaring worlds where they swirl, I”*, an tÉireannach a thuig tátal Hugo níos fear ná éinne eile.
Gaeilgeoirí uaisle Laighean the noble Irish speakers of Leinster
" Is minic a chloisinn ‘Cill Mhantaín’ ag Gaeilgeoirí uaisle Laighean, cuir i gcás.
a cuid spásanna uaisle its noble realms
" Déantar creimeadh ar charachtar cathrach de réir mar úsáidtear a cuid spásanna uaisle le gnó an mhargaidh a dhéanamh.
ard aerach uasal tall spacious and noble
" Tá oileán i lár ’chaon bhaile díobh, ard aerach uasal ar leataobh na habhann, agus infheistíocht mhaith ag teastail le cic ar aghaidh a thabhairt don dá áit bonn araon.
cóiste ag a mnáibh uaisle their noble women in a coach
" Turas deich lá a bheadh sa dá chéad míle dóibhsean nuair a d’fhág siad An Lóbháin tamall ó thuaidh de Liège ar an 28ú Feabhra an bhliain úd, ‘dhá fhear déag ar fhichid dóibh ar eachraidh’ agus ‘cóiste ag a mnáibh uaisle,’ mar a deir Tadhg Ó Cianáin in Imeacht na nIarlaí.
sáite i lár ualach na beartaíochta uasal uilig lodged in the burden of all the noble enterprise
" Tá an t-amhras á chrá, ceart go leor, ach is amhras dlíodóra é; tá fuacht an phósta ann, ceart go leor freisin - folús a fhágann an tUachtarán aonarach, gan chompord ceana a mhná, agus é sáite i lár ualach na beartaíochta uasal uilig a bhí idir lámha aige.
Oirbheart a thug an lá don ngníomh ab uaisle strategy won the day for the most noble deed
" Oirbheart a thug an lá don ngníomh ab uaisle i stair ghairid SAM.
na húdair mhóruaisle the most noble authors
" (ach ní foláir a admháil freisin) nach iad na húdair mhóruaisle is mó a thaithníonn le formhór na ndaoine… Dá mbeadh Shakespeare Gaelach againn níor mhór dúinn Edgar Wallace Gaelach leis”.
le haidhmeanna uaisle with the noble aims
" Ní róshásta a bhí lucht na dTorthaí Aontaithe le haidhmeanna uaisle an uachtaráin Árbenz, ar ndóigh.
d’uaisle na gCeilteach curtha ann of a noble of the Celts buried there
" Sa mbliain 1978 fuarthas uaigh i Hochdorf a raibh duine d’uaisle na gCeilteach curtha ann, maraon le carbad álainn, agus míle rud nach é, coire mór miotail, cuir i gcás, a mbeadh áit seasaimh ann do cheathrar páistí.
ollúna uaisle noble professors
" Dá mbeadh seachtar iarphápaí ardléannta, seachtar ollúna uaisle, seachtar iriseoirí ilfhiosracha agus seachtar amadán éirimiúla ann, ba róchuma liom ach seasamh suas agus mo phíosa a léamh.
ghníomh uasal noble deed
" Bhíodh an ridire fáin agus an giolla ag gluaiseacht rompu, féachaint cá bhfaighidís tíoránach le smachtú, éagóir le ceartú, ropaire le marú, nó aon ghníomh uasal eile le déanamh do thuillfeadh oirirceas don té a dhéanfadh é…” Chuaigh na hidéil uaisle sin i gcion orainn go léir.
an chuid is uaisle dínn féin the most noble aspect of ourselves
" Bíonn laochra idéalacha uainn chun an chuid is uaisle dínn féin a nochtadh dúinn féin: Artúr, Robin Hood, Fianna Éireann na n-each seang, Éamon an Chnoic.
dá stuaim agus dá héirim uasal of her dignity and her noble instinct
" Mar chloch ar charn Mháire Nic Suibhne-Brugha a scríobh Pat Butler an t-alt seo, alt a léireofas don ghlúin óig aníos blas éigin dá stuaim agus dá héirim uasal.