Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
iarrthóirí náisiúnacha nationalist candidates
" Dar ndóigh bhí a fhios agam cheana féin gurb as Dún na nGall don bheirt iarrthóirí náisiúnacha, Pat Doherty ó Shinn Féin agus Bríd Rodgers ón SDLP.
náisiúnaithe nationalists
" An mbeidh sí níos báúla leis na náisiúnaithe nó an mbeidh sí cosúil leis an L21A1?
tréigfidh an pobal náisiúnaíoch iad the nationalist community will abandon them
" Mura dtig le páirtí Hume agus Mallon a thaispeáint go soiléir gur féidir leo athruithe bunúsacha in iompar an RUC a bhaint amach on taobh istigh, tréigfidh an pobal náisiúnaíoch iad - go háirithe an t-aos óg sin atá ag cruthú todhchaí rathúil do Shinn Féin.
íospartaigh náisiúnaíocha nationalist victims
" Ní náisiúnaithe amháin atá ina n-íospartaigh, a dúirt sí, agus tá íospartaigh náisiúnaíocha ann nach bhfuil ag fáil tacaíochta ón phobal mar go bhfuil siad sa chomthéacs mícheart - clann Jean McConville, bean a mharaigh an IRA, cuir i gcás.
náisiúnaithe nationalists
" Caithfidh na haontachtaithe a n-intinn a dhéanamh suas an bhfuil siad réidh leis an chumhacht a roinnt le náisiúnaithe, ar 43 faoin chéad den daonra iad.
ceantair náisiúnacha nationalist areas
" Cén fáth? Tá mé ag dul a phlé rud nach bhfuil cead agat a phlé go poiblí sna ceantair náisiúnacha sa tuaisceart, is é sin, an chinsireacht taobh istigh de na ceantair sin.
an páirtí náisiúnaíoch bunreachtúil is mó the biggest constitutional nationalist party
" "Ag breathnú ar an chomhthéacs iar-Chomhaontú Aoine an Chéasta, leis na hathruithe atá ag tarlú sa tír seo agus ar fud na hEorpa, níl aon dul as ach go mbeadh an páirtí náisiúnaíoch bunreachtúil is mó sna 26 Chontae ag daingniú na dáimhe atá aige cheana leis an pháirtí náisiúnaíoch bunreachtúil is mó sna Sé Chontae," arsa Malcolm Byrne, comhairleoir de chuid Fhianna Fáil i nGuaire, Contae Loch Garman atá ar dhuine den dream atá ag iarraidh go mbeadh diminsean uile-Éireann ag baint le Fianna Fáil.
náisiúnaithe nationalists
" Anois, agus próiseas ar bun le sin a chur i gcrích, dar le náisiúnaithe ar aon nós, beidh orthu aithne níos fearr a chur ar a ngaolta deisceartacha.
ghnáthnáisiúnaí ordinary nationalist
" Tá an éabhlóid ag dul ar aghaidh, go malltriallach, i dtreo pháirtithe uile-Éireann ach cén t-eolas atá ag an ghnáthnáisiúnaí féin ar na hinstitiúidí, ar an phearsanra, nó ar ghnéithe de shaol sóisialta na 26 Chontae? Fíorbheagán.
ollpháirtithe náisiúnaíocha very big nationalist parties
" ======= Agus cad é fá na haontachtaithe? An cúis imní dóibh é ollpháirtithe náisiúnaíocha eagraithe ar bhonn uile-Éireann? Ní hea, arsa an tUasal Byrne.
náisiúnaithe nationalists
" I gcomhair leis an Mediation Network, bhailigh siad le chéile aontachtóirí, dílseoirí, náisiúnaithe, poblachtánaigh agus daoine gan polaitíocht ar bith le ceisteanna tromchúiseacha (i dtéarmaí Thuaisceart Éireann) a phlé.
náisiúnaithe nationalists
" B'fhearr le cuid de na haontachtaithe go mbeadh coimhlint ann ná cumhacht a bheith ag poblachtánaigh nó ag náisiúnaithe féin.
náisiúnaithe nationalists
" B'fhéidir go mbeidh Sinn Féin ag dul isteach nuair a bheas na haontachtaithe ag teacht amach! Beidh Sinn Féin ag rá nach bhfuil aontachtaithe sásta cothrom na Féinne a thabhairt do náisiúnaithe.
náisiúnaithe nationalists
" Beidh náisiúnaithe ag iarraidh an líon is mó athruithe, beidh aontachtaithe ag iarraidh gan athrú ar bith i gcúrsaí póilíneachta.
naisiúnach nationalist
" (Glacaim féin leis gurb ionann Caitliceach agus naisiúnach agus Protastúnach agus aontachtach, ainneoin go bhfuil aithne agam ar Chaitlicigh aontachtacha agus ar Phrotastúnaigh náisiúnacha.
náisiúnaí nationalist
" Thug an tAthair Nugent cuidiú dóibh agus tá a dhealbh siúd ar an tslí, chomh maith leis an cheann de "Dandy" Pat Byrne as Loch Garman a bhí ina chomhairleoir do Pháirtí Rialtais Dhúchais na hÉireann ar Chomhairle Cathrach Learphoill, in éineacht le 28 náisiúnaí eile.
náisiúnaithe nationalists
" Ach go fóill, beidh náisiúnaithe ar a bhfaichill ar eagla go dtiocfadh buama peitril fríd an fhuinneog s'acu i nduibheagán na hoíche.
náisiúnach nationalist
náisiúnaithe nationalists
" Is léir, dar le náisiúnaithe, nach bhfuil mórán difir idir *ethos *an PSNI agus *ethos *an sean-RUC.
náisiúnaigh nationalist
" Chuir sé síos ar thaithí an phobail náisiúnaigh ar an phóilíneacht ó thuaidh.
de dheasca straitéisí naisiúnacha because of nationalist strategies
" Ach tá an talamh bogtha, tá seasamh na n-aontachtach athraithe de dheasca straitéisí naisiúnacha.
náisiúnaithe nationalists
" Nuair a thosaíonn trioblóid idir na póilíní agus lucht an mhórshiúil nó idir na dílseoirí agus na náisiúnaithe, bíonn tú istigh ina lár.
náisiúnach nationalist
" Ar tharla sé riamh in iarthar Bhéal Feirste gur nocht ball de chuid an RUC a anam do phobal mór náisiúnach? Ainneoin gur carachtar i ndráma é an t-iarphóilín, dearbhaíonn McKeown agus Campbell go bhfuil siad dílis do na barúlacha a fuair siad agus iad ag plé le fíorbhaill den RUC.
náisiúnaithe nationalists
" Ach deir aontachtaithe gur mian leis an Trimbleach "comhghéilleadh stairiúil" a dhéanamh le náisiúnaithe, ach poblachtánaigh deireadh a chur le polasaí na láimhe láidre.
naisiúnach nationalist
" Scigpháipéar idirlín ======= Ar an *Irish News*, an páipéar laethúil naisiúnach ó thuaidh, tá leathanach seachtainiúil ag Newton Emerson, eagarthóir an *Portadown News*.
páirtí náisiúnach na todhchaí the nationalist party of the future
" Beidh cuimhne i gcónaí ar 2003 mar an bhliain ina bhfuair an DUP an lámh in uachtar ar an UUP agus ar cruthaíodh arís gurb é Sinn Féin páirtí náisiúnach na todhchaí.
an páirtí is mó náisiúnach ó thuaidh the biggest nationalist party in the north
" Anois, 23 bliain ar aghaidh, agus Sinn Féin mar an páirtí is mó náisiúnach ó thuaidh, tá siad ag caint ar an chóras toghchánaíochta sa Tionól a athrú.
i gceantar naisiúnach in a nationalist community
" Tá aithne agam ar dhuine a raibh obair mhór thógála le déanamh aige i gceantar naisiúnach.
náisiúnaithe nationalists
" Tá sé soiléir go bhfuil dúil ag náisiúnaithe an tuaiscirt sa pholaitíocht phoblachtánach, ach nach maith leo an foréigean poblachtánach.
náisiúnaí nationalist
" Cuir i gcás go raibh deichniúr le toghadh ar an chomhairle, má chuir na haontachtaithe X le gach aontachtaí, gheobhadh siad uilig isteach agus ní bheadh suíochán ar bith ag náisiúnaí de chineál ar bith.
náisiúnaithe neamhspleácha independent nationalists
" An iarraidh sin, fuair ceathrar náisiúnaithe neamhspleácha isteach, ach dúirt comhairleoir amháin, Sam Gardiner, a bhí ina fhear óg ag an am, nár cheart go dtarlódh a leithéid arís.
beirt náisiúnaithe two nationalists
" Cé a bheas leis? ======= Tá Bairbre de Brún ag suirí leis an SDLP, ag iarraidh cleamhnas toghchánaíochta a oibriú amach, ag dúil go bhfaighidh beirt náisiúnaithe dhá thrian de na trí shuíochán atá ar fáil.
Náisiúnaí nationalist
" Náisiúnaí, Poblachtánach agus Gael a bhí ann freisin.
náisiúnacha nationalist
" Gineadh fuath don Arm ar leibhéil éagsúla, go háirithe i gceantracha bochta náisiúnacha.
náisiúnaithe nationalists
" D'úsáid ionadaí Fhianna Fáil an t-ainm George Dixon, an t-ainm céanna faoinar osclaíodh cuntas i mbanc i Sráid Bhagóid i mBaile Átha Cliath agus inar cuireadh £100,000 le cabhrú le náisiúnaithe sna Sé Chontae.
dhá cheantar naisiúnacha two nationalist areas
" Cúig bhomaite i ndiaidh don bhuíon siúl thart le dhá cheantar naisiúnacha, choinnigh an PSNI pobail an dá cheantar, Ard Eoin agus Mountainview, taobh istigh dá limistéir féin - sula dtáinig na scórtha péas isteach le go dtiocfadh leo lucht leanúna na nOráisteach a chomóradh agus iad ag siúl ar an bhóthar, cé go raibh cosc curtha ar lucht leanúna ag Coimisiún na bParáidí.
náisiúnaithe nationalists
" Ach measann náisiúnaithe go bhfuil siad ar an talamh ard morálta, agus go bhfuil meanma s'acu an-ard dá réir.
náisiúnaí nationalist
" Is beag duine, aontachtaí nó náisiúnaí, a bheadh ina éadan ceann ar bith acu sin.
an pobal naisiúnach the nationalist community
" Tá ráite ag Robinson, agus an ceart aige, nach mbeadh an pobal naisiúnach sásta dá mbeadh ball den DUP ina Aire Póilíneachta - agus nach mbeadh an pobal aontachtach sásta glacadh le hAire Póilíneachta ó Shinn Féin.
náisiúnaithe nationalists
" " Ach sin ráite, níor cheart do náisiúnaithe a bheith chomh bogásach sin go fóill.
náisiúnach nationalist
" Ach cén seans a bheadh ag iarrthóirí sóisialacha sa chóras faoi láthair? Beag an seans, ar ndóigh, go háirithe nuair is gá a rá sa Tionól - má bhíonn a leithéid arís ann - gur páirtí náisiúnach nó aontachtach thú.
náisiúnach nationalist
" Ba ghnách le línte fada Protastúnach ó cheantar na Seanchille siúl suas an tsráid seo idir ceantar náisiúnach Chluain Ard agus ceantar dílseach na Seanchille ar a mbealach chuig an monarchana innealtóireachta ar Bhóthar Chluanaí, Mackies.
móraimh náisiúnacha nationalist majorities
" Ach dá ndéanfaí suirbhé i measc ógánaigh na tíre seo, meas tú cé mhéid díobh a bheadh in ann a rá gur chuala siad faoi Shráid Bombay, nó cé mhéid díobh a bheadh in ann an focal *gerrymander *a mhíniú? Cé mhéid díobh a thuigfeadh go mbíodh córas vótála cam agus frithdhaonlathach in úsáid sna toghcháin áitiúla ó thuaidh anuas go dtí na 1970í, agus go bhféadfadh glac vótaí bheith ag duine amháin agus gan vóta ar bith ag a chomharsa? Cé mhéid díobh a thuigfeadh gur baineadh úsáid as an gcóras cam sin chun greim aontachtach a choinneáil ar údaráis áitiúla i gceantair ina mbíodh móraimh náisiúnacha, agus gur baineadh leas as roinnt éagothrom na cumhachta chun dáileadh na dtithe agus na bpostanna a chlaonadh i dtreo na n-aontachtach? Nílim ar aon bhealach ag iarraidh comparáid a dhéanamh idir an Tuaisceart agus scrios na Naitsithe.
náisiúnaithe nationalists
" Ag scríobh dó in *Daily Ireland*, páipéar a mhaíonn go dtugann sé guth ar bhonn laethúil do náisiúnaithe na Sé Chontae, scríobh Tom McGurk, fear a bhfuil cáilíochtaí maithe poblachtánacha aige: *"… all the bitching and complaining about enemies and securocrats and historical reference points is just so much hot air.
an pobal náisiúnach the nationalist community
" Dúirt Protastúnach amháin liom gur mairg nár sheas an pobal náisiúnach an fód nuair a bhí an IRA ag marú Protastúnach, nár aithin siad an choiriúlacht phoblachtánach go dtí go dtáinig sé chuig a dtairseach féin.
náisiúnach nationalist
" Ní bheidís i gcarcair ach go b'é go raibh siad ina gcónaí i bpáirt den tír ina raibh cearta á séanadh ar an phobal náisiúnach.
náisiúntóirí nationalists
" Na náisiúntóirí bochta.
náisiúnaithe nationalists
" Dála an RUC, bhí foireann sacair Thuaisceart Éireann mar shiombail de stát nach raibh baint ag náisiúnaithe leis.
náisiúnach nationalist
" Dearcadh ar na Caitlicigh a d’imir do na Sé Chontae mar *Uncle Toms*, ainneoin nár tháinig smaointe ar bith fá náisiúnachas nó fán pholaitíocht i gcloigeann Martin O’Neill nó Ger Rogan, mar shampla.
móramh náisiúnach nationalist majority
" Bhí an chuma ar an scéal go mbeadh móramh náisiúnach ó thuaidh taobh istigh den mheántéarma.
chomhoibriú le náisiúnaithe eile co-operation with other nationalists
" An chúis dheireanach: chuir daoine taobh istigh agus taobh amuigh de ghluaiseacht na poblachta ina luí ar cheannairí, ar chimí, agus ar na hÓglaigh iad féin – an chuid is mó acu seo ar scor ar bith – gurbh é próiseas síochána bunaithe ar chomhoibriú le náisiúnaithe eile an bealach ab fhearr le spriocanna poblachtánacha a bhaint amach, fiú dá gcaithfí an IRA scor.
náisiúnach nationalist
" Chruthaigh an bhratach sin, agus líon na ngeansaithe de chuid Learphoill a bhí le feiceáil i dtithe tábhairne cheantracha náisiúnacha Bhéal Feirste agus in áiteanna eile ó thuaidh, go bhfuil go leor daoine – go háirithe an grúpa déimeagrafach tábhachtach sin, fir óga – sásta tacaíocht a thabhairt d’fhoireann as iarthuaisceart Shasana, as siocair clú an Éireannachais bheith ar an chathair chéanna nó ar chúiseanna eile.
náisiúnaithe nationalists
" Níl aon amhras faoin spéir ormsa ach go raibh Ó hEochaidh agus Blaney ciontach, más sin an focal, as gunnaí a chur ar fáil do náisiúnaithe na Sé Chontae le hiad féin a chosaint.
ceantar náisiúnach a nationalist area
" An t-éacht ba mhó, is dócha, ná an socrú a dtáinig áitreabhaigh Thaobh an Bhogaigh agus an tOrd Oráisteach air faoi stiúir an Chumainn Tráchtála a ligfidh d’Oráistigh ó thaobh amuigh de Dhoire siúl ar Bhruach Thiar na cathrach, ceantar náisiúnach, den chéad uair le ceithre bliana déag.
méadóidh fearg an phobail náisiúnaigh in athuair the anger of the nationalist community will increase again
" Go príomha, muna dtugtar cúram chúrsaí slándála Thuaisceart Éireann do rialtas i Stormont ina a mbeidh Sinn Féin páirteach, laistigh de thréimhse ghairid, ní bheidh muinín ag na náisiúnaithe as an PSNI, tiocfaidh na seanfhadhbanna chun tosaigh arís agus de réir a chéile méadóidh fearg an phobail náisiúnaigh in athuair.
idir náisiúnaithe agus aontachtaithe both nationalists and unionists
" Chomh maith leis an easpa dul chun cinn atá a dhéanamh acu stop a chur leis an choimhlint dhílseach - leoga measann idir náisiúnaithe agus aontachtaithe go bhfuil siad ag fadú na coimhlinte - tá eagla i measc na gCaitliceach go bhfuil foréigean na ndílseoirí ag imeacht ó smacht agus nach bhfuil an PSNI toilteanach iad a chosaint.
náisiúnaithe nationalists
" “Le fada an lá shíl na náisiúnaithe go raibh muid féin agus na péas i bpócaí a chéile, agus d’ionsaigh muid iad le cruthú don taobh eile nach raibh sé sin fíor – le cruthú dóibh, i ndáiríre, go bhfuil muidne, mar Ord Glórmhar agus mar phobal, sásta tabhairt faoi dhream ar bith chun ár gcultúr agus ár ndúchas agus ár n-oidhreacht a chosaint.
náisiúnaithe nationalists
" Nárbh fhearr labhairt lena macasamhail sa phobal náisiúnach, iad sin atá beo bocht, iad sin ar cuireadh cosc ar a gcultúr, iad sin atá ag iarraidh sochaí úr shíochánta shochma a chruthú? Nárbh fhearr foghlaim ón fhéinmhuinín úr i measc na náisiúnaithe an dóigh le dul i ngleic lena gcuid fadhbanna mar atá déanta in iarthar Bhéal Feirste, mar shampla.
náisiúnaithe nationalists
" Mar is gnách, bhí an plé uilig chóir a bheith dírithe ar an mheá sheicteach, ar bhuaiteoirí agus chaillteoirí sa chluiche cumhachta idir náisiúnaithe agus aontachtaithe a leanfaidh an t-atheagrú ó bhun go barr ar an chóras rialtais áitiúil anseo.
páirtí náisiúnach nationalist party
" Tuigeann sé freisin, agus Sinn Féin mar an páirtí náisiúnach is mó sna Sé Chontae, go mbeidh ar a pháirtí fórsa póilíneachta an PSNI a aithint go hoifigiúil sula n-athchruthófar an feidhmeannas.
páirtí náisiúnach nationalist party
" Tuigeann sé freisin, agus Sinn Féin mar an páirtí náisiúnach is mó sna Sé Chontae, go mbeidh ar a pháirtí fórsa póilíneachta an PSNI a aithint go hoifigiúil sula n-athchruthófar an feidhmeannas.
pobal náisiúnach nationalist community
" ” Idir dhá thine Bealtaine ======= Cheangail na stailceanna ocrais an pobal náisiúnach le Sinn Féin ar dhóigh nárbh fhéidir a shamhlú roimhe.
náisiúntóirí nationalists
" Bheadh na náisiúntóirí sa tuaisceart fós faoi chois, is dóigh liom, cé go mb’fhéidir go mbeadh cúrsaí beagán beag níos fearr ná mar a bhí siad tríocha bliain ó shin.
ghlúin óg náisiúnach young nationalist generation
" É ina óglach de chuid Arm na Poblachta sular thiomáin comhruathair na ndílseoirí agus na B-Specials scuainí de ghlúin óg náisiúnach Thuaisceart Éireann isteach san IRA sa bhliain 1969.
ach go bé na náisiúnaithe mírialta sin if it wasn't for those unruly nationalists
" Is é sin, go mbeadh gach rud mar a d’iarrfadh do bhéal é ach go bé na náisiúnaithe mírialta sin.
lena gcomharsanaigh náisiúnacha with their nationalist neighbours
" Go dtí go gcuirfear deireadh leis an séanadh, go gcaithfear ar leataobh an dearcadh go mbeadh gach rud ina cheart ach go bé na náisiúnaigh damanta sin, agus go dtuigfidh siad go gcaithfidh siad labhairt lena gcomharsanaigh náisiúnacha, ní bheidh deireadh leis an “*hemorrhaging*” atá ag dul ar aghaidh san Ord, daoine ag imeacht agus gan rún acu pilleadh.
ag déanamh scime do náisiúnaithe Mheiriceá bothering American nationalists
" Is í an fhusacht sin atá ag déanamh scime do náisiúnaithe Mheiriceá.
náisiúnaithe agus aontachtaithe nationalists and unionists
" Tá an dá dhream – náisiúnaithe agus aontachtaithe – chomh holc lena chéile, de réir na teoirice seo.
glúin óg náisiúnaithe a young generation of nationalists
" Fad a bhí Dev fán spotsolas lár stáitse, bhí glúin óg náisiúnaithe anois ar na cliatháin a mheas nach raibh an toil ná an fuinneamh fágtha i bhFianna Fáil chun tabhairt faoin “National Question” a raibh Martin Corry chomh tógtha san leis go lá a bháis.
leis an phobal náisiúnach to the nationalist community
" Beidh sé níos fusa an teachtaireacht sin a dhíol leis an phobal náisiúnach mar thoradh ar chainteanna Kelly.
an dul chun cinn náisiúnach ó thuaidh the nationalist progress in the north
" Mar sin, tá smacht ag Sinn Féin ar an dul chun cinn náisiúnach ó thuaidh.
náisiúnaithe. nationalists.
" Bhí na dílseoirí uilig bogtha suas go dtí an t-eastát nua seo agus líonadh an tsráid le náisiúnaithe.
an pobal náisiúnach the nationalist community
" Deir sé go raibh an pobal náisiúnach ansin den tuairim go raibh “éagóir ar bharr éagóra” déanta ag an rialtas orthu; ghoill sé go mór orthu, mar shampla, gur tógadh an ollscoil nua i gCúil Raithin seachas i nDoire.
bunús mór an phobail náisiúnaigh most of the nationalist community
" Is trua gur fágadh an duine seo ina éan scoite, ach is maith an rud é go bhfuil bunús mór an phobail náisiúnaigh ag tabhairt bata is bóthar don dearcadh diúltach atá aige.
ar náisiúnaithe. on nationalists.
" Más ar a chéile atá an UDA ag díriú a nimhe, tá an UVF ag coinneáil súl ar náisiúnaithe.
poblachtánaigh, náisiúnaithe agus dílseoirí. republicans, nationalists and loyalists.
" I measc a lucht aitheantais tá baill de chuid an DUP, mar aon le poblachtánaigh, náisiúnaithe agus dílseoirí.
nach náisiúnaí mé a thuilleadh. that I'm no longer a nationalist.
" Mar shampla, má thacaím le cás cúirte atá tógtha ag aontachtach, beidh daoine amuigh ansin a shílfidh nach náisiúnaí mé a thuilleadh.
dearcadh náisiúnach nationalist outlook
" B’fhearr liom bheith neamhspleách ar pháirtithe, cé go bhfuil dearcadh náisiúnach agam.
náisiúnaithe Éireannacha Irish nationalists
" “Chomh maith leis sin, chuaigh náisiúnaithe Éireannacha an 19ú agus an 20ú céad go mór i bhfeidhm ar leithéidí Sri Aravindo, Nehru agus Gandhi.
tá urraim ag pobal náisiúnach Iarthar Bhéal Feirste dá ainm. His name is revered in Nationalist West Belfast
" Mar sin, cén fáth a bhfuil muid ag rá gur laoch é an fear seo? Níos measa fós, tá urraim ag pobal náisiúnach Iarthar Bhéal Feirste dá ainm.
náisiúnaithe nationalists
" Is léir mar sin nach dtig caitheamh le hAlbain a thuilleadh mar chúinne beag iargúlta den Ríocht Aontaithe a shamhlaítear le Braveheart, barraí seacláide domhainfhriochta agus Rab C Nesbitt! Is le héad a amharcann náisiúnaithe na hAlban trasna Shruth na Maoile ar rath an Tíogair Cheiltigh.
Ba é an dílseoir ab ansa le náisiúnaithe he was nationalists' favourite loyalist
" Ba é an dílseoir ab ansa le náisiúnaithe agus b'fhearr leis focal fada ná focal gearr, ach ba mhinic a léirigh Ervine an fhirinne lom agus moilleadóireacht ag dul ar aghaidh i measc a chomhghleacaithe sna páirtithe aontachtacha.
an pobal náisiúnach the nationalist community
" Mianta agus riachtanaisAr an drochuair do Shinn Féin, tá an pobal náisiúnach ag dúil le torthaí dearfacha uathu.
de chuid seicte Búdaíche Seapánaí a bhí fíornáisiúnach belonging to an ultra-nationalist Japanese Buddist sect
" Go luath i ndiaidh an chruinnithe seo, d’iompaigh 50 ceannaire de chuid seicte Búdaíche Seapánaí a bhí fíornáisiúnach go creideamh Moon.
náisiúnaí mór le rá well know nationalist
" D’ólamar deoch an oíche sin le Phil Gawne, díograiseoir teanga, náisiúnaí mór le rá agus Aire Ta lmhaíochta Mhanann.
Náisiúnach Nationalist(s)
" Is eachtraí beaga bídeacha iad seo taobh leis an ollfhoiréigean a bhí ag dul ar aghaidh ag an am, ach léiríonn siad an chodarsnacht idir dearcadh na nAontachtach ar Arm na Breataine agus dearcadh na Náisiúnach.
cuma le náisiúnaithe ina gcroí istigh nationalists don’t mind in their heart of hearts
" Measann náisiúnaithe gur náisiúnaithe atá in aontachtaithe i ngan fhios dóibh - agus measann aontachtaithe gur cuma le náisiúnaithe ina gcroí istigh faoin tír a bheith aontaithe.
An Dúnghaois Náisiúnach-Chairdiúil the nationalist-friendly policy
" " An Dúnghaois Náisiúnach-Chairdiúil? =============== Ag caint le cara de mo chuid, Gaeilgeoir, Caitliceach, saineolaí CLG, dúirt sé gur ríchuma leis faoi Éire a bheith aontaithe, nárbh é an rud ba mhó ar a phaidrín ach nach smaoineodh sé choíche ar vóta a chaitheamh do pháirtí Aontachtach.
an dtig le náisiúnaithe muinín a chur ann can nationalists trust it
" Ach an eagraíocht í an PSNI an dtig le náisiúnaithe muinín a chur ann? Measann Ó hEára go bhfuil cuid mhaith daoine ann ar daoine maithe iad atá ag iarraidh tús úr a chur le cúrsaí póilíneachta mar a dúirt Patten, ach go bhfuil "roinnt bheag" daoine ann go fóill a bhfuil an "seanaigne" acu.
i measc náisiúnaithe amongst the nationalists
" Tá ardmholadh agus meas as an úr a thabhairt i measc náisiúnaithe do Naomi Long agus do David Ford as an dóigh ar láimhseáil siad iad féin le linn na trioblóide.
is dreamanna Náisiúnacha anois iad they’re now Nationalists
" Ar athraigh mórán den chosmhuintir thart ó thaobh go taobh, mar feictear sloinnte Shasana agus na hAlban ar thaobh na bPoblachtach agus is dreamanna Náisiúnacha anois iad agus bíonn daoine ar thaobh na nDílseach a mbíonn cuma an-ghaelach ar a sloinnte.
b’éigean don náisiúntóir Moldávach the M. nationalist had to
" “Meas tú,” adeirimse, “nach é an Béarla an Rúisís nua?” Bhí tost ann an uair sin agus nuair a chuathas beagán níos doimhne sa scéal, b’éigean don náisiúntóir Moldávach a dhul i muinín na Rúisise.
d’fhéadfadh sé gur náisiúntóir agus aontachtóir it could have been a nationalist and a unionist
" De réir na dtuairimí a bhí á nochtadh, d’fhéadfadh sé gur náisiúntóir agus aontachtóir, Caitliceach agus Protastún, Gaeilgeoir agus Béarlóir a bhí i gcomhluadar liom, seachas beirt phósta as Chrisnau, ealaíontóir agus fear gnó.
Tá géillsine náisiúnaithe an tuaiscirt agat you have the allegiance of the northern nationalists
" Tá géillsine náisiúnaithe an tuaiscirt agat.
róchúng agus rónáisiúnach too narrow and too nationalist
" Níor mhiste an t-ainm a athrú, mar chéad chéim, mar tá íomhá Chumann na bhFiann róchúng agus rónáisiúnach, dar liom, don lá atá inniu ann? Chomh maith le sin tá sé rócheangailte le coláistí áirithe samhraidh.
náisiúnaithe nationalists
" Measann Robert McMillen, áfach, go bhfuil sólás áirithe le fáil ag náisiúnaithe agus ag poblachtánaigh ó na torthaí.
náisiúnaithe nationalists
" Tá dearcadh na náisiúnaithe i mBéal Feirste i leith an IRA tar éis athrú go mór le tamall anuas, go háirithe ó dúnmharaíodh Robert McCartney, mar a mhíníonn Robert McMillen.
náisiúnaithe nationalists
" Tá dearcadh na náisiúnaithe i mBéal Feirste i leith an IRA tar éis athrú go mór le tamall anuas, go háirithe ó dúnmharaíodh Robert McCartney, mar a mhíníonn Robert McMillen.
an phobal náisiúnach the nationalist community
" Nuair a d’fhógair an IRA sos cogaidh cheana féin sna seascaidí ní dhearna Rialtais na hÉireann ná na Breataine go leor leis an phobal náisiúnach sna Sé Chontae a chosaint.
nach lia náisiúntóirí ná cineálacha náisiúntachta there are as many types of nationalism as there are nationalists
" Is féidir a mhaíomh nach lia náisiúntóirí ná cineálacha náisiúntachta.