Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
náisiúnachas nationalism
" Déanta na fírinne, chuirfeadh sé scanradh ort an chaoi go bhfuil náisiúnachas na Sasanach chomh dlúite leis an teaghlach ríoga agus le seónna le blas míleata.
náisiúnachas nationalism
" Cén áit a dtosaíonn tú agus tú ag cur agallaimh ar dhuine chomh hildánach le Robert Ballagh? Is duine é atá aitheanta mar ealaíontóir a bhfuil gaol láidir aige lena thír, lena chultúr agus leis an náisiúnachas.
an t-ilnáisiúnachas seo this multi-nationalism
" Taitníonn an t-ilnáisiúnachas seo le daoine óga, dar le Gearóid.
in éadan an náisiúnachais against nationalism
" Chaith Paisley a shaol ag troid in éadan an náisiúnachais, Eaglais na Róimhe, *line dancing*, agus míle rud eile agus theip air i gcás achan cheann acu.
náisiúnachas místuama imprudent/clumsy nationalism
" Tá sé á mhaíomh ag daoine eile, áfach, go bhfuil cúngaigeantacht agus náisiúnachas místuama ag baint leis, .
náisiúnachas nationalism
" Fuair an laoch náisúinta, Nólsoyar Páll (1766-1808), inspioráid ó smaointe réabhlóideacha na Fraince agus Mheiriceá agus thosaigh sé feachtas i gcoinne mhonaplacht na Danmhairge i gcúrsaí trádála, rud a spreag an náisiúnachas tuilleadh sna hoileáin.
náisiúnachas nationalism
" Cé a déarfadh, sa chás seo, nach é an náisiúnachas an stroighin i gcás an Chumainn Lúthchleas Gael? *As Baile Átha Cliath é Dónall Ó Maolfabhail.
náisiúnachas cúng narrow nationalism
" "Cuidíonn sé le poblachtánaigh ar dhóigh daoine a ghríosadh i dtreo an náisiúnachais ach náisiúnachas cúng atá ann.
ag tagairt d'fhealsúnacht John Hume referring to John Hume's nationalism
" Bhí mé ag tagairt d'fhealsúnacht John Hume agus dúirt mé gur poblachtánachas ceart a chleacht John Hume, gur bhain an náisiúnachas le dream amháin ach gur bhain an poblachtánachas le hachan duine.
náisiúnachas nationalism
" Dearcadh ar na Caitlicigh a d’imir do na Sé Chontae mar *Uncle Toms*, ainneoin nár tháinig smaointe ar bith fá náisiúnachas nó fán pholaitíocht i gcloigeann Martin O’Neill nó Ger Rogan, mar shampla.
náisiúnachas nationalism
" ” Ba é an chéad mhórscannán ar oibrigh Marcus air (mar eagarthóir cúnta) ná an scannán stairiúil sin de chuid Ghael Linn, *Mise Éire*, saothar a bhfuil neamhspleáchas na hÉireann mar théama ann agus ar ceiliúradh é ar an náisiúnachas.
náisiúnachas nationalism
" Bhí sé sin go láidir ann agus bhí an náisiúnachas, an Ghaeilge agus an Caitliceachas go léir measctha suas le chéile.
fhrith-náisiúnachais anti-nationalism
" Tchí Frazer é féin mar *agent provocateur *ar son an fhrith-náisiúnachais agus gair feirge ar son na nglúnta Protastúnacha a maraíodh ó aimsir na Plandála ar aghaidh.
náisiúnachas nationalism
" Ní bhaineann sin le náisiúnachas ná tírghrá fiú ach le haitheantas a chur orainn féin agus ar an áit a bhfuil muid ag baint fúinn.
náisiúnachas. nationalism.
" Ina dhiaidh sin, rinne sé an t-iliomad cláracha pobail agus míreanna nuachta sular oibrigh sé ar chlár conspóideach do Channel 4 dar teideal "Mother Ireland", clár a bhain le mná agus an náisiúnachas.
nasc le náisiúnachas link to nationalism
" Tá roinnt cláracha faisnéise á bhforbairt acu faoi láthair, sraith amháin i dtaobh stair CLG agus a nasc le náisiúnachas san áireamh.
náisiúnachas cultúrtha cultural nationalism
" Is díol spéise é, dar liomsa, gur chuathas i mbun na dtionscadal a bhí níb fhiúntaí ó thaobh na Gaeilge de sa ré úr (bunú Gaeltarra, agus ní ba dhéanaí, bunú Údarás na Gaeltachta) in ainneoin nach rabhthas ag leagan béime ar náisiúnachas cultúrtha a thuilleadh.
nó den náisiúnachas or of nationalism
" Balor: Ón am a chuala muid caint fút ar dtús bhí tú i gcónaí diongbháilte in éadan rud ar bith a raibh rian den Chaitliceachas nó den náisiúnachas nó den phoblachtachas ag baint leis.
náisiúnachais chultúrtha of cultural nationalism
" Ball foirne a bhí inti i ngréasán idirspleách an náisiúnachais chultúrtha agus tá aitheantas poiblí den chineál seo tuillte ag cuid mhaith dá comhghleacaithe.
gur shlánú intleachtúil an náisiúnachas ann nationalism was a healthy intellectualism there
" (Scríobh an saineolaí cultúir Carl Schorske mar shampla ina leabhar iontach mar gheall ar Vín de chuid Freud agus Klimt gur shlánú intleachtúil an náisiúnachas ann ós rud é gur sheas an bhrionglóid Grossdeutsch an fód os comhair an impiriúlachais ghránna in 1848).
nach lia náisiúntóirí ná cineálacha náisiúntachta there are as many types of nationalism as there are nationalists
" Is féidir a mhaíomh nach lia náisiúntóirí ná cineálacha náisiúntachta.