Cuirfidh na caillteoirí na móidghealltaí i gcuimhne do na buaiteoirí agus is beag trácht a dhéanfar ag iriseoirí ar rud ar bith eile seachas nach bhfuil athrú ar bith i ndiaidh teacht ar dhath ar bith.
Mar is gnách, bhí an plé uilig chóir a bheith dírithe ar an mheá sheicteach, ar bhuaiteoirí agus chaillteoirí sa chluiche cumhachta idir náisiúnaithe agus aontachtaithe a leanfaidh an t-atheagrú ó bhun go barr ar an chóras rialtais áitiúil anseo.
Ach muna mbeidh an fear féin thíos leis, is cinnte gurb iad na mic léinn sna blianta atá amach romhainn a bheidh caillteach leis nach mbeidh a leithéid de mhúinteoir acu.