Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
a chead aici a bealach féin a dhéanamh she could look after herself
" Chuirfeadh sé deireadh ar an tábla agus a chead aici a bealach féin a dhéanamh.
dul i bhfeighil to look after
" Iarradh ar de Róiste dul i bhfeighil cuid de na hearraí.
in ann aire a thabhairt dó féin able to look after himself
" Coimhlint ghéar agus chrua a bhíodh ann ach ní ghortaítí éinne mar bhí gach duine in ann aire a thabhairt dó féin.
i bhfeighil looking after
" Ar feadh dhá bhliain eile ansin bhí sé i bhfeighil fhoireann sinsear Luimnigh.
tugadh aire mhaith do mo mhuintir i gcónaí ann my parents/people were always well looked after there
" Cén fáth ar tháinig tú ar an gcinneadh sin? Agus cén fáth an oiread sin spéise agat sna hospidéil? EO’B: Tá spéis agam in Ospidéal an Aonaigh toisc gurb é m’ospidéal áitiúil é agus tugadh aire mhaith do mo mhuintir i gcónaí ann uair ar bith go raibh orainn dul ann.
thabharfas aire take care of, look after
" Cé a thabharfas aire do Bubbles, an moncaí? Tá gach duine ag caint faoi.
breathnú look after
" Sna hochtóidí, gan choinne, thosaigh na sluaite mór-rón á gcaitheamh féin aníos ar na lamairní ag déanamh bolg-le-gréin, agus ó shin i leith tá na sluaite turasóirí tagtha ina ndiaidh chun breathnú orthu.
ag déanamh cúraim de looking after
" I mbliana, is í Madeleine Ní Ghallchobhair, Maigh Eoch atá i scoláire iarchéime as Coláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath, atá ag déanamh cúraim de phobal Nua-Eabhrac.
chun aire a thabhairt dúinn to look after us
" D’fhan mo mháthair sa mbaile chun aire a thabhairt dúinn.
Amharcann siad i ndiaidh a mball féin they look after their own
" Amharcann siad i ndiaidh a mball féin.
a bhí ag tochras ar a gceirtlín féin who looked after themselves
" Breathnaíonn daoine áirithe orthu mar fhir chróga a thug dúshlán d’údaráis lochtacha a d’imir cos ar bholg ar chosmhuintir na tíre, ach mothaíonn a lánoiread nach raibh i gceist leo ach coirpigh uirísle a bhí ag tochras ar a gceirtlín féin.
breathnú i ndiaidh to look after
" Anuas ar sin, sa deireadh, is é an fhírinne shearbh ná nach bhfuil aon duine sásta breathnú i ndiaidh Alina, rud a fhágann go gcaithfidh sí fanacht leis an gcléir, nó go dtarlaíonn an deamhandíbirt uafásach ag deireadh an scéil.
gan luí ar aon leaba an dara oíche looking after his arse
" Cad é faoi dheontais, cad é faoi Dhia agus cad é faoi dhíomhaointeas? An raibh freagra aige, dhá fhreagra nó trí fhreagra aige? Ní raibh aige ach lúbadh, líofacht an tslímeadóra agus gan luí ar aon leaba an dara oíche!
coimhéad d’intinn look after your mind
" Níl Roseanne Smith ag iarraidh ort aon ní a phléascadh nuair a bheas tú amuigh ar sodar tráthnóna, ach coimhéad d’intinn nuair a amharcfas tú ar shuíomh idirlín thall is abhus.