Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
sínte siar lying back
" Bhí Joe Ó Dónaill agus Ray Mac Mánais sínte siar ag crú na gréine agus ag sú shú na heorna agus dar leo gur ag cumadh lúibín a bhí siad.
ar fhleasc a dhroma lying flat on his back
" Bean mhaith ghasta í an grátachán a d’fhág Mickey Stoned ar fhleasc a dhroma – í féin chomh crua le Carraig Ghiobráltair.
síneadh siar to lie back
" Áit le síneadh siar Níl in óstán do roinnt daoine ach áit le síneadh siar tar éis lá mór fada fánaíochta i gceantar coimhthíoch.
scíste relax, lay back
" Murab ionann agus tuairisceoirí na nuachtán agus na n-irisí Deutsche a ghlacann a scíste ar an Chósta del Lager Lout nó ar an Playa del Fíon Saor, bíonn Balor i gcónaí sásta fanacht i dtír na bPraghasanna Arda agus na Seirbhíse Slapaí – ar son na cúise, an dtuigeann sibh? Is breá lenár bpótaire mórbholgach, leathantónach, ollbhéil, leathchaochmhogallach a chuid Guinness, agus níl áit ar bith eile ar chlár na cruinne a mbíonn blas chomh deas air, an dtuigeann sibh? Níor éirigh leis fós dul i dtaithí ar an Pilsener nó ar an Dunkel.
ar luí siar of lying back
" An Neamh Seo Chugainn =========== Go pearsanta táimse ag súil leis an lá nuair is féidir liom díriú ar cheardanna agus ar na healaíona, ar rothaíocht is siúl trí choillte agus cois farraige, ar gach uile leabhar a léamh sa leabharlann, ar leabhair a chur sa leabharlann mé féin, ar luí siar agus a bheith ag samhlú dom féin.