Pota Focal Intergaelic
claw | flaw | la | lab | lac
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
dheirfiúr chéile sister-in-law
" Tá a dheirfiúr chéile, Cáitlín Mhic Gearailt, ag stiúradh na hoifige i mBaile na nGall, Contae Chiarraí.
reacht law
" Bunphá caolmhaireachtála á fháil ag a gcuid oibrithe agus gan sochair fhostaí ná eile acu.
dlíthe clúmhillte libel laws
" Cuireann sé díomá air go bhfuil dlíthe clúmhillte chomh docht sin i bhfeidhm sa tír seo.
deartháir céile brother-in-law
"deartháir céile Driscoll ina shairsint leis an NYPD.
dlí agus síochána law and order
" De réir suirbhé a rinne Aonad Taighde na nGardaí sa bhliain 2000, bhí baint ag an deoch le 88% de na cásanna dlí agus síochána, le 54% de na cásanna ina raibh damáiste coiriúil i gceist agus le 48% de na cásanna a bhain le coireanna i gcoinne an duine.
na ndlíthe Ioslamacha Islamic laws
" Nuair a chuir an chléir Ioslamach ruaig ar an Seá i 1979, cuireadh córas nua cinsireachta i bhfeidhm a bhí de réir na ndlíthe Ioslamacha.
sheanreacht old law
" Tugtar paróiste Charna ar an gceantar go hiondúil, ach de réir sheanreacht na hEaglaise, is é paróiste Mhuighrois é.
dlíthe príobháideachta privacy laws
" Mar aon le hachtú bille nua ar chúrsaí chlúmhillte, a bheadh níos fabhraí do na meáin, creidtear go bhfuil seans láidir ann go ndéanfaidh an tAire iarracht na dlíthe príobháideachta a neartú agus foras a bhunú le monatóireacht a dhéanamh ar na meáin.
ceangailte le leasú ar na dlíthe leabhail tied to the amendment of the lible laws
" Tá lucht na meán sa tír seo le fada in aghaidh dlí nua chun príobháideacht an duine a chosaint a bheith ceangailte le leasú ar na dlíthe leabhail.
dhlíthe idirnáisiúnta international laws
" Tairbhe chinnte eacnamúil ======= Faoi dhlíthe idirnáisiúnta a bhaineann le cúrsaí núicléacha níl cead ag tír ar bith stáisiún núicléach a chur i mbun oibre más féidir a léiriú nach dtiocfaidh aon tairbhe chinnte eacnamúil as.
céim dlí law degree
" Fuair sé post ag teagasc Matamaitice ina sheanscoil, Coláiste Iognáid, agus thosaigh sé ag déanamh céim dlí san oíche ag an am céanna.
go sáraíonn dlí na tíre gach dlí eile that the laws of the country over-ride every other law
" Má sheasann an Taoiseach agus an tAire Dlí agus Cirt lena ndearcadh go sáraíonn dlí na tíre gach dlí eile, dlí na heaglaise san áireamh, feicim bliain chrua eile i ndán dár dteagascóirí moráltachta.
leis an dlí a chur i bhfeidhm to enforce the law
" In 2002, cruthaíodh dúinn nach bhfuil reachtóirí ár stáit ná na daoine atá ceaptha leis an dlí a chur i bhfeidhm le trust ach oiread.
na mílte dlí the thousands of laws
" Cuid de na rudaí is mó atá ag cur isteach ar fhás an gheillgeair ná na mílte dlí atá ann agus an maorlathas costasach a thagann sna sála orthu.
feidhmiú na ndlíthe the functioning of the laws
" Ní hamháin go bhfuil ar an gcáiníocóir íoc as feidhmiú na ndlíthe, tá sé á phlúchadh ag na dlíthe céanna.
dlí mhíleata military law
" Cuirtear an dara moladh as an áireamh, is é sin dlí mhíleata a chur i bhfeidhm, le cuirfiú agus córas cártaí aitheantais, ar an mbonn go bhféadfadh sé a bheith ina bhua gearrthéarmach.
Dhlíthe na mBreithiúna The Brehon Laws
" A mhalairt ar fad a bhí i gceist i gcás Dhlíthe na mBreithiúna, an seanchóras dlí in Éirinn, nuair a bhí an bhéim ar aisíocaíocht don íospartach.
ag sárú an dlí violating the law
" Is éard atá ann ná daoine ag sárú an dlí.
na Péindlíthe the Penal Laws
" Fiú amháin agus na Péindlíthe i bhfeidhm ó 1690 ar aghaidh, d'fhan muintir Fhánaide dílís don chreideamh.
a chuirtear dlíthe i bhfeidhm in which laws are enforced
" Tá monatóireacht ar an bhealach a chuirtear dlíthe i bhfeidhm mar chuid dá chúraim freisin.
Cé go ndéanfar na dlíthe nua seo a achtú although the new laws will be enacted
" An é go bhfuil an gá seo leis an alcól i síol na nÉireannach agus go bhfuil sé á iompar ó ghlúin go glúin mar a bheadh gruaig rua ann nó súile donna? Cé go ndéanfar na dlíthe nua seo a achtú gan mhoill, is dócha go mbeidh siad cosúil le go leor dlíthe eile a thagann chun cinn in Éirinn - gan éifeacht mar nach gcuirfear i bhfeidhm i gceart iad.
dlíthe diana severe laws
" "Tá teorainn maidir leis na háiteanna a dtig leo dul, tá dlíthe diana ina n-éadan taobh amuigh den Tearmann, táthar i gcónaí á gcuartú agus á gciapadh," arsa Gearóid.
dlí a chur i bhfeidhm to implement a law
" Tá aire sláinte na hÉireann, Mícheál Martin, ag brú ar aghaidh go fonnmhar leis an phlean atá aige dlí a chur i bhfeidhm a chuirfidh cosc iomlán ar chaitheamh tobac i dtithe tábhairne agus i mbialanna na tíre.
dhlíthe inimirce immigration laws
" *A Nation of Immigrants *an teideal a bhí air, agus d'fhéadfaí a rá go ndearnadh reachtaíocht de i 1965, nuair a rinneadh liobrálú ar dhlíthe inimirce na Stát Aontaithe.
dhlíthe éagóracha leabhail unjust libel laws
" Ainm ar nós *Hibernia*, iris eile den scoth a bhí ina bhior sa bheo ag údaráis an stáit seo nuair ba ghá, ach freisin a d'fhulaing go mór ó dhlíthe éagóracha leabhail an stáit seo.
dlí sibhialta civil law
" Anuas air sin, i bhformhór na gcásanna dlí sibhialta, glactar le cruthúnas faoi chúraim an chosantóra mar chosaint.
reacht law
" Mar shampla, i láthair na huaire tá díospóireacht faoi lán seoil faoi ainm cruinn don pháirc nua, Cairngorm National Park.
gníomhaireachtaí feidhmithe dlí agus faisnéise law enforcement and intelligence agencies
" Tháinig maolú ar an fhonn seo i ndiaidh an 11 Meán Fómhair, agus luigh na gníomhaireachtaí feidhmithe dlí agus faisnéise isteach ar stop a chur le hinimircigh mhídhleathacha nó iad a chur faoi ghlas.
ollamh le dlí sainleasa poiblí public interest law professor
" Banzhaf III, ollamh le dlí sainleasa poiblí i Scoil Dlí Ollscoil George Washington leis an *Washington Post*.
dlí Rialtais Dúchais Home Rule law
" Sa bhliain 1948, tháinig na Faróigh agus na Danmhargaigh ar chomhréiteach: rinneadh dlí Rialtais Dúchais a achtú a thug i bhfad níos mó cumhachtaí don rialtas áitiúil.
i bhfach le dlí agus ceart in favour of law and order
" An UUP! An páirtí is mó atá i bhfach le dlí agus ceart, dar leo féin.
ag géilleadh don dlí yielding to the law
" Tá an-suim aici sa mhéid daoine atá ag géilleadh don dlí ansin, mar admhaíonn sí go mbíonn a lán daoine i Learpholl ag caitheamh tobac in áiteanna a bhfuil cosc air faoi láthair, mar shampla i stáisiúin traenach.
ní mór dúinn dlíthe inimirce a bheith againn we must have immigration laws
" San am i láthair, is éard a deirimid le hinimircigh ná seo: "ar son leas an phobail, ní mór dúinn dlíthe inimirce a bheith againn.
dlíthe clúmhillte libel laws
" Go dtí seo tá úsáid freisin á baint as dlíthe clúmhillte na Breataine agus as an Acht Oifigiúil Rúndachta le foireann Stephens a chosc ó gach a bhfuil ar eolas acu faoin bhfear seo agus gníomhartha barbartha eile an FRU a nochtadh go poiblí.
aimsir na bPéindlíthe the time of the Penal Laws
" Tá scéal ann ó aimsir na bPéindlíthe agus scéal fá am Ár dTiarna.
ag sárú an dlí breaking the law
" Ba cheart, gan aon amhras, go mbeadh cead ag an Gharda Síochána carr a thógáil láithreach ó dhuine má tá sé ag sárú an dlí ar an bhóthar agus ag cur a bheatha féin agus beatha daoine eile i mbaol.
gur macasamhail dhlí na hÉireann é that it's the same as the Irish law
" D'admhaigh Andy Hull, an fear a scríobh an achainí, gur macasamhail dhlí na hÉireann é.
de thairbhe an dlí nua due to the new law
" Ach má bhíonn dlí Westminster i réim, beidh tábhairneoirí a dhíolann bia faoi láthair ag déanamh cuntais agus éireoidh siad as an bhia i bhfábhar tobac má chailleann siad airgead de thairbhe an dlí nua.
reacht féinrialach Bascach the Basque self-rule law
" Is é cuspóir an bhille seo leasú a dhéanamh ar an reacht féinrialach Bascach chun Saorstát Bascach a bhunú a bheadh ceangailte le Stát na Spáinne.
máthair chéile mother-in-law
" Thosaigh máthair chéile fir dhóiteáin á ndéanamh do theach amháin sna Bronx sna 1970í agus lean an nós ar aghaidh ón am sin.
ar a sheachnadh ón dlí on the run from the law
" B’fhéidir gurb é Whitey Bulger as Bostún an bithiúnach deireanach Éireannach atá ar a sheachnadh ón dlí.
céim dlí a law degree
" “Nuair a bhí mise ag obair le TG4 anseo, rinne mé céim dlí fhad is a bhí mé ceaptha bheith ag gabháil don iriseoireacht – agus rinne mé in dhá bhliain í! Léiríonn sé sin go leor duit.
ag sárú an dlí breaking the law
" Dála go leor acu siúd a bhí gníomhach i gConradh na Talún, níl taithí ag an chúigear fear Gaeltachta seo ar bheith ag sárú an dlí.
dlí an Stáit seo a chur i bhfeidhm to implement the law of this State
" Muna mbíonn, déanfaidh sé tuilleadh creimthe ar leibhéal muiníne an phobail sna daoine a bhfuil sé mar fhreagracht orthu dlí an Stáit seo a chur i bhfeidhm.
ag sárú an dlí breaking the law
" Tá na fuadaigh á n-iniúchadh ag na Náisiúin Aontaithe faoi láthair ach deir an tUachtarán George Bush nach bhfuil siad ag sárú an dlí.
dlí an Stáit seo a chur i bhfeidhm to implement the law of this State
" Muna mbíonn, déanfaidh sé tuilleadh creimthe ar leibhéal muiníne an phobail sna daoine a bhfuil sé mar fhreagracht orthu dlí an Stáit seo a chur i bhfeidhm.
Ní raibh cead raide ag an bhfear seo this man was not above the law
" Faoi phictiúr Nixon bhí an mana "Ní raibh cead raide ag an bhfear seo" le feiceáil agus faoin phictiúr eile bhí na focail "Agus níl ag an bhfear seo ach oiread".
ag éalú ó dhlíthe frith-Phrotastúnacha escaping from anti-Protestant laws
" Gearmánaigh Phrotastúnacha den chuid is mó a chuir fúthu i bPennsylvania, ag éalú ó dhlíthe frith-Phrotastúnacha nó ag cuardach saol nua ar an taobh eile den Aigéan Atlantach.
dhlíthe na Comhdhála the laws of Congress
" Mar shampla, tá ceart crosta ag Seanad Mheiriceá ar cheapacháin uilig an Uachtaráin, mar a fuair na breithiúna Harriet Miers agus Samuel Alito amach le déanaí agus iad ag cur isteach ar shuíocháin i gCúirt Uachtarach na tíre, ach tá an ceart crosta féin ag an uachtarán ar dhlíthe na Comhdhála.
na Péindlíthe the Penal Laws
" Bhí sé amhail is gur tháinig cuimhne chomónta na ndaoine – na Péindlíthe, an leatrom agus an frith-Chaitliceachas go ginearálta agus an leatrom in éadan daoine aonair ó thuaidh – gur tháinig sé uilig le chéile sa choimhlint seo idir na stailceoirí agus Rialtas na dTóraithe sa Bhreatain.
riail an dlí the rule of law
" Tá croí na faidhbe i bhfad níos simplí - baineann sé le riail an dlí.
cúrsaí dlí agus cirt law and justice matters
" Ach ní cúrsaí dlí agus cirt amháin a bhí le plé.
céim dlí law degree
" ” San idirlinn, rinne sé céim dlí, agus ansin fógraíodh post mar bhainisteoir cumarsáide san Údarás, nó ceannaire eolais mar a tugadh air ag an am.
gur sháraigh Rialtas na hÉireann dlí na hEorpa that the Irish Government broke European law
" Rinne sé iarracht an dubh a chur ina gheal ar phobal na tíre, mar shampla, agus casadh dearfach a chur ar rialú na Cúirte Eorpaí gur sháraigh Rialtas na hÉireann dlí na hEorpa nuair a thóg siad a gcás i leith Sellafield chuig na Náisiúin Aontaithe.
in aghaidh an dlí against the law
" Dúirt na póilíní leo go raibh sé in aghaidh an dlí éide a chaitheamh agus nuair a luaigh na ceoltóirí go raibh na dílseoirí i gcónaí gléasta in éide, chuir siad stad leosan fosta.
fritheadh fodhlí a by-law was found
" Ach, in 2004, fritheadh fodhlí ó bhaile Pittsfield, Massachusetts, a ritheadh i 1791, ag toirmeasc cluiche darbh ainm “Base-ball” i gcóngar halla cruinnithe an bhaile.
gan dlíthe in aghaidh céasta without laws against torture
" Má ghabhtar thar lear iad, ní mór iad a choimeád thar lear, i dtíortha gan dlíthe in aghaidh céasta, más féidir, nó i bpríosúin ar thalamh neamhchinnte, mar Chuan Guantánamo i gCúba, mar shampla.
an léachtóir le dlí the law lecturer
" I leabhrán a d’ullmhaigh an léachtóir le dlí in Ollscoil na hÉireann Gaillimh, an Dr Máire Mac Conghaíl, do Chumann Nuachtán Náisiúnta na hÉireann ar fheidhmiú an Achta, thug sí le fios gurb í a barúil gur cheart go mbeadh iriseoirí ar thóir eolais go rialta faoin ASF.
dlí a chur i bhfeidhm to implement a law
" Ní raibh sé de mhisneach ag na polaiteoirí seasamh in aghaidh an bhrúgrúpa chéanna agus dlí a chur i bhfeidhm a chosnódh iad siúd nach gcaitheann tobac ón ngal nimhneach a dhéanann an-dochar don tsláinte.
tá an dlí á chur i bhfeidhm! the law is being implemented!
" Anois tá an spriocleibhéal íslithe go mór agus tá an dlí á chur i bhfeidhm! Tá sciar den locht, mar sin, ar na Gardaí as cuid den phobal bheith ar nós cuma liom maidir le bheith ag ól agus ag tiomáint.
céim sa dlí, a law degree,
" Bhí sé ag smaoineamh ar an eacnamaíocht a dhéanamh agus ansin céim sa dlí, nó gairm a athar a leanstan sa chuntasóireacht, ach sa bhliain dheireanach dá chéim in Ollscoil Chicago, rinne sé cúrsa dhá mhodúl faoi stiúir Emmet Larkin, saineolaí ar stair an hEaglaise Caitlicí in Éirinn agus an scoláire Yeats, Frank Kinahan.
a mháthair chéile, his mother-in-law,
" Tá Peadar agus a mháthair chéile, Mary, sa seomra suite.
ag iomardú an dlí seo anois, challenging this law now,
" Faraor, is deacair duine ar bith a shamhlú ag iomardú an dlí seo anois, ós rud go bhfuil sé sa mbunreacht.
cur i bhfeidhm phróis chuí an dlí. the implementation of due process of law.
" Is é an chloch is mó ar phaidrín an bhreithimh ná cur i bhfeidhm phróis chuí an dlí.
na Péindlithe the Penal Laws
" Sa bhliain 1716, nuair a bhí na Péindlithe i bhfeidhm, bunaíodh coláiste beag cléireach i ngleann scoite thart fá naoi míle ó Tom an t-Sabhail.
Nuair a achtaíodh dlíthe When laws were passed
" Nuair a achtaíodh dlíthe chun comhshaol agus dúlra na tíre a chosaint, thapaigh neart treibheannaan deis.
cuireadh dlí nua i bhfeidhm a new law was brought into force
" Ag an am chéanna, cuireadh dlí nua i bhfeidhm a d’ordaigh go gcaithfí tochailt seandálaíochta a dhéanamh idir treascairt agus atógáil.
dlíthe nua new laws
" B’fhearr leis an rialtas go mbeadh aird an phobail dírithe ar bhainistiú an gheilleagair, ach is ríléir go bhfuil aird á díriú ar na dlíthe nua caidrimh thionsclaíoch a chuir an rialtas i bhfeidhm anuraidh.
páirtí Dlí is Cirt law and order party
" De thoradh an toghcháin seo, díbríodh an páirtí Prawo i Sprawiedliwość (PiS) – an páirtí Dlí is Cirt a chuir an cúpla Kaczynski ar bun in 2005 – go binsí an fhreasúra.
dlí law
" Nuair a thagann duine go hÉirinn agus é ag lorg stádais mar dhídeanaí, bíonn air iarratas a chur faoi bhráid na Roinne dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe dlí leis an stádas sin a bhaint amach.
na Roinne Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí to the Department Justice, Equality and Law Reform
" Nuair a thagann duine go hÉirinn agus é ag lorg stádais mar dhídeanaí, bíonn air iarratas a chur faoi bhráid na Roinne Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí leis an stádas sin a bhaint amach.
de réir an dlí mar a bhaineann sé le dídeanaithe. according to the law as it pertains to refugees
" Locht mór eile atá ar an bpróiseas seo ná an sainmhíniú atá ar “theaghlach” de réir an dlí mar a bhaineann sé le dídeanaithe.
Mhol siad gur cóir an dlí a leasú the recommended that the law should be ammended
" Mhol siad gur cóir an dlí a leasú le go gclúdófar lánúineacha neamhphósta agus lánúineacha homaighnéasacha sa shainmhíniú.
rud a sháraíonn prionsabail an dlí bhunreachtúil something which violates constitutional law
" Má dhiúltaítear d’iarratas atá déanta ag dídeanaí ar son a leanaí, ní féidir leis achomharc in aghaidh an chinnidh a chur faoi bhráid boird neamhspleách, rud a sháraíonn prionsabail an dlí bhunreachtúil agus an dlí nádúrtha, dar leis an Dr.
dlíthe nua new laws
" Foilsíodh pobalbhreith seachtain tar éis an olltoghcháin, áfach, inar nochtaigh 52 faoin gcéad de na rannpháirtithe gurbh é ba chúis le téip an rialtais choimeádaigh ná dlíthe nua maidir leis an gcaidreamh tionsclaíoch.
trí na Péindlíthe, through the Penal Laws,
" Agus bhí oiread measa aige ar na glúnta a choinnigh beo é seo trí na Péindlíthe, tríd an nGorta, tríd an mbochtanas.
trí dhlíthe deighilte a chur i bhfeidhm. by implementing segregationist laws.
" I ndiaidh gur “saoradh” na sclábhaithe i stáit an deiscirt in 1865, rinneadh cinnte de nach mbeadh ach áiseanna ar chaighdeán íseal ar fáil do na Gormaigh trí dhlíthe deighilte a chur i bhfeidhm.
Idir dhlíthe comhionannais agus dheontais chúnta, between equality laws and assistance grants,
" " An ionann oideachas agus geal anois, agus bochtanas agus gorm? Agus an amhlaidh gur cheart an bochtanas sin a cheiliúradh? Idir dhlíthe comhionannais agus dheontais chúnta, tá an dúrud déanta ag an rialtas chun lámh chúnta a thabhairt do na Gormaigh, ach ní mór don chine féin seasamh a ghlacadh anois agus a gcultúr a mheas.
péindlithe penal laws
" Shuigh sé féin agus an Graoisín síos le chéile agus d’oibrigh siad amach plean oibre a chuirfí i bhfeidhm dá bhfaigheadh Huck an jab mór – péindlithe le rith ina n-éadan siúd nach WASPS iad, céasadh ar an chros a thabhairt isteach mar phionós ar chraiceann a bhualadh, toitíní a chaitheamh, alcól a ól nó a dhíol nó a cheannach, agus vótaí a chaitheamh ar son Daonlathach.
dlí úr new law
" Nuair a leasaíodh na comharthaí bóthair le dul i bhfóirstean don dlí úr chuathas i mbun péinteála i ndorchadas na hoíche, rud a d’fhág na comharthaí ar fad ina ngráin súl.
dlíodóir canónach Lawyer of canon law
" Rinne an tArdeaspag Ó Máirtín dearmad nach dlíodóir canónach a bhí ann níos mó.
cion de réir an dlí an offence under law
" Ní féidir le *Beo!* breithiúnas a thabhairt maidir le cé acu an bhfuil coir – ceann morálta nó cion de réir an dlí – déanta ag Ó Searcaigh, nó nach bhfuil.
fir de réir an dlí, men according to the law
" Is é fírinne an scéil ná go raibh na daoine a bhí i gceist ar an teorainn: fir de réir an dlí, ach daoine ar thángthas i dtír ar a soineantacht dar le lucht déanta an scannáin.
ag cur dhlíthe na tíre i bhfeidhm? implementing the laws of the country?
" Tuige, mar sin, nach bhfuil Comhairle Contae Chiarraí ag cur dhlíthe na tíre i bhfeidhm? Seo é an míniú a thug siad féin: “Kerry County Council is currently finalizing details of a scheme which addresses the Irish language clause in Planning Applications.
dlíthe idirdhealaitheacha discriminatory laws
" dlíthe idirdhealaitheachaCuireadh tús leis an Mardi Gras in Sydney sa bhliain 1978, nuair a shiúil cúpla céad duine tríd an gcathair agus cearta daonna á n-éileamh acu.
Níor sáraíodh aon dlí, no law was broken,
" Níor sáraíodh aon dlí, ach deir daoine áirithe go léiríonn an eachtra seo go bhfuil easpa scileanna bainistíochta i gceist san FAI (dála Choiste Contae Chorcaí agus an IRFU?) agus go bhféadfadh an easpa seo deacrachtaí a chruthú agus an t-eagras ag iarraidh dul i mbun a ghnó ar bhealach cuí neamhspleách.
breis dlíthe agus rialacha additional laws and rules
" Bheadh breis dlíthe agus rialacha á leagan síos ag an AE go gcaithfeadh na ballstáit uile, Éire san áireamh, glacadh leo agus iad a chur i gcrích.
ag sárú an dlí breaking the law
" Nuair a thosaigh an t-oifigeach cabhlaigh Christopher Brownfield a sheal dualgais i mBagdad, ba bheag duine a shamhlaigh sé go mbeadh sé ag sárú an dlí go luath ina dhiaidh sin agus saothair ealaíne ón Iaráic á smuigleáil go dtí na Stáit Aontaithe aige.
géarú ar dhlithe pleanála agus forbartha stepping up of planning and development laws
" " * Agus an t-alt seo á scríobh agam, d'fhógair an tAire go gcuirfear Bille um Pleanáil agus Forbairt (Leasú) os comhair na Dála agus is éard atá i gceist sa Bhille seo ná géarú ar dhlithe pleanála agus forbartha.
ghéaraigh ar na dlíthe the laws were made more severe
" Le dul i ngleic leis an bhfadhb seo, ghéaraigh ar na dlíthe a bhaineann le lucht iarrtha tearmainn.
cleamhnais in-law
" Deirim ‘tugadh’ ach dúmhál a bhí ann – tréidlia é mo dheartháir cleamhnais agus dúradh linn nach raibh de rogha ag an phuisín bheag gan ainm, ach tigh s’againne nó snáthaid na nimhe agus an codladh síoraí.
léachtóir dlí lecturer in law
" Tá John ina léachtóir dlí in Ollscoil Learphoill, ach is as Trá Lí ó dhúchas é, áit a bhfuil gaolta leis ag freastal ar an nGaelscoil.
caingean dlí a law suit
" Nuair a thionscain Edmonds caingean dlí ar dhífhostú éagórach, d’agair an tArd-Aigne John Ashcroft “pribhléid rún stáit,” rud atá thar a bheith neamhchoitianta.
dlí law
" “Chomh maith leis sin, mar abhcóide cáilithe, níl mistéir ag baint leis an dlí ach oiread.
dlí law
" Cuireann sé olc orm: olc leis na feilméirí a fhágann an plaisteach dubh ina ndiaidh i dtosach ach is mó an t-olc atá orm leis na húdaráis nach gcuireann an dlí maidir le truailliú i bhfeidhm.
dlí a bhriseadh breaking the law
" Deis mhór a bhí ann cnap airgid a dhéanamh don dream nár mhiste leo an dlí a bhriseadh.
Géarleanúna penal laws
" Agus cad é faoin Ghaeilge? Caidé faoin chultúr a tháinig slán in ainneoin ionraí agus na Géarleanúna? Cad é faoin dúchas ar thug daoine a n-anam len é a chosaint agus a chaomhnú? Beidh sibh sásta a chloisteáil go bhfuil sé fós slán sna háiteanna nár chuir muintir an Bundesbank spéis ar bith iontu.
De réir dhlí na hAstráile by Australian law
" De réir dhlí na hAstráile, tógfar aon bhád a ghabhfar ar an ealaín seo go hionad coinneála ar Oileán Nollag - críoch de chuid na hAstráile atá san Aigéan Indiach - fad is a dhéantar iarratais ar thearmann na bpaisinéirí a mheas.
aghaidh an dlí against the law
" Tháinig na sluaite amach ar shráideanna na mbailte móra eile, Bordeaux, Lille, Orléans agus Roazhon ag éileamh an ruda chéanna agus ag déanamh agóid in aghaidh an dlí L622-1 (Code de l’entrée et du séjour des étrangers).
dlí law
" Tháinig na sluaite amach ar shráideanna na mbailte móra eile, Bordeaux, Lille, Orléans agus Roazhon ag éileamh an ruda chéanna agus ag déanamh agóid in aghaidh an dlí L622-1 (Code de l’entrée et du séjour des étrangers).